An Choróinn Mhuire, na Chúig Bua.

NA CHÚIG BUA.

(Gach Céadaoin agus Satharn i gcaitheamh na bliana agus gach Domhnach ón gCáisc go dtí an t-Advent.)

An Chéad Bhua.

Aiséirí ár Slánaitheóra.

Machnaímís anso ar conas mar a rug ár Slánaitheóir bua ar an mbás nuair ’ aiséirigh sé lena chómachtaibh féin as an uaigh agus greim an bháis briste aige, greim nár briseadh riamh go dtí san, agus nárbh fhéidir a bhriseadh ach le cómhachtaibh Dé. A Mhuire Máthair, iarr ar an Aon Mhac san leat a bhuaigh ar an mbás, a ghrásta ’ thabhairt dúinne, i dtreó go mbuafaimís ar ár ndroch-chleachtaibh ar an saol so, agus go mbeimíd ar an ndream do rug bua in sna flaithis.

Ár nAthair atá ar neamh, &c.

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, &c. (Deich n-uaire).

Glóire don Athair, &c.

Mar a bhí ar dtúis, &c. Amen.

An Tarna Bua.

Deasgabháil ár Slánaitheóra.

Machaímís anso ar conas mar a chaith ár Slánaitheóir daichead lá ar an saol so, tar éis na haiséirí, ag teagasc na nAspal agus na deisceabal, agus conas mar a chuaigh sé suas ansan, Dardaoin Deasgabhála, os a gcómhair go leir, go ríocht na bhflaitheas, mar a bhfuil sé anois ’na shuí ar deasláimh an Athar Síoraí. A Mhuire Mháthair, iarr ar Dhia a ghrásta ’ thabhairt dúinn, i dtreó go leanfaimíd teagasc na nAspal agus gur ar dheis ár Slánaitheóra do gheófar sinn lá an bhreithiúntais.

Ár nAthair atá ar neamh, &c.

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, &c. (Deich n-uaire).

Glóire don Athair, &c.

Mar a bhí ar dtúis, &c. Amen.

An Tríú Bua.

Teacht an Sprid Naoimh ar na hAspalaibh.

Bhí an Slánaitheóir imithe suas ar neamh agus bhí na hAspail agus na deisceabail cruinnithe, i bhfolach, istigh i seómra, i gcathair Ierúsalem, agus ná leogfadh scannradh dhóibh iad féin do thispeáint. Bhí Muire Mháthair sa tseómra ’na dteannta. Tháinig an Domhnach, Domhnach Cíncíse. D’éirigh go hobann mar ’ bheadh stoirm gaoithe agus chonacadar ag teacht chúthu anuas trí bhuaic an tseómra, lasracha tine i bhfuirm teangthacha. Do luigh ceann de sna lasrachaibh ar cheann gach duine acu. Mothaíodar láithreach misneach ag teacht dóibh agus an scannradh ag imeacht díobh. D’oscladar an seómra agus d’imíodar amach, gan scáth gan eagla, agus chromadar ar an gcreideamh do chraobhscaoileadh ar fuaid na cathrach, in ilteangthachaibh, ’sé sin le rá, d’airigh gach duine iasachta a chainnt féin uathu. A Mhuire Mháthair, iarr ar an Sprid Naomh a ghrásta ’ thabhairt dúinn i dtreó go ndéanfaimís toil Dé i gcónaí, gan scáth gan eagla.

Ár nAthair atá ar neamh, &c.

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, &c. (Deich n-uaire).

Glóire don Athair, &c.

Mar a bhí ar dtúis, &c. Amen.

An Ceathrú Bua.

Tógáilt na Maighdine Muire suas ar Neamh.

Dhá bhliain déag tar éis deasgabhála ár Slánaitheóra do fuair an Mhaighdean Mhuire bás. Láithreach tar éis bháis di do thóg a hAon Mhac, Aon Mhac Dé, ár Slánaitheóir Íosa Críost, leis suas go haoibhneas na bhflaitheas í. A Mhuire Mháthair, iarr ar an Aon Mhac san a ghrásta ’ thabhairt go líonmhar dúinn i dtreó go ndéanfaimíd a thoil le díogras ar an saol so, agus ansan, nuair a thiocfaidh an bás orainn, go mbéarfar suas sinn agus go dtabharfar radharc dúinn, air féin agus ortsa, i ríocht na bhflaitheas.

Ár nAthair atá ar neamh, &c.

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, &c. (Deich n-uaire).

Glóire don Athair, &c.

Mar a bhí ar dtúis, &c. Amen.

An Cúigiú Bua.

Coróinniú na Maighdine Muire.

Nuair a thóg ár Slánaitheóir leis suas an Mhaighdean Mhuire go ríocht na bhflaitheas chuir sé an choróinn ríoga ar a ceann, i láthair na naomh agus na n-aingeal, mar dob í Bannrín na bhflaitheas í; Máthair an Aon Mhic; Máthair Dé. A Mhuire Mháthair, iarr anois ar an Aon Mhac san a ghrásta ’ thabhairt dúinn go líonmhar agus go flúirseach, i dtreó go mbeidh ár slí chun Dé go maith ar an saol so, agus go bhfaighimíd radharc ar an gcoróinn sin atá ar do cheannsa nuair a thiocfaidh an bás orainn.

Ár nAthair atá ar neamh, &c.

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, &c. (Deich n-uaire).

Glóire don Athair, &c.

Mar a bhí ar dtúis, &c. Amen.

Molaimís Íosa Críost.

Moladh dho de shíor agus de ghnáth. Amen.

An Salvé Regína.

A Athair Shíoraí, &c.

Na Paidreacha Miona.

In Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sprid Naoimh. Amen.

Ár nAthair atá ar Neamh, go naomhaíthear t’ainm; go dtagaidh do ríocht; go ndéantar do thoil ar an dtalamh mar a déantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu; maith dhúinn ár gcionta mar ’ mhaithimídne do chách a chionntaíonn ’nár n-aghaidh; agus ná léig sinn i gcathaíbh, ach saor sinn ó olc. Amen.

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire, lán de ghrástaibh. Tá an Tiarna it fhochair. Is beannaithe thu idir mhnáibh, agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.

A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainne na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis! Amen.

Glóire don Athair, agus don Mhac, agus don Sprid Naomh!

Mar a bhí ar dtúis, mar atá fós, agus mar a bheidh le saol na saol. Amen.

An Chré.

Creidim i nDia, an tAthair Uilechómhachtach, Cruthaitheóir neimhe agus talún, agus in
Íosa Críost, a aon-Mhac san, ár dTiarna, a gabhadh ón Sprid Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh, d’fhuilig páis fé Phontius Pílát, do céasadh ar chruis, do fuair bás agus do hadhlacadh, a chuaigh síos go hifreann, d’aiséirigh an treas lá ó mharaibh, a chuaigh suas ar neamh, atá ’na shuí ar deasláimh Dé, an tAthair Uilechómhachtach. As san tiocfaidh ag tabhairt breithiúntais ar bheóibh agus ar mharaíbh. Creidim sa Sprid Naomh, sa Naomh Eaglais Chaitlicí, i gcomaoine na naomh, i maithiúnachas na bpeacaí, in aiséirí na colla, agus sa bheatha shíoraí. Amen.

An Fhaoistin Choiteann.

Admhaím do Dhia ’n uilechómhacht, do Mhuire naofa atá riamh ’na hógh, do Mhícheál Naofa árdaingeal, do Naomh Eóin Baiste, do na hAspalaibh naofa, Peadair agus Pól, agus do na naoimh uile, gur pheacaíos go mór agus go rómhór, le smaoineamh, le briathar agus le gníomh, tríom choir féin, tríom choir féin, tríom choir féin go rómhór. Ar an abhar san achainím ar Mhuire Naofa atá riamh ’na hógh, ar Mhícheál Naofa árdaingeal, ar Naomh Eóin Baiste, ar na hAspalaibh naofa Peadair agus Pól, agus ar na naoimh uile, guí chun an Tiarna Dia ar mo shon.

Go dtugaidh Dia ’n uilechómhacht grásta agus trócaire agus maithiúnachas im pheacaí dhom ar an saol so, agus an bheatha shíoraí sa tsaol atá le teacht. Amen.

A Thríonóid Naofa, a Aon Dia Amháin.

A Thríonóid Naofa, a Aon Dia amháin,

Ar son Chroí Íosa do briseadh sa Pháis,

Maith na peacaí dhom, beannaigh mo bhás,

Agus mo ghrá do Thoil.

A Thríonóid Naofa, a Aon Dia amháin,

Ar son Chroí Mhuire do goineadh sa Pháis

Maith na peacaí dhom, beannaigh mo bhás

Agus mo ghrá do Thoil.

A Thríonóid Naofa, a Aon Dia amháin,

Ar son an Chéile sin Mhuire na ngrást,

Maith na peacaí dhom, beannaigh mo bhás,

Agus mo ghrá do Thoil.

Amen.

Foclóirín

abhar:ábhar in the CO. WM Irish distinguishes between abhar (originally spelt adhbhar, now pronounced /aur/), “material, cause”, and ábhar (sometimes written ádhbhar, pronounced /ɑ:vər/), “amount”. Ar an abhar san, “for that reason”.
achainím, achainí: “to entreat, petition, beseech”.
ar fuaid: “throughout”, pronounced /erʹ fuədʹ/, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí).
aspal: “apostle”.
beirim, breith: “to bear, take, carry; to give birth”, and numerous other meanings. Note that the r of rug is pronounced slender in some circumstances, e.g. do rug, /də rʹug/, as is shown in
the LS version of An Choróinn Mhuire here.
breithiúntas: “judgment”, or breithiúnas in the CO. Lá an bhreithiúntais, “Judgement Day”.
bua: “victory”. Na chúig bhua, “the five glorious mysteries (in the rosary)”. Bua bhreith ar rud (ar dhuine), “to be victorious over something (someone)”.
buac: “top”. PUL seems to have forms from both the masculine buac an the feminine buaic, and buaic prevails in the dative in his works. The CO consistently has the feminine buaic.
cainnt: “speech”, or caint in the CO. The traditional double n is preserved here to show the diphthong, /kaintʹ/.
Caitlicí: “Catholic”, or Caitliceach in the CO. Pronounced /katʹilʹikʹi:/. Both a noun and an adjective.
cath: “temptation”, often found in the plural, cathaí. Note that in the CO a cognate word cathú is used.
cathair: “city”, with cathrach in the genitive. Pronounced /kɑhirʹ, kɑhərəx/.
Cíncís: “Pentecost”. Domhnach Cíncíse, “Whit Sunday”.
cionntaím, cionntú: “to sin, transgress”, or ciontaím, ciontú in the CO. The double n is given to show the long vowel: pronounced /kʹu:n’ti:mʹ, kʹu:n’tu:/. IWM indicates the first vowel is long in this word, short in the related word cionta, and either long or short in ciontach/cionntach, “guilty”.
cionta: “sin, crime, guilt”, pronounced /kʹuntə/.
comaoine: “communion”, or comaoin in the CO.
cómhacht: “power, authority”, cumhacht in the GC, but pronounced with a long o in WM Irish: /ko:xt/. The plural is cómhachta, as opposed to the cumhachtaí of the Standard.
coróinniú: “crowning, coronation”, or corónú in the CO. Pronounced /kroː’ŋʹuː/.
craobhscaoilim, craobhscaoileadh: “to propagate, broadcast; preach”.
Cré: “creed”.
cruthaitheóir: “creator”. This word is found in the Creed here, and transcribed cruhahóir in the LS edition (compare Shán Ó Cuív’s LS edition of PUL’s An Teagasg Críostaidhe where the same word is transcribed crunahóir). PUL stated in PUL1926 that he had both seen and heard cruthaitheóir and cruthnaitheóir, but had only seen cruthú in print, but had never heard anything other than cruithniú. It is likely that the forms with a medial -n- are preferable in Cork Irish. Pronounced /kruhə’ho:rʹ~krunə’ho:rʹ/.
deasgabháil: “ascension”, especially of Jesus into heaven. Deascabháil in the CO.This word is given as deasgabháil here and in PUL’s An Teagasg Críostaidhe and in Gníomhartha na nAspal, but as deasghabháil in Na Cheithre Soisgéil. The LS transcription of An Teagasg Críostaidhe indicates the pronunciation is /dʹas-gvɑ:lʹ/; the LS transcription here shows /dʹas-gə’vɑ:lʹ/.
deisceabal: “disciple”, pronounced /dʹeʃkʹəbəl/.
díogras: “passion, zeal”, or díograis in the CO.
dream: “crowd, group”. This is pronounced with a broad d, /draum/, according to IWM, although the LS version of An Choróinn Mhuire shows it as slender.
eagla: “fear”, pronounced /ɑgələ/.
faoistin: “confession”. Fhaoistin is transcribed here in LS as ísdin where Shán Ó Cuív’s transcription in the LS edition of PUL’s An Teagasg Críostaidhe was íshdin. IWM shows that a medial s can be pronounced /ʃ/ or /s/ before a slender t (cf. paragraph 381), but the general transcription used in CFBB is to have the s slender. Pronounced /fiːʃtʹinʹ~fiːstʹinʹ/.
fuirm: “form”, or foirm in the CO. Pronounced /firʹimʹ/.
gabhaim, gabháil: “to be conceived”, among other meanings.
goinim, goint: “to wound”.
iol-/il-: a prefix meaning “many”. In ilteangthachaibh, “in many languages”. See also under teanga.
lasair: “flame”, with lasracha in the plural. Pronounced /lɑsirʹ, lɑsərəxə/.
maithiúnachas: “forgiveness, remission of sins”, or maithiúnas in the CO.
marbh: “dead person”. Both maraibh and maraíbh are found in the Creed here. The LS edition indicates a pronunciation maraíbh, reflecting later end-stress of dative plural endings; however, given instability of dative plural forms, maraibh is not incorrect.
Mícheál Naofa: St. Michael the Archangel.
neamh: “heaven”. Note that the genitive is neimhe here, and yet the LS edition of An Choróinn Mhuire transcribes the genitive as neav. Given that Dinneen shows neamh is sometimes masculine, it may be that neamh was or could be masculine in Cork Irish.
obann: “sudden”, or tobann in the CO.
ógh: “virgin”, especially Muire Ógh, “the Virgin Mary”. Pronounced /o:/.
Peadar: St. Peter, pronounced /pʹadirʹ/, with a slender r in Cork Irish, even in the nominative.
Pól: St. Paul.
Satharn: “Saturday”, pronounced /sɑhərən/.
scannradh: “terror”, scanradh in the CO, pronounced /skaurə/ in WM.
seómra: “room”. An epenthetic vowel is shown in the LS of An Choróinn Mhuire, whereas other LS editions (e.g. of Séadna) do not show an additional vowel. Pronounced /ʃoːmrə~ʃoːmərə/.
stoirm: “storm”, pronounced /stirʹimʹ/.
teanga: “tongue”, with teangthacha in the plural. Pronounced /tʹaŋə, tʹauŋhəxə/. The traditional th in the middle of this word is required to show the diphthong. The CO has teangacha. In ilteangthachaibh, “in many languages”.
tispeánaim, tispeáint: “to show”, or taispeáinim, taispeáint in the CO.
tógaim, tógáilt: “to take, lift”, or tógaim, tógáil in the CO. Tógáilt na Maighdine Muire suas ar Neamh, “the Assumption of the Blessed Virgin Mary into Heaven”.
uile: “all, every”, pronounced /elʹi/ according to the LS transcription here, but also pronounced /ilʹi/.
uilechómhachtach: “almighty”, or uilechumhachtach in the CO. The pronunciation indicated here in LS is/elʹi-xo:xtəx/, although Shán Ó Cuív’s transcription in the LS edition of PUL’s An Teagasg Críostaidhe shows /ilʹi-xo:xtəx/; see under uile. Similarly, Dia an Uilechómhacht, “Almighty God”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Choróinn Mhuire, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s