Letter to Fleming – showing PUL’s anxiety to finish Críost Mac Dé

Caisleán Ua Liatháin, Cae. Chorcaí.

6.2.1918

A Athair Risteárd a chara,

Tháinig an buideál, many thanks. The doctor here gave me one of the same sort. So now I shall have a long time at them.

Tá dórnán eile de bheatha Chríost agam á chur ag triall ort.

Dá mbeadh an leabhar san críochnaithe agam is beag ná gur chuma lioma cathain a glaofí chun siúil orm.

D’fhéachainn trí gach aon chaibideal fé mar a bhíodh sé críochnaithe agam, chun na marcanna do chur síos. Tá eagal orm go mb’ fhéidir gur chuaigh cuid acu uaim gan cur síos. Ach beidh tú féin ábalta ar iad do chur síos. Is dó’ liom gur géire do shúil chun na hoibre sin ná mo shúilese. Ní bhíonn aon ghá agamsa leó ar mo shon féinig, agus mar gheall ar sin sleamhnaíd siad orm. Uaireanta, féach, cuirim síos iad i ganfhios dom féin, san éagóir. Bhíos ag féachaint anois ar an áit úd nar chuir an Samaritánach fónta an duine créachtnaithe “ar muin a bheithígh féin”. Agus cad a bheadh curtha síos agam ach “ar mhuin”! rud nár airíos riamh; agus rud a cheartaíos do dhaoinibh eile “chómh minic agus tá méireanna orm”!

I gcás nách mór duit bheith ag faire ní hamháin ar na marcannaibh a bheidh fágtha gan cur síos agam, ach mar an gcéanna ar na marcannaibh a bheidh thíós agam.

Thógas braon as an mbuidéal tamall ó shin. go maith.

Do chara,

Peadar.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s