Séadna caib. 29

Caibideal a Naoi is Fiche.

Tar éis chleamhnais Shadhbh agus Chormaic níorbh fhada gur deineadh dhá chleamhnas eile. Deineadh cleamhnas do Bháb an Leasa le driotháir do Nóra an Tóchair, agus deineadh cleamhnas do Nóra féin le fear de mhuíntir an rí. Bhuail sé uímpi ar pháirc an aonaigh an lá do roinneadh na capaill. Bhí tigh sa chathair aige, in aice an tí ’na raibh Cormac agus Sadhbh le dul chun cónaithe ann. Chómh luath agus ’chuaigh sé abhaile d’iarr sé cead a chos ar feadh mí agus do fuair. Tháinig sé agus phós sé Nóra agus rug sé leis í. An driotháir léi a bhí gan pósadh d’imigh sé in éineacht leó, ag brath air go bhfaigheadh sé inead in arm an rí. D’fhág san an Tóchar agus a raibh ann ag an mBáb agus ag á fear.

Nuair a bhí an méid sin déanta chuaigh gach aon rud chun suaimhnis. Aon lá, as san amach, dá mbeithá ag gabháil thar an dtigh úd Shéadna, d’aireófá, mar ba ghnáth, mionbhuillí na gcasúr mbeag, bogfheadaíol na bhfear, tarrac agus fáscadh an tsnátha chéaraigh. Dá dtéithá isteach do chífá an chathaoir shúgáin agus an mhealbhóg, agus d’aireófá an anál fhada throm ó Shéadna féin, agus é ag obair go dian. Ach níorbh fhios cathain ’airigh éinne “greadadh” ná “duais” ar an “gCailligh Ruainnigh” aige.

Ní fheicfá Micil ann. Bhí sé thíos i dtigh Dhiarmuda Léith ag cimeád an tsiopa agus ag díol an leathair agus ag glacadh an airgid, agus is é a bhí, dar leis féin, in’ fhear bhunúsach, chreidiúnach. Ba dhó’ leat air ná cuirfeadh sé aon bhlúire iúnadh air dá n-iarrtí air urrús a dhéanamh ar leath na paróiste.

Fé mar a bhí an aimsir ag imeacht bhíodh daoine dhá thabhairt fé ndeara go raibh athrú ag dul ar mheón agus ar aigne agus ar bhéasaibh Shéadna. Thuig an uile dhuine gur duine fé leith riamh é, agus meón fé leith aige agus aigne fé leith. Bhí sé ’na luí orthu go léir, pé muíntearthas a bheadh agat leis, ná beadh aon bhreith agat choíche ar aon eólas ’dh’fháil ar an dtaobh istigh dá aigne. Ach mhothaigh daoine, nú mheasadar gur mhothaíodar, nárbh é an Séadna céanna é, le déanaí. Níor ghnáth leis puínn cainnte ’dhéanamh riamh, ach le déanaí is ar éigin a labhradh sé in aon chor le héinne. Nuair a labharthí leis is beag an chainnt a baintí as, ach an méid a baintí, ba chainnt chiúin réidh í.

Uaireanta chomáineadh sé leis ag obair chómh dian san go mbíodh na sruthanna allais leis. Uaireanta eile d’fhanadh sé faid gach n-fhaid agus a uille chlé ar a leathghlúin aige, a lámh chlé féna ghiall aige, agus é ag féachaint an doras amach agus anonn ar an gcnuc, agus gan cor aige dá chur de ach mar a bheadh sé gan anam gan anál. Is minic, nuair a bhíodh sé sa mhachnamh san go bhfeictí an lámh dheas istigh ’na bhrollach aige, fé mar a bheadh greim daingean aige ar rud éigin a bhíodh ann i bhfolach aige. Nuair a thagadh sé a’ machnamh den tsórd san do ghluaisíodh anál as a chliabh agus osna óna chroí nárbh fheárrde thu ’bheith ag éisteacht leis. Bhíodh iúnadh a gcroí ar na fearaibh, ach ní leogaidís aon ní orthu. Is amhlaidh a bhíodh eagla acu roimis. Ní fheadradar ó thalamh an domhain cad a bhíodh air. Ní bhíodh acu le rá ach an rud úd aduairt Micil lena mháthair an chéad lá a thug sé fé ndeara é, nárbh fholáir nú bhí buairt mhíchuíosach éigin air. Ach cad í an bhuairt í, nú cad fé ndeár í, ní raibh aon phioc dá chúntas acu.

Thug Seán Ceatach fé ndeara an t-athrú. Thug sé fé ndeara an sníomh a bhí ar chroí agus ar aigne an duine, ach bhí sé níos daille ná riamh ar cad fé ndear é. B’in í Sadhbh pósta agus gan focal ó éinne i dtaobh aon gheallúna phósta idir í féin agus Séadna. Ón lá a bhí Séadna féin thiar ag an dtigh ag cainnt le Máire Ghearra níor labhair sise amach as a béal oiread agus aon fhocal amháin i dtaobh an chleamhnais ná i dtaobh na cainnte a bhí eatarthu. Tháinig scéalta eile ar chleamhnaisíbh chúthu ach ní leogadh sí dá hathair aon tsuím a chur iontu. Ní thugadh sí de chúis do ach ná taithnidís léi.

Bhí sé leata ar fuaid na dútha an mearathall aigne ’bheith ar Shéadna, ach nuair a chonaic daoine na mná úd go léir a bheith pósta agus gan blúire suime curtha aige sin sa scéal, is amhlaidh mar a bhí an scéal ag lucht cainnte bhíodar i gcruachás. Ba mhaith leó a rá gurb amhlaidh a bhí sé ag cailliúint a mheabhrach i ndiaidh dhuine éigin de na mnáibh úd, ach ní fhéadfaidís é sin do rá. Bhí sé ar an dá chóisire eile, chómh maith le cóisire Shadhbh, agus ba rófhuiriste a aithint ná raibh aon bheann aige ar éinne den bheirt bhan eile ach chómh beag agus ’ bhí aige ar Shadhbh. Ní fhéadfí a rá go raibh sé ag cailliúint a mheabhrach mar gheall ar Mháire Ghearra mar ní raibh éinne dhá breith uaidh. Ba mhaith le lucht na cainnte a rá gurb amhlaidh a bhí ag dul dá chiall, gurb amhlaidh a bhí straidhn éigin air a bhain lena chuid fola nú lena dhúchas. Ach ní fhéadfaidís sin do rá mar ní raibh fear sa pharóiste ba chruinne breithiúntas ná é, ná ba ghasta cómhairle ná é, ná ba ghéarchúisí ar mholadh beirte ná é. B’é crích an scéil é go mb’éigean do lucht na cainnte éirí as mar scéal. Theip orthu teacht thíos ná thuas air.

Bhí ’ fhios ag Séadna féin, áfach, go dianmhaith, cad a bhí air. Bhí an bhliain déanach de sna trí bliana déag ag imeacht ar cos’ in áirde. Fé mar a bhí sé ag dridim le deireadh na haimsire bhíodh an fear bocht ag cuímhneamh níos géire agus níos coitianta ar cad a bhí roimis, go dtí gurbh ar éigin a scaradh an smaoineamh choíche leis. Bhíodh a leithéid sin de shníomh agus d’fháscadh ar a chroí agus ar a aigne ón síormhachnamh ar an aon smaoineamh amháin sin go samhlaíodh sé uair a’ chloig níos sia ná lá, an fhaid a bhíodh an uair a’ chloig ag imeacht; agus ansan, nuair a bhíodh an uair a’ chloig imithe gur dhó’ leis ná raibh dhá neómat inti. Shamhlaíodh sé an lá, an fhaid a bhíodh an lá dá chaitheamh, níos sia ná seachtain, agus nuair a bhíodh an lá caite do mheasadh sé ná bíodh fiú aon uair a’ chloig amháin ann. Shamhlaíodh sé gur shia an oíche ná bliain, agus nuair ’thagadh an mhaidean shamhlaíodh sé ná bíodh aon oíche in aon chor ann. Ach, idir uair a’ chloig agus neómat agus oíche agus lá, shamhlaíodh sé gurbh amhlaidh a bhídís ag baint an bhóthair dá chéile, bhí a leithéid sin de choisíocht fúthu ag imeacht–agus gan idir é agus deireadh na haimsire ach an méid a bhí gan imeacht díobh!

Is minic, tar éis dul a chodladh dho, nuair a bhíodh sé sínte ar a leabaidh agus gan aon néal codlata ag teacht air, ach a chroí ag cur de agus a dhá shúil ar dianleathadh, go n-éiríodh sé agus go n-imíodh sé amach agus suas an cnuc, go dtí go mbíodh sé ar an bplásóig chúnlaigh mar ar thug an bhean chosnochtaithe an tseóid uasal do. Bhíodh sé ag brath air go mb’fhéidir go bhfeicfeadh sé ann arís í. Ní fheiceadh, ach ní bhíodh a chuaird in aistear aige. Thuigeadh sé in’ aigne go mbíodh sí ansúd in aice leis agus go n-airíodh sí a chainnt agus go dtuigeadh sí an bhuairt a bhíodh air. Bhíodh sé ag aighneas léi agus ag iomaidh léi nuair ná tispeánadh sí í féin do. Bhíodh sé ag rá na bhfocal a duairt sise leis an lá ’chonaic sé í, agus dhá gcur i gcuímhne dhi, agus dhá fhiafraí dhi ar chuímhin léi an gheallúint a thug sí dho, agus dhá iarraidh uirthi, as ucht an tSlánaitheóra, gan cailliúint air nuair a thiocfadh an t-anaithe. Ní thagadh guth ná focal uaithi, ach más ea ní bhíodh sé gan freagra ar a chainnt. Do buailtí isteach in’ aigne uaithi, chomh maith agus dá labhradh sí, “nár ghá dho aon eagla ’bheith air ach a mhuinín a bheith as Dia aige.” Nuair a bhíodh tamall den oíche caite mar sin aige ’na teannta ar an gcnuc thagadh suaimhneas air. Do bhogadh an sníomh agus an fáscadh dá chroí i dtreó go mbíodh iúnadh air cad a bhaineadh an buaireamh de. Nuair a chíodh sé amhscarnach an lae ag teacht thugadh sé aghaidh ar an mbaile agus théadh sé agus shíneadh sé ar an leabaidh, mar dhea go mbíodh an oíche caite aige inti.

Fé dheireadh ambasa bhí an lá deirineach buailte leis.

“Trí bliana déag is lá amáireach,” ar seisean in’ aigne féin, “is ea ’fhágas an baile chun roinnt leathair do cheannach. Bhí trí scillinge im póca agam. Níorbh fhada le dul iad ach ní raibh agam ach iad. Do hiarradh orm iad, ar son an tSlánaitheóra. Thugas uaim iad. Ní raibh leigheas agam air sin. Conas ’fhéadfainn iad do chimeád! Ní raibh agam ach iad. Bíodh ná raibh níor liom féin iad. Is le Dia gach ní. Ní bheinn ach ag cimeád a choda féin uaidh, moladh go deó leis! Níor chimeádas iad ar aon chuma, pé rud a thiocfaidh as dom anois. –– Do cuireadh brí na mionn orm, go daingean. –– Ghlacas orm é, go daingean –– lem thoil mhacánta.”

Bheireadh sé ar bhróig agus chromadh sé ar obair. Ba gheárr go gcaitheadh sé uaidh arís í. Bhuaileadh sé amach agus d’fhéachadh sé ’na thímpall, fé mar a bheadh súil aige le duine éigin a theacht. Cheap na fir gur ag súil le duine éigin a bhí sé agus gur dhócha
gur gheárr go dtiocfadh an duine ’na raibh an tsúil leis. Dá mbeadh ’ fhios acu cé leis go raibh an tsúil is dócha gur gheárr an mhoíll a dhéanfaidís san áit! Ní raibh aon bhlúire dá fhios acu, agus chomáineadar leó ag obair ar a ndícheall. Nuair a bhí sé in’ am staid d’éiríodar chun imithe abhaile.

“Stadaidh, a fheara,” arsa Séadna. “B’fhéidir go ráineódh go mbeinn as baile amáireach agus ná beinn anso in am chun páigh na seachtaine ’thabhairt díbh. Ta sé chómh maith agaibh an t-airgead do ghlacadh anois. Ní mheasaim go bhfuil aon bhaol ná go ndéanfaidh sibh an obair go macánta.” Agus shín sé chúthu an t-airgead.

Chómh luath agus ’bhíodar imithe chun siúil chuir sé an cnuc amach de. Bhí faill árd ar an dtaobh thuaidh den chnuc. Faill na bhFiach a tugtí mar ainm uirthi. Chuaigh sé agus shuigh sé ar mhullach na faille sin. Bhí sé ag féachaint uaidh síos ar na carraigreacha briste a bhí thíos ag bun na faille agus bhí sé dhá chuímhneamh in’ aigne cad é an briseadh a gheóbhadh cnámha duine dá gcaití le fánaidh é. D’fhág sé an áit sin agus d’imigh sé an cnuc siar go dtí go raibh sé ar bharra cnuic eile a bhí ar an dtaobh thiar den ghleann. Carraig na Madraí dob ainm don chnuc eile sin. Chuaigh sé isteach i bpluais sa chnuc san. Leaba Dhiarmuda ainm na pluaise. Bhí pluais eile ar aghaidh na pluaise sin anonn gurbh ainm di Leaba Ghráinne. D’fhan sé sa phluais ar feadh tamaill mhaith, ag cuímhneamh ar ar airigh sé riamh de scéalta breátha Fiannaíochta, ar Dhiarmuid agus ar Ghráinne agus ar Fhionn agus ar an bhFéinn agus ar a ngnóthaibh go léir. Nuair a bhí titim na hoíche ann d’fhíll sé chun na plásóige agus do luigh sé inti. Bhí an aimsir tirim agus an spéir glan. Bhí an cúnlach go breá tirim te mar bhí an ghrian ag taithneamh ar an bplásóig i gcaitheamh an lae. Bhí aghaidh na plásóige ó dheas, i dtreó go raibh fothain inti ó pé lóithne beag gaoithe a bhí ann, mar is aduaidh a bhí an ghaoth. Bhí sé sínte sa phlásóig ag éisteact le cogarnach agus le hanál na gaoithe laige tríd an bhfraoch ’na thímpall agus gan aon phioc den ghaoith ag teacht air féin. Ón suathadh a thug sé dho féin ag siúl an chnuic, agus ó bhrothall an chúnlaigh, agus ón seothó úd na gaoithe tríd an bhfraoch, ba gheárr go raibh an fear bocht ’na chodladh go sámh.

Tráth éigin san oíche do mhothaigh sé mar a bheadh lámh duine ar a cheann, agus d’imigh a chodladh dhe. D’imigh a chodladh dhe chómh glan san gur mheas sé ná raibh meáchaint ribe in aon bhall dá bhallaibh beatha. D’fhéach sé thairis. Bhí sí ansúd ar a glúinibh ag á ghualainn chlé agus lámh léi ar a cheann aici agus í ag féachaint isteach in sna súilibh air. An bhean chosnochtaithe is í a bhí ann. D’fhan sé ag féachaint uirthi agus í ag féachaint isteach ’na shúilibh. Bhí an oíche ’na sméarabhán le doircheacht. Bhí radharc aige ar an spéir os a cionn suas. Ní raibh gealach ná réiltín ar an spéir, ach í ’na bróin chiardhubh, go hárd agus go leathan agus go folamh. Bhí sé ag féachaint ar ghnúis na mná, ar a súilibh agus ar a héadan agus ar a haghaidh. Ní raibh de sholas aige chuige ach an solas a bhí ag teacht as an aghaidh féin. Do lean sé ag féachaint uirthi. Ní raibh leigheas aige air. Ní fheacaigh sé riamh ’na shúilibh cínn, dar leis, aon aghaidh duine chómh hálainn le haghaidh na mná san. Dá bhfaigheadh sé Éire air ní fhéadfadh sé a shúile ’ bhogadh dhi. Fé mar a lean sé ag féachaint uirthi do mhéadaigh ar an áilleacht, agus ar an aoibhneas agus ar an suairceas a bhí ’na héadan agus ’na súilibh agus ’na béal, agus í díreach mar a bheadh sí ag bogadh a béil chun labhartha, agus eisean ag feitheamh go dtiocfadh an focal. Do ghluais an t-aoibhneas san agus an suairceas san isteach trína shúilibh agus siar san inchinn aige agus síos ’na chroí agus ’na chliabh, i dtreó gur tháinig a leithéid sin d’áthas air, agus de shásamh aigne, agus de shólás croí, gur mhaith leis ná fágfadh sé féin ná ise an áit sin go deó. Dá fhaid agus dá ghéire ’fhéach sé is amhlaidh a bhí a héadan ag dul i solasmhaire, agus a súile ag dul in uaisleacht agus i ngrámhaire, agus a béal ag dul i mísleacht agus i séimhe agus i miochaire, agus a haghaidh ag taithneamh le breis solais agus le breis aoibhnis agus le breis suaircis, agus í díreach mar ’bheadh sí ag bogadh a béil chun labhartha leis, go dtí gur cheap sé go raibh a chroí ag imeacht as a chliabh amach chúithi, le neart áthais agus aoibhnis, agus grá di.

Fé dheireadh do labhair sí.

“Táthar chút, a Shéadna!” ar sise. “Tá an namhaid nách mór buailte leat,” ar sise. Agus má ba mhór an t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag féachaint ar a haghaidh álainn uasal, ba mhó ná san féin an t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag éisteacht le guth a cainnte. Ba chuma le Séadna ’en domhan cé ’bhí chuige, ná cá raibh an namhaid, an fhaid a bhí sé ag féachaint suas uirthi agus ag éisteacht léi, agus a lámh ar a cheann aici, agus mar bharra ar gach áthas gur thuig sé in’ aigne gur le báidh agus le hionúine agus le grá do féin a tháinig sí ag triall air, agus a thispeáin sí í féin do.

“A Shéadna,” ar sise, “táthar chút go fíochmhar agus go mallaithe. Tá do namhaid ag teacht chun díoltais a dhéanamh ort anois mar gheall ar ar dheinis d’olc air le trí bliana déag. Istoíche amáireach a thiocfaidh sé. Tá roinnt de dhearúd air. Is dó’ leis gur ar uair an mheán oíche istoíche amáireach a bheidh an aimsir caite. Ní bheidh an aimsir caite go ceann cheithre huaire ’ chloig ’na dhiaidh san. B’é an margadh, fé bhrí na mionn, an sparán a bheith agatsa, agus é ’fhanúint agat, trí bliana déag slán. An lá úd a chuais ar an aonach ag ceannach capaill agus bó bainne do tógadh uait an sparán agus bhí sé as do sheilbhse ar feadh cheithre huaire ’ chloig. Mise a thóg uait é. Thógas uait é i ganfhios do san. Dá gceannaíthá an bhó nú an capall an uair sin, agus airgead do dhíol as an gceannach, bhí an margadh briste agat agus neart do a thoil d’imirt ort. Nuair a chonacsa an fuadar a bhí fút do thógas uait an sparán i dtreó dá gceannaíthá nár bhaol go ndíolfá. Is chun leathair a cheannach a fuarais an t-airgead. Tá sé ag faire ort riamh ó shin féachaint an gceannófá aon rud ach leathar air. Níor cheannaís. Ba mhaith an bhail ort féin nár cheannaís. Do roinnis a lán den airgead ar shlítibh eile ach níor ghoíll san ar an margadh. Ní fhéadfadh aon mhargadh déirc a chosc. Pé airgead a thugais uait ar son an tSlánaitheóra déirc dob ea é. An t-airgead a chaithis ar aon chuma eile, lasmu’ de cheannach an leathair, is as an obair a tháinig sé. Leat féin dob ea é.”

“Bheirim a bhaochas leis an Athair Síoraí a chruthaigh thu!” arsa Séadna, agus é ag féachaint suas uirthi. Ní mar fhreagra ar a cainnt aduairt sé an méid sin ach le neart an áthais a bhí istigh ’na chroí toisc í ’bheith ansúd in’ aice agus é ag féachaint suas uirthi agus ag éisteacht le ceólghuth aoibhinn a cainnte.

“Níl ’ fhios aige,” ar sise, “gur chaith an sparán na cheithre huaire a’ chloig sin as do sheilbhse. Bhí ’fhiachaibh air gan a leogaint d’éinne an sparán a bhreith uait. Is dó’ leis féin nár leog. Tá sé ag feitheamh le huair an mheán oíche istoíche amáireach chun a thoile d’imirt ort agus díoltas a dhéanamh ort mar gheall ar a bhfuil d’olc déanta agat air le trí bliana déag, ag tabhairt déarca ar son an tSlánaitheóra amach as an sparán a thug sé féin duit, agus nách chun na déarca ’dhéanamh a thug sé dhuit é ach le hionchas go ndéanfadh sé díobháil agus tubaist agus aimhleas duit féin agus do gach Críostaí a gheóbhadh aon leathphinge isteach ’na láimh de.”

“Bheirim a bhaochas leis an Athair Síoraí a chruthaigh thu, –– agus le Críost a cheannaigh thu, –– agus leis an Sprid Naomh a bheannaigh thu!” arsa Séadna. Nuair a bhí an chainnt sin ráite aige bhí iúnadh air mar do shamhlaigh sé nárbh é a ghlór féin a bhí ag teacht as a chliabh ná as a bhéal.

“Tispeán,” ar sise, “an rud úd a thugas duit an lá úd a scarais leis an óigmhnaoi fhónta ar son an tSlánaitheóra.”

Tharraig sé an tseóid amach as a bhrollach agus shín sé chúithi í.

“Níl sí chómh solasmhar agus ’ bhí sí an lá úd,” ar sise, “ach ní gearánta dhi,” ar sise, ag glacadh na liathróide bige isteach ’na láimh. Lena línn sin do las an liathróid suas arís, ar chroí a deárnan, díreach mar a las sí an chéad lá, i dtreó gurbh ar éigin ’fhéadadh Séadna féachaint uirthi, agus nuair ’fhéachadh go mbíodh smóla beaga gorma os cómhair a shúl, fé mar a bhéadh ag duine d’fhéachfadh ródhíreach ar an ngréin.

“Seo,” arsan bhean, “cuir chút arís í. Beidh gnó agat di istoíche amáireach.” Agus shín sí chuige an tseóid. Chuir seisean chuige arís ’na bhrollach í, mar a raibh sí
cheana aige.

D’oscail sise a lámh chlé. Bhí an scilling ansúd ar chroí a deárnan, an scilling chéanna a thug sé dhi an chéad lá úd nuair a bhí sé ag dul ag ceannach an leathair.

“Seo,” ar sise. “Cuir chút í seo leis.” Thóg sé an scilling agus chuir sé chuige í.

“Éist go cruínn anois, a Shéadna,” arsan bhean, “leis an méid atá agam le rá leat. Istoíche amáireach, nuair a bheidh sé ag déanamh ar uair an mheán oíche, tóg an chathaoir shúgáin agus cuir í díreach san inead ’na raibh sí an lá úd a ceangladh í, agus cuir an scilling sin ar an dtalamh, istigh fé lár na cathaoireach, agus clúdaigh í i dtreó ná beidh sí le feiscint. Imigh féin ansan agus suigh id shuíochán oibre agus bí ag obair ar do dhícheall. Nuair a thiocfaidh an namhaid ná leog aon ní ort, ach lean den obair. Nuair adéarfaidh sé leat gluaiseacht abair leis fanúint go mbeidh an t-am ann. Má thagann leat é ’chur ’na shuí sa chathaoir beidh an lámh uachtair agat air. Ach an airíonn tú leat me?” ar sise. “Aon rud adéarfaidh sé leat a dhéanamh, ar do bhás ná dein é. Ná dein aon ní adéarfaidh sé leat a dhéanamh.”

Bheirim –– a bhaochas –– leis an Athair –– Síoraí ––” An fhaid a bhí Séadna ag rá na bhfocal san, agus é ag teip air iad do thabhairt leis, bhí sise ag dridim uaidh, ag dridim uaidh, ag dridim uaidh; agus bhí an solas ar a haghaidh ag dul i luíghead, ag dul i luíghead, ag dul i luíghead. Bhí fabhraí a shúl san ag dúnadh ar a chéile, ag dúnadh ar a chéile, ag dúnadh ar a chéile. Níor tháinig leis an chainnt do chríochnú sula raibh sí imithe agus é ’na shámhchodladh.

Personal names

Diarmuid: Diarmuid Ua Duibhné, a warrior among the Fianna in the Fenian cycle of myths, who elopes with Gráinne, the intended bride of Fionn mac Cúmhaill. The earliest surviving version of this story is Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne, written in 1651 by Dáibhí Ó Duibhgeannáin.
Fionn: Fionn mac Cúmhaill (also anglicised as “Finn McCool”), leader of the Fianna band of warriors in Irish mythology. In his old age, Fionn is promised Gráinne as his bride, but eventually pardons the young warrior Diarmuid for eloping with her. Later on, Fionn did not use his healing powers to save Diarmuid after the latter was gored by a wild boar.
Gráinne: the daughter of Cormac mac Airt, a legendary high king of Ireland.

Placenames

Carraig na Madraí: Carrignamadry (“the rock of the dogs”), a minor placename in Co. Cork.
Faill na bhFiach: a minor placename meaning Ravens’ Cliff.
Leaba Dhiarmuda: Labbadermody (“Diarmuid’s bed or grave”), a minor placename in Co. Cork. This is found as Leaba Diarmuda in the original, and the LS version of Séadna also fails to give lenition on the word Diarmuda, but as a personal name it should properly be lenited, and Seanachas Amhlaoibh Í Luínse shows that this placename is generally Leabaidh Dhiarmuda in WM Irish (cf. p22). The word leaba is generally found as leabaidh, where the historic dative has replaced the nominative, and this was the case in the form of the placename given by Amhlaoibh Ó Loingsigh. However, leaba may be considered to be a calcified use of the traditional nominative in the form given by PUL in Séadna. The derivation of the placename from the Fenian story of Diarmuid and Gráinne is referred to in chapter 29.
Leaba Ghráinne: a minor placename in Co. Cork meaning “Grania’s bed or grave”, found as Leabaidh Ghráinne in Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (cf. p22). The derivation of the placename from the Fenian story of Diarmuid and Gráinne is referred to in chapter 29.

Foclóirín

am: “time”, pronounced /aum/. In’ am staid, “time to stop”, a phrase that is theoretically a truncation of ina am staid, although the possessive is not often expressed.
báidh: /bɑ:gʹ/, “sympathy, liking”. This word is in the CO, but the final -idh in the historic spelling is audible in the nominative/dative singular in WM Irish.
bóthar: “road”. Ag baint an bhóthair dá chéile, “running a race, competing against each other”. Cf. ag baint an dorais dá cheile, “taking the door from each other, i.e. pushing to get out the door first” in PUL’s Sliabh na mBan bhFionn.
bró: “handmill” or “solid mass”. An spéir na bróin chiardhubh, “the sky was a solid jetblack mass”.
carraig: “rock”, with the plural here carraigreacha where carraigeacha would stand in the CO.
ceólghuth: “the music/musical quality of someone’s voice”, a word not found in FGB.
cotianta: “regular, habitual”. Níos coitianta, “more constantly”. Pronounced /ko’tʹiəntə/.
cruthaím, cruthú: “to create”. PUL said in Notes on Irish Words and Usages that he had both seen and heard cruthaitheóir and cruthnaitheóir, but had only seen cruthú in print, but had never heard anything other than cruithniú; yet, chruthaigh is found here, and transcribed in the LS edition of Séadna as chruhuig. Cruithním, and cruithniú would be more natural to the WM dialect.
cuirim, cur: “to put”. A chroí ag cur de, translated in the authorised translation of Séadna as “his heart palpitating”, but I can’t find this use of cur de in dictionaries; I had expected a chroí ag cur air. Cuir chút í, “put it away on your person; put it in your breast; put it in your pocket”.
faill: “cliff”, pronounced /failʹ/.
fána: “downward slope”, with the dative fánaidh, pronounced /fɑ:nigʹ/, used here. Caitheamh le fánaidh, “to throw down/be thrown down”.
fáscadh: “pressure”. Fáscadh ar a chroí, “pressure/oppression/strain on his heart”.
fiach: “raven”.
Fiann (an Fhiann): the roving band of warriors celebrated in the Fenian cycle of myths, with Féinn in the dative.
gluaisim/gluaisím, gluaiseacht: “to proceed, move”. The second-conjugation forms derived from gluaisím seems more common in the past habitual and conditional in PUL’s works (cf. do ghluaisíodh in chapter 29).
goillim, goilliúint: “to adversely affect” or goillim/goilleadh in the CO. Níor ghoíll san ar an margadh, “that did not affect the bargain”.
grámhaire: “lovingness, tenderness”, or grámhaireacht in the CO.
idir: “between”. Idir … agus…, “both … and…”, but three or four nouns can be so connected in Irish, as in idir uair a’ chloig agus neómat agus oíche agus lá here: “all of these things, from an hour to a minute to a night to a day”.
inchinn: “brain”. Pronounced /inʹihiŋʹ/.
iomaidh: “rivalry, competition”. As a verbal noun, ag iomaidh le duine, “to trouble someone, dispute with someone, vie with someone”. Pronounced /umigʹ/.
ionúine: “affection”, possibly pronounced /u’nuːnʹi/, although the Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna has ionuine.
istóiche: “at night”.
leath: “side”, with leith in the dative. Fé leith, “separate, special, remarkable”. Duine fé leith, “a peculiar man”.
liathróíd: “ball”, Pronounced /lʹiar’ho:dʹ/.
lóithne: “light breeze”. This would be leoithne in the CO—and the spelling was leóithne in the original here—but the LS edition shows a broad l and points to a pronunciation /loːnʹhi/, and PSD also has lóithne. This word is masculine here, but feminine in the CO. More research required.
meáchaint: “weight”, or meáchan in the CO.
miochaire: “tenderness, kindess”, pronounced /mʹuxirʹi/.
mísleacht: “sweetness”, or milseacht in the CO.
moladh beirte: “arbitration (by two people)”.
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative.
neart: “strength”. Neart do, “he would be able to”.
seothó: “hush”, or as a noun, “lullaby”.
slí: “way”. The dative plural shlíghtibh is found here, but Shán Ó Cuív’s LS edition has hlitiv, and the spelling used in other works by PUL imply the plural is slite/slithe, and not slíte.
sméarabhán: “soot, lampblack”.
smól: “spot, smudge”, with smóla in the plural. The CO has smál, with smáil in the plural, and CFBB also has smál.
sníomh: “wringing, wrenching”. Sníomh ar chroí, “strain on someone’s heart”.
spéir: “sky”. In áirde sa spéir, “up into the sky”. Grian/réiltíní ar (an) spéir, “a sun/stars in the sky”.
sruth: “stream”, with sruthanna in the plural.
straidhn: “touch of derangement, incipient madness”.
suairceas: “pleasantness”.
suathadh: “shaking, agitation”, or suaitheadh in the CO. An suathadh a thug sé dho féin ag siúl an chnuic, “the exhaustion he had given himself walking the mountain”.
teipim, teip: “to fail”. This verb is usually used impersonally: do theip orthu, “they failed”. Also note do theip sé orthu in chapter 13: “they didn’t manage to do it—it failed on them”.
thíos: “down”. Theip orthu teacht thíos ná thuas air, “they failed to get at the truth from any angle/no matter how they approached it” (cf. the authorised translation of Séadna, “they failed to reach the truth from any point”).
toil: “will”, with toile in the genitive, where the CO has tola.
uachtar: “top, surface”. An lámh uachtair, “the upper hand”.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s