Séadna, caib. 31

Caibideal a hAon is Tríochad.

D’fhéach an bheirt ar a chéile. Níor róchneasta an fhéachaint í ag aon taobh acu. Mhothaigh Séadna an scannradh ag teacht air féin, díreach mar a tháinig sé air an chéad lá. Do rug sé greim daingean ar an seóid a bhí istigh ’na bhrollach aige. D’imigh an scannradh dhe. D’fhéach sé go cruínn ar a namhaid. Chonaic sé na hadharca agus an t-éadan drochaigeanta, agus na súile míllteacha, fíochmhara, agus an meigeall, agus an t-eireaball, agus an chrúb. Ach do chonaic sé rud ná feacaigh sé an chéad lá. Chonaic sé ar mhéireannaibh na lámh ingne móra fada cama, mar a bheadh ar chrobh fiolair. Agus bhí bior ar gach iongain díobh chómh caol chómh géar agus ’bhí ar an meanaith a bhí ’na láimh aige. Ba dhóbair arís cailliúint ar a mhisneach nuair a thuig sé in’ aigne cad é an cor a bheadh air dá dtéadh na hingne sin ’na chroiceann! D’fháisc sé a lámh arís ar an seóid a bhí ’na bhrollach aige agus d’imigh an scannradh san leis. Thug an Fear Dubh fé ndeara conas mar ’ imíodh an scannradh de Shéadna ach níor thuig sé é. Bhí iúnadh air cad a bhaineadh an t-anaithe de Shéadna, nú cad a thugadh an misneach do, nú cad é an chúis ná féadadh sé féin greim a bhreith láithreach air.

“Cad ’na thaobh ná fuilir ag gluaiseacht liom?” ar seisean, fé dheireadh. “Nách cuímhin leat an margadh?”

“Is cuímhin liom an margadh go dianmhaith,” arsa Séadna, “ach ní dó’ liom gur cuímhin leatsa é.” Agus is amhlaidh a cheap sé, fé mar a cheap sé ar an gcnuc agus é ag caint leis an mnaoi, nárbh é a ghlór féin a bhí ag teacht as a chliabh.

“Nárbh é an margadh,” arsan Fear Dubh, “mise do thabhairt oiread airgid duitse agus ’ cheannódh leathar duit ar feadh trí mblian ndéag, agus tusa do theacht liom nuair a bheadh an méid sin aimsire caite?”

“B’in é an margadh,” arsa Séadna.

“Cad ’na thaobh ná gluaiseann tú ort más ea?” ar seisean.

“Mar níl an aimsir caite,” arsa Séadna.

“Níl an aimsir caite, an ea!” arsan Fear Dubh. “Tá trí bliana déag anois díreach ó chuireas mo sparán id láimh isteach chút.”

“B’fhéidir go bhfuil,” arsa Séadna, “ach níl an sparán trí bliana déag im sheilbhse fós.”

“Conas san?” arsan Fear Dubh.

“Mar do tógadh uaim ar feadh tamaill é,” arsa Séadna.

“Do tógadh uait é!” arsan Fear Dubh. “Ní chreidfinn focal uait!”

“Ní chreidfá! Más ea cad ’na thaobh ná féadann tú baint liom?” arsa Séadna.

“Cé ’thóg uait é?” arsan Fear Dubh.

“Tu féin, is dócha,” arsa Séadna.

“Ní me!” arsan Fear Dubh.

“Is dócha,” arsa Séadna, ag cur smuta gáire as, “gur dó’ leat gur ceart go gcreidfinnse thusa.”

“Cathain a tógadh uait é?” arsan Fear Dubh.

“Is dócha gur agatsa is feárr atá ’fhios san,” arsa Séadna. “Is ort a bhí gan a leogaint d’éinne é ’thógaint uaim.”

“Agus cheapas nár leogas,” arsan Fear Dubh. “Is mór an iúnadh liom a rá gur fhéad éinne é ’bhreith uait i ganfhios dom. Cathain a bheidh an aimsir caite?”

“Nuair a bheid na trí bliana déag caite,” arsa Séadna, ag cur smuta eile gáire as.

“Is deisbhéalach atáir!” arsan Fear Dubh, ag baint fáscadh as na hingnibh. “Ach fan leat go fóill. Bainfar cuid den deisbhéalaí dhíot ar ball, geallaim dhuit é.”

Bhí lámh Shéadna go daingean ar an seóid a bhí istigh ’na bhrollach aige. Do stad an bheirt ag féachaint ar a chéile. Séadna ’na shuí ’na shuíochán oibre. An bhróg ’na láimh chlé aige, anuas ar a leathghlúin. An lámh dheas istigh ’na bhrollach aige. An Fear Dubh ’na sheasamh ar a aghaidh amach. Iúnadh agus fearg agus mioscais agus mailís agus drochaigne ag brú ar a chéile ’na bhéal agus ’na shúilibh agus thuas san éadan mharaitheach aige.

“Dá gcaithinn fanúint anso go maidin,” ar seisean, “ní scarfad anois leat!”

“Ach, ní gá an fhearg,” arsa Séadna. “Glac réidh an scéal. Is rómhaith atá ’fhios agat, nuair a thiocfaidh an t-am ná fuil aon dul uait agam. Dheinis do mhargadh daingean a dhóthain, ‘fé bhrí na mionn’! Thoilíos-sa chuige gan aon ochó do chur ann. Tá a thoradh san agam anois. Ba mhaith é an t-airgead an uair sin, dar liom. Is beag an mhaith anois é. Ba bhreá agus dob fhada an tréimhse aimsire trí bliana déag an uair sin, nuair a bhíodar rómham amach. Cad é an mhaith iad anois! Ach pé olc maith iad ní foláir iad do chríochnú go macánta dleathach. Ní raibh aon cheart agat teacht go dtí go mbeidís críochnaithe. Nílid siad críochnaithe fós agus ní mór dómhsa dícheall a dhéanamh ar an mbróig seo do chríochnú má fhéadaim é. Imigh uaim suas agus suigh sa chathaoir sin thuas agus leog dom mo ghnó ’ dhéanamh.”

“Is tu an fear is éagsamhlaí dár bhuail riamh fós umam!” arsan Fear Dubh. “Níl de scáth ná d’eagla agat rómham ach oiread agus ’bheadh agat roimhe choileán gadhair!”

“Go deimhin is greannúr san de,” arsa Séadna, ag cur sceartadh gáire as. “Is dó’ leat ó tá adharca agus ingne ort gur ceart dúinn dul i bpoll tráthair uait. Más é do mhargadh atá uait cómhlíon do thaobh féin de, a dhuine! Is liomsa an aimsir fós. Oireann dom an bhróg so do chríochnú. Taoise am chosc air. Tá an margadh agat dá bhriseadh anois féin. Do chaillis an méid aimsire a bhí an sparán as mo sheilbh. An uile neómat atá agat dá chaitheamh ansan, ag tabhairt gach re sea dhom, tá sé ag dul síos id choinnibh sa chómhaireamh. Bhrisis an margadh nuair a tháinís anso am éileamh agus gan aon cheart agat chúm go dtí go mbeadh an t-am ann. Dheinis dearúd sa méid sin. Níl aon dearúd anois ort. Tá ’ fhios agat go maith ná fuil an t-am ann fós agus go bhfuil an margadh agat dá bhriseadh. Imigh ansan suas agus suigh sa chathaoir sin thuas agus ná labhair liom arís go dtigidh an t-am ceart, nú beidh an margadh scortha agat féin agus mise réidh leat, agus geallaim dhuit nách ormsa ’bheidh puínn dá chathú. Féach! Sin é an sparán. Sin í an bhróg. Sin é an leathar. Is liomsa an aimsir fós. Cad dob áil leat id sheasamh ansan am chosc ar mo ghnó! Imigh suas agus suigh, nú tá an margadh scaoilte agus me scartha leat.”

Do thosnaigh bárr an eireabaill ar shnapchasadh, díreach mar ’dhéanfadh eireaball an chait nuair ba dhó’ leis go mbeadh an franncach chuige amach as an bpoll.

“An imeóir!” arsa Séadna, agus faor ar a ghlór, agus do bhog sé chun éirithe, mar dhea.

Níor dhein an Fear Dubh ach iompáil agus imeacht suas agus suí sa chathaoir, fé mar adúradh leis. Chrom Séadna ar obair. Bhí an Fear Dubh ’na shuí sa chathaoir agus a dhrom le Séadna. Bhí an t-eireaball siar tríd an gcathaoir agus anuas ar an dtalamh, agus bhí radharc ag Séadna ar an iongain. I gceann tamaill, stracfhéachaint dá dtug Séadna thairis, thug sé fé ndeara an ionga agus í ag síneadh agus ag crapadh agus ag preabarnaigh, mar ’bheadh eascú a bheadh ar lic the. Chomáin Séadna leis ag obair chómh maith agus dá mba ná beadh sa tigh ach é féin. Níorbh fhada gur airigh sé únthairt éigin ar siúl sa chathaoir. Thóg sé a cheann agus d’fhéach sé suas. Bhí an Fear Dubh thuas agus é dhá únthairt féin agus dhá chasadh féin, fé mar a bheadh sé a d’iarraidh éirithe agus ná féadfadh sé é. Phreab Séadna ’na shuí agus siúd suas é. Sheasaimh sé ar aghaidh an Fhir Dhuibh amach ag féachaint air. Bhí an Fear Dubh i gcruachás. Bhí a bhéal ar leathadh agus mar ’bheadh ronnaí leis. Bhí an corrán agus an meigeall ar crith agus ar luascadh. Bhí an dá adhairc ar bogadh agus iad ag titim anonn ’s anall ar a cheann. Bhí an dá láimh go daingean aige i nglúinibh na cathaoireach, agus na hingne ag dul isteach tríd an adhmad, agus é ag únthairt agus ag cneadaigh. Bhí an t-eireaball siar síos uaidh, sínte amach agus anuas ar an dtalamh, agus an ionga ag déanamh díoscáin ar an úrlár.

“’Sea, a phreabaire!” arsa Séadna. “Ní deirim ná go bhfuil greim agam ort!”

“Ó! a Shéadna, tá go daingean!” ar seisean. “Ó!” ar seisean, “bog díom go dtí go mbeidh an t-am ceart ann!”

“Foighne, foighne!” arsa Séadna. “Níl aon ní is feárr ná an fhoighne. ‘Buann an fhoighne ar an gcinniúint.’”

“Ó!” arsan Fear Dubh, agus é ag únthairt agus ag cneadaigh, “buann an chinniúint seo ar ar deineadh d’fhoighne riamh. Sáraíonn an chinniúint seo an seanfhocal. Leog uait me, a Shéadna, agus ní thiocfad go dtí go mbeidh an t-am ann.”

“’Sea, agus tiocfair ansan!” arsa Séadna. “Níl aon dithneas mar sin ormsa. Ní beag liom a luathacht d’imeóir. An aimsir a chaithfirse ansan sa chathaoir dheas shúgáin
sin, níl sí le dul sa chómhaireamh eadrainn. Pé easnamh atá ar na trí bliana déag ní raghaidh an t-easnamh i luíghead go dtí go bhfágfairse an áit sin. Dá mba mhaith liomsa thu ’ chimeád ansan choíche ní thiocfadh deireadh na haimsire choíche.”

“Is beag dá mhearathall ort,” arsan Fear Dubh, “dá dtoilíthá chuige sin go mbeadh an margadh briste agat láithreach agus an greim céanna agamsa ortsa atá agatsa ormsa anois.”

“Ní gá dhom toiliú chuige, agus mar sin féin ní gá dhom iomad dithnis a bheith orm ad leogaint chun siúil. Dá mba agatsa ’bheadh an lámh uachtair agus neart agat ar na hingnibh sin d’imirt orm bhogfá dhíom! Bhogfá go díreach!” arsa Séadna, agus do tharraig sé chuige cathaoir agus shuigh sé inti, ar aghaidh an Fhir Dhuibh amach.

“An fada a chimeádfair anso me?” arsan Fear Dubh, agus é, ba dhó’ leat, i ndeireadh an anama.

“Freagairse cúpla ceist dómhsa ar dtúis,” arsa Séadna, go breá réidh.

“Cuir chúm iad! Cuir chúm iad!” arsan Fear Dubh.

“Cad d’imigh ar fhear na méaracán?” arsa Séadna.

“Tá sé anso ceangailte agat go daingean.”

“Tusa!” arsa Séadna.

“Mise go díreach, thar a bhfeacaís riamh,” arsan Fear Dubh.

“Agus cad a bhí agat dá dhéanamh ar an aonach?” arsa Séadna.

“Bhí a lán agam á dhéanamh ann. Aon ní amháin, bhíos ag faire ortsa féachaint an gceannófá an capall úd. Dá gceannaíthá bhí an margadh briste agat agus greim agam ort.”

“Agus bhogfá dhíom!” arsa Séadna.

“Imbriathar ná bogfainn!” arsan Fear Dubh.

“Ní lú ná ’ bhogfadsa dhíotsa –– go ceann tamaill. I gcás go bhfuil sé chómh maith agat do shuaimhneas a cheapadh agus foighne ’bheith agat. Tá an lámh uachtair agam ort agus cuirfead mo thoil i bhfeidhm ort an fhaid atá an chaoi agam air. An rud a dhéanfása ormsa dá mbeadh an chaoi agat air. B’fhéidir go mbeadh trua agam duit dá mbeadh aon mhaith dhom ann, ach ní bheadh. Dá dtugainnse bogadh ar do phiansa anois dhíolfása an cómhar liom ar ball le géire do chur ar mo phiansa chómh fada agus d’fhéadfadh do dhícheall é. Tá sé chómh maith againn bheith macánta díreach ’nár ndéileáil lena chéile. Déanfadsa mo dhícheall d’olc ortsa anois agus deinse do dhícheall d’olc ormsa ar ball, nú chómh luath agus ’bheidh an chaoi agat air. Is aon ní amháin dom olc nú maith do dhéanamh ort anois, i dtaobh a mbeadh dá bhárr agam ar ball. Pé maith a déanfí dhuit ní bhfaighfí uait dá bhárr ach an t-olc. Dhein do chuid airgid maitheas mór dómhsa le trí bliana déag. Is dó’ liom gur thugas roinnt ded dhlí féin duit sa déileáil. Ní deirim ná gur dheineas mórán uilc ort le trí bliana déag, mar dhíolaíocht as tairbhe do chod’ airgid. Conas a thaithn leat ar dheineas de mhaitheas led chuid airgid? Thugas gaoth don sparán, nár thugas? Ar tháinig leatsa puínn den tairbhe do lot? Is eól duit Cé ar a shon gur thugas uaim do chuid airgid. Cad é do mheas ar an scéal?”

Do sceart an Fear Dubh ar gháirí, dá mhéid teinneas a bhí air.

“Airiú, greadadh chút, a amadáin,” ar seisean, “do thaithn do ghnó go hálainn liom. Mise dhá lot! Dar fia níor ghá dhom aon phioc dá dhua ’fháil. Ní fhéadfainn, agus mo mhíle ’dhícheall a dhéanamh, lot a dhéanamh ar do chuid maitheasa níos feárr ná an lot a dheinis féin air, a dhuine gan chiall! Do loitis féin é agus is tu ab fheárr chuige. ‘Tairbhe’, a thugann tú ar do shaothar! Airiú, a bhrealláin, ní tairbhe a bhí agat dá dhéanamh formhór na haimsire, ach togha díobhála. Is é mo ghnósa féin a bhí agat dá dhéanamh agus ba rómhaith chuige thu, agus, go deimhin agus go dearfa, is mise ’bhí go baoch díot! Is feárr go mór a dheinis mo ghnósa ná mar ’ fhéadfainnse féin é ’dhéanamh. Dheinis é níos deise agus níos slachtmhaire agus níos críochnaithe ná mar ’ fhéadfadh mo dhícheallsa é ’dhéanamh. Ní fhéadfainnse, agus mo dhícheall a dhéanamh, oiread tairbhe do lot agus ’tá loitithe agatsa, ná oiread díobhála ’dhéanamh agus ’tá déanta agat lem chuid airgid. Is minic a chuireas roinnt airgid go maith, agus is mó toirmeasc agus aimhleas agus achrann agus mioscais agus fuil a tháinig as, ach ní deirim ná go bhfuil an méid airgid a thugas duitse ar an airgead is feárr a chuireas riamh.”

Do stad Séadna, agus ní miste dhuit a rá go raibh iúnadh air.

“Conas san anois?” ar seisean, “nú an amhlaidh a mheasfá a chur ’na luí orm gur drochní déirc?”

“Ní drochní déirc,” arsan Fear Dubh, “ach níor dhéirc duitse airgead nár leat do thabhairt do dhaoinibh ná raibh puínn gá acu leis –– dhá gcur ad mholadh os chómhair na dútha –– ‘Ó, aililiú! Nách maith an fear Séadna! Nách seóigh a bhfuil de thairbhe aige dá dhéanamh!’” Agus chuir sé meill air féin chun magaidh, dá mhéid trioblóid agus teinneas a bhí air.

“Ní chuige sin a thugas uaim an t-airgead,” arsa Séadna.

“Cá bhfios dómhsa san?” arsan Fear Dubh. “Fuarais do mholadh go hárd pé in Éirinn é. Agus bhí lot eile sa scéal. Is mó go mór an díobháil ná an tairbhe ’ dhein an t-airgead do chuid acu, dá mba ’na ghátar go cruaidh féin dóibh é. Tá cuid acu laistíos anois agam go daingean agus ní hann a bheidís mura mbeadh tusa ’thabhairt mo chod’ airgid dóibh. Dá leogthá dhóibh bás d’fháil den ghorta is thuas a bheidís anois. Thugais déirc dóibh, dar leat, mar olc ormsa. Fan go dtéimíd síos agus go bhfeicir iad. Ansan is ea ’thuigfir tairbhe do shaothair agus cé air gur dheinis an t-olc. Ansan is ea ’chífir cad é an baochas atá acu ort. Mholadar thu nuair a thugais an t-airgead dóibh. Gheóbhair a mhalairt sin de mholadh uathu nuair a raghair síos ar ball in éineacht liomsa.”

“Measaim,” arsa Séadna, “gur mhaith é do chúnamhsa chun a chur ’fhiachaibh orthu a n-aimhleas do bhaint as an airgead. Ní dhéanfadh an t-airgead díobháil dóibh mura mbeadh tusa ’bheith ag séideadh fúthu.”

“Ba ghairid le dul mo dhícheall orthu mura mbeadh tusa do thabhairt an airgid dóibh,” arsan Fear Dubh.

Do stad Séadna tamall ag féachaint air.

“Fiafraím an méid seo dhíot,” ar seisean. “Cad é an bac a bhí ort féin an t-airgead do thabhairt dóibh? Cad ba ghá dhuit bheith ag feitheamh liomsa chun é ’ thabhairt dóibh? Nú an ar mhaithe leó nár thugais dóibh é? Chimeádais uathu é, is dócha, le heagla go ndéanfadh sé díobháil anama dhóibh! Ní hí sin tásc atá amu’ ort. B’fhéidir go bhfuil éagóir dá dhéanamh ort.”

“Cuir uait an magadh!” arsan Fear Dubh. “Ní har mhaithe leó nár thugas féin dóibh é. Níl aon tásc amu’ orm ach an fhírinne. Níor thugas féin dóibh é mar ní ghlacfaidís uaim é, dá mhéid dúil a bhí acu ann agus dá mhéid gá a bhí acu leis. Ní hé gach éinne ’dhéanfadh an margadh liom a dheinis-se liom.”

“Is dócha nách é gach éinne ’ thiocfadh as mar atá tagaithe as agamsa,” arsa Séadna.

“Seachain!” arsan Fear Dubh. “Níl tagaithe as agat fós.”

“Fágaimís sin mar atá sé go fóill,” arsa Séadna. “Glacaimís an gnó i ndiaidh ’chéile. Socraímís gach ní fé leith. Dar leatsa, is mó an díobháil ná an tairbhe a dheineas nuair a thugas uaim an t-airgead ’na dhéirc. Is dócha gur cuímhin leat an chéad dhéirc a thugas uaim as an sparán. Is cuímhin leat an bhainntreach gur thugas an cíos di i dtreó ná curfí a’ seilbh an tí bhig í. Ba mhaith liom go neósfá dhom cad é an díobháil áirithe a dheineas don bhainntrigh nuair a thugas an cíos san di.”

“Is dó’ leat,” arsan Fear Dubh, “gur dheinis ana-ghníomh an lá san. B’fhéidir go gcuirfead iúnadh ort nuair adéarfad leat gur choiscis gníomh an lá san dob fheárr go mór agus dob uaisle ná an gníomh a dheinis.”

“Cad é an gníomh uasal a choisceas an lá san? Cuir a ainm air. Ní dhéanfaidh cainnt fhánach den tsórd san an gnó. Dá leogainn leatsa cainnt fhánach a dhéanamh ar an gcuma san ní fios cá stadfaimís, agus churfá an dubh ’na gheal orm agus an geal ’na dhubh. Sin í do cheárd. Caith uait an cheárd san anois agus labhair cruínn. Cuir a ainm agus a shloinne ar an ngníomh uasal a choisceas an lá ’thugas an cíos don bhainntrigh
amach as do sparán.”

“Labharfad cruínn, ná bíodh eagal ort,” arsan Fear Dubh. “Dá gcurtí an bhainntreach amach an lá úd chuirfeadh sí a toil le toil Dé, mar a dheineann sí i gcónaí, an snamhaire! B’uaisle an gníomh é sin ná an gníomh a dheinis-se nuair a thugais an cíos di, rud nár laíodaigh thu féin blúire ar domhan. An dtuigeann tú an méid sin? Nú an gá dhom labhairt níos cruinne?”

“Tá go breá!” arsa Séadna. “Tá go hálainn,” ar seisean, “go hálainn ar fad! Is dócha,” ar seisean, “gurbh uaisle ná aon taobh acu an gníomh a bheadh déanta ag an mbáille dá gcuireadh sé amach í.”

“Conas san?” arsan Fear Dubh, agus chuir sé bior ar a dhá shúil.

“’ Dhe ’s dó’ féach anois nách dall ataoi!” arsa Séadna. “Chuirfeadh sí a toil le toil Dé. Ach nách é an báille a chuirfeadh ’fhiachaibh uirthi san do dhéanamh? Nuair a curtar bainntreach amach agus nuair a curtar í féin agus a páistí bochta le fuacht agus le fán, má chuireann sí a toil le toil Dé is gníomh uasal é. Ní huirthi féin, áfach, is ceart a bhaochas do bheith ach ar an mbáille do chuir amach í. Mura mbeadh an báille ní déanfí an gníomh uasal. Na tuigeann tú?”

“Ó, go deimhin is géarchúiseach an duine thu!” arsan Fear Dubh. “Dá mbeadh oiread agat dá fhulag agus atá agamsa dá fhulag anso b’fhéidir go mbainfeadh sé cuid den ghéarchúis díot!”

“Tá leigheas na bainntrí agat air,” arsa Séadna.

“Cad é an leigheas é sin?” arsan Fear Dubh.

“Do thoil do chur le toil Dé, moladh go deó leis!” arsa Séadna.

“Ní chuirfinn dá dtugtí réim na bhFlaitheas dom air!” arsan Fear Dubh.

“Ó, an ea!” arsa Séadna. “Ambasa bíodh do rogha agat féin. ‘Beatha dhuine a thoil, dá mba ag gabháil dá thóin sa loch’, nú mheasas a rá, ‘sa tine’. Ach inis an méid seo dhom. An amhlaidh a mheasfá a rá, suas lem béal, nár dheineas olc ort lenar thugas ded chuid airgid do bhochtaibh Dé?”

“Ní mór a dheinis,” arsan Fear Dubh, “agus ní fiú é trácht air seochas an t-olc a dheinis orm le gníomh uait féin nár bhain leis an airgead in aon chor.”

“Ní cuímhin liom aon ghníomh a dheineas dob fheárr ná ar dheineas de dhéirc leis an airgead,” arsa Séadna.

“Chuireas-sa namhaid id threó agus níor ghéillis di,” arsan Fear Dubh.

“Namhaid!” arsa Séadna. “Ní raibh aon namhaid riamh agam ach tu féin. Ní dócha go measfá go ngéillfínn duitse an fhaid ’ fhéadfainn an lámh uachtair ’fháil ort.”

“Ba shuarach le rá mise mar namhaid seochas í siúd,” arsan Fear Dubh.

“Seochas í siúd!” arsa Séadna. “Ní cuímhin liom a leithéid. Cérbh í féin? Cuir a hainm uirthi dhom. Cruinnigh do chainnt. Cuir uait an fhánaíocht.”

“An bhean a dhein cloch ded chroí agus ceó ded cheann agus tulach ceártan det aigne! An bhfuil san cruínn a dhóthain duit?” arsan Fear Dubh.

Nóta

Ar feadh trí mblian ndéag: “over a period of thirteen years”. PUL eclipses déag, the ‘teen’ suffix, in the genitive plural, a usage that Gearóid Ó Nualláin indicated in his New Era Grammar of Modern Irish was incorrect. He states on p 38 of his grammar (section 97) that déag is not eclipsed in seacht mboscaí déag and gave further examples (see p 118, section 191) of usages such as i gcionn na dtrí mblian déag without eclipsis of the suffix. He appears to be adopting a theoretical approach, saying “the reason is that in seacht mboscaí déag, etc., the 1st numeral is the limiting word, whereas in seacht déag, déag limits the meaning of seacht“. Logically, however, there is a difference between the use of déag without eclipsis after a numeral above seven in the nominative and a noun governed by it with eclipsis (na seacht mbliana déag) and the use of déag with eclipsis after a numeral above three in the genitive plural (na dtrí mblian ndéag, na seacht mblian ndéag). Whether eclipsis of déag is more likely in such circumstances after a homorganic consonant is an interesting question. The only examples of ndéag I have come across in PUL’s works are tímpall trí mblian ndéag ar fhichid in An Teagasg Críostaidhe, in aois mo chúig mblian ndéag/in aois a chúig mblian ndéag in Niamh, go ceann trí mblian ndéag and ar feadh trí mblian ndéag in Séadna, and ar feadh ocht mblian ndéag in PUL’s translation of St. Luke’s Gospel (Luke 13:16) as edited by Gearóid Ó Nualláin. Eclipsis of déag clearly depends on eclipsis of the preceding noun, as John 11:18 has tímpall chúig stad déag (“about 15 furlongs”). Would “around 18 inches” be tímpall ocht n-órla ndéag?

Foclóirín

ag: “at”. Am, ad, the combination of ag, the particle governing the verbal noun, with first- and second-person singular pronoun objects. This would be do mo and do do in the CO (extremely inauthentic forms). Liam Mac Mathúna transcribes these as om and od, as if from do mo and do do.
aimhleas: “disadvantage, mischief”, pronounced /ailʹəs/.
beag: “small”. Ní beag liom é, “it is quite sufficient for me”. This is transcribed in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna as ní beog lium [é], but CFBB show beag has a reduced pronunciation in this idiom: /nʹiː bʹe lʹəm eː/ (cf. p 29).
bogaim, bogadh: “I move, loosen, dislodge”. Bog díom, “let me go!”
bogadh: “softening, loosening”. Ar bogadh, “loose”. Bogadh thabhairt ar rud, “to soften or mitigate something”.
cinniúint: “fate, destiny”, pronounced with a single medial n, /kʹi’nʹuːntʹ/. This could be edited as ciniúint.
coileán: “pup, whelp”. Coileán gadhair, “puppy dog”.
cómhar: “combined work, cooperation”. Cómhar a dhíol le duine, “to return a service or favour to someone”, also in the sense of getting your own back on someone.
crapaim, crapadh: “to contract, shrink, draw in”. Ag síneadh agus ag crapadh, “extending itself and being drawn back in”.
crobh: “claw”.
croiceann: “skin”, craiceann in the CO. Pronounced /krekʹən/ or /krokʹən/ in traditional WM Irish.
deisbhéalaí: “wit, repartee, readiness of speech”.
díoscán: “scraping, scratching, grating”, often of a sound.
eascú: “eel”, or eascann
in the CO. Mar bheadh eascú a bheadh ar lic the means roughly, “like a cat on a hot tin roof”.
fánach: “wandering, scattered”. Cainnt fhánach, “vague talk”.
fánaíocht: “act of wandering, roving”. Cuir uait an fhánaíocht, “stop being vague; stop talking in hints and riddles”.
gátar: “want, need”. Dá mba ’na ghátar go cruaidh féin dóibh é, “even if they were in desperate need of it”: PSD shows that gátar is sometimes used like , in a copula construction with do.
glúin: “knee”, or something like a knee. Glúine cathaoireach, “the front corners of a chair”.
laíodaím, laíodú: “to diminish, lesson”, or laghdaím, laghdú in the CO. Rud nár laíodaigh thu féin blúire ar domhan, “something that did not impoverish you yourself one bit”.
mailís: “malice”.
maraitheach: “deadly, lethal”, or marfach in the GC, pronounced /mɑrəhəx/. Found as marbhthach in the original here.
meill: “grimace, curl of the lips, an ugly expression on the mouth”, pronounced /mʹəilʹ/. Dinneen gives meidhill as a variant.
mioscais: “spite, hatred, ill-will”.
ní: “thing”. Aon ní amháin, “for one thing”: this noun phrase is used with adverbial force without any introductory preposition. Is aon ní amháin dom olc nú maith do dhéanamh ort anois, “it is all the same to me/it is all of a muchness to me whether I do good or evil to you now”.
ochó: “reservation”, or agó in the CO. Gan aon ochó do chur ann, “without making any reservation in connection with it”. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna transcribes this as ochó too, but Brian Ó Cuív states in CFBB that the WM form is /ə’goː/, which corresponds well with the CO spelling. It is unclear what PUL’s own pronunciation of this word was, and so ochó must stand here.
pian: “pain”. The dative is generally péin, but note ar do phiansa in chapter 31 here where the dative is not given.
preabaire: “a lively, dashing person”. Sea, a phreabaire!, “well, my lad!/well, my fine fellow!” Note: preabaire was used in PUL’s An Cleasaidhe as the name of a dog.
preabarnach: “bounding, jumping, throbbing”. As a feminine verbal noun in -ach this becomes ag preabarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
réim: “sway, authority”.
ronna: “dribble, slobber”, with the plural ronnaí here meaning “strings of saliva”. Pronounced /runə, ro’niː/.
séidim, séideadh: “to blow”. Séideadh fé dhuine, “to incite someone, urge him on”.
seóigh: “wonderful”, pronounced /ʃoːgʹ/. Note: this word was originally the genitive of seó.
snapchasaim, snapchasadh: “to wag, to twist with a jerking motion”.
stracfhéachaint: “a cursory, sideways glance”, or sracfhéachaint in the CO. Stracfhéachaint dá dtug Séadna thairis: “as Séadna looked over his shoulder”. The use of stracfhéachaint without any governing preposition is worth noting. It could be argued that many uses of the Irish nominative case reflect accusative usage, although there is no accusative case in modern Irish. In other words, this could be parsed as “with a look that he gave over his shoulder”. Other examples that could be explained in terms of accusative use include ba ghéire cainnt, “the most quick-witted”, i.e. the most quick-witted with respect to speech, and ag féachaint síos an bóthar, “to look down the road”, i.e. to look down along the road. Gearóid Ó Nualláin explains the latter two of these uses as accusative in his Studies in Modern Irish Part 1 (cf. pp 213-215), although he doesn’t list this usage with féachaint or stracfhéachaint as an example.
togha: “the pick or choice”. Togha díobhála, “the very acme of mischief, the choicest form of mischief”. Pronounced /tou/.

Proverbs

beatha dhuine a thoil: “there is no accounting for taste; to each his own”. The full proverb given here is beatha dhuine a thoil, dá mba ag gabháil dá thóin sa loch, “a person’s life is what he makes of it, even if it is his choice to sit in the lake”.
buann an fhoighne ar an gcinniúint: “patience overcomes destiny”. I am not sure what this proverb means in natural English—by being patience you can see your destiny change for the better without the fuss of attempting to work for that end by being impatient?

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

One Response to Séadna, caib. 31

  1. DMcM says:

    It might be interesting to point out that the usage “ar feadh trí mblian ndéag” contradicts a point made on p.38 (Section 97) of O’Nolan’s grammar, where he says “déag” is never eclipsed. Even on p.118 (Section 191) where he gives examples in the genitive “déag” is not eclipsed.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s