Séadna, caib. 34

Caibideal a Ceathair is Tríochad

An focal úd aduairt Diarmuid Liath i dtaobh Mháire Ghearra, ’sé sin gur bheag aon deireadh oíche ná tagadh sí, do chuir an focal san Séadna ag machnamh.

“’Sea!” ar seisean in’ aigne, “tá an scéal go hait agam. Duart léi go raibh ceangal orm i láthair Dé gan pósadh choíche. Gan amhras do bhí ceangal orm gan í féin ná aon chailín eile mar í do tharrac isteach sa chúntúirt a bhí rómham, de réir mar a mheasas. Duairt an cladhaire úd go dtiocfadh sé am iarraidh chómh luath agus ’bheadh na trí bliana déag caite. Bhíos lándeimhnitheach go dtiocfadh sé. Tá an aimsir caite. Tá sí caite agus gan na trí seachtaine úd d’áireamh. Tá an sparán anso agam fós. Tá sé chómh teann agus ’bhí sé aon lá i gcaitheamh na haimsire. Is mór an iúnadh nár tháinig sé am iarraidh féin nú a d’iarraidh an sparáin. Is deocair a dhéanamh amach cad é an brí atá leis mar scéal. Is dócha, dá mbeadh sé le teacht, go dtiocfadh sé an lá a gheall sé. Ní fheadar cad a chuir de é. Tá aon ní amháin deimhnitheach go leór. Ní har mhaithe liomsa d’fhan sé gan teacht. Thiocfadh se mura mbeadh rud éigin á chosc. Cad a choisc é ar theacht? Cad a chimeád uaim é? Sin í an cheist. Cé ’choisc é ar theacht? Ba mhór an spórt é dá bhfanadh an sparán agam dá ainneóin! Níor úsáideas aon phioc den airgead, ach chun leathair a cheannach, ón lá úd a tógadh uaim an sparán ar an aonach. Níor leog scannradh dhom dul thar fhocal an mhargaidh. B’fhéidir ná raibh aon ghá leis an scannradh. Má bhí sé chómh seasmhach chun an mhargaidh cad ’na thaobh nár tháinig sé nuair a bhí na trí bliana déag istigh! Más rud é nár fhéad sé teacht agus a mhargadh do chur i bhfeidhm nuair a bhí an aimsir istigh, tá gach aon deallramh ná féadfaidh sé baint liom pé úsáid a dhéanfad den airgead. Ní fada go mbainfead triail as an scéal, le cúnamh Dé, pé’n Éirinn é! . . . Is trua chráite ná raibh ’fhios agam ná raibh sé le teacht! . . . Ba mhór an obair di teacht anso gach aon oíche! . . . Ach tá sé socair go daingean ’na haigne go bhfuil an ceangal orm, agus gur ceangal é nách féidir a scaoileadh . . . Tá an scéal go hait againn!”

Bhí sí féin agus a hathair ar an gcéad bheirt a tháinig dhá fhéachaint chómh luath agus d’airíodar aithne agus úrlabhra ’bheith tagaithe dho. Tháinig Máire Ghearra féin go minic ’na dhiaidh sin agus d’inis sí dho go cruínn, ó thosach go deireadh, cad é an saghas an bhreóiteacht a bhí air agus na cómharthaí a lean í. Ní har an mbreóiteacht ná ar na cómharthaíbh a bhíodh Séadna ag cuímhneamh, agus é ag éisteacht léi, ach ar a mhachnamh féin. Conas a neósfadh sé dhi cad é an saghas ceangail a bhí air gan pósadh? Conas a ghlacfadh sise an scéal nuair a neósfí dhi é? Nuair ’airigh sí an scéal ar dtúis i dtaobh an cheangail duairt sí gur cheangal uasal é, agus gur cheangal naofa é. Cad ’déarfadh sí anois dá n-ínstí dhi cad é an saghas é agus cad fé ndeár é? Dá n-ínseadh sé dhi i dtaobh an sparáin agus i dtaobh an Fhir Dhuibh agus i dtaobh an mhargaidh, b’fhéidir gurb amhlaidh a thiocfadh fuath aici dho féin agus ná tiocfadh sí dhá fhéachaint a thuilleadh. Agus conas ’fhéadfadh sé a mhíniú gus a léiriú dhi cad é an saghas an ceangal gan an scéal go léir d’ínsint di! Ar an dtaobh eile den scéal conas ’fhéadfadh sé a fhágáilt níos sia gan ínsint di go raibh dearúd ar a haigne sin i dtaobh an cheangail a bhí air sin. Nuair ’inis sé dhi an chéad lá an ceangal do bheith air do ghlac sí an scéal i gcéill a bhí bunoscionn leis an bhfírinne. D’fhág sé mar sin aici é an uair sin mar cheap sé go gcuirfeadh deireadh na dtrí mblian ndéag deireadh lena shaol, agus ansan gur chuma cad é an saghas an ceangal agus gur chuma cad fé ndeár é ná cad ba bhun leis. B’in é an scéal go léir ar a mhalairt de chuma anois, áfach. Ní raibh aon bhreith aige ar an ndearúd d’fhágáil ar a haigne níos sia. Ní raibh aon dul aige ó fhírinne an scéil a thabhairt di chómh luath agus dob fhéidir é. Ag machnamh agus ag breithniú ar an méid sin oibre a bhí le déanamh aige is ea ’bhíodh sé an fhaid a bhíodh sise dhá ínsint do cad iad na cómharthaí éagsamhlacha do lean an bhreóiteacht a bhí air, agus cad é an neart a bhíodh ann nuair a bhíodh a ndóthain mór ag ceathrar fear le déanamh dhá chimeád gan imeacht as an leabaidh.

An lá ’bhí sé thiar ag an dtigh aici, dhá ínsint di go raibh ceangal air i láthair Dé gan pósadh choíche, ní raibh uaidh ach a chur as a haigne sin amach go raibh aon bhreith go deó aige ar í féin a phósadh. Nuair aduairt sé an focal léi duairt sise focal leis. Ní raibh aon choinne aige leis an bhfocal aduairt sí, ach níor chuir sé puínn suime sa bhfocal an uair sin. Sid é an focal aduairt sí. “Más ceangal uasal duitse é,” ar sise, “ba chóir gur cheangal uasal dómhsa é.” Chrom sé ar fhiafraí dhe féin anois cad é an brí a bhí aici leis an bhfocal san, nú arbh fhéidir gurbh amhlaidh a bheadh ceangal curtha aici uirthi féin, i láthair Dé, gan pósadh choíche!

Bhí smaointe den tsórd san agus nithe den tsórd san agus machnamh den tsórd san ag rith trín’ aigne coitianta agus é ag teacht chuige féin. Ach, bíodh gur chuireadar mórán buartha air, agus mórán ceisnimh agus mórán cé-má-rá, níor chuireadar aon chosc leis an bhfeabhas a bhí ag dul air. Do lean sé ag cur na feóla suas agus ag dul i láidreacht agus i misniúlacht, go dtí go raibh daoine dhá rá go n-iompódh sé amach níos feárr agus níos stóinsithe agus níos curanta ’na shláinte ná mar a bhí sé riamh sula dtáinig an bhreóiteacht air.

Mí díreach tar éis na leapan d’fhágáilt do, do bhuail chuige suas ón sráid, ar muin capaill, fear cínn riain an rí agus fiche marcach in éineacht leis. Bhí a chlóca síoda ar gach fear díobh, agus a chaipín cogaidh, agus a chlaíomh fada síos le maoitheán a chapaill, agus a chlaíomh geárr ’na chrios aige, agus a shleá bhreá fhada fhuínseóige ’na seasamh in áirde aige agus ceann fada caol, de chruaidh gheal ghéar, ag taithneamh agus ag spréacharnaigh sa ghréin ar an sleá, agus na ribíní síoda ag rínce sa ghaoith, thuas idir adhmad agus iarann, ar an sleá. An té ’fhéachfadh ar na fearaibh sin agus do chífeadh na súile glana géara aibiúla, agus na gnúiseanna daingeana gan staon, agus na cúla casa, agus na guailne téagartha neartmhara córacha agus na huchta leathana, agus na mása ramhra troma, na troithe teanna agus na géaga lúfara, agus na dóirne crua, déarfadh sé gan amhras nárbh aon dóithín iad don namhaid a cheapfadh aon chur isteach a dhéanamh orthu!

“’Sea, a Shéadna,” arsan ceann, “tá an tréimhse úd caite. Is dócha go bhfuíl gach ní curtha i dtreó agat um an dtaca so. Is é is fada leis an rí go bhfeicfidh sé thíos in’ aice thu. Is ad iarraidh a thánamair.”

“Tá go maith, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna. “Pé rud atá i dtreó ná ná fuil, an rud a gheallas-sa cómhlíonfad é.”

Agus d’imigh sé leó.

Gobnait. Ó, a thiarcais, a Pheig! Tá sé ’na lá gheal!

Cáit. Agus féach! Sid í anso Síle agus a ceann im ucht agus í ’na codladh go sámh!

Nóra. Ba mhithid dod mháthair bheith tagaithe, a Pheig. Dúradar go mbeadh an t-abhras sníte acu sula dtiocfadh an lá orthu.

Peig. Sid í chúinn isteach í.

Máire. ’Sea! a chailíní, an raibh uaigneas oraibh? An bhfuil an scéal críochnaithe? “Seafra,” –– nú –– “Stiabhna”, nú –– greadadh chuige, cad é an ainm seo agam air?

Peig. “Séadna,” a mháthair.

Máire. Ó, ’sea. “Séadna.” An bhfuil sé marbh?

Cáit. Níl, a Mháire. Tá sé imithe le muíntir an rí.

Máire. Chun bheith ag déanamh bróg don rí, is dócha. Féach, a Pheig, ná leog uait iad san go fóill. Ná leog dóibh imeacht mar ’imíodar an oíche eile úd. Thugas-sa rud éigin liom. Beidh scruid againn. Cá bhfuil Síle? ’Na codladh! An daighe is í a dhein an ceart!

CRÍOCH.

Personal names

Seafra: a male name mentioned here derived from the Anglo-Norman Geoffrey or Godfrey, pronounced /ʃafərə/.
Stiabhna: a male name mentioned here that is cognate with the name Stephen. Pronounced /ʃtʹianə/.

Foclóirín

abhras: “the wool or flax to be woven into a garment; bundle of flax”. Pronounced /aurəs/.
aibiúil: “lively”, of eyes.
brí: “meaning”. This word is masculine here, but feminine in the CO.
cas: “curly”.
ceisneamh: “grumbling, murmuring, complaining”. This word is translated in the authorised translation of Séadna as “anxiety and vexation” in chapter 34.
cráite: “pained, tortured”.
cruaidh: “steel”, or cruach in the CO. Pronounced /kruəgʹ/.
cúl: “back”, especially the back of the head, with cúla in the plural where the CO has cúil. Cúla casa, “curly heads”.
cuma: “appearance, condition, form”. Ar a mhalairt de chuma, “otherwise; in a different way; on a different footing”.
dóithín: “someone who can be trusted”. Ní haon dóithín é, “he is not someone to be trifled with”. Pronounced /doː’hiːnʹ/.
fuínseóg: “ash-tree”. Sleá fhuínseóige, “an ashen spear”.
láidreacht: “strength”, pronounced /lɑːdʹirʹəxt/. Dul i láidreacht, “to get stronger, gather strength”.
más: “thigh, buttock, ham”, with mása in the plural.
misniúlacht: “courage, strength”. Dul i misniúlacht, “to gain vigour in a recovery after an illness”.
scruid: “a little feast on the sly; a treat; a snack”. The CO has scroid, but the ui of the original text is retained here as showing the pronunciation.
staon: “wince, flinching”. Gan staon, “unflinching, unyielding”.
stóinsithe: “solidly built, sturdy, strong”.
triail: “trial, test”. Triail a bhaint as an scéal, “to put the matter to the test”.
trua: “pity”. Trua chráite, “a crying shame”, a phrase that is found both as truagh cráite and truagh chráite in the original, presumably by way of typographical errors.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s