Séadna caib. 32

Caibideal a Dó is Tríochad

Do stad Séadna ag féachaint air. Chimil sé a lámh dá shúilibh agus d’fhéach sé arís air. D’fhéach an bheirt in sna súilibh ar a chéile ar feadh tamaill.

“Is tu an diabhal!” arsa Séadna, fé dheireadh.

“Ní bhainfeadh an diabhal féin an bheárna dhíotsa!” arsan Fear Dubh. “Cheapas go gcuirfeadh an t-airgead amú thu. Is annamh duine a gheibheann é ná deineann aimhleas do féin agus b’fhéidir dá lán eile, mar gheall air. Tagann aimhleas dá bhárr don té a gheibheann é agus aimhleas don té ná faigheann é. An té ’ gheibheann é tagtar ar an mbóthar roimis san oíche agus maraítear é chun an airgid a bhaint de. Is é an té ná faigheann an t-airgead a mharaíonn an té a gheibheann é. Sin aimhleas don bheirt sin de bhárr an airgid. Deineann an t-airgead fiche aimhleas nách iad san. Is mó duine ’ chailleann a mheabhair le baois agus le huabhar agus le mór-is-fiú, a bheadh úmhal go maith dá mbéadh sé dealbh. Is mó duine a dheineann ciorrú ar a shaol le meisceóireacht nuair a bhíonn a phócaí lán, agus go mairfeadh sé céad dá mbeidís folamh.”

“Is dó’ liom go bhfuil iarracht de dhearúd ort sa méid sin,” arsa Séadna. “An fear úd a mharódh duine chun an airgid d’fháil, cad ba ghá dho an marú san do dhéanamh dá mbeadh a dhóthain airgid aige féin? Measaimse go gcuireann pócaí folmha daoine ar a n-aimhleas chómh minic agus ’ chuirid na pócaí lána ar a n-aimhleas iad. Is dócha gur eól duit an seanfhocal: ‘Teaspach dearg nú fíor-riachtanas an dá ní is feárr chun duine ’ chur ar a aimhleas.’”

“Sin é ball, díreach, ’nar mhillis-se mise glan,” arsan Fear Dubh. “Bhí an fíor-riachtanas ar dtúis ort agus níor dhein sé aimhleas duit. Dheinis an déirc nuair ná raibh agat ach na trí scillinge. Nuair a chonac san bhí ’ fhios agam ná déanfadh an riachtanas ba ghéire aon aimhleas duit. Bhíos lándeimhnitheach go ndéanfadh an saibhreas duit an rud a theip ar an riachtanas. Níor dhein. Nuair a chonac ná raibh aon bheann agat ar an saibhreas ach chómh beag leis an riachtanas cheapas teacht ort ar shlí eile. Chuireas an namhaid eile úd id threó. Is mór é m’eólas ar dhaoinibh agus is dlúth é mo thaithí orthu. Is minic a chonac duine ná déanfadh riachtanas aimhleas do, agus is minic a chonac duine ná déanfadh saidhbhreas aimhleas do. Ach is annamh riamh a chonac duine ná bainfeadh an namhaid eile úd dá bhonnaibh é. Níor bhain an namhaid eile sin thusa ded bhonnaibh agus bhain sin mise dem bonnaibh. Tá teipithe orm a dhéanamh amach cad é an saghas duine thu in aon chor.”

“Namhaid! namhaid! a thugann tú uirthi!” arsa Séadna. “Ní namhaid í, agus is rómhaith is eól duitse nách ea. Ní tusa ’ chuir im threó í. Is é Dia ’ chuir im threó í, moladh go deó leis! Dá mbeadh a leithéid agatsa le cur im threó ní baol ná go gcurfá a malairt siúd im threó. Dá mbeadh namhaid agat á toghadh dhom gan amhras do thoghfá namhaid i gceart. Cuir uait an camastaíol. Inis an fhírinne. Ní thaithneann an fhírinne leat, ní nách iúnadh, ach tá ort an fhírinne d’ínsint sa chathaoir sin dá mhéid fuath atá agat di. Inis an fhírinne dhom. Cad chuige dhuit namhaid a thabhairt uirthi siúd, agus cad chuige dhuit a rá gur tusa ’ chuir im threó í?”

“Dá mhéid í do chiall agus do thuiscint ní thuigeann tú mo ghnósa,” arsan Fear Dubh. “Is dó’ leatsa gur óna namhaid a thagann mí-ádh agus mífhoirtiún agus aimhleas ar dhuine. Tá dearúd mór ort. Caradas agus muíntearthas agus grá agus ionúine is iad a tharraigeann chun aimhleasa leath an tsaeil, ní hea, ach formhór an tsaeil. Beidh duine ar a chosaint féin in aghaidh a namhad ach ní bheidh sé ar a chosaint féin in aghaidh a charad. Má gheibheann duine cómhairle a aimhleasa óna namhaid ní ghlacfaidh sé an chómhairle. Déanfaidh duine rud ar a charaid ná déanfadh sé choíche uaidh féin. In aghaidh an aon duine amháin a dheineann a aimhleas as a chómhairle féin, tá fiche duine agus is cómhairle ó charaid a chuireann suas chuige iad. Dá leogtí dhóibh féin b’fhéidir gurb é a leas a dhéanfaidís. Dá mba ó namhaid a gheóbhaidís an chómhairle ní baol go nglacfaidís an chómhairle. Is minic a dhein duine a leas le diúltú do chómhairle a gheóbhadh sé ó namhaid. Ní hóna namhaid a bhíonn duine i gcúntúirt a aimhleasa choíche ach óna cháirdibh. Dá dhílse é an caradas is ea is mó an chúntúirt agus is measa an t-aimhleas, mar is ea is tugtha an géilleadh. Más grá do mhnaoi a bheidh ag seóladh an duine ar a aimhleas, sin deireadh le cómhairle leasa agus sin deireadh le cosaint ag an nduine sin air féin. Sin deireadh le ciall agus le meabhair agus le tuiscint agus le breithiúntas an duine sin. Dá fheabhas í an bhean is ea is críochnaithe an mhíchiall sa bhfear. Má thugann bean álainn, fhónta, chiallmhar, dhathúil, óg, grá a croí go hiomlán don fhear san, agus eisean di sin, déanfaidh an fear san éagóir ar a bhreithiúntas féin agus déanfaidh sé a aimhleas os cómhair a shúl níos túisce ná mar a dhéanfadh sé rud ba dhó’ leis ná taithnfeadh léise. Agus déanfaidh sise an cleas céanna díreach níos túisce ná mar a dhéanfadh sí an rud ba dhó’ léi ná taithnfeadh leis sin. Tá breall ar an seanfhocal san aon ní amháin sin, pé’n Éirinn é. Is maith an rud teaspach dearg chun duine ’ chur ar a aimhleas, agus is maith an rud fíor-riachtanas chun duine ’ chur ar a aimhleas, ach tá rud is feárr chuige ná aon taobh acu, ’sé sin grá, nú caradas, nú ionúine. Tá daoine thíos in ifreann anois agam, daoine a dhein aimhleas dóibh féin mar gheall ar ghrá nú ar charadas, agus ní baol go mbeidís ann dá mba ná beadh chun iad do chur ann ach teaspach nú riachtanas. Is mó fear agus bean gur theip orm glan aon dochar a dhéanamh dóibh le teaspach ná le riachtanas, agus nár sheasaimh i bhfad gan aimhleas a dhéanamh dóibh féin nuair a chuireas an namhaid eile úd ’na dtreó. Chuireas, mar aduart leat, an namhaid eile úd id threósa, ach ní raibh aon ní dá bhárr agam. Rud is annamh dom, do theip orm aon bhúntáiste ’ bhreith ort. Ní dó’ liom gur duine thu in aon chor, i gceart. Ní thaithneann leat me ’ thabhairt namhaid uirthi. Nách í an namhaid is namhadaí ag duine an namhaid is mó ’ dhéanfaidh d’aimhleas do?”

“Tugaim an t-éitheach duit amach as do bhéal féin,” arsa Séadna. “Níor dhein sí aon aimhleas dómhsa agus dá bhrí sin is bréag duit namhaid a thabhairt uirthi.”

“Níor dhein sí aimhleas duit, ach ní huirthi is ceart a bhaochas san do bheith, ná ormsa. Dhein sí a dícheall chuige agus dheineas-sa mo dhícheall chuige. Dhein sise a dícheall trí mhéid a grá dhuit. Dheineas-sa mo dhícheall agus geallaim dhuit nách trí ghrá dhuit é. Theip an cluiche orainn araon. D’imreas an cheárd is feárr a bhí agam ort, ach tá buaite agat orm.”

“Ní mholaim do cheárd,” arsa Séadna, “pé meas atá agat féin uirthi. Mheasas a rá ‘nár chúitíthear do shaothar leat!’ ach crosaim arís tu. Deirim ó chroí leat, go gcúitíthear do shaothar leat! Ba mhór an trua a leithéid de shaothar a dhul gan a chúiteamh. Chuiris namhaid, dar leat, im threósa. Measaim gur dheinis dearúd i mball éigin id chúntaisí. Ní mar a braitear a bítear go minic. Thugais airgead dómhsa le hionchas go ndéanfadh sé aimhleas dom. Theip ort i dtaobh an airgid. Chuiris an namhaid eile, mar adeirir, im threó. Do theip ort sa tarna cluiche fé mar a theip ort sa chéad chluiche. Inis dom go cruínn cad air go bhfuil a mhilleán agat an cluiche do dhul id choinnibh. Labhair cruínn, léir. Ní thaithneann fánaíocht cainnte liom. Gan amhras is tu ’ chuir im threó an t-airgead. Ní chreidim uait gur chuiris aon ní eile im threó. Táir ró-oilte ar an éitheach. Ní féidir do dhuine rud a chreidiúint uait mura bhfeicidh a dhá shúil féin é. Inis an fhírinne dhom.”

“Ínsim an fhírinne uaireanta,” arsan Fear Dubh, “agus neósfad anois í. Neósfad duit í i dtreó go bhfeicfidh do dhá shúil féin í. Is maith liom í ’ dh’ínsint duit mar tá ’ fhios agam ná taithnfidh sí go rómhaith leat. Cheapas go gcomáinfeadh an t-airgead amú thu mar a chomáineann sé gach éinne a gheibheann é, nách mór. Cheapas nárbh fhada go mbéithá agam gan puínn ded dhua ’ fháil. Nuair a fuaras ar an aonach tu ag ceannach an chapaill mheasas go rabhais agam láithreach. Cheapas go raibh do phort seinnte, nách mór sula raibh sé tosnaithe i gceart. Nuair a chonac ag imeacht tu agus gan an ceannach déanta bhí iúnadh orm cad a bhí ag cur ort. Thugas tarcaisne dhuit ós comhair na ndaoine féachaint an bhfíllfá agus an t-airgead do dhíol. Níor fhillis. Chromais do cheann agus do rithis leat féin mar a dhéanfadh spreallairín madra ––”

“Tuigim,” arsa Séadna. “Comáin leat.”

“Tá óigbhean ansan thiar,” arsan Fear Dubh, “agus ón lá a baisteadh í go dtí an lá atá inniu ann tá teipithe orm glan filleadh ná feacadh ’ bhaint as a toil ná as a haigne. Pé toirmeasc a chuirim ’na treó ní bhaineann sé aon bharrathuisle aisti. Bhí sí ag teacht ón sráid tráthnóna. Chuireas ríghneas uirthi. Thit a codladh uirthi i lúib den bhóthar. Nuair a dhúisigh sí as a codladh bhí sé in am mhairbh na hoíche. Ghluais sí fé dhéin an bhaile agus í ag crith le heagla. Nuair a bhí sí ag déanamh siar ar Bhóthar na Bró cé ’ bheadh ar lár an bhóthair ann roímpi ach an sprid. Shíleas go dtitfeadh an t-anam aisti. Chuireas me féin id chlósa. Bhuaileas tháirsi amach. D’aithin sí thusa ionam. Dheineas ceann ar aghaidh ar an sprid agus scian choise duíbhe im láimh agam, mar dhea. Ba gheárr go raibh deireadh leis an sprid. Ansan d’fhilleas ar an óigmhnaoi agus dheineas í ’ thionnlacan siar isteach go doras tí a hathar.”

“Dá mbeadh ’ fhios aici cé ’ bhí dhá tionnlacan!” arsa Séadna.

“Cheap sí gur tusa a bhí dhá tionnlacan,”
arsan Fear Dubh, “agus is dó’ liom go raibh iarracht de mhóráil uirthi a rá gur chuir aon duine é féin ’na leithéid de chúntúirt ar a son. As san amach tháinig árdurraim aici dhuitse. Ní fheacaís daonnaí riamh sa chás ’na raibh sí ón oíche sin amach. Bhí an scéal aici díreach mar a bhí ag an bhfile úd aduairt:–

‘Is bocht an toisc an toisc go bhfuilim i bpéin;
Mo thuiscint óm thoil, is mo thoil ag dridim óm chéill!
Ní thuigeann mo thoil an toil dom thuiscint is léir;
Nú má thuigeann ní toil léi ach toil a tuisceana féin!’

“Bhí ’ fhios ag an gcailín mbocht go raibh a toil ag imeacht bunoscionn lena ciall, a toil dhá tiomáint agus a ciall dhá tarrac siar; a toil ag tabhairt a croí agus a haigne suas duitse, agus a ciall dhá thispeáint di go soiléir go raibh óinseach aici dá dhéanamh di féin mar gheall ort. Bhí an chaismirt chómh dian san ’na haigne gur imigh a goile uaithi agus ná féadadh sí aon néal den oíche do chodladh. Nuair a chíodh sí thusa, agus dob ormsa a bhaochas gur mhinic sin, ba bheag ná go n-imíodh a raibh de mheabhair ’en tsaol aici amach as a ceann agus as a haigne. ’Na dhiaidh san, nuair a thuigeadh sí í féin, ba dhó’ leat go ndéanfadh dhá leath dá croí le náire agus le ceann-fé agus le cathú. Fé dheireadh chuir sí chút an bhainntreach, mar is eól duit.”

“Go gcúitíthear do shaothar leat!” arsa Séadna go dúthrachtach.

“Tá sé cúitithe liom cheana go hiomlán,” arsan Fear Dubh, “agus is ortsa atá a bhaochas agam. Is mise ’ chuir id threó í. Ná bíodh aon phioc dá mhearathall ort. Do chuireas id threó í agus do chimeádas id threó í. Do thuigis méid a maitheasa. Do thuigis feabhas agus uaisleacht a haigne. Do bhreithnís áilleacht a snua agus a cló agus a pearsan gan locht. Ní raibh bean eile ar t’aithne in aon ghaobhar do bheith chómh dathúil léi. Is doimhinn, dorcha, dúblálta an fear thu. Is beag é eólas éinne ar an rud a bhíonn istigh id chroí nuair a oireann duit é ’ chimeád agat féin, ach níor fhéadais a chimeád uaimse conas a bhí an scéal agat ’na taobh súd. Dá dhoimhne agus dá dhoirche é do chroí níor fhéadais an t-eólas a chimeád uaimse go raibh a grá súd chómh láidir chómh daingean ionat agus ’ bhí grá do mhnaoi i gcroí aon fhir dár mhair riamh. Níor mheasas go raibh an fear san beó ar an saol so d’fhéadfadh cur ’na choinnibh! Is beag má chuir aon rud riamh oiread iúnadh orm agus ’ chuir an freagra úd a thugais ar an mbainntrigh. Má dheineas dícheall riamh do dheineas an uair sin é, chun tusa ’ chur i dtreó ná féadfá tarrac siar. Do bhuais orm d’ainneóin mo dhíchill. An bhean is feárr in Éirinn chuiris ód chroí í agus a grá greamaithe ionat! Chuiris ód chroí í agus a croí dá réabadh le grá dhuit! Ní fheadar an duine daonna in aon chor thu! Ba chuma leat dá gcurthá san uaigh í! Cad é an díobháil dom ach an chúis. Do chroí féin agus a croí sin do stracadh óna chéile ––ar son an ––”

“Críochnaigh é!” arsa Séadna.

“Ar son an tÉ atá thuas!” arsan Fear Dubh. “‘Slánaitheoir’ a thugann sibh air. Sin é an gníomh a thug an lámh uachtair duit ormsa. Sin é an gníomh lenar bhrúis agus lenar mhillis me, agus ní hé do chuid déarca gan áird gan tairbhe.”

“Tá a lán cainnte déanta agat,” arsa Séadna, “ach sa chainnt go léir níl ínste agat ach taobh den scéal. Is fíor dhuit go gcuireann grá agus caradas agus muíntearthas agus ionúine a lán daoine ar a n-aimhleas. Ach nách mór an iúnadh ná feiceann tú go gcuirid na nithe céanna san a lán daoine ar a leas leis? Déanfaidh duine rud ar a charaid ná déanfadh sé choíche uaidh féin. Agus déanfaidh duine a leas go minic, ar chómhairle mhaith ó chara dhílis chiallmhar, an uair, b’fhéidir, gurb é a aimhleas a dhéanfadh sé dá mba ná béadh an cara san aige chun na cómhairle sin a thabhairt do san am chóir. ‘Más grá do mhnaoi,’ arsa tusa, ‘a bheidh ag seóladh an duine ar a aimhleas, sin deireadh le cosaint ag an nduine air féin.’ Tá go maith. Ach cuir i gcás gur bean fhónta chiallmhar an bhean, bean a bhreithneóidh ’na haigne go géar agus go cruínn na nithe a bheadh aimhleasta don fhear san, agus a dhéanfaidh a dícheall ar é ’ mhealladh uathu, bean a bheidh coitianta ag guí chun Dé ar son an fhir sin, dhá iarraidh ar Dhia é ’ chur bunoscionn le gach drochní agus a aigne do spriocadh chun an ruda a dhéanfaidh tairbhe anama agus chuirp do, bean a dhéanfaidh úsáid den ghrá atá ag an bhfear san di chun a chur ’ fhiachaibh air an drochní a thaithneann leis féin do sheachnadh agus an rud fónta a thaithneann léise do dhéanamh, nách dó’ leat gur maith an cúnamh, i dteannta grásta Dé, an bhean san chun an fhir sin do chur ar a leas agus chun é ’ chimeád ón’ aimhleas? Dar leatsa níl ach ciall chun duine ’ chur ar a leas, nú míchiall chun é ’ chur ar a aimhleas. Dheinis féin aimhleas botúnta dhuit féin aon uair amháin. Ba mhór í do chiall an uair sin. Ach measaim go raibh breall ar do chiall! Is maith an rud ciall gan amhras. Ach tá nithe is feárr go mór ná í. Is minic a dheineann grá agus muíntearthas agus caradas agus ionúine tairbhe do theipfeadh ar chiall an domhain. Tá rud nách iad san go léir is feárr ná iad agus ná pé ciall a bheadh ag dul leó. Ní fheadar an bhfuil aon eólas agatsa ar an rud san. Is é rud é ná umhlaíocht. Tá ’ fhios agam go maith ná taithneann an rud san leatsa. Nuair a bhís ag breithniú ar na nithibh is feárr chun duine ’ chur ar a aimhleas is mairg dhuit nár dhein machnamh beag ar an ní is feárr a choisceann aimhleas. An áit ’na mbíonn an umhlaíocht bíonn grásta Dé ann. Is treise go mór grásta Dé chun an duine ’ chur ar a leas ná na nithe úd go léir d’áirís-se chun an duine ’ chur ar a aimhleas. Ní hé an gníomh úd a dheineas-sa do mhíll thu. Níor chóir puínn de bhaochas an ghnímh sin a bheith ormsa. Dheineas an gníomh mar ní raibh leigheas agam air. Feabhas na mná fé ndeár é. Ní fhéadfainn a leithéid d’éagóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi. Dá olcas me nílim chómh holc leatsa fós. Dá gcurthá bean ná beadh chómh maith léi im threó cá bhfios ná go n-éireódh an cluiche leat níos feárr. Neósfadsa dhuit cad a mhíll thu. Do sháraigh an t-olc ar an olc agat. Do bhuaigh drochthaobh ded ghnó ar an ndrochthaobh eile dhe. ‘Rith mhadra an dá cháis’, is é a bhí ort. ‘Ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán.’ Dá bpósainn an uair úd í conas ’ bheadh an scéal anois aici, agus ag á claínn, dá mbeidís ann!”

“Agus nách in é díreach a bhí uaim!” arsan Fear Dubh. “Bhís i ngrá léi chómh mór agus a bhí aon fhear riamh i ngrá le mnaoi. Ní fheaca riamh aon bheirt chómh dlúite ’na chéile, chómh mór cion ar a chéile, chómh mór urraim dá chéile. Cé ’ mheasfadh go bhféadfá í ’ chur ód chroí! Cé ’ mheasfadh go bhféadfadh sise bheith scartha leatsa agus bheith beó! Admhaím gur bhuaigh an méid sin orm.”

“Chuireas óm chroí í ar son an tSlánaitheóra,” arsa Séadna. “Ní fhéadfainn a leithéid d’éagóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi. Sin é an scéal go léir agat. Más tu ’ chuir im threó í is tu féin a mhíll thu féin. Dúraís gur theip ort filleadh ná feacadh ’ bhaint aisti riamh. Níor mhaith an chiall duit tabhairt fúithi sa ghnó so. Ba chóir go raibh seanaithne agat uirthi. Cheapais greim ’ fháil ar bheirt againn agus is amhlaidh atá greim daingean ort féin anois.”

“Tá an éagóir agat,” arsan Fear Dubh. “Ní hí fé ndeár an cluiche ’ ghabháil im choinnibh ach tusa. Phósfadh sí thu láithreach dá n-iarrthá uirthi thu ’ phósadh. Cad é sin agam dhá rá! Ní raibh ort é ’ iarraidh uirthi. Bhí sí féin chómh mór san as a meabhair le grá dhuit gur dhein sí rud nár mheasas ’ fhéadfadh sí a dhéanamh pé cor a bhéarfadh í. D’iarr sí ort í ’ phósadh –– agus d’eitís í! Greadadh chút, cad é mar shaghas fir tu! Do ghníomhsa is é ’ mhíll me. Uaisleacht an ghnímh sin is é ’ mhíll me. An bhean san do chur ód chroí, mar a dheinis, níos túisce ná ’ dhéanfá an éagóir. Ní fheadar an bhfuil fear eile beó d’fhéadfadh a leithéid do dhéanamh. Sin é ’ mhíll me. Sin é ’ chuir tusa ansan agus mise anso.”

“Do thárla maith go leór,” arsa Séadna, “tusa ansan agus mise anso. Níl aon locht agamsa ar an órdú san, pé duine fé ndeár é.”

“Ní mar sin dómhsa san,” arsan Fear Dubh.

“‘Moladh gach éinne an t-ádh mar a gheóbhaidh’”, arsa Séadna.

“Seo! seo! leog uait me!” arsan Fear Dubh. “Tá an mífhoirtiún ar an áit seo le nímhneacht. Ní bhfuaras a leithéid de bheiriú le fada. Sceímhle ort! leog uait me! Cad dob áil leat anso dhíom!”

“Go réidh! go réidh!” arsa Séadna. “B’fhéidir gur fada go mbeimís ar aghaidh a chéile mar seo arís agus tá rud beag eile ag déanamh mearathaill dom. Táim ag éisteacht led chainnt ansan le tamall maith. Is cruínn an tuairisc atá fálta agam uait ar a bhfuil de cheilg agus de chalaois agus de chleasaibh agus de chamastaíol imeartha agat orm féin le trí bliana déag. Ní raibh sa chleasaíocht san go léir, áfach, ach an rud ba cheart d’éinne a cheapadh ’ bheadh aige le fáil uaitse. Ach an bheart a dheinis ar an óigmhnaoi sin thiar, gan chúis gan abhar, gan ghá gan riachtanas, gan í dhá thuilleamh uait ar aon tsaghas cuma dár dhealbhaigh Dia (moladh go deó leis!) is dó’ liom gurb í sin beart is gráinniúla dá bhfeacaigh éinne riamh déanta ag duine ná ag diabhal! Ní féidir an bheart san do shárú i bhfeall ná i spriúnlaitheacht ná in olcas. Is í beart is caillte í, agus is mailísí, is dó’ liom, dár déineadh riamh. Faire fút! Ó, faire fút, a rud ghránna! Agus tu féin, ní hamháin ag admháil an ghnímh, ach ag maíomh as! Níor mheasas go
raibh do leithéid thíos in íochtar ifrinn féin. Gráin ort! Ó, gráin mo scart ort! Agus féach. Deirtear go rabhais-se lá ar an aingeal dob áille agus ba ghile agus dob uaisle agus dob aoirde cáil dá raibh in uachtar na bhFlaitheas thuas! ‘Moladh le Rí na naomh! is mór ’dir inné agus inniu’ agat. Dob fhada síos an titim agat é. Ní foláir nú is beag dá choinne a bhí agat tamall go mbéarfadh sé id bheathaidh ort tu ’bheith ceangailte sa chathaoir shúgáin sin agamsa!”

“Ní hé sin atá ag déanamh mearathaill duit,” arsan Fear Dubh.

“Táim ag teacht chuige,” arsa Séadna. “Is mór de dhua an oilc atá agat dá fháil. Is dó’ liom gur mó a gheibheann tú de dhua an oilc ná mar a fuair éinne riamh de dhua maitheasa. Agus gan agat de bhárr do shaothair ach an t-olc. Is mór é t’eólas. Is mór í do chiall. Is ciall cheannaigh agat í, nú an chuid is mó dhi. Tá íntleacht ghéar agat. Tá an aigne go haibidh agat. Níl d’úsáid agat dá dhéanamh de sna tréithibh maithe san ach bheith ag saothrú an oilc leó. Níl de thoradh
ar do shaothar ach an t-olc. Is bocht an scéal agat é. Ná beadh sé chómh saoráideach agat an saothar san go léir, agus an t-eólas, agus an íntleacht, agus an ghéarchúis, agus an chiall, más ciall cheannaigh féin í, do chur chun tairbhe éigin do shaothrú? B’fhéidir, luath nú mall, go mbeadh rud éigin in éaghmais an oilc de bhárr do shaothair agat.”

D’fhéach an Fear Dubh in sna súilibh ar Shéadna agus mheas Séadna ná feacaigh sé riamh féachaint chómh diablaí.

“Féach, a Shéadna,” ar seisean, “níor labhair éinne riamh fós ar an gcuma san liom. B’fhéidir dá labhradh ná beadh an scéal inniu agam mar atá. Ní cuid ba lú ná a fhonn a bheadh orm do chómhairle ’ghlacadh agus rud a dhéanamh ort feasta. B’fhéidir gurbh fheárr déanaí ná ródhéanaí. Ach cad dob áil leat anso dhíom anois? An airíonn tú leat me? Leog uait me agus bíodh trí bliaghna déag eile agat!”

“’Sea go díreach!” arsa Séadna. “Agus ansan má théim ar aonach nú ar margadh ag ceannach bó nú capaill tiocfairse id fhear méaracán agus tabharfair ‘gréasaí beag buí na mealbhóige’ orm os cómhair na ndaoine, agus beidh tú ag faire orm, i ganfhios dom, de ló agus d’oíche, féachaint cathain a dhéanfainn dearúd. Ní beag liom den tsórd san margaidh.”

“Cuirimís sa mhargadh gan me ’theacht id ghaire in aon chor i gcaitheamh na haimsire,” arsan Fear Dubh.

“Ná éinne uait,” arsa Séadna.

“Ná éinne uaim,” arsan Fear Dubh.

“Agus neart a bheith dhom ar aon úsáid is maith liom a dhéanamh den airgead,” arsa Séadna.

“Dein do rogha úsáid de,” arsan Fear Dubh. “Ceannaigh a bhfuil de bhuaibh agus de chapaillibh ar aontaíbh na hÉireann leis más maith leat é.”

“Agus mise do chur brí na mionn ortsa fé mar a chuiris-se ormsa,” arsa Séadna.

“Táim sásta,” arsan Fear Dubh.

“Abair ‘Bíodh ’na mhargadh!’” arsa Séadna.

“Bíodh ’na mhargadh!” arsan Fear Dubh.

“Fé bhrí na mionn!” arsa Séadna.

“Fé bhrí na mionn!” arsan Fear Dubh.

A dhaoine mh’árann agus mh’anama! Ní túisce ’bhí an focal san as a bhéal ag an bhFear nDubh ’ná bhí sé ’na shuí as an gcathaoir agus a dhá láimh sínte amach aige chun beirthe ar Shéadna!

“A phreabaire,” ar seisean, “duart ná tiocfainn ach ní duart go n-imeóinn!”

Ba mhaith an mhaise ag Séadna é, do tharraig sé an lámh dheas amach as a bhrollach agus an tseóid aige inti, agus d’árdaigh sé an lámh i gcoinnibh a namhad.

“Fíor na Croise Céasta idir me agus tu!” ar seisean agus dhein sé Fíor na Croise leis an láimh agus an tseóid inti.

Nuair a chonaic an Fear Dubh an lámh do tharraig sé siar beagán. Nuair aduairt Séadna na focail bheannaithe, le línn Fír na Croise ’ dhéanamh do, las an solas sa liathróid chómh láidir sin go raibh sé ag taithneamh tríd an láimh amach, i dtreó go raibh radharc ar na cnámhaibh agus ar na féitheachaibh. Le línn na bhfocal a chríochnú do Shéadna do dhein liathróid tine den Fhear Dhubh os cionn na cathaoireach. Ansan do tháinig mar ’bheadh soc caol thíos ar an liathróid tine agus do ghluais sí síos tríd an gcathaoir, ’na slabhra tine, agus síos tríd an dtalamh, san áit díreach ’na raibh an scilling.

An fhaid a bhí an slabhra tine ag sleamhnú síos tríd an dtalamh do mhothaigh Séadna mar a bheadh fionnachrith ’na chroiceann agus mar a bheadh luascadh fola ’na bhallaibh beatha agus ’na cholainn agus suas ’na cheann.

“Moladh le Rí na naomh!” ar seisean.

Bhí a cheann i reachtaibh scoltadh le teinneas. Do bhailigh sé leis, chómh maith agus d’fhéad sé é, go dtí an áit ’na raibh a leabaidh, agus shín sé inti. Bhí sé gan aithne gan úrlabhra láithreach.

Foclóirín

ádh: “luck”, a word that is sometimes confused with áth, “ford”. PUL stated that he had a nasal vowel in áth, “ford, place to cross a river”, although nasalisation is not a noted feature of modern-day Cork Irish, which therefore aligns both words in pronunciation as /ɑː/. For moladh gach éinne an t-ádh mar a gheóbhaidh, see under Proverbs. PUL insisted that this proverb had an t-ádh, and not an t-áth, and it is worth noting that FdS cites áth as a feminine noun (contrary to usage prescribed in the CO), which may be one reason why PUL preferred to have an t-ádh in that proverb. Seanachas Amhlaoibh í Luínse mentions someone called Dónal an Áth Leacaig—where Áth seems to be a truncation of the genitive átha—showing this noun is generally masculine (cf. p 2).
aimhleasta: “foolish, misguided”, pronounced /ailʹəstə/.
áird: “direction”, but also “value repute”. Gan áird gan tairbhe, “worthless, of no value at all”.
ball: “spot, point”. Note that this word does not mean “member” in good Irish. PUL wrote in his notes to Cath Ruis na Rí for Bóinn, “the use of the Irish word ball in the general sense of the English word member is a horrible mistake. The Irish word ball has no such general meaning. The fundamental meaning of ball is a place” (cf. pp 63-64).
beárna: “gap”. An bheárna bhaint de dhuine, “to get the better of someone, be more than a match for him”.
botúnta: “blundering, foolish”. FGB gives this word only as a variant of botúnach, which therefore seems the form recommended in the CO. Aimhleas botúnta, “a disastrous act that is also a ridiculous blunder”.
braithim, brath: “to expect, imagine”. Ní mar a braitear a bítear go minic, “things don’t always turn out the way you expect them to”.
breall: “fool”. Breall ar rud, “for something to be utterly wrong, all at sea”.
búntáiste: “advantage”. Búntáiste bhreith ar duine, “to get the upper hand over someone, to gain an advantage over someone”.
camastaíol: “crookedness”, or camastaíl in the CO. This word is masculine here (an camastaíol), as confirmed in FdS, although Liam
Mac Mathúna transcribes it as an chamastaíol. All such words have a broad l in PUL’s Irish, but a slender l in the CO, including bradaíol, feadaíol (and bogfheadaíol), fionáil, glamaíol, osnaíol and smutaíol (which is smutáil or smiotáil in FGB). CFBB has gearrán na feamaíola and an ghlafaíol, suggesting feamaíol and glafaíol are feminine. The genitive of these forms is also problematic, as CFBB has feamaíola—which is the genitive used in the CO too—but PUL’s Catilína has lucht fionaíle. All these words may therefore be of unstable gender, using either a broad or a slender l in the genitive, or else later speakers of WM Irish had forms that dovetail more closely than those used by PUL with the CO, as shown in CFBB.
cara: “friend”, with the genitive carad, the dative caraid and the plural cáirde. Cara is also found in the dative here. Note that this was not a common word in traditional Irish, but has become popularised in order to forge a one-to-one equivalence between Irish and English words. PUL stated in Notes on Irish Words and Usages that the word for “friends” is daoine muínteartha, whether relatives nor not: “cáirde is not a common expression in the mouths of speakers” (cf. p 81).
caradas: “friendship”, or cairdeas in the CO.
ceilg: “deceit, treachery”, pronounced /kʹelʹigʹ/.
ciall: “sense”. The dative is céill, but there are examples here of both ciall and céill in the dative. Ciall cheannaigh, “a lesson learned by experience”.
cló: “form, shape”. Cló cuirp, “an emaciated, a corpse-like appearance”. Chuireas me féin id chlósa, “I took on your form, adopted your appearance, I put myself in your form”.
coinne: “meeting”. Na choinnibh, “against him, towards him”. Cur na choinnibh, “opposition, objection”. Níor mheasas go raibh an fear san beó ar an saol so d’fhéadfadh cur ’na choinnibh!, “I didn’t think there was any man alive who could resist it!”
crosaim, crosadh: “to cross”. Crosaim arís tu, “I withdraw that imprecation (implying making the sign of a cross to take back or lessen the harm of an imprecation just uttered); I take that back”, an interesting turn of phrase considering it is directed to the Devil here.
daonnaí: “human being”.
dealbhaím, dealbhú: “to form, shape”, or deilbhím, deilbhiú in the CO. Ar aon tsaghas cuma dár dhealbhaigh Dia, “in any way at all”, literally, “in any sort of way that God ever shaped”. Pronounced /dʹalə’viːmʹ, dʹalə’vuː/.
diabhal: “devil”, pronounced /dʹiəl/.
diablaí: “diabolical”, or diabhlaí in the CO, pronounced /diəb’liː/ according to IWM, although Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna shows the expected epenthetic vowel, /diəbə’liː/.
dílis: “faithful, loyal”. Dá dhílse é an caradas is ea is mó an chúntúirt, “the closer the friendship, the greater the danger”. Brian Ó Cuív wrote in IWM that the comparative dílse (also the abstract noun used with ) was or could be pronounced /dʹiːlʹiʃi/ (see paragraph 415); Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna had ghílshi for dhílse: both pronunciations seem valid.
dlúite: “compressed, compact”. Dlúite ar a chéile, “clenched”, e.g. of teeth. Ní fheaca riamh aon bheirt chómh dlúite na chéile, “I had never seen any couple so wrapped up in each other”.
dlúth: “close, intense”. Taithí dlúth ar rud, “an intimate knowledge of something”.
doimhne: “depth”, an abstract noun used in preference to doimhneacht in the phrase dá dhoimhne é, “however deep it is”. Pronounced /deŋʹi/.
dúblálta: “doubled, complicated, having many twists and turns,
inscrutable (of a person). Pronounced /duːb’lɑːlhə/. Cf. dúbláil, “second distillation; double-dealing”, in FGB.
féith: “sinew”, with féitheacha in the plural.
fíor-riachtanas: “dire poverty”.
fíor: “sign.” Fíor na Croise idir sinn agus é, “may the sign of the Cross protect us from him”, a pious exclamation upon mention of the Devil. Fíor na Croise dhéanamh, “to make the Sign of the Cross”. Note that fíor is masculine here—as confirmed in FdS—with fír in the genitive (edited from fíoghair in the original); the CO form is feminine, with fíorach in the genitive.
gaobhar: “nearness, proximity”, pronounced /ge:r/.
gobadán: “sandpiper”. For ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán, see under Proverbs.
gráinniúil: “hateful, abhorrent”, or gráiniúil in the CO.
íochtar: “the lower or more remote part”. In íochtar ifrinn, “in the depths of hell”.
mailíseach: “malicious”.
meisceóireacht: “drunkenness”.
milleán: “blame”. Cad air go bhfuil a mhilleán agat?, “what do you blame for it?”
millim, milleadh: “to destroy, spoil, ruin”, or, as here, “to puzzle”. Sin é ball, díreach, ’nar mhillis-se mise glan, “that is exactly where you confounded me”. Rud do mhíll thu, “what defeated you”.
mór-is-fiú: “self-esteem, self-regard, pride”. This is apparently not hyphenated in Standardised Irish, but seems to be a single word.
namhadach: “hostile, malevolent”.
nímhneacht: “painfulness, excruciating pain”, or nimhneachas in the CO. Pronounced /nʹiːnʹəxt/.
pearsa: “person”, but often by extension “appearance, features, bearing”. Pearsa is ultimately derived, as with cognates in all European languages, from the ancient Etruscan phersu, “face mask”.
port: “tune”. Tá do phort seinnte, “you are finished, it’s all over for you”.
réabaim, réabadh: “to tear”, pronounced /reːbimʹ, reːbə/.
riachtanas: “need, poverty, want”.
rogha: “choice”. Pronounced /rou/. Do rogha úsáid, “any use you please”. Note that rogha is followed by the nominative.
saothraím, saothrú: “to cultivate, develop”. An t-olc a shaothrú, “to work evil”. Pronounced /seːr’hiːmʹ, seːr’huː/.
snua: “complexion, appearance”. Pronounced /sno:/ according to Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna (cf. PUL’s Muire Mháthair i Lourde, where the spelling snó is found).
soc: “snout, pointed end”.
súil: “eye”, with súl in the genitive plural. As cómhair a shúl, “with his eyes wide open”.
tagaim, teacht: “to come”. Teacht roim dhuine, “to intercept or waylay someone”. Teacht ort, “to get at you”.
teaspach: “ardour, passion”, pronounced /tʹis’pɑx/.
toghaim, toghadh: “to choose”, pronounced /toumʹ, tou/.
toisc: “purpose”. This is more frequently found used adverbially to mean “because”, but is bocht an toisc an toisc go bhfuilim i bpéin is an example of substantival use: “a wretched cause is the cause I am in pain”, or as translated by PSD, “’tis a sad matter that makes me grieve”.
tuigim, tuiscint: “to understand”. Tu féin a thuiscint, “to recollect yourself, come to your senses”.
uachtar: “top”. In uachtar na bhFlaitheas thuas, “in the heights of Heaven above”.
uaigh: “grave”. Pronounced /uəgʹ/.
uair: “time”. An uair is used adverbially here for “when”. I am trying to work out if there is a regular distinction between an uair and nuair, and I think an uair has the nuance of “just at the time when”.
úmhal: “humble, obedient”. Pronounced /u:l/.

Proverbs

is mór ’dir inné agus inniu: “a lot has changed between then and now”.
moladh gach éinne an t-ádh mar a gheóbhaidh: “let everyone praise his luck as he finds it”, i.e. “judge things as you find them; let everyone appraise his own luck as it happens to him”. This is often given as moladh gach éinne an t-áth mar a gheóbhaidh, “let everyone praise the ford as he finds it”, which form was given in the first edition of Séadna, being amended in subsequent editions. FdS states that the version with ádh is the correct one, but FGB has mol an t-áth mar a gheobhair. PSD also has the versioin with ádh, but adds “some understand áth, a ford, here”.
ní mar a braitear a bítear go minic: “things don’t always turn out the way you expect them to”.
ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán: “one cannot be everywhere at once”, literally, “the sandpaper cannot attend to two beaches at once”. Note that Dinneen gives this phrase as ní thig leis an ngobadán an dá thrághadh do fhreastal, but argues that trághadh, “ebb-tide”, should be understood as tráigh, “strand, beach”. These two words seem to have been aligned in the CO, but Dinneen’s version of the proverb raises questions over the correct pronunciation of the dative tráigh in this sentence.
rith mhadra an dá cháis: “a dog’s race for the two cheeses”, i.e, “biting off more than you can chew, running here and there to no purpose”.
teaspach dearg nú fíor-riachtanas an dá ní is feárr chun duine ’ chur ar a aimhleas: “burning lust or dire need are the two things most likely to drive a man to do foolish things”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

2 Responses to Séadna caib. 32

  1. Gary says:

    Sa scoil d’fhoghlaimíos “Ní feidir leis an gobadán fanacht ar dhá thrá”

  2. djwebb2010 says:

    Well, that is just Standardised Irish.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s