Scéalaíocht 6

6. AN LÁIRÍN MHUIRCEACH DHUBH

Tráth éigint do bhí bean bhocht ann agus níor ráinig do mhuiríon aici ach aon mhac amháin, agus do bhí so go holc aici—go díomhaoin, drochghnóthach. Ní bhíodh puínn air a dhéanamh, agus dá luíghead a bhíodh air a dhéanamh ní dheineadh sé é, le neart díomhaointis. Bhí ana-dhúil aige i scoraíocht, imirt chártaí agus nithe eile don tsórd so: fé mar adéarfá gach aon rud dá olcas, agus gan aon aidhm aige éinní fónta dhéanamh, ná puínn cúnaimh a thabhairt don tseanamhnaoi do mháthair dò. Bhíodar chun cónaigh i seanabhotháinín deataigh agus braoin-anuas, agus ní leogfadh a’ díomhaointeas dò amháin beartín dín a chuir ar a’ mbothán.

Bhíodh sé a’ teacht ó scoraíocht ana-dhéanach, agus do bhí áit ann ’na raibh gruagach—seanaghruagach mór. Do ghabhadh sé in aice ’n bhaíll seo gach aon oíche nuair a bhíodh sé a’ teacht ó imirt na gcártaí. Oíche éigint dá raibh sé a’ gabháil ann, do léim an gruagach amach roimis.

“Fiafraím” arsan gruagach leis an bhfíde feá buachalla so, “an imreófá breith?”

“An dial”, ar s’ean, “d’imreóinn—ba chuma liom”.

Fuair a’ gruagach paca cártaí agus do thosnaigh an imirt ’dir a’ mbeirt, agus má thosnaigh do bhuaigh an buachaill seo air.

“Cuir do bhreith!” arsan gruagach.

“Cuirim do bhreith ort”, ar seisean, “cúirt bhreá go léir a dhéanamh dom in inead an tseanabhotháin go bhfuilim féin agus mo mháthair chun cónaigh ann!”

“Beidh san amhlaidh!” aduairt an gruagach.

Nuair a chuaigh sé abhaile ón scoraíocht ní fheadair sé canad isteach, geall leis, go bhféadfadh sé dul sa chúirt álainn go léir a bhí roimis in inead an tseanabhotháin, agus do bhí an mháthair istigh roimis, agus is ar éigint ’ aithneódh sí í féin in ao’ chor ’na leithéid d’áit le breáthacht.

’Sea. Bhí san go maith, agus d’inis sé an scéal don mháthair. Ní bhfuair sí aon locht ar a’ méid sin don scéal. Níor stop sé don scoraíocht, agus do ráinig, oíche éigint dá raibh sé a’ gabháil ann arís, gur léim an gruagach chuige.

“’Sea, a fhir mhaith”, ar seisean, “a’ n-imreófá breith liom arís?”

“Ba chuma liom i dtaobh a dhéanamh”, aduairt an buachaill seo.

Fuair sé na cártaí agus do thosnaigh an imirt, agus má thosnaigh do bhuaigh sé arís ar a’ ngruagach.

“Cuir do bhreith!” arsan gruagach.

“Cuirim do bhreith ort”, ar seisean, “fuíollach trioscáin agus bídh agus saibhris a chuir sa chaisleán so, nú sa chúirt seo, a’ triall orm. Ní choineódh sé mise agus mo mháthair ’nár mbeathaidh bheith a’ féachaint ar na fallaí breátha athá ansúd!”

“’Sea”, aduairt an gruagach: “beidh san amhlaidh!”

Do bhí an saol ar a dtoil ar fad ansan acu, agus dá fheabhas saol a bhí acu ní fhanfadh an mac aon oíche istigh in aonacht leis a’ seanamhnaoi do mháthair dò: bhí an iomarca dúil i sna cártaí aige.

Oíche éigint eile dá raibh sé a’ teacht cé ’ léimfeadh chuige ná an gruagach. “’Sea, a fhir mhaith”, aduairt sé, “an imreófá breith liom arís anocht?”

“D’imreóinn”, aduairt sé; “ba chuma liom”.

Do himreadh an bhreith, agus má himreadh b’é an cleas céanna é: do bhuaigh an buachaill air.

“Cuir do bhreith arís!” arsan gruagach.

“Cuirim do bhreith ort”, ar seisean, “go gcaithfidh tú bean a fháil dom”.

“A Dhia mhuise”, arsan gruagach, “maran deocair tu ’ shásamh! Shíleas go raibh rud maith déanta agam duit”.

“’Sea. Caithfir bean a fháil dom”, ar seisean.

’Sea. Isteach leó, pé áit go raibh mná ag an ngruagach, agus do thug sé chuige dosaen éigint duine acu—mná rua ab ea iad eile go léir.

“Féach”, aduairt sé, “a’ bhféadfá bean a phiocadh astu san, nú a’ mbeifá sásta le héinne acu?”

“Ní bheinn”, ar seisean, “mar níor airíos aon mholadh riamh ar mhná rua, agus pé cuma é, níor thugas riamh aon taithneamh do dhuine acu, nú a’ bhfuil aon tsaghas eile agat ach iad san?”

“Tá”, aduairt an gruagach. Thug sé leis scata eile ban, agus iad so go léir dubh. “A’ bhfaighfá éinne ’na measc san”, arsan gruagach, “a dhéanfadh aon tsásamh ort?”

“Ní bhfaighinn”, aduairt sé; “táid siad so go léir ródhubh, agus ní beag dhom me féin a bheith dubh gan bheith a’ breith duine acu súd [liom]!”

Do bhí cailín eile ar fuaid a’ tí, agus í ag éisteacht agus a’ féachaint ar an obair go léir, agus do bhuail sí a méar uirthi féin a’ déanamh cómharthaí dhò í féin a lorg ar a’ ngruagach.

“Is dó’ liom”, aduairt sé, “go dtógfaidh mé an cailín sin ansan. Is feárr í ná éinne do sna mná atá tispeánta agat dhom”.

“Ní fheadar ’en tsaol”, aduairt an gruagach—níor mhaith leis in ao’ chor í seo ’ bheith tofa aige—“ach ar ndóin, caithfear do thoil a thabhairt duit”.

An deamhan blúire dhe ná gur thóg roimis abhaile í, agus t’réis tamaill do deineadh iad a phósadh. Airiú, do bhí ana-phósadh acu, agus slí rínce agus gach éinní chun a dtoile acu sa chúirt bhreá ’ bhí aige.

Do thosnaigh a bhean ar bheith ag ínsint nithe dhò agus ar bheith á chómhairliú. “Do chómhairleóinn duit anois”, aduairt sí, “fanúint sa bhaile agus gan bheith a’ gabháil i dtreó an ghruagaigh úd a theilleadh. Geóbhaidh san an ceannsmách ortsa dá fhaid
a rithfidh leat, agus buafaidh sé ort san imirt”.

“Airiú, b’fhéidir ná buafadh”, aduairt an buachaill—nú b’é an fear anois é, a fear pósta.

“Má bhuann sé ort”, aduairt sí, “ní fheadraís i n-ao’ chor ach na geasa le cruacht a chuirfidh sé ort, mar tá sé a’ faire agus cuireann sé na geasa céanna san go minic ar dhaoine: Claíomh Solais athá ag gruagach sa Domhan Toir a thabhairt chuige isteach ’na láimh, agus ceann an ghruagaigh ’na theannta san. Níl aon fhear draíochta sa dúthaigh”, aduairt sí, “rómhaith don ghruagach so athá sa Domhan Toir, agus tá ana-dhúil aige seo a cheann a fheiscint, ar aon tslí, tabhartha chuige ag duine éigint, mar do bheadh a’ bua aige féin as san amach ar dhraíocht nú ar pé rud ba mhaith leis”.

Do leog sé air bheith ag éisteacht léir agus leis a’ gcómhairle go léir, ach má bhí, an deamhan, níor stop san do sna cártaí é. Théadh sé ag imirt i gcónaí, agus oíche eile dá raibh sé a’ teacht cé ’ phreabfadh chuige ná an gruagach!

“’Sea, a fhir mhaith”, arsan gruagach, “ní fheaca le tamall anois tu. Is dócha go bhfanann tú sa bhaile ar fad ó phósais?”

“Ní fhanaim, mhuise”, arsan buachaill; “bím a’ scoraíocht i gcónaí”.

“An imreófá breith anois?” aduairt sé.

“Ba chuma liom i dtaobh a dhéanamh”, aduairt an buachaill.

Fuair sé na cártaí arís agus do thosnaigh an imirt eatarthu, ach má thosnaigh do bhuaigh an gruagach.

“’Sea. Cuir do bhreith!” arsan buachaill leis.

“Cuirim do bhreith ort”, aduairt an gruagach, “claíomh solais athá ag gruagach sa Domhan Toir—caithfir an claíomh so a thabhairt chúm isteach im láimh, agus ’na theannta san caithfir ceann an ghruagaigh a thabhairt chúm!”

“Is dócha”, arsan buachaill, “go mbeidh so cruaidh go maith orm?”

“Is cuma san”, aduairt sé, “ach caithfir é ’ dhéanamh. Do dheineas-sa gach ní dár iarrais-se agus caithfirse déanamh mar adeirimse anois leat”.

Do chuaigh sé abhaile agus d’inis sé an scéal don mhnaoi. “Bhí ’s agamsa”, ar sise, “gurb in mar ’ imeódh ort, agus anois féach cad ’tá le déanamh agat. Téir a’ triall air arís agus abair leis go gcaithfidh tú roinnt laethanta ’ fháil chun tu féin a fháil ollamh”.

Do chuaigh. “Ó, féadfair”, aduairt sé, “pé méid aimsire is maith leat”.

Do fuair an bhean srian dò. “Comáin leat a’ triall air anois”, aduairt sí, “arís, agus abair leis go gcaithfidh sé capall a thabhairt duit chun an chlaímh seo do sholáthar, agus an chínn. Tabharfaidh sé chút roinnt chapall, capaill bhreátha go léir, agus ná tóg aon chapall acu so. Tabharfaidh sé chút roinnt eile acu, ar dhath eile, agus capaill níos breátha ná an chéad chuid, agus ná tóg aon cheann acu so. Beidh na capaill go léir aige á thispeáint duit, agus féadfair an tsrian so a chrothadh: pé capall a thiocfaidh chút cuir air an tsrian, agus ná toibh aon chapall eile ach an ceann san”.

Do bhí san amhlaidh. Chuaigh sé a’ triall ar a’ ngruagach. “’Sea anois”, aduairt sé, “táim chun dul fé dhéin an ghruagaigh sa Domhan Toir, agus caithfir capall a thabhairt dom”.

“Tabharfad”, aduairt an gruagach. Do thispeáin sé dhò cuid do sna capaill bhreátha so ach níorbh aon chabhair é, ní thógfadh sé aon cheann au; agus i gcionn tamaill do chroith sé an tsrian agus do tháinig chuige seanachapaillín dubh lom gioblach agus na cnámha a’ polladh an chroicin aici.

“Airiú, ar ndóin”, aduairt an gruagach, “níl aon bhaol gurb í sin a bhéarfair leat?”

“Sid í an ceann céanna athá agam le breith liom”, aduairt a’ buachaill.

“Ó mhuise”, aduairt sé, “tá sí go holc agat! Níl aon toradh againn-ne uirthi sin anso. Sid í go dtugaimíd ‘An Láirín Mhuirceach Dhubh’ uirthi”.

“’Sí an Láirín Mhuirceach Dhubh a bheidh agamsa!” aduairt sé. “Féadfairse na capaill bhreátha a choinneáilt. Tá sí seo i bhfuirm maith mo dhóthainse. Is dócha ná hoirfidh aon chapall dom uim an am go bhfeicfidh mé an gruagach sa Domhan Toir—go gcuirfidh sé deireadh liom?”

“Á, ní móide go gcuirfeadh”, arsan gruagach so.

As go brách leis, agus do bhí sé a’ cuir de riamh is choíche chun gur tháinig sé pé áit go raibh cúirt an ghruagaigh sa Domhan Toir. Bhí fallaí móra árda tímpall na cúirte, agus do dhein an Láirín Mhuirceach Dhubh isteach ar an bhfalla chun é ’ léimt, ach ní raibh aon choinne aige seo go bhféadfadh sí é ’ léimt agus is amhlaidh a thairrig sé srian léi chun gan é ’ leogaint di—tabhairt fé in ao’ chor. Ach ma dhein do labhair an láirín leis:

“Ná dein a leithéid”, aduairt sí, “agus ná tairrig aon tsrian liomsa, pé áit go n-oirfidh dom dul. Níl éinní chun teip orm!”

Do dhrid sé amach tamall ón bhfalla arís agus do scaoil srian leis an láirín, agus má dhein ní raibh moíll neómait uirthi an falla mór árd so a ghlanadh isteach.

Airiú, do bhí sé istigh, agus do fuair sé stábla agus do chuir sé an láirín isteach ann.

“Imigh ort anois”, aduairt an láirín leis, “agus téir a’ triall ar a’ ngruagach. Abair leis pic chruithneachtan a thabhairt duit i gcómhair do chapaill, agus ní mharóidh sé in ao’ chor anocht tu, b’fhéidir, mar cuirfidh sé iúnadh air cad é an saghas duine athá t’réis teacht isteach os cionn an daingin le haoirde athá tímpall air”.

D’imigh sé air fé dhéin an ghruagaigh, agus do bhí an gruagach go droch-araíonach leis.

“’Sea”, aduairt sé. “A leithéid seo ’thá uaim. Tá mo chapall ar stábla agam, agus caithfidh tú
pic chruithneachtan a thabhairt dom di mar bhéile”. Do thug, go leisciúil.

D’fhíll sé thar n-ais arís a’ triall ar a’ ngruagach. “Caithfidh mé féin”, aduairt sé, “óstaíocht na hóiche ’ fháil uait”.

“Caithfir”, aduairt sé, “is dócha, agus ní fheadar ceocu é, agus táim chun tu ’ mharú”, aduairt sé.

“Ní dhéanfair a leithéid”, aduairt an buachaill seo leis.

“Ní dhéanfaidh mé anocht é”, aduairt sé; “agus ní mharód go fóill tu, b’fhéidir. Ach má fhéadann tú aon chleas a dhéanamh, i bhfuirm cleas draíochta, níos feárr ná mar a fhéadfadsa a dhéanamh, b’fhéidir ná maróinn in ao’ chor tu. Amáireach”, aduairt sé, “caithfirse tosnú ar an gcéad chleas. Féadfair dul i bhfolach pé áit ar fuaid na háite seo gur maith leat é, agus má fhéadaimse tu ’ fháil, pé áit go bhfuileann tú dultha i bhfolach, beidh buaite agam ort, agus má bhuaim mar sin ort”, aduairt sé, “trí lá as a chéile, bainfidh mé an ceann díot!”

“Agus má bhuaim”, aduairt an buachaill, “cad ’tá le déanamh?”

“Tá”, aduairt sé, “go raghadsa i bhfolach, trí lá i ndia’ chéile, agus má fhéadann tusa me ’ aimsiú beidh buaite agat orm”.

’Sea. B’in mar a bhí, agus do chuaigh a’ buachaill ar maidin amáireach agus d’inis sé don Láirín Mhuirceach Dhubh cad a bhí ráite ag an ngruagach leis.

“’Sea go díreach”, ar sise. “Bhí ’s agam. Tair anso”, aduairt sí, “agus staith amach ceann do sna fiacla astum—ceann i bhfad siar im bhéal air sin”. Do dhein, agus ní raibh puínn teinnis uirthi in ao’ chor an fhaid a bhí an fhiacal aige á stathadh. Ba mhó ’ bheadh anois ar dhuine nuair a bheifí á stracadh uaidh!

“Féach anois”, aduairt sí: “téir féin isteach ansan in inead na fiacaile, agus beidh tú mar a bheadh aon fhiacal istigh ann”. Do chuaigh sé isteach i mbéal na láiríne, agus ba ghairid gur thosnaigh an gruagach ar bheith á lorg is gach aon áit ar fuaid a’ bhaíll, agus do bhí teipithe air baileach glan é ’ fháil, anso ná ansúd, chun go raibh an t-am caite a bhí ráite chun é ’ bheith fáltha.

“’Sea. Tair amach anois”, aduairt an láirín leis, “agus cuir isteach an fhiacal cheart ionam”. Do dhein. Chuaigh sé a’ triall ar a’ ngruagach.

“Cá rabhais i gcaitheamh na haimsire?” aduairt an gruagach, “’s a rá gur theip orm tu ’ fháil?”

“B’olc uait é”, aduairt sé. “Do bhíos amu’ tímpall a’ stábla i gcaitheamh a’ lae, pé cuma ná feacaís me”.

“Tá buaite agat orm iniubh”, arsan gruagach.

La ’rna mháireach, d’inis sé don láirín cad a bhí le déanamh arís. “’Sea go díreach”, ar sise. “Féach, tair agus staith ribe amach as mh’eireaball agus téir féin isteach ann in ionad an ribe, agus beidh tú mar a bheadh aon ribe don eireaball”. Do dhein.

Airiú! do thosnaigh an phiardáil ag an ngruagach arís, agus an lorg, agus níor fhág sé aon áit gan tóch agus gan lorg chun go raibh an t-am caite arís, agus teip é ’ fháil. Do bhuail a’ buachaill chuige.

“A’ bhfuil teipithe ort?” aduairt sé leis a’ ngruagach.

“Tá”, aduairt sé, “pé áit go rabhais”.

“Ní rabhas i bhfad ó bhaile, mhuise”, aduairt sé. “Do chaitheas a’ lá go léir ansan tímpall na gclóiseanna agus tímpall an stábla”.

“Theip orm tu ’ fheiscint”, arsan gruagach. “Tá buaite agat orm dhá uair”, aduairt sé, “ach ní bhuafair amáireach orm!”

D’inis sé arís amáireach don láirín go gcaithfeadh sé dul i bhfolach. “’Sea más ea”, aduairt sí. “Tairrig ceann do sna taraingí amach à crú thosaigh ansan agus téir isteach in inead an tarainge, agus gheallfainn dhuit ná haimseóidh sé ansan tu!”

B’in mar a bhí. Do thairrig sé an tarainge agus chuaigh sé féin isteach ann agus do dhein tarainge dhe. Níorbh aon bhrí an réabadh a bhí déanta ag an ngruagach na laethanta roimis sin á lorg seochas mar a dhein sé an lá so, ach b’é an cleas céanna é: theip air.

“Cá rabhais”, aduairt sé, “gur theip orm tu ’ fháil?”

“Ní rabhas i bhfad uait in ao’ chor”, aduairt sé. “Ní théim chun aon aistir uait, ná ní théim rómhór i bhfolach ort in ao’ chor, pé cuma ná haimsíonn tú me. Bhíos ansan ar fuaid na gclóiseanna agat agus ar fuaid an stábla”.

“’Sea”, aduairt a’ gruagach. “Tosnódsa anois amáireach féachaint a’ bhféadfairse me ’ fháil, más ea”.

D’inis sé don Láirín Mhuirceach Dhubh arís cad a bheadh ’na chómhair féin amáireach, agus go gcaithfeadh sé an gruagach ’ aimsiú. “Airiú”, aduairt sí, “aimseóidh tú go breá. Féadfair bualadh isteach ar fuaid a’ tí agus beidh cailín istigh ann. Chífidh tú fáinne breá ar a méir. Sid é an gruagach, agus má fhaigheann tú aon fhaill ar a’ bhfáinne”, aduairt sé, “snap don mhéir é agus bí á chaitheamh isteach sa tine, agus nuair a bheir, déanfaidh gruagach arís don fháinne”.

B’in mar a bhí. Do bhí an gruagach dultha i bhfolach, agus nuair a thosnaigh so ar é ’ lorg do bhí sé mar dhea á leogaint air bheith a’ féachaint anso ’s ansúd is gach ao’ bhall féachaint cá bhfeicfeadh sé é, chun gur bhuail sé isteach ar fuaid na cistean. Do bhí an cailín istigh, ag obair léi, agus nuair a dhrid sí in aon chóngar dò thug sé fé ndeara an fáinne.

“Airiú”, ar seisean, “nách breá go léir an fáinne é sin ar do mhéir, a chailín!”

“Ó mhuise, ní breá”, aduairt sí.

Do lean sé a’ moladh an fháinne riamh is choíche, agus nuair a tháinig sí in aon chóngar dò do strac sé an fáinne amach dá méir. “A Dhia”, aduairt sé, “fáinne breá go léir! Ní thabharfaidh mé dhuit a theilleadh é”, —agus do dhein fé dhéin na tine leis chun é ’ chaitheamh isteach.

“Á, ná dein a leithéid!” arsan fáinne. Leis sin do dhein gruagach don fháinne.

“A’ raibh ’ fhios agat”, aduairt an gruagach, “gur me ’ bhí ann?”

“Cuma liom ceocu é”, ar seisean. “Bhí ’s agam go bhfaighinn in áit éigint tu”.

“Tá buaite agat orm arís iniubh”, ar seisean.

“Tá”, aduairt an buachaill, “agus buafaidh mé i gcónaí ort!”

D’fhan a’ scéal mar sin go dtí ar maidin la ’rna mháireach. Nuair ’ inis sé don láirín an obair a’ lae ’ bhí roimis: “A leithéid seo d’áit go mbeidh sé iniubh”, ar sise. “Tá seó do chraínn úll sa gháirdín aige sin. Táid siad go leir líonta d’úllaibh ach aon chrann amháin, agus níl air sin ach aon úll amháin agus tá san ar an úll is breátha sa gháirdín. Sid é an gruagach”, aduairt sí, “agus bí á lorg leat, agus a’ siúl is gach ao’ bhall, agus nuair a raghaidh tú sa gháirdín féadfair do shúil a chuir ar an úll so athá ráite agam leat. Strac anuas don chrann é, agus beidh a’ cailín a’ faire ort i gcónaí. Chómh luath is ’ thógfair anuas don chrann é, tairrig do scian amach as do phóca agus bí chun smut don úll a thabhairt don chailín, agus cuirfidh a’ gruagach in úil é féin ansan duit!”

B’in mar a bhí. Do leog sé air bheith á chuardach ar feadh i bhfad, agus i ndeireadh bára do bhuail sé tríd a’ ngáirdín a’ féachaint ar na craínn agus ar na húlla, agus do chonaic sé an t-úll breá dearg in áirde ar chrann, agus gan air ach an t-aon úll amháin.

“Mhuise, conas”, aduairt sé leis a’ gcailín, “nár tháinig air sin ach an t-aon úll amháin?”

“’Sea. Ní fheadar”, aduairt sí.

“Is dócha”, aduairt sé, “gur úll ana-bhreá é le n-ithe”—agus do sciob sé ’na láimh leis é anuas don chrann; thairrig scian as a phóca: “Tabharfaidh mé a leath dhuitse”, aduairt sé léi.

Leis sin do liúigh an gruagach: “Faire go brách, ná dein!” aduairt sé. “Mise athá ann”.

“Mhuise, an dial”, aduairt sé, “is greannúr an áit go rabhais, agus is greannúr an rud a dheinis díot féin. Dhóbair tu ’ bheith ite agam!”

“’Sea, tá buaite agat orm ar aon tslí”, aduairt an gruagach, “agus níl ach lá eile anois agat chun me ’ lorg”.

“Loirceód”, aduairt sé, “agus is féidir liom tu ’ aimsiú”.

D’inis sé an scéal arís don láirín, agus conas mar a bhí ag éirí leis.

“Anois”, aduairt sí, “’sé an rud a bheidh déanta aige dhe féin amáireach ná ubh. Beidh sé istigh ar an ndriosúr, socair istigh fé bhéal báisín. Sid é an áit go mbeidh sé. Féadfair dul isteach, agus ’sé an tríú báisín isteach ó chúinne an driosúra go mbeidh an t-ubh fé. Leog ort tart a bheith ort agus go n-oirfeadh deoch duit. Tóg an báisín, agus chómh luath is ’ thógfair beir ar an ubh. Féadfair a rá nuair a chífir an t-ubh gur ubh lofa é agus leog ort bheith chun é ’ chaitheamh amach an doras, nú é ’ bhriseadh ar chloich—agus sid é an gruagach arís agat”.

’Sea. Do lean sé a’ lorg an ghruagaidh an lá san, agus bhí an lá a’ dul i ndéanaí agus i bhfuirm é cortha do bheith a’ lorg an ghruagaigh. Do bhuail sé isteach sa chistin. Bhí an cailín istigh.

“Airiú”, ar seisean, “tá tart orm”; agus leis sin do rug sé ar a’ mbáisín seo a bhí ráite leis, thóg don driosúr é, agus do bhí ubh istigh fén mbáisín. Do rug ’na láimh ar an ubh—agus ní raibh aon tart air ach á leogaint air. D’fhéach sé go géar ar an ubh agus do chroith é. “Airiú”, ar seisean, “sin ubh atá lofa!”

“Níl go deimhin”, arsan bhean.

“Is dóin deirimse go bhfuil”, aduairt sé, “agus déanfadsa é ’ bhriseadh ar a’ lic is chífir go bhfuil sé lofa”.

Leis sin do labhair an gruagach: “Á, ná dein, ná dein!” ar seisean. “Mise atá ann!”

“An dial, is greannúr an áit go rabhais”, ar seisean, “agus dhóbhair dom tu ’ bheith briste”.

“Scaoil uait me”, aduairt sé.

“Ní scaoilfead go fóill”, aduairt sé. “Fan mar a bhfuileann tú chun go neósfair dom ca bhfuil an Claíomh Solais”.

“Scaoil uait me agus neósfad”, ar seisean.

“Inis dom é agus scaoilfidh mé uaim tu”, aduairt sé.

B’éigint dò ínsint cá raibh sé. “Tá sé ’na leithéid seo d’áit”, aduairt sé, “istigh i gcórtha. Féadfair dul agus é ’ fháil”.

Chuir sé dhe fé dhéin an chórtha agus do choinnibh a ghreim go daingean ar an ubh chun go raibh an claíomh fáltha aige. Do bhí bua ag an gclaíomh so, aon duine go mbeadh sé ’na láimh d’fhéadfadh sé é féin a chosaint ar pé namhaid a thiocfadh ’na threó. Mar sin féin, nuair a bhí an claíomh ’na láimh b’é an chéad rud a dhein sé ná buille don ubh a bhualadh ar a’ gcloich, agus leis sin do dhein gruagach don ubh, ach é ’ bheith marbh! Nuair a fuair sé an gruagach sínte marbh do bhain sé an ceann de leis a’ gclaíomh so ar a shuaimhneas, agus chómh luath is ’ bhí san déanta aige chuaigh sé a’ triall ar an Láirín Mhuirceach Dhubh.

“Conas ’ éirigh leat?” aduairt sí.

“D’éirigh go maith”, aduairt sé. “Tá gach éinní déanta gam fé mar a bhí ráite agat”.

“Má tá”, aduairt sí, “beam a’ dul abhaile”.

Bhíodar, chómh maith. Thugadar a n-aghaidh ar a’ mbaile, agus nuair a thánadar do bhí an bhean go mórálach toisc an chlaímh agus an chínn a bheith tabhartha aige leis.

“Ach bíodh ’ fhios agat anois”, ar sise, “ná fuil deireadh agat leis a’ ngruagach eile fós. Tá ’ fhéachaint ort an claíomh san a thabhairt ’na láimh dò, agus an fhaid a bheidh an claíomh ’na láimh tá ’na chumas é féin a chosaint ortsa, pé arm eile a gheófá chuige, agus chun do gheasa a chómhlíonadh féadfair é ’ shíneadh chuige, agus arís má fhéadann tú é ’ mhealladh uaidh ar aon tslí, chómh luath is ’ gheóbhaidh tú thar n-ais it láimh é bain an ceann de”.

B’in mar a bhí. As leis fé dhéin an ghruagaigh.

“Ar thugais leat iad?” aduairt an gruagach.

“Do thugas go cruínn”, aduairt sé. “Sid é ansan an ceann agat”.

“’Sé, gan dearmad”, aduairt a’ gruagach.

“Agus sid é an claíomh”, aduairt sé, á shíneadh chuige ’na láimh, agus ní raibh a ghreim bogaithe i gceart aige dhe nuair aduairt sé arís leis a’ ngruagach:

“Ó, gabhaim párdún agat, tá ruidín s’lachair ansan is fan go nglanfaidh
mé dhuit é”.

Do leog a’ gruagach uaidh é, agus ’sé an glanadh a dhein so air ná é ’ tharrac ar a’ ngruagach agus an ceann a scothadh dhe! Chuir san deireadh leis.

Abhaile leis arís fé dhéin na mná, go mórálach, agus deireadh curtha leis a’ ngruagach aige.

“Níl sé marbh i gceart in ao’ chor agat”, ar sise. “Níl teóra lena chuid draíochta san. Maireann a chroí fós, agus ’sé an áit go bhfuil croí an ghruagaigh sin, tá sé in ubh, agus tá an t-ubh san istigh i nid, agus Seabhac na Faille Fuaire a’ tabhairt aire don ubh san. Tá draíocht ar a’ Seabhac chómh maith leis an ubh, agus tá an Fhaill Fhuar ar bhruach na farraige. Caithfeam an t-ubh san a bhriseadh”, aduairt sí, “sara mbeidh deireadh leis a’ ngruagach. Tiocfaidh a’ t-anam thar n-ais ann arís chun go mbeidh an t-ubh briste, pé uair é”.

D’imíodar araon fé dhéin an Faille. “Béarfaidh mé liom téad”, ar seisean. “Casfaidh mé fé bhun oscall orm féin í. Féadfairse me ’ leogaint síos agus me ’ tharrac aníos arís nuair a bheidh an t-ubh fáltha agam amach as a’ nid”.

Do dhein chómh maith. Do scaoil sí uaithi síos é agus bhí sí ar a dícheall go maith chun gan leogaint dò titim síos. Ach nuair a tháinig sé in aon chóngar don nid amach leis an seabhac agus do thosnaigh air, a’ faire ar na súile a phiocadh as. Thairrig sé chuige a chlaíomh, agus scathamh éigint don chlaíomh dár thug sé ar an seabhac cad a bhuailfeadh sé ach an téad, agus do gheárr! Le fánaidh a ghoibh sé ansan, más ea, agus do thit ’na chnaip isteach sa bhfarraige.

Do léim an seabhac thar n-ais isteach sa nid agus d’árdaigh leis ’na bhéal an t-ubh, ach má dhein ba mhaith a’ mhaise sin ag an mnaoi a bhí i mbarra na faille: do dhein sí seabhac draíochta, i bhfad níba mhire ná an seabhac ’ imigh leis an ubh; do scaoil ’na dhiaidh é, agus nuair a bhí an scéal a’ dul dian ar an seabhac do leog sé don ubh titim uaidh síos in sa bhfarraige.

Anois, ’ dhó’ leat go raibh an scéal chómh holc le riamh, ach féach ná raibh, mar do bhí an fear a’ snámh thíos sa bhfarraige agus ní raibh moíll neómait ar a’ mnaoi bradán a dhéanamh de. D’imigh sé ar lorg an uibh, agus níorbh fhada in ao’ chor chun gur tháinig sé thar n-ais agus an t-ubh aige. Do dhein sí fear arís de agus an t-ubh ’na láimh aige.

Nuair a tháinig sé go barra na Faille b’é an chéad rud a dheineadar ná an t-ubh a bhriseadh. Do bhí an gruagach marbh ansan arís acu, agus do bhaineadar a’ ceann go glan de leis a’ gclaíomh. Chuir san deireadh leis. Níorbh fhéidir don anam teacht arís ann thar n-ais.

D’fhilleadar abhaile, agus bhí gach éinní go breá agus go maith ar a suaimhneas acu as san amach. Bhí saibhreas don dúthaigh acu, agus iad ana-mhór, ana-thábhachtmhar. Do bhíodh seó do sna cómharsain a’ gabháil dò: “Mhuise, is iúntach ná díolann tú an tseanaláirín mhuirceach san!” Ach níorbh aon chabhair é. Do dhéanfadh sé rud orthu agus do scarfadh sé léi, ach i gcónaí do chómhairlíodh an bhean é gan í ’ dhíol. I ndeireadh bára do bhídís a’ magadh fé mar gheall uirthi, agus an dial blúire dhe ná gur árdaigh leis í go dtí aonach éigint agus do dhíol. Do bhí sí a’ féachaint go holc. Ní gá dhom a ínsint gurb iad na tuíncéirí a cheannaigh í, mar b’iad. Cheannaíodar ar shuarachas í. D’árdaíodar leó í, agus nuair ’ fhíll so thar n-ais abhaile ní raibh aon tuairisc in ao’ chor ar a gcúirt bhreá a bhí aige. Ní raibh pioc roimis ach an seanabhotháinín mar a raibh sé féin agus a mháthair, agus fiú amháin ní raibh an bhean fanta roimis sa tseanabhotháinín.

“’Sea”, aduairt sé; “tá an scéal chómh holc le riamh anois, agus ba dhiail a’ díth céille dhómhsa an láirín a dhíol. Ní raibh aon cheart agam scarúint léi. Is dócha go bhfuil sé chómh maith agam dul agus í ’ cheannach thar n-ais uathu arís, má thugaid siad dhom í, agus ní thabharfadh dá mbeadh ’ fhios acu na dea-thréithe atá a’ baint léi”.

D’imigh sé air agus do lean sé riamh is choíche iad ó áit go háit, chun gur shrois sé áit éigint go raibh aonach, agus do fuair sé an mheitheal thuíncéirí ann agus an tseanaláirín acu: iad a d’iarraidh í ’ dhíol agus gan aon cheannaíocht m[h]ór uirthi. Thosnaigh sé féin uirthi, agus pé airgead ’ iarradar do thug sé dhóibh é. Thug leis abhaile an láirín arís, agus chómh luath is ’ tháinig sé agus an láirín aige do bhí an chúirt álainn go léir roimis: a mháthair istigh roimis sa chúirt seo agus a bhean arís, chómh maith is ’ bhíodar riamh!

Gheallfainn dhuit nár chuímhnigh sé as san amach ar scarúint leis a’ láirín, pé faid a mhair sé. Agus do mhair sé go fada—saol an-fhada. Agus is dó’ liom—d’airínn gur mhair an bhean níba shia ná é, agus is dócha gur dhein, mar d’fhéadfadh sí sin í féin a choinneáilt ’na beathaidh le draíocht pé faid ba mhaith léi.

Agus b’id é an chuma gur chríochnaíodar, an triúr acu: é féin, an bhean agus an mháthair. Agus ní ceart an Láirín Mhuirceach Dhubh a dhearúd, mar is í a dhein an chuid ab fheárr don scéal.

Nóta

Má himreadh: note h-prefixation here. As is followed by lenition, but the past autonomous form should not be lenited, an h intervenes.

Foclóirín

ach: “but”. Note pleonastic use (see definition 8 in FGB) in ní fheadraís in ao’ chor ach na geasa le cruacht a chuirfidh sé ort, “you have no idea of the difficult things he will require you to do”.
aidhm: “desire, inclination”, pronounced /əimʹ/.
aistear: “roundabout journey”. Dul chun aistir ó dhuine, possibly “to keep out of someone’s way, to go to lengths to avoid him”.
amháin: “even”. Amháin beartín dín appears to mean “even a little bundle of straw to patch the roof”, possibly elliptical for fiú amháin beartín dín.
arís: “again”, pronounced /i’rʹi:ʃ/. Agus arís, possibly “but then again, on the other hand, all the same”.
as: “out of”. Note the prepositional pronoun here astum, where PUL and GCh have asam.
baile: “home, town”. I bhfad ó bhaile, “far away”.
baileach: “exact”, pronounced /bi’lʹɑx/. Baileach glan, “totally, completely”.
báisín: “basin, bowl”.
beag: “small”, pronounced /bʹog/. Is beag dhom é, “it is enough for me”, or, in context, “it is bad enough”.
béal: “mouth”, but also “edge, opening”. Fé bhéal báisín, “under a bowl”.
beartín: “little bundle”, e.g. of straw. Beartín dín, “a little bundle of straw to patch a roof”. CFBB indicates the pronunciation is birtín, but DÓC’s transcription does not allow for this pronunciation here. GCh has birtín and beartán.
bogaim, bogadh: “to move”. The past participle here is bogaithe, where GCh has bogtha.
braon-anuas: “seepage from above”, with the hyphen in the original showing it is felt to be a single word. Braoin-anuas in the genitive has adjectival force: botháinín braoin-anuas, “a little hut that let in the rain, a leaky hut”.
breith: “bet; forfeit”. An imreófá breith?, “would you play a game of forfeits?” Cuir do bhreith, “name your forfeit!” Cuirim do bhreith ort, from de bhreith, “I enjoin as a penance or forfeit on you”.
brí: “meaning”, but also “force, significance”: Níorbh aon bhrí an réabadh a bhí déanta ag an ngruagach na laethanta roimis sin á lorg seochas mar a dhein sé an lá so, “the tearing things up the hairy ogre had done on the days previous to this were as nothing compared to what he did on this day”.
bua: “victory”, or “special advantage or quality”.
canad: “where”, a truncation of cá ionad. The general word for “where?” is , but canad is used in pithier phrases (one-word replies), with the copula and in phrases like canad isteach, where the directional complement would make it awkward to use (another possibility is cá háit isteach, but I have not found attestion of cá háit or cén áit used by AÓL or PUL). Note that canad isteach is followed by the indirect relative.
ceannaíocht: “purchasing, buying”. Ceannaíocht mhór ar rud, “great demand for something”.
cistin: “kitchen”. This word is found as cistín in PUL’s Séadna. GCh has cistin but cistine in the genitive, where AÓL here as cistean.
clós: “close, yard, enclosure”, with clóiseanna in the plural, where GCh has clóis.
cnaip: “button, stud”. Thit sé na chnaip, “he fell in a heap”. PUL and FGB have cnaipe.
coinním, coinneáilt: “to keep”, or coinním, coinneáil in GCh. I haven’t found any parts of this verb in PUL’s works; PUL seems to prefer to use cimeád.
córtha:“coffer, chest”, or cófra in GCh, pronounced /ko:rhə/. The original text here had cóthra.
crann: “tree”, with craínn in the plural. It is worth noting that both PUL and AÓL had craínn, but crainnte and crannaíocha were stated in Myles Dillons’ Teach Yourself Irish as possible too in the plural. Pronounced /kraun, kriːŋʹ/.
crú: “horseshoe”, with cruite in the plural where GCh has crúite. Horseshoes are put , or “under”, a horse, rather than on a horse, in Irish. Crú is possibly feminine in WM Irish, as we have crú thosaigh, “the front horseshoe”, here.
cruacht: “hardness, difficulty”.
cúirt: “court; mansion, grand house”.
cuma: “equal, indifferent”. Is cuma dhuit, “it makes no difference to you; it is none of your business”. Is cuma liom, “I don’t care”. Ba chuma liom i dtaobh bualadh isteach in áit éigint, “I didn’t care about going inside somewhere (as long as I had somewhere to take shelter)”. Cuma liom ceocu é, “I don’t care either way”.
cuma: “way, form”. Pé cuma é, “however it happened, in whatever way it happened”. Pé cuma ná feacaís me, “however it was you didn’t see me”, i.e., “regardless of the fact you didn’t see me”.
daingean: “fortress”.
deatach: “smoke”, with deataigh in the genitive, with adjectival force meaning “smoky”. CFBB indicates the d is broad, /də’tɑx/, but this is not shown in DÓC’s transcription.
deirim, rá: “to say, tell”. Agus a rá go, “seeing as, since”.
driosúr: “dresser (piece of furniture, like a wall unit)”, or drisiúr in GCh. The genitive here is driosúra, where GCH has drisiúir. DÓC’s spelling was dresúr, possibly influenced by the English word, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows this word is /drʹi’suːr/.
droch-araíonach: “ill-humoured, ill-tempered”, pronounced /dro-hɑ’riːnəx/.
drochghnóthach: “up to no good”, pronounced /dro-ɣnoːhəx/.
faill: “chance, opportunity”, in the sense of a chance to grab something (with ar).
fairim, faire: “to guard, watch, await”. The meaning of faire intá sé a’ faire agus cuireann sé na geasa céanna san go minic ar dhaoine is possibly “he is biding his time”. Ag faire ar na súile a phiocadh as, “on the point of pecking his eyes out”.
falla: “wall”, or balla in GCh.
fánaidh: “slope”, or fána in GCh. Pronounced /fɑ:nigʹ/. The historical dative has replaced the nominative in WM Irish. Le fánaidh, “down, downwards”.
féachaint:cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh. Tá ’ fhéachaint ort an claíomh san a thabhairt ’na láimh dò, “you are required to give him that sword in his hand”.
fiacal: “tooth”, with fiacla in the plural. The historical dative, fiacail, is used in GCh. Pronounced /fʹiəkəl, fʹiəkələ/.
fíde feá: “harum-scarum, vagrant”, a word derived from fiadhaire feadha in the old script, originally meaning “sylvan hunter”. CFBB has fiaire feá. Fíde feá buachalla, “young waster”.
gabhaim, gabháil: “to take, go”, and a large range of other meanings. Gabháil do, “to do something, to be engaged in something”; also, “to keep on at, to pester, to make fun of”.
geas: “injunction, spell”, or geis in GCh, where the dative is used for the nominative. Na geasa le cruacht a chuirfidh sé ort, “the difficult things he will require you to do”.
gioblach: “shaggy, unkempt”, pronounced /gʹubələx/.
gruagach: “ogre, hairy goblin”.
imrim, imirt: “to play”, or imrím, imirt in GCh. Pronounced /imʹirʹimʹ, imʹirtʹ/.
ionad: “unit”. In ionad, “instead of, in
the place of”, a variant of the in inead more frequently found in WM Irish.
láirín: “filly”, or láireog in GCh.
loirgim/loirgím, lorg: “to search, seek”, or lorgaím, lorg in GCh. Pronounced /lirʹigʹimʹ~lirʹi’gʹiːmʹ, lorəg/. The future form, edited here as loirceód, was found in the original as loirigtheód, indicating devoicing of the g. Such devoicing is not shown in the transcription of loirgeóidh given in Shán Ó Cuív’s LS version of PUL’s Aithris ar Chríost. I am unsure if the vowel in the first syllable should be /i/ or /o/; DÓC’s transcription points to /o/. Rud a lorg ar dhuine, “to seek something from someone”. Ag lorg leat, “to search away”.
lom: “thin, lean”, pronounced /loum/.
mara: “if not, unless”, or muna in GCh. Note the form maran used with the present-tense copula before a consonant. Used in exclamations, with the sense of “I’ll be damned if such-and-such a thing is not true!”: maran deocair tu shásamh!, “aren’t you hard to please?!”
mear: “nimble, fast”, with mire in the comparative.
meitheal: “gang”, pronounced /mʹihəl/.
móide: “all the more”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, usaide, miste, meaning “all the more X for it”. Ní móide go, “probably not, it is hardly likely that”.
mórálach: “delighted”, pronounced /muə’rɑːləx/.
muirceach: “with stripes, galls or sores”, or mairceach in GCh, pronounced /mirʹ’kʹax/.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative.
nead: “nest”, with nid in the dative.
nú: “or”, , pronounced /nu:/. In níor thugas riamh aon taithneamh do dhuine acu, nú a’ bhfuil aon tsaghas eile agat ach iad san?, seems to express a slight change in the line of thought.
os cionn: “above”. Pronounced /ɑs kʹu:n/.
oscall: “armpit”, or ascaill in GCh. Fé bhun oscall, “beneath his arms/armpits”.
pic: “peck (unit of measure)”, or peic in GCh.
pollaim, polladh: “to pierce, bore, perforate”.
réabaim, réabadh: “to tear, rip up”, pronounced /reːbimʹ, reːbə/.
rithim, rith: “to run”. Impersonally, rith leat, “to be successful”: dá fhaid a rithfidh leat, “no matter how long your run of luck lasts”.
salachar: “dirt”, spelt s’lachar here and pronounced /slɑxər/. Ruidín salachair, “a speck of dirt”.
scaraim, scarúint: “to part, separate”, or scaraim, scaradh in GCh.
scathamh: “grasp, snatch”, a from of the word scothadh, although this meaning (see under scoitheadh) is not given in FGB. Scathamh éigint don chlaíomh dár thug sé ar an seabhac cad a bhuailfeadh sé ach an téad, “can you imagine what he hit as he swiped with the sword towards the hawk?: the rope”, where scaitheamh dár thug sé is an adverbial phrase out of construction.
scoraíocht: “a gossiping visit to a neighbour’s house”, spelt scuraíocht in the original.
seisean: “he”, the emphatic pronoun. The original spelling sisean shows the pronunciation /ʃiʃən/. S’ean as a variant found here (ar s’ean) shows a truncation to /ʃən/.
seochas: “besides”, or seachas. Spelt seachas in the original, but pronounced /ʃoxəs/.
smut: “a bit”, or smiota in GCh. Smut is found in GCh in the meaning of “a chunk of wood” (smut adhmaid).
snapaim, snapadh: “to snatch”.
soláthraím, soláthar: “to get, procure; to seek out (search and find)”. Pronounced /slɑ:r’hi:mʹ, slɑ:hər/.
staithim, stathadh: “to pick, pluck”, or stoithim, stoitheadh in GCh.
suarachas: “insignificance, pettiness”. Ar shuarachas, “for a trifle”.
tarainge: “nail”, or tairne in GCh.
teinneas: “soreness”, or tinneas in GCh. Pronounced /tʹeŋʹəs/.
toghaim, toghadh: “to choose”, pronounced /toumʹ, tou/. The past participle is tofa. The imperative is toibh, /tovʹ/, where GCh has togh.
toradh: “heed, attention; favourable regard”.
trioscán: “furniture”, or troscán in GCh. Generally a collective word used in the singular. Pronounced /trʹis’kɑːn/.
tuíncéir: “tinker”, or tincéir in GCh. The t is shown broad here, and is seems there are many words in WM Irish where an initial t is unexpectedly broad or slender.
ubh: “egg”, pronounced /ov/ and spelt obh in the original. This word is masculine here, but feminine in GCh. The genitive is uibh, /ivʹ/.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Scéalaíocht Amhlaoibh. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s