Séadna, caib. 33

Caibideal a Trí is Tríochad

Nuair a dhúisigh sé as a chodladh is amhlaidh a fuair sé é féin agus é ag rá na bhfocal úd d’fhág sé gan chríochnú nuair a bhí sé ag cainnt leis an mnaoi chosnochtaithe ar an gcnuc.

“Bheirim a bhaochas leis an Athair Síoraí a chruthaigh thu! – agus le hÍosa Críost a cheannaigh thu! – agus leis an Sprid Naomh a bheannaigh thu!”

Dar leis féin is sínte ar an bplásóig a bhí sé, agus cheap sé go raibh sí ansúd in’ aice, ach gan radharc a bheith aige uirthi. Nuair a chorraigh sé a lámh agus fuair sé an t-éadach leapan air bhí iúnadh a chroí air. Bhí iúnadh ba mhó ná san air nuair ’fhéach sé ’na thímpall agus ’ chonaic sé fraitheacha an tí. Chrom sé ar mhachnamh agus ar smaoineamh agus ar chur agus ar chúiteamh in’ aigne, a d’iarraidh a dhéanamh amach conas a tháinig sé isteach ón gcnuc. Níorbh fhéidir leis an scéal a thuiscint. D’fhéach sé i dtreó na finneóige. Chonaic sé duine thall in aice na finneóige. Bean dob ea í. An bhean fhritheáilte chéanna a bhí ag tabhairt aire do Dhiarmuid Liath nuair a bhí an bhreóiteacht air, is í a bhí ann! Tháinig iúnadh agus alltacht ar fad ar Shéadna nuair a chonaic sé í sin. Ní fheidir sé ’en tsaol cad a thug ann í, ná cad a thug é féin san áit ’na raibh sé, agus gur amu’ ar an gcnuc, ar an bplásóig, do shín sé chun codlata i dtosach na hoíche roim ré, dar leis. Cad a thug isteach ón gcnuc é? Nú má tháinig sé féin isteach conas nár chuímhin leis teacht isteach? An amhlaidh a shiúlaigh sé isteach agus é ’na chodladh? Do mhothaigh sé a chnámha teinn. D’fhéach sé ar a dhá láimh. Ní raibh iontu ach na cnámha. Chuir sé lámh síos ar a chliabh. Bhí na heasnaíocha chómh lom aige le seanachiseán!

“Ní fheadar ó thalamh an domhain,” ar seisean, in’ aigne féin, “cad ’tá imithe orm!”

Ghlaeigh sé ar an mnaoi. Níor aithin sé a ghlór féin bhí an glór chómh lag san. Phreab sise chuige anall láithreach. “Ó, moladh go deó le Dia! a Shéadna,” ar sise, “tá do chiall agus do mheabhair agat fé dheireadh! Tá sé curtha dhíot agat. Níl baol ort anois, le cúnamh Dé.”

“Cad ’tá curtha dhíom agam?” ar seisean.

“Tá,” ar sise, “an t-éagruas cínn ba mheasa dár bhuail riamh umam. Ach tá sé imithe, baochas mór le Dia dá chionn! Ná labhair a thuilleadh anois, taíonn tú rólag chun puínn cainnte ’dhéanamh. Ní fada go mbeidh tú láidir do dhóthain chuige, le cúnamh Dé. Tá deoch anso agam duit. Ól uaim é. Déanfaidh sé maitheas duit. Sin é!”

“An fada ’táim anso, a Mháire?” ar seisean.

“Tá trí seachtaine ó thánagsa,” ar sise, “agus is dó’ liom go rabhais breóite trí lá sular cuireadh fios orm.”

Do luigh Séadna siar agus dhún sé a shúile, ach ní chun codlata é.

“Trí seachtmhaine!” ar seisean in’ aigne. “Cad ’tá imithe orm in aon chor? A Mháire!” ar seisean leis an mnaoi.

“Teacht! a Shéadna,” ar sise.

“An bhfuil aon tuairim agat den chuma ’na dtáinig an bhreóiteacht orm?” ar seisean.

“D’airíos iad á rá,” ar sise, “gur dhócha gurbh amhlaidh a chodlais amu’ agus gur buaileadh drochní éigin ar do cheann. Bhí an ceann go han-olc agat pé’n Éirinn é. Bhí sé go holc i gcaitheamh na haimsire go léir. Is ar éigin ’fhéadadh ceathrar thu ’chimeád sa leabaidh uaireanta. Ach pé mearathall a bhí air tá sé imithe. Is geárr go mbeidh tú chómh maith agus ’bhís riamh. Codail greas anois, a lao. Ná dein a thuilleadh cainnte go fóill. Ní raghadh puínn cainnte dhuit fós ach go holc. An codladh is é ’dhéanfaidh tairbhe dhuit. Luigh siar anois, a mhic ó, agus féach an bhféadfá greas maith codlata ’dhéanamh, go breá agus go socair agus go sámh.” Agus do shocraigh sí an peiliúr féna cheann. “Sin é!” ar sise. “Ná labhair a thuilleadh anois go fóill.”

Dhún sé a shúile dhá leogaint air gur ag titim ’na chodladh a bhí sé. In inead aon chodlata ’dhéanamh, áfach, is amhlaidh a dhírigh sé ar mhachnamh. Bhí cúis mhachnaimh aige. Trí seachtaine imithe, má b’fhíor cainnt na mná fritheáilte, agus go dtabharfadh sé féin an leabhar ná raibh thar trí huaire a’ chloig ó bhí sé amu’ ar an gcnuc, ar an bplásóig chúnlaigh, ag cainnt leis an mnaoi chosnochtaithe! Pé cor a thabharfadh sé dho féin ní fhéadfadh sé a thuilleadh aimsire ’dh’fháil ann. Agus ansan, ’na choinnibh sin thall, cad a bheir chómh lag é agus a bhí sé! Cad a bheir chómh lom é! Bhí sé chómh lag, chómh lom, chómh snoíte amach agus ’bheadh duine go mbeadh ráithe luíocháin curtha dhe aige! Conas ’fhéadfadh a leithéid d’athrú teacht ar a cholainn agus ar a bhallaibh beatha in aon trí huaire a’ chloig amháin! Má bhí teinneas agus breóiteacht agus trioblóid air chómh mór agus aduairt an bhean, nárbh uathásach an obair a rá nár fhan aon phioc dá chuímhne aige! Pé troime ná sáimhe codlata a bheadh ar dhuine, nuair a dhúiseódh sé as a chodladh bheadh tuairim éigin aige d’fhaid nú de ghiorracht na haimsire a bheadh caite sa chodladh aige, bíodh is ná cuímhneódh sé ar aon ní dár thit amach do i gcaitheamh na haimsire. Níor mhar sin do Shéadna. Ní hé amháin go raibh gach ar thit amach do imithe as a chuímhne glan, ach bhí an aimsir féin imithe uaidh glan. Thuig sé in’ aigne go raibh trí huaire a’ chloig, nú mar sin, ó bhí sé ar an gcnuc ag cainnt leis an mnaoi chosnochtaithe, agus thuig sé in’ aigne nárbh fhéidir a thuilleadh aimsire ’bheith ann. Cá bhfuaradh na trí seachtaine! B’in í an cheist.

Bhí an aimsir imithe glan as a chuímhne agus as a aigne. Thabharfadh sé an leabhar ná raibh thar trí huaire ’ chloig nú mar sin ó bhí sé sa phlásóig ar an gcnuc ag cainnt leis an mnaoi chosnochtaithe. Ní raibh aon bhlúire cuímhne aige ar ar thit amach do ón neómat a scar sí leis go dtí an neómat ’na dtáinig a mheabhair do ar a leabaidh. Bhí an aimsir sin, agus ar thit amach do i gcaitheamh na haimsire sin, agus an méid dá mheabhair agus dá chuímhne a bhí ag gabháil leis an aimsir sin, chómh glan as a aigne agus dá ngeárrthí amach as a cheann le sciain iad. Ní raibh blúire cuímhne aige ar an lá breá a bhí aige ar an gcnuc, ná ar an radharc álainn, ná ar na dúthaíbh breátha, ná ar shiúl na gcnuc do, ná ar phiocadh na mónadán do, ná ar an sólaist a thug Neans do, ná ar an gcuma ’nar fhíll sé abhaile, ná ar an sníomh a bhí ar a aigne agus é ag feitheamh leis an bhFear nDubh, ná ar theacht an Fhir Dhuibh, ná ar an abhcóidíocht a bhí eatarthu, ná ar an gcuma ’nar scaradar le chéile.

Ba chuímhin leis, áfach, na trí bliana déag do bheith istigh.

“Inniu atá sé le teacht,” ar seisean, in’ aigne féin. “Is olc an t-am é agus me chómh lag so. –– Ach cad é sin agam dá rá?” ar seisean arís. “Deir sí seo go bhfuil trí seachtaine ó buaileadh breóite me! Ní rabhas breóite inné. La ’rna mháireach an lae inné a bhí sé le teacht. Is éagsamhlach an scéal é má tá trí seachtaine idir inné agus inniu! Agus má táid na trí seachtaine ann tá an lá imithe agus an cladhaire úd gan teacht! B’fhéidir ná tiocfadh sé in aon chor! Is greannúr na trí seachtaine iad! Ca bhfuil an tslí dhóibh! Níl tar trí huaire ’ chloig ó bhíos ag cainnt léi, agus ag éisteacht léi, agus ag féachaint uirthi. Ó, is í an t-aingeal í! Is í an t-aingeal solais í!”

D’fhan sé ar feadh i bhfad ag cuímhneamh uirthi, ar a gnúis álainn, agus ar an solas a bhí as a súilibh agus ar a héadan agus ar a béal. Chuímhnigh sé ar an gcuma ’na ndeigh an solas óna súilibh sin isteach ’na shúilibh féin agus siar ’na cheann agus síos ’na chroí. Ba chuímhin leis an chainnt aduairt sé féin nuair a mhothaigh sé an t-áthas a tháinig air agus nuair a bhí sé ag gabháil a bhaochais leis an Athair Síoraí a chruthaigh í agus leis an Aon-Mhac a cheannaigh í agus leis an Sprid Naomh a bheannaigh í. Ba chuímhin leis gur labhair sise ach níor chuímhin leis anois cad ’duairt sí. Ba chuímhin leis gur airigh sé a glór agus guth a cainnte, ach níor chuímhin leis gur thuig sé an chainnt. Ní raibh aon bhlúire cuímhne aige ar bhrí na cainnte. Pé fada gairid do leanfadh sé ag machnamh níorbh fhéidir leis ’dh’fháil in’ aigne go raibh d’aimsir idir é agus an uair a scar sé léi ar an gcnuc ach an t-aon tamall amháin den oíche, trí huaire ’ chloig nú mar sin. An codladh a tháinig air nuair a bhí sí ag scarúint leis, b’in é an codladh as a raibh sé tar éis dúiseacht an neómat
san, dar leis.

Tháinig Diarmuid Liath dhá fhéachaint.

“Cad é an fhaid aimsire atá ó buaileadh breóite me, a Dhiarmuid?” ar seisean le Diarmuid. “Nílim róchruínn air.”

“Ní mar sin dómhsa san,” arsa Diarmuid, “táim cruínn go maith air agus ní hiúnadh dhom san. Is maith an ceart dom bheith cruínn air. Ní fada go mbeidh trí seachtaine ann. Ní baol go dtáinig an aimsir i ganfhios orm. Chómh luath agus d’airigh Micil go rabhais id luí do phreab sé aníos agus b’éigean dom féin an siopa ’sheasamh, agus gan me oiriúnach air ach go holc. Níl aon oíche ó buaileadh breóite thu nár tháinig sé aníos. Théadh sé síos arís ar eirí lae, ach má théadh ba bheag an mhaith thíos é. ’Na chodladh sa tsiopa is ea do gheibhtí é nuair a thagadh daoine isteach ag lorg leathair. D’fhanadh sé anso ag tabhairt cúnta don mhnaoi fhritheáilte go dtí go dtagadh Máire Ghearra. Is beag aon deireadh oíche ná tagadh Máire. Bhí sí anso ar maidin inniu sula ndeigh Micil síos, ach ní raibh aon léas ded mheabhair tagaithe dhuitse an uair sin. Ní aithneófá éinne. Ní fheaca féin riamh aon duine breóite chómh glan as a mheabhair agus ’bhís i gcaitheamh na haimsire go léir. Ní raibh húm ná hám ionat. Nuair a bhíos-sa breóite bhí spreabhraídí orm, ach má bhí féin ní rabhas as mo mheabhair ar fad. Bhí ciall agus cuímhne agam ar chuma éigin. D’aithnínn na daoine agus do thuiginn a gcainnt agus do labhrainn leó, bíodh is ná raibh puínn cruinnis lem chainnt uaireanta. Ach oiread agus aon fhocal amháin ní raibh le fáil uaitse amach as do bhéal. De réir mar adeirtear liom ní dó’ liom go dtáinig oiread agus aon smiog amháin cainnte amach as do bhéal ón lá a buaileadh breóite thu go dtí gur labhrais inniu le Máire ’níon Airt. Ní hé sin féin, ach ba dhó’ le duine ná raibh aon mhothú ionat. Ní raibh aon tsuím agat in aon rud. Ní raibh aon choinne ag éinne go dtiocfá as. Bhí an sagart anso go minic agus do theip air aon fhocal ’fháil asat. Is dócha nách fada go mbeidh sé anso anois, agus geallaim dhuit gurb air a bheidh an iúnadh agus an t-áthas. Beidh iúnadh agus áthas ar gach éinne. Ní raibh aon tsúil ag éinne go gcurfá dhíot é. Ach ambasa tá sé curtha dhíot agat, baochas mór le Dia dá chionn! An té ’fhéachfadh ort anois níor dhó’ leis in aon chor gur tu an fear céanna a bhí ansan inné. Níor fhéad éinne a dhéanamh amach cad a bhí ort. Duairt an bhean fhritheáilte gurbh éagruas cínn é, ach ní dó’ liom gur chreid éinne í. Chuir an sagart beirt nú triúr dochtúirí anso i gcaitheamh na haimsire féachaint an bhféadfaidís aon rud a dhéanamh dhuit. Níor dhein éinne acu ach féachaint ort agus imeacht. Ní fheacaís a leithéid de chéimaighrá riamh agus ’bhí orainn go léir.”

Bhailigh Séadna fírinne an scéil mar sin ó chómharsain agus ó chómharsain eile, agus fé dheireadh do chuaigh ’na luí air nárbh fholáir nú bhí an aimsir ann, pé cuma ’na bhfuaradh an tslí dhi. Ach conas a fuaradh an tslí, nú conas ’fhéadfadh breis agus trí seachtaine ’bheith caite agus gan in’ aigne, i gcoinnibh na dtrí seachtaine, ach trí huaire ’ chloig, do theip glan air a dhéanamh amach, agus b’éigean do éirí as.

Ach ba mhar a chéile é. Chómh luath agus a tháinig an chiall agus an mheabhair dò thosnaigh sé ar dhul i bhfeabhas go tiubh. Thosnaigh an fheóil ar theacht. Dá loime ’bhíodar na heasnaíocha aige níorbh fhada go rabhadar ag dul ó chómhaireamh. Ba gheárr go raibh na géaga ag dul i ngairbhe dá chaoile a bhíodar. Tháinig sé chuige féin níos tapúla ná mar a tháinig Diarmuid Liath féin. Má chuir an saghas luíocháin a bhí air amú daoine, chuir an t-éirí a bhí déanta aige amú níos mó iad. Nuair a chonaic daoine an saghas galair a bhí air agus an chuma ’na raibh sé gan mheabhair gan chiall gan aithne gan úrlabhra, duairt cuid acu ná raibh aon bhreith aige go deó ar éirí as an leabaidh ’na raibh sé. Duairt tuilleadh acu dá ráiníodh go gcuirfeadh sé an bhreóiteacht de gur bheag an mhaith dho san, mar ná beadh sé choíche ach in’ amadán, agus gurbh fhearra dho bás d’fháil ná bheith ’na shampla ar an gcuma san os cómhair na ndaoine. Duairt tuilleadh go mbeadh an scéal níosa mheasa aige ná san féin, mar go raibh a chainnt chómh míllte lena chiall agus dá maireadh sé cheithre fichid blian ná labharfadh sé aon fhocal i gcaitheamh a shaeil.

Nuair a fuaradar go léir go raibh sé ’na shuí agus ag teacht chuige féin go tiubh, agus a chainnt aige, go hálainn agus go bríomhar, agus gan lóipín ná lúb ar lár ar a chiall ná ar a mheabhair, ach é chómh gunta chómh géarchúiseach agus a bhí sé riamh, bhí áthas mór orthu gan amhras, ach bhí oiread iúnadh orthu agus a bhí d’áthas orthu, agus geallaim dhuit go raibh cathú a ndóthain orthu nár éisteadar go dtí go mbéadh ’ fhios acu cad a dhéanfadh sé. Is é rud adeiridís eatarthu féin ná, “Dá mb’éinne eile ’bheadh ann ach é féin d’fhéadfadh duine tuairim éigin a thabhairt fén rud a dhéanfadh sé, ach níor thug éinne riamh fós aon tuairim fé siúd ach tuairim a chuaigh amú.”

Nóta

Níorbh fhéidir leis dh’fháil in’ aigne: the original edition had d’fháil, but there is no infinitival particle in Irish, and the sense suits the insertion of a proleptic particle. It is possible that omission of lenition of the d was a typographical error in the original.

Foclóirín

céimaighrá: “bewilderment, confusion of ideas, puzzlement”. This word is given in FdS, but is not found in PSD or FGB and the etymology, derivation and correct spelling of it are unclear. Pronounced /kʹeːmʹəirɑː/ according to Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna, where chéimaighrádh in the original is transcribed as chémayrá.
coinne: “meeting”. ’Na choinnibh sin thall, “on the other hand”.
cómhaireamh: “count, calculation”. Dul ó chómhaireamh, “to be impossible to count”.
cor: “throw, cast; condition, situation”. Pé cor a thabharfadh sé dho féin, “however he looked at it; no matter what he did”, literally “whatever turn he gave himself”.
drochní: “something bad”, and by extension, “an illness or infection”. Drochní bhualadh ort, “to get or be attacked by an infection”.
éadach: “cloth”. Éadach leapan, “bedclothes”.
gairbhe: “roughness, coarseness” or “stoutness”. Dul i ngairbhe, “to become stouter”. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna transcribes as gairivi, but I expected /gɑ’rʹiː/ for this word.
giorracht: “shortness”, of a period of time.
húm: found in the phrase ní raibh húm ná hám ionat, “you were incapable of uttering a peep, you were unable to say a single word”.
lár: “ground”. Ar lár, “missing”.
léas: “ray, glimmer”.
lóipín: “a stocking worn without the shoe or a stocking without the vamp; a defect; a screw loose mentally”.
lúb: “twist, bend”. Lúb ar lár, “a dropped stitch in knitting; a defect or weak point”.
ó:“from”. Ól uaim é!, “take it and drink it”, with uaim showing the passage of the drink from the speaker.
peiliúr: “pillow”, or piliúr in the CO. Pronounced /pʹe’lʹuːr/.
sampla: “example”. Sampla os cómhair na ndaoine, “an object of public pity”. This word probably should have an epenthetic vowel, /saumpələ/, but is transcribed without in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna.
scaraim, scarúint: “to part, separate”, or scaraim, scaradh in the CO.
téim, dul: “to go”. With do: ní raghadh puínn cainnte dhuit, “too much talk will not suit you, will not do you good”.

One thought on “Séadna, caib. 33

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s