Scéalaíocht Amhlaoibh 3

3. FIOLAR AN CHÍNN LÉITH.

Audio: download (Maighréad Uí Lionáird, October 9th 2016)

Do bhí dreóilín ann, agus déarfá gur suarach an t-abhar scéil a leithéid. Ar aon tslí, tráth éigint d’éirigh sé amach à poll claí chómh deas chómh tirim is dá mba ’s ná beadh braon clagair ann, cé go raibh an lá ana-fhliuch. Do bhí sé a’ piocadh leis agus a’ d’iarra’ ruidín éigint lóin ’ fháil, agus cad a chasfí air ná luch. Chuireadar i bhfuirm speic chainnte ar a chéile, agus bhíodar a’ cuir síos dá chéile ar a’ saghas saeil a bhí acu.

“Ní fhanfadsa ar fuaid a’ bhaíll seo rófhada in ao’ chor”, aduairt an dreóilín, “mar, a’ bhfeiceann tú an tigh sin ansan”, —a’ tispeáint tí dhò— “tá an iomarca páistí ar fuaid a’ tí sin, agus aon áit go ndéanfainn mo nead gheóidís í”.

“Nílimse féin”, arsan luch, “chun fanúint rófhada ar fuaid an bhaíll, mar tá cat ann agus níl ach a rá go bhfuil na cosa bertha agam uaidh cúpla iarracht anois, agus d’fhágfainn an áit seo dá bhféadfainn é”.

“Ní dhéanfaimís choíche ní b’fheárr”, aduairt an dreóilín, “ná a chéile a phósadh, agus mhairfimís go seascair!”

“Níl éinní againn go dtosnóimís leis”, aduairt an luch, “agus b’fhearra dhuinn roinnt éigint a bhailiú ar dtúis, agus pósadh ansan nuair ’ fhéadfaimís suí síos duinn féin ar feadh tamaill ag ithe a mbeadh bailithe againn”.

Do thoilíodar chuige. “Imigh ort anois”, aduairt an luch leis a’ ndreóilín, “agus bí a’ cuardach rómhat agus bailigh leat aon ruidín ’ fhéadfair, agus geóbhadsa ’na leithéid seo d’áit agus baileóidh mé liom éinní a fhéadfad, agus casfar ar a chéile sinn ag á leithéid seo do dhroichead, agus b’fhéidir ansan go ndéanfaimís an pósadh”.

B’in mar a bhí. Do scaradar le chéile, agus bhí gach éinne acu, mar adeirimíd, a’ bailiú dhò féin, agus nuair a casadh ar a chéile iad ag an ndroichead so:

“A’ bhfuil puínn bailithe agat?” aduairt an luch leis a’ ndreóilín.

“Is mór a’ t-anaithe a bhfuil bailithe agam”, aduairt an dreóilín, “nú cad ’tá déanta agat féin?”

“A’ bhfeiceann tú a bhfuil déanta agam?” arsan luch. Do thispeáin sí an méid a bhí bailithe aici—gearrachuid coirce.

“Tá ocras ormsa, ar aon tslí”, arsan dreóilín, “agus b’fhearra dhuinn do chuidse a dh’ithe ar dtúis, agus beidh ár ndóthain againn ’na dhia’ san ’na bhfuil bailithe agamsa”.

Do thoiligh an luch chuige agus d’itheadar a raibh bailithe aici.

“Ca bhfuil do chuidse anois?” aduairt an luch leis an ndreóilín.

“Airiú, níl pioc bailithe agamsa”, arsan dreóilín. “D’itheas é fé mar a bhailíos é!”

“Airiú, a dhiailín!” arsan luch. “Bhí ’ fhios agam an feall a bheith ionat, agus is maith a’ t-am athá ’s agam é, sara rabhamair pósta, agus cuirfeadsa in úil duit ná leómhfair a leithéid do chleas ’ imirt orm ná ar mo leithéid choíche arís. Táim a’ fógairt catha ort”, aduairt an luch, “agus bí im choinnibh amu’ ar faiche Rí Éireann a leithéid seo do lá. Tabhair leat pé cúnamh a bhaineann leat. Tabharfadsa liom mo chúnamh féin agus caithfir cath a thabhairt dómhsa, agus beidh sásamh agam as an gcleas atá imeartha agat orm!”

B’in mar a bhí, agus nuair a tháinig an lá do bhí a gcamthaí bailithe ag gach taobh acu. Ní raibh aon saghas éin ná go raibh bailithe ag an ndreóilín—an seabhac, an fiolar, an fiach dubh, agus an chuid ab fheárr agus ba threise acu. Ní raibh luch ná franncach ná mada rua, ná éinní don tsaghas san—bruic—ná go raibh bailithe ag an luich.

Do bhí mac Rí Éíreann amu’ agus do chonaic sé na sluaite go léir bailithe do sna rudaí greannúra, agus ní fheadair sé cad a thug iad.

Níorbh fhada gur luíodar ar a chéile a stolladh agus níorbh fhios ceoca taobh lena mbeadh an bua. Do bhí na héin a’ piocadh na súl as a’ gcuid eile, agus aon ghreim a fhaigheadh cuid do na madraí rua agus do sna bruic ar na héin mharaídís iad, ach ná fanaidís le hiad do dh’ithe bhí an bhruíon chómh te sin.

D’fhan sé a’ féachaint orthu, agus mórán acu marbh ar gach taobh. Do thug sé fé ndeara doircheacht éigint a’ teacht sa spéir. Níorbh fhada chun gur tháinig fiolar mór agus ceann liath air. Do thúirlic sé i lár an chatha agus ní raibh moíll neómait air an dá dhream a bheith ite aige an fhaid a bheifá a’ féachaint tímpall ort. Nuair a bhí san déanta aige do labhair mac a’ Rí leis a bhfiolar:

“A fhiolair a’ chínn léith”, aduairt sé, “is beag an iúnadh dhuit bheith láidir!”

“Do bheinn, leis”, aduairt an fiolar, “dá bhfaighinn mo dhóthain le n-ithe”.

“An amhl’ ’ íosfá teilleadh?” aduairt mac an Rí.

“D’íosfainn dá bhfaighinn”, aduairt sé.

Do bhí cró muc aige agus é lán do mhucaibh breátha ramhra.

“Ith leat iad san!” aduairt mac a’ Rí.

Ní raibh moíll neómait air an cró ’ bheith glanta aige dá mhuca—iad ite aige gan lomadh gan glanadh.

“An íosfá teilleadh?” aduairt mac an Rí.

“D’íosfainn”, aduairt sé.

Mhairbh sé cúpla bó dhò, agus ar ndóin, níor ghá iad a mharú in ao’ chor mar do mharódh an fiolar féin iad. D’ith sé iad san.

“A fhiolair a’ chínn léith”, aduairt sé, “ba cheart go mbeifá láidir!”

“Do bheinn”, aduairt sé “dá bhfaighinn mo dhóthain le n-ithe!”

Do bhí dosaen éigint stáca breá arbhair san ithéalainn aige. “Ith na stácaí sin ansan”, aduairt sé, “is bainfid siad a’ t-ocras díot!”

Thosnaigh a’ fiolar i mbarra stáca acu, agus b’é an chéad rud a dh’ith sé an díon agus na súgáin a bhí ar a’ stáca, agus do dh’ith sé an dosaen ceann acu gan aon mhoíll, agus do scrabhaigh amach lena chrúba na láithreacha le heagla go mbeadh aon ghráinne fanta ’na dhiaidh ann.

“An dial, a fhiolair a’ chínn léith”, aduairt sé, “ba cheart go mbeifá láidir!”

“Airiú, táim, leis”, arsan fiolar—agus leis sin do sháigh sé a cheann liath idir a dhá chois agus d’árdaigh ar a dhrom leis mac Rí Éireann. As go brách leis san aer, agus níor stad sé riamh ná choíche chun gur chuaigh sé sa Domhan Toir. Do bhí an oíche aige nuair a chuaigh sé ann agus ní fheadair mac Rí Éireann cá raibh sé. ’Sé an áit ’nar chuir an fiolar treó codlata ar mhac Rí Éireann—in aonacht leis na gadhair, agus fuair sé pé bia a fuair na gadhair. B’éigint dò bheith sásta leis, agus ar maidin do bhí an seana-fhiolar an chínn léith ana-chortha t’réis a chúrsa. Duairt sé le hiníon a bhí aige bia a thabhairt do sna gadhair, agus go raibh duine eile in aonacht leó agus an bia céanna a thabhairt dò a thabharfadh sí do sna gadhair. “Sid é mac Rí Éireann”, aduairt sé.

Chuaigh sí féna ngéin leis a’ mbia, agus chómh luath is chonaic sí mac Rí Éireann do thaithn sé go seóigh léi, agus d’fháilthigh sí roimis.

“Ní raibh aon tsúil agam”, aduairt mac Rí Éireann, “le fáilthe ’ fháil anso t’réis na hoíche a thabhairt in aonacht leis na gadhair, agus ar chómhbhia leis na gadhair!”

“Á, ná dein aon iúnadh dhe sin”, aduairt sí; “tá fáilthe agamsa rómhat, agus b’fhéidir gur cheart go mbeadh. Níl aon fháilthe ageam athair rómhat, agus is mór an iúnadh mar a thug sé leis in ao’ chor tu”, aduairt sí: “bhí sé chun tu ’ mharú mar a rabhais, in Éirinn. Ach ’sé an rud a oireann dò anois—ríghinmharú agus teilleadh pionóis a thabhairt duit”.

“Airiú, go maraí ’n dial é!” ar seisean. “Cad é an chúis maraithe atá aige ormsa?”

“A leithéid seo”, aduairt sí. “Seanndruithe a dheimhnigh dò go mbeinnse pósta ag mac Rí Éireann, agus go gcaillfí é féin agus mo mháthair dá dheascaibh. Sid é a rug fét dhéin é, agus mar aduart cheana leat, bheifá marbh aige in Éirinn ach níl aon iontaoibh aige à muíntir na hÉireann: deineann sé amach go bhfuil seó draíochta acu, agus dá maraíodh sé ann tu go mb’fhéidir, le neart draíochta, go ndéanfí tu ’ aithbheóchaint arís. Ná bac an bia seo tabhartha agamsa chun na ngadhar”, aduairt sí: “tabharfadsa bia chút féin”.

B’fhíor di. Níorbh fhada gur tháinig sí agus bia aici go mhac Rí Éireann. “Fan in aonacht leis na gadhair”, aduairt sí, “chun go n-éireóidh súd. Is dócha go mbeidh rud éigint aige le déanamh duit—pionós éigint a chuir ort”.

’Sea. Níor éirigh sé in ao’ chor go tráthnóna, agus b’éigint do mhac an Rí fanúint mar a raibh aige.

“Tá sé ródhéanach”, aduairt sé nuair ’ éirigh sé, “chun tu ’ chuir ag obair anois, agus fan mar a bhfuil agat arís anocht in aonacht leis na gadhair agus tabharfadsa obair duit ar maidin amáireach”.

B’éigint dò fanúint arís, agus má fhan níor dhearúd iníon an Rí bia agus treó a chuir air.

Seo chuige an seana-Rí an Domhain Toir ar maidin amáireach. “Anois”, aduairt sé, “tá an ceann agamsa le baint díotsa um thráthnóna iniubh mara bhfaighidh tú snáthad a chaill mo sheanamháthair amu’ sa chró san amu’, agus caithfir an cró a ghlanadh amach agus an tsnáthad ’ fháil ann!”

B’éigint dò tosnú, agus do thosnaigh sé ar bheith a’ cuir an aoiligh amach as a’ gcró agus a’ lorg na snáthaide. Bhí teipithe air. Do tháinig an iníon chuige le saghas dínnéir, agus bhí sé a’ gol—teipithe air an tsnáthad ’ fháil.

“Airiú, cad é an gol so ort?” aduairt sí.

“Ó, mar ní fhéadaim í ’ fháil”, aduairt sé.

“Suigh síos”, aduairt sí, “is ith do dhínnéar, agus beadsa á cuardach an fhaid a bheirse ag ithe”.

Do dhein, agus an chéad scaob don aoileach a thóg sí d’fhéach sí tríthi, idir í is an solas.

“Féach airiú”, aduairt sí, “mar a bhfuil a’ tsnáthad”,—á piocadh amach as an aoileach. “Seo dhuit anois í”, aduairt sí, “is bíodh sí agat dò nuair a éileóidh sé í, agus is cuma dhuit: ní gá dhuit a theilleadh don aoileach a chuir amach ar a bhfuil rómhat don lá”.

D’fhan sé ansan go tráthnóna agus tháinig an Rí chuige arís. “A’ bhfuarais an tsnáthad?” aduairt sé.

“Fuaras”, aduairt mac Rí Éireann; “tá sí agam—fáltha go hámharach”,—agus do shín cuige í.

“’Sea”, aduairt sé, “tabharfadsa teilleadh oibre dhuit ar maidin amáireach”.

Thug sé oíche eile in aonacht leis na gadhair, ach má thug níor dhearúd iníon an Rí é—bhí sí ana-bhaoch de.

Ar maidin seo chuige an seana-Rí arís. “A leithéid seo”, aduairt sé. “Do chaill mo sheanamháthair fáinne istigh i dtobar athá thiar ansan, agus caithfir an fáinne sin ’ fháil dom agus é ’ bheith agat um thráthnóna dhom, nú mara bhfaighir bainfidh mé an ceann díot!”

Thosnaigh sé ar a’ dtobar a thaoscadh agus a’ lorg an fháinne, agus níl aon tadhscán uisce a chuireadh sé amach as a’ dtobar ná go dtagadh dhá thadhscán isteach: a’ méadú a bhí sé in inead aon luíghead a dhul air, agus ní raibh aon chaoi aige an fáinne ’ fháil.

Do tháinig iníon an Rí chuige arís leis a’ ndínnéar, agus b’é an scéal céanna é: bhí sé a’ gol, agus an fáinne teipithe. “Suigh síos”, aduairt sí, “agus ith do dhínnéar; ca bhfios ná go bhfaighinnse é?” Do thosnaigh sí ar an uisce a thaoscadh amach, agus ní raibh trí phota dhe curtha amach aici nuair a fhéach sí i dtóin pé árthaigh a bhí aici á thaoscadh. “Féach airiú”, aduairt sí, “mar a bhfuil a’ fáinne—fanta thíos ar thóin an árthaigh!” Thug sí dhò é. “Ar do bhás”, aduairt sí, “ná caill é sin chun go dtugair dò é”.

Siúd chuige an Rí um thráthnóna féachaint a’ raibh an fáinne aige. “Tá”, aduairt sé, “agus b’fhada in ao’ chor gur fhéadas é ’ fháil”. Shín sé chuige an fáinne, agus b’fheárr leis a’ Rí ná beadh sé aige.

“Geóbhair athrach oibre uaim anois amáireach”, aduairt sé, “agus fan arís mar a bhfuil agat in aonacht leis na gadhair, agus tá san maith do dhóthain!” Bhí gach aon tarcaisne ’ fhéadfadh sé aige á thabhairt dò.

B’éigint
dò fanúint, agus ar maidin la ’rna mháireach siúd chuige an seana-Rí agus srian ’na láimh aige.

“Féach anois”, aduairt sé, “tá capaillín ’na leithéid seo d’áit”, ag ínsint dò cá raibh an capall. “‘Lúth’ a thugaid siad ar a’ gcapall so”, aduairt sé. “B’fhéidir go mbeadh sé deocair breith air, ach mar sin féin caithfir breith air, agus caithfir é ’ thabhairt chúm anso um thráthnóna”, aduairt sé, “ar shriain”.

D’imigh sé air agus an tsrian aige, agus d’fhan an capaillín go deas macánta chun gur dhrid sé in’ aice, agus nuair a bhí an tsrian aige le cuir air bhí sé sa chúinne eile don pháirc—imithe uaidh do chúpla léim. Do lean sé arís é, agus d’fhanadh sé leis i gcónaí chun go dtagadh sé in’ aice agus é chun breith ar cheann air agus an tsrian a chuir air, agus leis sin do bheadh cúpla léim caite aige agus imithe uaidh sa taobh eile don pháirc. Do bhí an lá tabhartha acu ar a chéile mar seo go ham dínnéir, nuair a tháinig iníon an Rí chuige leis a’ ndínnéar. “Tá sé teipithe orm”, aduairt sé léi, “agus ní féidir breith air”.

“Airiú, béarfair”, aduairt sí. “Bíodh ciall agat. Suigh síos agus ith do dhínnéar, agus béarfam air nuair a bheidh a’ dínnéar ite agat”. Do shuigh, agus nuair a bhí an dínnéar ite:

“Tabhair dómhsa an tsrian anois”, aduairt sí. Do thug sé dhi an tsrian agus do chroith sí an tsrian chun an chapaillín. Má dhein, chómh luath is ’ chroth sí an tsrian do rith an capall chúthu agus do sháigh a cheann isteach sa tsriain.

“Sid é anois agat é”, aduairt sí, “agus féadfair é ’ bhreith chuige um thráthnóna”.

B’in mar a bhí. Do rug sé leis an capaillín lúfar um thráthnóna a’ triall ar an Rí.

“Tá bertha agat air”, aduairt sé.

“Tá”, aduairt mac Rí Éireann.

“Anois”, aduairt sé, “coineóidh mé ag obair anocht leis tu. Caithfidh tú”, aduairt sé, “nuair a bhead féin agus mo bhean dultha a chodladh, caithfidh tú teacht ansúd sa tseómra is giorra dhuinn agus trí scéaltha d’ínsint duinn ar na trí scéaltha is breátha ’ airíomair riamh, nú mara ndeinir é sin bainfidh mé an ceann díot!”

B’in mar a bhí, agus nuair a bhí an oíche a’ teacht do casadh an iníon arís ar mhac Rí Éireann. D’inis sé an scéal di agus cad a chaithfeadh sé ’ dhéanamh.

“Socróm an rud san leis”, aduairt sí. Nuair a tháinig am codlata do chuaigh an Rí agus a bhean a chodladh.

“Caithfidh tú anois”, aduairt sé, “tosnú ar na scéaltha ’ ínsint duinn, agus beamna ag éisteacht leó. Fan ag an ndoras san ansan”,—a’ tispeáint dò cá bhfanfadh sé ag ínsint na scéaltha. Ba mhaith a’ mhaise sin ag iníon an Rí—do bhí trí chíste déanta aici, agus na trí chíste ceangailthe in áirde ar an ndoras. Nuair a thug an Rí órdú dhò tosnú ar an scéal do thosnaigh ceann do sna cístí ar bheith ag ínsint an scéil, agus d’imigh mac Rí Éireann.

“Ná dein aon mhoíll anois”, aduairt an iníon, “ach faigh an capaillín úd gur rugais iniubh air—Lúth—agus beam araon ag imeacht chómh tapaidh is d’fhéadfam”.

D’imigh an bheirt. Thógadar leó an capaillín, agus do lean an císte ag ínsint an scéil don tseana-Fhiolar an Chínn Léith agus dá mhnaoi: agus nuair a bhí an scéal críochnaithe aige d’fhiafraigh an Rí don tseanamhnaoi: “Conas a thaithneann an scéal san leat?”

“Ana-scéal breá is ea é”, aduairt sí, “agus is dó’ liom nárbh uiriste scéal chómh maith leis a chlos”.

“’Sea anois”, aduairt sé, “tosnaigh agus inis an tarna scéal dhuinn”.

Leis sin do thosnaigh císte eile acu, agus an scéal breá go léir aige á ínsint. D’éist an Rí leis chun go raibh sé críochnaithe, agus do bhí an scéal fada go maith. Nuair a bhí críochnaithe aige: “Cad é do mheas air?” aduairt a’ Rí leis a’ seanamhnaoi.

“Ó, scéal maith”, aduairt sí. “Is deocair aon locht ’ fháil ar a’ scéal”.

“Má bhíonn an tríú scéal”, aduairt sé, “chómh maith leis ní bhainfidh mé an ceann díot in ao’ chor anocht. Tosnaigh anois arís agus inis an tríú ceann”.

Do labhair a’ tríú císte—an scéal ba bhreátha acu go léir a bhí aige seo agus bhí sé ana-fhada, agus i ndeireadh an scéil, nuair a bhí sé a’ críochnú suas:

“Ana-scéal is ea é”, aduairt an Rí.

“Tá an scéal go maith”, aduairt a’ císte, “ach tá scéal eile ná fuil chómh maith leis—tá t’iníon agus mac Rí Éireann amach lár na farraige, imithe le chéile. Anois!”

“Ó, a thiarcais!” ar seisean, a’ léimt as a’ leabaidh, agus do léim a’ tseanabhean chómh maith leis. Do dhein sé an Fiolar an Chínn Léith dhe féin arís agus do dhein an tseanabhean seabhac di féin. As go brách leó i ndiaidh na hiníne agus mac Rí Éireann.

Tráth éigint, ar a’ bhfarraige dhóibh, agus an oíche acu, duairt iníon Rí an Domhain Toir: “Féach siar”, aduairt sí, “féachaint a’ bhfeicfá éinne ár leanúint”. D’fhéach. “Tá”, aduairt sé, “fiolar agus seabhac ’nár ndiaidh”.

“Is olc é”, aduairt sí. “Dá mb’áil leat cluas an chapaill a chuardach”, aduairt sí, “agus pé rud a gheóbhair sa chluais caith siar do dhruím do ghualann é”.

Do chuardaigh sé istigh i gcluais an chapaill agus b’é rud a fuair sé ann—cloichín. Do chaith sé an chloch bheag siar do dhruím a ghualann, agus má dhein do dhein faill mhór árd don chloich istigh i lár na farraige, agus ní raibh teóra leis an aoirde a bhí inti. Do bhí oiread fuinnimh leis a’ mbeirt a’ teacht nár fhéad Fiolar an Chínn Léith stop chun gur bhuail sé é féin i gcoinnibh na faille agus do thit marbh sa bhfarraige.

Do bhain an fhaill ana-mhoíll as an seabhac agus d’imíodar ana-thamall arís sarar tháinig an seabhac ’na ndiaidh. Duairt an iníon an Rí le mac Rí Éireann:

“Féach do dhruím do ghualann siar arís”, aduairt sí, “le heagla go mbeifí ’nár ndiaidh”. D’fhéach sé arís. “Níl ’nár ndiaidh anois”, aduairt sé, “ach an seabhac. Níl aon radharc agam ar a’ bhfiolar”.

“Féach a’ bhfaighfá éinní a chaithfá do dhruím do ghualann”, aduairt sí. Do chuardaigh sé arís, agus blúirín adhmaid a fuair sé i gcluais an chapaill. Do chaith siar do dhruím a ghualann é, agus d’éirigh coíll mhór thiubh láidir in áirde go haer, ar chuma gur theip ar an seabhac ar feadh gach fhaid a shlí a dhéanamh tríd a’ gcoíll.

Do bhí an seabhac ’na ndiaigh agus iad a’ déanamh ar thalamh tirim in Éirinn. ’Sé an áit ’na raibh an capall a’ déanamh, fé dhein faille a bhí ar bhruach an chuain, agus ní raibh do chómhacht ag an seabhac iad a leanúint amach thar farraige. Nuair a dhrideadar leis an gcuan do bhí an seabhac chómh géar san orthu arís,
t’réis teacht tríd a’ gcoíll—do dhein seanabhean don tseabhac nuair a dhrid sé ’na n-aice, agus ar línn an chapaill a dhul amach i gcoinnibh na faille do thairrig an tseanabhean claíomh ar a’ gcapall agus orthu féin agus do bhain an dá chois deiridh don chapall, agus d’imíodar féin slán amach ar an gcarraig agus do thit a’ t-anam as an seanamhnaoi istigh sa bhfarraige, in imeall na trá ansúd, nuair a bhíodar imithe uaithi.

B’id é an deireadh a tháinig orthu araon. B’fhíor do sna seanndruithe, is dócha, go bhfaighidís bás dá dheascaibh.

Do bhí mac Rí Éireann agus an bhean amu’ ar fuaid an bhaíll agus gan aon toradh acu anois ar Fhiolar a’ Chínn Léith ná ar a’ seanamhnaoi. Bhíodar a’ siúl leó, agus níorbh fhada in ao’ chor gur thánadar in aice tigh Rí Éireann. Do bhí cailín anso go raibh mac Rí Éireann ana-mhór léi.

“Caithfidh mé”, aduairt sé, “dul anso isteach, agus tá cailín ann agus níor mhór dom í ’ fheiscint”.

“Ná téir”, aduairt sí, “nú má théann tú ansan isteach, tá gaidhrín istigh ann agus chómh luath is léimfidh súd in áirde chút agus tosnóidh ar tu ’ líorac ní chuímhneóir a’ bhfeacaís mise riamh!”

“Ó, airiú, cuímhneód”, ar seisean. “Ní fhéadfadh a’ saol do chuímnese a chuir as mo cheann!” Ar aon tslí, ní raibh sé sásta chun gur chuaigh sé isteach sa tigh seo agus do bhí na fáilthíocha go léir roimis, agus ní raibh aon tuairisc cá raibh sé gofa ó rug an Fiolar leis é. Do shuigh sé síos, agus i gcionn neómait do léim an gaidhrín in áirde in’ ucht chuige, agus thosnaigh ar é ’ líorac. Ach nuair a dhein níor chuímhnigh sé riamh ar iníon an Rí. Níorbh fhada ’na dhia’ san gur thosnaigh cleamhnas idir é féin agus an cailín seo, agus an bhean so a bhí tabhartha aige leis ón nDomhan Toir do bhí sí fanta dhi féin ar fuaid na coille nú in áit éigint, gan aon radharc ag éinne á fháil uirthi.

Nuair a bhí an cleamhnas socair do bhí pósadh ana-mhór ann. Do hiarradh gach éinne tímpall na háite chun an phósta, agus ní raibh a leithéid do phósadh eile riamh ann, is dócha, ó pé uair a phós seanamháthair “Phaddy the Porther”! Do bhí seanaghabha ann, agus pé cúis a bhí chuige sin níor hiarradh in ao’ chor chun an phósta é, agus bhí sé ar buile. Ar aon tslí, oíche an phósta do tháinig an bhean so a thug sé ón nDomhan Toir, agus bhí ’ fhios aici an pósadh ’ bheith déanta. Do shocraigh sí í féin in áirde i gcrann in aice tobair a bhí ann, agus ní raibh an tobar so i bhfad in ao’ chor ón áit ’nar chónaigh an seanaghabha. Oíche bhreá ghealaí dob ea í. Is dócha go raibh scruid nú nócht éigint ite ag an ngabha a chuir tart air, nuair ná raibh sé dultha go dtí an pósadh. Tháinig tart air agus duairt sé le gearrachaile iníne ’ bhí aige: “Rith ort”, aduairt sé, “agus faigh deoch dom”.

“Cá bhfaighead a’ deoch?” aduairt an iníon.

“Tá sé chómh maith agat”, aduairt sé, “dul go tobar, mara bhfuil aon deoch istigh agat”.

As go brách léi—galúinín ’na láimh aici, agus nuair a chuaigh sí go tobar do bhí iníon a’ Rí in áirde sa chrann agus an scáil a’ taithneamh anuas ar lic a bhí ann.

“A Dhia Mhóir”, ar sise, “nú cad ’na thaobh go bhfuil bean chómh breá liom a’ fanúint ag seanaghabha dubh don tsaghas san?—agus ní fhanfad!” Chaith sí uaithi pé árthach a bhí aici—chaith sí uaithi an galúinín a bhí aici—as go brách léi. Níor tháinig sí thar n-ais a’ triall ar a’ ngabha a theilleadh. Do bhí an tart ag imirt air agus b’fhada leis a bhí sí fanta uaidh.

“Rith amach”, aduairt sé lena mhnaoi, “agus tabhair chúm braon éigint dí, agus féach cár ghoibh sí siúd. Cuirfidh mé geall gur dultha go dtí an pósadh athá sí”.

“Níl aon árthach agam”, aduairt an bhean, “a thabharfadh an deoch chút”.

“Airiú, is cuma dhuit”, aduairt sé; “faigh seanamhoga nú aon rud in ao’ chor: déanfaidh sé an gnó”.

Amach leis a’ mnaoi agus do rug sí léi seanachrúsca buí cré a bhí ann. Nuair a chuaigh sí go tobar do chonaic sí an scáil a’ taithneamh ar an lic—agus an scáil bhreá go léir, shamlaigh sí. Shíl sí gurb í féin a bhí ann.

“Mhuise, nách mór a’ dial me”, ar sise, “is bheith a’ fanúint in aonacht leis a’ seanaghabha dubh san, nú cad ’tá a’ séideadh fúm ná himíonn uaidh?—bean chómh breá liom a bheith ceangailthe d’fhear chómh s’lach leis!” Do bhuail sí pléasc don chrúsca cré anuas ar chloich a bhí ann agus as go brách léi.

Bhí an scéal níos measa ná riamh ag an seanaghabha: is dócha go raibh an tart á thachtach ar fad, agus gan éinne a’ teacht. “Is míorúiltheach an bhean athá agam”, ar seisean, “nuair a chuireas a’ d’iarraidh dí í, a rá nár tháinig sí, agus is dócha gur galar éigint athá orthu go léir. Imithe go dtí an pósadh atháid said, agus más ea, tá seift mhaith agamsa. Raghad féin agus tabharfaidh mé liom deoch”. Chuardaigh sé an tigh féachaint a’ bhfaigheadh sé aon árthach a bhéarfadh sé leis agus theip air éinní ’ fháil ach an corcán. D’árdaigh sé leis é, agus dáltha na beirte eile nuair a chuaigh sé go tobar níor fhéad sé gan an scáil a thabhairt fé ndeara, agus d’fhéach an scáil ana-bhreá go léir chuige.

“Cad é an dial athá orm”, ar seisean, “is bheith a’ fanúint istigh i seanacheárta shúigh—fear chómh breá liom, agus n’ fheicfar choíche arís istigh inti me!” Leis sin do bhuail sé pléasc dá chorcán anuas ar chloich agus dhein smidiríní dhe. Bhí sé ag imeacht, pé áit go raibh aghaidh aige le tabhairt, nuair a labhair an bhean in áirde sa chrann:

“Airiú”, ar sise, “cad ’tá oraibh go leir anocht, nú an meisce pósta nú cad ’tá oraibh go bhfuileann sibh go léir a’ teacht anso agus a’ briseadh na n-árthaí?”

D’fhéach sé in áirde is chonaic sé an bhean bhreá go léir. “Airiú, tair anuas”, aduairt sé, “ní fheadramair cad ’tá orainn!”

Do tháinig sí anuas. “A leithéid seo”, aduairt sí. “Dá mb’áil leatsa blúire oibre ’ dhéanamh dómhsa dhíolfainn go maith thu”.

“Cad í an obair a bheadh uait?” aduairt sé. “Ní fhéadaimse éinní a dhéanamh ach gaibhníocht”.

“Sin a bhfuil uaimse a dhéanamh, leis”, aduairt sí, “agus má thá do thigh agus do cheárta in aon chóngar—nú mara bhfuilid stiúraigh me a’ triall ar ghabha éigint. D’oirfeadh dom circín agus coileach a dhéanamh dom”.

“Ní fhéadfainn iad a dhéanamh”, aduairt sé, “ná níor dheineas riamh, pé gaibhníocht eile a dheineas, agus mara bhféadfad raghaidh mé leat go ceártain agus socróidh mé tine dhuit, agus tabharfaidh mé dhuit gach úirlis dá bhfuil sa cheártain. Oibrigh leat agus dein féin iad má fhéadann tú é. Nú b’fhéidir, ar a shon san, dá dtispeánthá dhom conas iad a dhéanamh, go ndéanfainn duit iad”.

As go brách leis a’ mbeirt, agus isteach sa tseanacheártain. Fuaradar saghas éigint solais dóibh féin, agus d’inis sí dhò conas a dhéanfí iad: circín óir agus coilichín airgid. Thosnaigh sé orthu agus ní raibh sé á ndéanamh róshlachtmhar ar fad, ach do thug sí féin ana-chúnamh dò, agus nuair a bhí an chearc agus an coileach déanta:

“Beadsa ag imeacht uait anois”, aduairt sí, “agus caithfir díol fiach éigint ’ fháil it shaothar”. Do thug sí dhò ladhar óir. “’Sea”, ar seisean, “tá sé chómh maith le bheith ag an bpósadh!”

D’imigh sí uirthi ansan agus níor stad cos di chun gur chuaigh sí mar a raibh an pósadh ag mac an Rí. Do bhí ana-chaitheamh aimsire ann, agus gach éinní dá bhreáthacht agus dá fheabhas—lucht cleas agus imeartha do gach saghas. I gcionn tamaill d’fhiafraigh
sí a’ bhfaigheadh sí cead cleas a dhéanamh. “Geóbhair”, adúradar, “pé cleas is maith leat a dhéanamh”.

Thairrig sí chúithi an chircín agus an coileach. Do bhuail sí in áirde ar bhórd a bhí ann iad. Do chaith sí roinnt ghráinneacha cruithneachtan nú eórna ar a’ mbórd. Do thug an chircín iarracht ar na gráinneacha, nú ar cheann éigint acu, a phiocadh, ach má dhein do bhuail an coileach an chearc: chuir sé gob inti, agus níor leog di pioc a thógaint don bhórd. Do labhair an chearc:

“Ó mhuise”, ar sise, “is mór an náire dhuitse a leithéid sin a dhéanamh liomsa—nú an cuímhin leat a leithéid seo ’ lá”, aduairt sí, “nuair a bhí an cró aoiligh agat á chuir amach is tu a’ lorg na snáthaide. Bhí teipithe ort í ’ fháil agus an ceann le baint díot, chun go bhfuaras-sa an tsnáthad duit”.

“Ó, ní cuímhin, ní cuímhin”, arsan coileach. Níor thug sé aon toradh uirthi.

’Sea. Ba ghairid arís chun gur chaith sí bruscar aráin nú rud éigint ar a’ mbórd chúthu, agus má dhein do tháinig cochall ar a’ gcoileach, agus do bhuail rop sa chirc arís—ní leogfadh di aon bhlúire dhe a bhlaiseadh.

“Faire go brách!” aduairt a’ chearc. “Is mór an náire dhuit a leithéid a dhéanamh liom—nú an cuímhin leat an lá úd a bhís a’ lorg an fháinne sa tobar agus teipithe ort é ’ fháil, agus an ceann le baint díot an tráthnóna san nuair ná beadh an fáinne fachta agat?”

“Ó, airiú, ní cuímhin, ní cuímhin”, aduairt an seanachoileach arís.

Ba ghairid chun gur chaith sí chúthu saghas éigint eile bídh ar a’ mbórd: b’fhéidir gráinne mine nú rud éigint, agus do léim an chircín chun gráinne a bhreith léi. Ach má dhein do phléasc an ropaire coiligh arís í.

“Faire go brách!” aduairt a’ chearc. “Is mór an náire dhuit é; nú an cuímhin leat an lá úd gur chuir an Rí amach tu a’ lorg an chapaill chun é ’ thabhairt chuige um thráthnóna, agus an ceann le baint díot mara bhféadthá an capall a thabhairt leat? An cuímhin leat?”, aduairt sí, “gur mise a rug ar a’ gcapall duit?”

“Ó, ní cuímhin, ní cuímhin”, ar seisean.

Leis sin do léim mac Rí Éireann agus do rug ar láimh uirthi. “Maran cuímhin leatsa é”, ar seisean leis a’ gcoileach, “is cuímhin liomsa go maith é”, aduairt sé, “agus dá chómhartha gur cuímhin, pé áit go bhfuileann tusa”, ar seisean leis a’ mnaoi a bhí pósta aige, “bí a’ bailiú leat anois: ní gá dhuit fanúint níos sia. ’Sí seo mo bhean, agus féadfairse t’aghaidh a thabhairt pé áit gur maith leat as so amach”.

B’in mar a bhí. B’éigint di imeacht, agus d’fhan iníon Rí an Domhain Toir in aonacht le mac Rí Éireann; agus do chuaigh a’ seanaghabha a chodladh dhò féin nuair a tháinig sé go tobar agus d’ól sé deoch, agus a dhóthain óir aige; agus do bhí an bhean agus an iníon tagaithe abhaile chuige ar maidin, pé cúrsaí a bhí tabhartha acu i gcaitheamh na hoíche. Ach cad é an chabhair sa bhaile iad?—ní raibh árthach fanta sa tigh gan bheith briste acu a’ gabháil anuas ar a’ gcloich nuair a chonaiceadar scáil na mná!

Agus b’in mar a chríochnaigh scéal an dreóilín agus na luiche, agus déarfadh duine go mb’fhéidir ná leanfadh a leithéid do thrioblóíd in ao’ chor dhá ainmhí chómh héadrom, chómh suarach leó!

Nótaí

Cad é an chúis maraithe atá aige ormsa?: AÓL does not lenite maraithe here, although cúis ghuil is found earlier in this work. This may be because forms such as maraithe can be the genitives of verbal nouns as well as verbal adjectives (in other words, maraithe means “killed”, as well as being the genitive of marú, and possibly would have been lenited in the adjectival meaning).

Fétdhéin: the possessive particle do is often found delenited. This is generally the case before vowels (it aonar) and before unvoiced consonants that devoice the possessive particle (dot chuid), but is also sometimes found before voiced consonants (dot mhuíntir) and /j/, as here.

An iníon an Rí: the double article here probably reflects disfluent oral delivery.

Cad é an chabhair sa bhaile iad?: é refers her not exactly to the feminine noun cabhair, but to the general situation referred to by cabhair.

Foclóirín

abhar: ábhar in GCh. WM Irish distinguishes between abhar (originally spelt adhbhar, now pronounced /aur/), “material”, and ábhar (sometimes written ádhbhar, pronounced /ɑ:vər/), “amount”. Abhar scéil, “theme for a story”.
ainmhí: “animal”, pronounced /anʹi’vʹi:/.
áirde: “height”. See also under aoirde. In áirde go haer, “up into the air”.
aithbheóim, aithbheóchaint: “to revive, resuscitate, bring back to life”, or athbheoim, athbheochan in GCh. Pronounced /a’vʹoːmʹ, a’vʹoːxintʹ/.
am: “time”, pronounced /aum/. Am dínnéir, “dinner-time”. Am codlata, “bedtime”.
ámharach: “lucky, fortunate”. Fáltha go hámharach, “found by chance”.
aoileach: “manure, dung”.
aoirde: “height”, or airde in GCh. WM Irish draws a distinction between in áirde, “up on high”, and in aoirde, “in height”.
arbhar: “corn”, pronounced /ɑ’ruːr/.
baoch: “grateful”, or buíoch in GCh. Bhí sí ana-bhaoch de in chapter 3 here means “she was very kindly/well-disposed to him/on good terms with him”. According to PSD1927, this meaning ought to be found with do and not de, but there is no such distinction drawn in FGB.
blúirín: “little bit, scrap or fragment”.
broc: “badger”, with bruic in the plural.
bruscar: “crumbs, fragments”. PUL had brúsgar with a long ú, but IWM shows that /broskər/ was AÓL’s pronunciation. Compare /bruːskər/ in CFBB.
camtha: “camp”, or campa in GCh. Pronounced /kaumhə/.
caoi: “opportunity”, pronounced /keː/. DÓC spelt this word caé. Ní raibh aon chaoi aige an fáinne ’ fháil in chapter 3 here does not contain the expected ar before an fáinne ’ fháil.
capaillín: “little horse, pony”.
ceárta: “smith’s forge”, with ceártain in the dative.
císte: “cake”.
clagar: “pelting, clattering”, and, by extension, “heavy rain”. Clagairt in GCh.
cochall: “a cock’s hackles”.
coileach: “cock, rooster”, pronounced /ki’lʹax/.
coilichín: “cockerel”.
cómhacht: “authority, power”. Ní raibh do chómhacht ag an seabhac iad a leanúint, “the hawk was unable to follow them”.
cómhbhia: “common table, common feeding”. FGB seems to prefer comhbhiathú. Ar chómhbhia le duine, “to eat the same food as someone, to eat at one table with him”.
cré: “clay”, the genitive of which can have adjectival force: crúsca cré, “a clay jar”.
críochnaím, críochnú: “to finish”. Críochnú suas, “to finish up, conclude”, a phrase that appears to reflect English influence.
cró: “cow-shed, byre”. Cró muc, “pigsty”.
crúb: “hoof; claw (of a bird)”.
cruithneacht: “wheat”, with cruithneachtan in the genitive. The spelling used by DÓC here was cruinneachtan, more or less correct for the pronunciation of /kriŋʹ’hɑxt/.
cuardaím, cuardach: “to search”. Cuardach rómhat, “to search away”.
cuid: “share, portion”, and, by extension, “meal”.
diailín: “rogue, rascal”, pronounced /dʹiə’lʹiːnʹ/. The GCh equivalent appears to be diabhlánach.
dínnéar: “dinner”, pronounced /dʹi:’ŋʹe:r/.
díol fiach: “restitution, recompense”, literally “payment of debts”.
díon: “covering”.
doircheacht: “darkness”, or dorchacht in GCh. Pronounced /dorʹihəxt/.
Domhan Toir (an Domhan Toir): “the Orient”.
dosaen: “dozen”, pronounced /də’seːn/.
dream: “crowd, party”. The expected pronunciation, indicated in IMW, is /draum/, but this is not indicated in DÓC’s transcription here.
dreóilín: “wren”.
droichead: “bridge”, pronounced /drohəd/.
drom: “back”, or droim in GCh. PUL uses drom (in the nominative and dative) for the actual back of a person or an animal, but druím for more derived usages (druím lámha, “the back of a hand” etc). Pronounced /droum/. Do dhruím, “over” (for de dhruim).
dubh: “black” or “black-hearted”.
éadrom: “light”, pronounced /iadərəm/.
eórna: “barley”, pronounced /oːrnə/. AÓL does not use the traditionally correct genitive eórnan here.
faiche: “lawn”, spelt fatha in the original and pronounced /fɑhə/.
faid: “length”, or fad in GCh. Pé faid, “however long”.An fhaid, “while”, fad or a fhad in GCh. Ar feadh gach fhaid, “for ever such a long time”. Compare faid gach n-fhaid in PUL’s works.
faill: “cliff, precipice”, or aill in GCh. The genitive is transcribed by DÓC as fuelle—edited here as faille—showing the pronunciation of this word to be /failʹ, felʹi/.
fáilthe: “welcome”, with fáilthíocha in the plural. GCh has fáilte and fáiltí.
féadaim: “I can”. Note the past subjunctive form mara bhféadthá here, which was given by DÓC with an epenthetic vowel, /mɑrə vʹiadəhɑː/.
feárr, fearra: “better”, the comparative of maith, pronounced /fʹa:r/. Also found in WM Irish, as in chapter 3 here, as fearra, /fʹarə/.
fiach dubh: “raven”.
fiolar: “eagle”, or iolar in GCh. Pronounced /fʹulər/.
franncach: “rat”, pronounced /frauŋkəx/.
gabha: “smith”, pronounced /gou/.
gabhaim, gabháil: “to take, go”, and a large range of other meanings. Rud do ghabháil anuas ar an gcloich, “to bang something down on the stone”.
gadhar: “dog”, pronounced /gəir/.
gaibhníocht: “smith’s work, metalwork”, or gaibhneacht in GCh. Pronounced /gəi’ŋʹiːxt/.
gaidhrín: “little dog, lapdog”, pronounced /gəi’rʹiːnʹ/.
galúinín: “small can”.
gearrachaile: “young girl, lass”, pronounced /gʹarə-xɑlʹi/.
gearrachuid: “a fair amount”.
glanaim, glanadh: “to clean”, but also “to clear”.
gráinne: “grain”, with gráinneacha in the plural. The GCh plural is gráinní. Pronounced /grɑːŋʹi, grɑːŋʹəxə/.
guala: “shoulder”, or gualainn in GCh, where the historical dative is used for the nominative. The genitive here is gualann.
i gcoinnibh: “against”, generally pronounced /ə giŋʹivʹ/, but this is also found as i gcoinibh in some texts in the original here, showing a possible by-pronunciation, /ə ginʹivʹ/.
iarraim, iarraidh: “to ask, request”, but also (rarely), “to require”, which seems to be the meaning in níor iarr sé an iomarca tathaint in ao’ chor, “he didn’t need much persuading”. A’ d’iarraidh na mná, “to claim or to get the woman”. Pronounced /iərimʹ, iərigʹ/. The final g is sometimes elided, as with a’ d’iarra’ in chapter 3 here.
ithéala: “granary, barn”, with ithéalainn in the dative. This is DÓC’s transcription of AÓL’s pronunciation, /i’heːlə, i’heːliŋʹ/; the word is otherwise iothla, iothlainn, pronounced /ihələ, ihəliŋʹ/.
ithim, ithe: “to eat”. Ith leat!, “eat away!”
ladhar: “the space between the fingers”, and by extension “a handful”, pronounced /ləir/.
láthair: “place, location”, with láithreacha in the plural, referring here to the grounds or floor of a barn. Pronounced /lɑːhirʹ, lɑːrʹhəxə/.
leac: “stone, slab”, with lic in the dative.
leómhaim, leómhadh: “to dare, presume”. Pronounced /lʹoːmʹ, lʹoː/. The second-person future form found here, leómhfair, spelt in the original leóthair, is pronounced /lʹoːhirʹ/.
líorac: “act of licking”, or líreac in GCh. This is used here as a verbal noun, in place of lí, which is the verbal noun associated with the verb lím in GCh.
lomaim, lomadh: “to peel, strip, shear”.
lón: “provisions, supply of food”.
luch: “mouse”, with luich in the dative.
lucht cleas: “acrobats”.
lúfar: “agile, athletic”.
luíghead: “smallness, fewness”, or laghad in GCh. Pronounced /li:d/.
lúth: “vigour, strength”.
mada rua: “fox”. The plural is madraí rua, /mɑdə’riː ruə/.
mhuise: “well, indeed”, usually lenited in WM Irish, but isted as muise in FGB.
moga: “mug”, or muga in GCh.
mórán: “many”, pronounced /muə’rɑːn/.
nócht: “something news”, but also, as here, “a treat, a delicacy, fresh or dainty food”. Nuacht in GCh.
ocras: “hunger”, pronounced /okərəs/.
pléasc: “a bang”. Pléasc a bhualadh do rud ar rud, “to bang something on something”, where do stands for de.
ríghinmharú: if I have correctly identified the word spelt rín-mharú in the original here, this would mean “a slow killing”, i.e., “to inflict a slow death on someone”.
rop: “thrust, stab”.
ruidín: “little thing”.
scáil: “shadow”, or, as here, “reflection”.
scaob: “scoop”.
scrabhaím, scrabhú: “to scrape”, or scrabhaim, scrabhadh in GCh.
scruid: “treat, snack”, or scroid in GCh.
seana-: a prefix meaning “old” used many times here. The meaning is often just deprecatory rather than specifically “old”.
seanndraoi: “old wizard; seer”, with seanndruithe in the plural, pronounced /ʃaun-driː, ʃaun-drihi/.
seascair: “cosy”.
séidim, séideadh: “to blow”. Séideadh fé dhuine, “to incite someone, urge him on”. Cad ’tá a’ séideadh fúm ná himíonn uaidh? appears to mean, “what is influencing me not to leave him?”
seóigh: “wonderful”, pronounced /ʃoːgʹ/. Note: this word was originally the genitive of seó. Go seóigh, “wonderfully, terribly, very well”.
seómra: “room”, pronounced /ʃoːmərə/. I need to confirm this, as IWM and the LS edition of Séadna do not show an epenthetic vowel.
smidiríní: “smithereens”.
snáthad: “needle”, with snáthaid in the dative, which form is used for the nominative in GCh.
son: “sake, behalf”. Ar a shon san, “nevertheless, even so”.
speic: “sidelong glance”. Speic chainnte chuir ar dhuine, “to accost someone and engage him in conversation”. This usage is derived from speic in PSD, but FGB has two words, speic meaning “sidelong glance”, and spéic meaning “speech”, with the later used in GCh in this meaning (spéic a chur ar dhuine).
srian: “reins of a horse”, with sriain in the dative. This word is feminine here, but masculine in GCh.
stáca: “stack; haystack”, referring here to stacks of corn.
stiúraím, stiúrú: “to guide, direct”, or stiúraim, stiúradh in GCh.
stopaim, stop: “to stop”, or stopaim, stopadh in GCh.
sú: “soot”, the genitive of which, súigh, functions as an adjective meaning “sooty”. GCh has súiche.
súd: as a pronoun, “that one”, often in a deprecatory (or admiring) sense. I believe this would be siúd in GCh. Súd is also an adjective used in broad contexts (iad súd, “those people”) and often in possessive contexts (na taobh súd, “about her”).
súgán: “straw-rope”.
tadhscán: “quantity of liquid”, or taoscán in GCh. Pronounced /təi’skɑːn/.
taithneann, taithneamh: “to be pleasing to; to shine”, taitníonn, taitneamh in GCh, pronounced /taŋʹhən, taŋʹhəv/. All forms of this word are transcribed by DÓC with an unlenited t in the middle, but the pronunciation is shown in IWM. The preterite, thaitin in GCh, is edited as thaithn here (from thaitn in the original), pronounced /haŋʹ/.
taoscaim, taoscadh: “to drain, pump, bail out”.
tarna: “second”, or dara in GCh.
téim, dul: “to go”. Note the imperative téir, where GCh has téigh.
teóra: “boundary”, or teorainn in GCh. Níl aon teóra leis, “it knows no bounds, there is nothing like it, there is no end to it”.
tirim: “dry”, pronounced /trʹimʹ/.
tiubh: “dense”, of a wood.
toradh: “heed, attention”.
treó: “direction”. Treó codlata, “sleeping accommodation”. I am not sure what bia agus treó a chuir air means.
túirligim, túirleacan: “to alight, descend”, or tuirlingím, tuirlingt in GCh. The past tense was given here as thúirlic sé: thúirlig is also found, but the g would be devoiced by the pronoun. Where a g (here devoiced as c) derives from ng in the classical spelling, the g is not deleted before the pronoun. For further examples, see d’fhuilig sé and do tharraig sé/do thairrig sé.
uiriste: “easy”, furasta in GCh.
úirlis: “tool”, pronounced /uːrlʹiʃ/.

This entry was posted in Contents, Scéalaíocht Amhlaoibh. Bookmark the permalink.

2 Responses to Scéalaíocht Amhlaoibh 3

  1. Pingback: Scéalaíocht Amhlaoibh 3: Audio | Cork Irish

  2. Pingback: Aesop 8, Na Frogranna a’ Lorg Rí: Audio | Cork Irish

Leave a comment