Séadna caib. 27

Caibideal a Seacht is Fiche.

Ní raibh aon tseó ach a raibh de cheól agus de rínce i gcistín Dhiarmuda an oíche sin. Bhí beirt phíobairí ann agus beirt veidhleadóirí agus fear cláirsí, i dtreó ná raibh aon stop leis an gceól. Nuair a stadadh píobaire bhíodh an píobaire eile ar siúl, agus nuair a stadadh veidhleadóir bhíodh an veidhleadóir eile ar siúl, agus ba mhinicí ’bhíodh an cúigear ar siúl in éineacht ná mar a bhíodh éinne acu ’na stad––i dtosach na hoíche pé’r domhan é.

Bhí leac bhreá mhór leathan san úrlár ann, ar aghaidh na tine amach, agus dá mbéithá thíos sa tseómra ag éisteacht leis an obair thabharfá an leabhar gur cith bróg a bhí ag titim ar an lic sin i gcaitheamh na hoíche, ach go bhfreagraidís na bróga an ceól. Geallaim dhuit go raibh allas ar Nóra an Tóchair agus ar a beirt driothár, agus gur chuireadar san allas ba mhó ná é ar thuilleadh dá raibh ann.

Nuair a bhídís cortha ó bheith ag rínce bhíodh an deoch ag Micil dóibh, ach ní leogadh sé air go mbíodh sé ag faire orthu chun an dí a thabhairt dóibh. Ní óladh na rínceóirí puínn den fhíon. Bhí ’ fhios acu dá n-ólaidís puínn de go raghadh sé ní hamháin sa cheann acu, ach in sna cosaibh leis, agus dá dtéadh an fíon in sna cosaibh go raibh deireadh leis an rínce.

Shuíodh an chuideachta tamall, anois agus arís, idir dhá ghreas rínce, agus gheibhtí amhrán breá bríomhar ceólmhar ó dhuine éigin acu. Bhí cuid acu go raibh uchtach agus guth cínn acu ar áilleacht agus go dtógfadh sé an ceó de chroí dhuine éisteacht le scol maith amhráin uathu.

Bhí duine de sna píobairí go raibh ceól sí aige. Sheinneadh sé an ceól sí ar an bpíb go minic, uaidh féin. Ba ró-dheocair, áfach, a chur ’fhiachaibh air é ’sheinnt nuair ’iarrtí air é. Deireadh sé nár cheart é ’sheinnt i láthair daoine mar gur cheól ró-aerach é.

Nuair a bhíodar go léir cortha, tnáite, buailte amach, traochta, ón rínce d’iarradar ar an bpíobaire an ceól sí do sheinnt dóibh. Dhiúltaigh sé ar feadh i bhfad. Duairt sé go raibh an ceól ró-aerach agus nár cheart é ’sheinnt i gcuideachtain. Thugadar deoch eile d’fhíon an rí dho agus bhíodar ag tathant air choíche go dtí go mb’éigean do géilleadh. Ghléas sé an phíb. Theann sé an mála. D’éist an chuideachta fé mar ’bheidís gan anam gan anál.

Ba gheárr gur hairíodh mar ’bheadh gnúsachtach bhreá bhog réidh ag gluaiseacht mórthímpall an tí lasmu’. Ansan shamhlaíodh na daoine mar ’bheadh gaoth ag séideadh leis an ngluaiseacht, agus gurbh í an ghaoth a bhí ag déanamh na gnúsachtaí agus nárbh í an phíb. Ansan do ghluais ceól aoibhinn tríd an ngnúsachtach agus tháinig idir cheól agus gnúsachtach isteach sa tigh. Do neartaigh ar an ngnúsachtach agus tháinig mar ’ bheadh creathán agus luascadh sa bhfuaim. Ba gheárr gur hairíodh an tarna fuaim agus é ag crith agus ag luascadh ar an gcuma gcéanna, agus an ceól aiteasach aoibhinn tríd, agus gan é féin agus an ceól agus an fuaim eile ag baint ó chéile, ach iad ag cabhrú le chéile, i dtreó gurbh fheárrde an ceól an fuaim agus gur mhíslide an fuaim an ceól. Ar ball do labhair an tríú fuaim agus é ag crith agus ag luascadh agus ceól aoibhinn tríd, a bhain leis féin. Bhain an tríú fuaim sin geit as a raibh láithreach. Thabharfaidís an leabhar gur ghlór duine é!

Ansan do ghluais mar ’bheadh caise ceóil, den cheól ba mhísle agus ba bhinne, ba chaoine agus ba chneasta dár airigh éinne den mhuíntir a bhí láithreach riamh roimhe sin, agus do mheasc sé ar an ngnúsachtach agus ar an nglór daonna agus ar an sórd gaoithe do samhlaíodh ’bheith leó, agus do ghluais an meascadh mórthímpall an tí i bhfuirm sí gaoithe. Bhí ag neartú ar an nglór agus ar an bhfuaim, agus ag géarú ar an meascadh agus ar an gcasadh tímpall, go dtí gur cheap na daoine go raibh an tsí gaoithe ag rínce ar fuid an tí. Bhíodh sí anso agus bhíodh sí ansúd. Do léimeadh sí anonn agus do léimeadh sí anall. Do luíodh sí síos agus do ritheadh sí fan an úrláir mórthímpall, dar leó. Ansan, le léim dá dtugadh an ceól, do sceinneadh sí in áirde i measc na mbataí snaídhm agus do scuabadh sí mórthímpall thuas, i dtreó gur dhó’ leis na daoine go n-airídís sciathána na n-éan inti. Ansan do mheasadh na daoine go n-airídís, tríd an gceól, mar ’bheadh osnaíol ghoil. Ar ball is ’na thrithíbh gáirí a bhíodh sé. Ansan d’airíodar go gléineach ag labhairt tríd an gceól mar ’bheadh glór linbh. Ba gheárr go raibh glór eile linbh dhá fhreagairt sin, an dá ghlór ag freagairt a chéile agus ag freagairt an cheóil. Ansan do labhair an tríú glór, mar ’bheadh glór mná óige, agus nár airigh éinne dá raibh láithreach aon ghlór daonna riamh chómh bínn, chómh hálainn, chómh haoibhinn leis. Ba gheárr gur fhreagair glór eile mná an glór san, agus má ba bhínn é an chéad ghlór, ba bhinne agus ba mhísle ná san an tarna glór, agus iad ag freagairt a chéile agus ag freagairt an cheóil go cruínn agus go blasta. Ansan, fé mar a hosclófí doras éigin, tháinig borradh agus árdú agus neart sa cheól go léir. Do ghéaraigh ar an ngluaiseacht agus do neartaigh ar an bhfuinneamh agus tháinig tuilleadh aoibhnis in sna guthannaibh. Iad ag éirí os cionn a chéile agus ag titim fé bhun a chéile. Iad ag casadh mórthímpall ar a chéile. Iad anuas ar an úrlár. Iad in áirde ar na fraitheachaibh. Iad sa chúinne seo, sa chúinne sin, sa chúinne úd. Go dtí go raibh scáth ag teacht ar na daoinibh, agus iad ag stracfhéachaint thar a nguailnibh féachaint ar labhair éinne.

Ansan do neartaigh arís ar an gceól, fé mar a hosclófí doras eile ba mhó ná an chéad doras. D’éirigh borradh agus neart agus fuaimint ceóil. É ag iompáil agus ag casadh agus dhá iomlasc féin ar an úrlár, agus fan na bhfallaí, agus fan bhuaic an tí thuas. É tamall ’na bhúirtheach agus tamall ’na liúireach. É tamall in’ árdghol agus tamall in’ ochlán bróin, gur dhó’ leat go mbainfeadh sé osna ón gcloich. É tamall eile ’na sceartaireacht gháirí agus suilt agus mórála agus mórtaise, gur dhó’ leat go dtógfadh sé na mairbh as an iúir. Glórtha na mban agus glórtha na leanbh ag labhairt agus ag freagairt go soiléir, tríd an mbúirtheach ba throime, tríd an ngol ba bhrónaí, tríd na gáirí ba shultmhaire, agus ansan do hairítí anois agus arís, tríd an éirleach go léir, liach fhada chaol, choímhtheach, mhíllteach a chuireadh fionnachrith ar a raibh láithreach.

Ansan do hairíodh, ag gluaiseacht in éineacht, mar ’bheadh fuaim farraige, an bhúirtheach agus an liúireach agus an liacharnach, an gol agus an gáirí, glórtha na leanbh agus glórtha na mban. Iad fíllte ar a chéile agus casta ar a chéile agus brúite ar a chéile. Iad fé bhun a chéile agus os cionn a chéile agus istigh ’na chéile. Iad in áit agus in áit agus in áit eile. Ansan iad ins gach aon bhall in éineacht go dtí go gceapadh na daoine gur istigh ’na gcluasaibh féin a bhíodh an chaismirt! Ansan do hairíodh fuaim eile sa cheól, fuaim mar ’bheadh cogarnach tóirthní. Do ghluais sé fan an úrláir, ag borradh agus ag caolú agus ag fothramáil. Chuaigh sé trí shaileachaibh an tí agus trí adhmad na gcathaoireach agus trí chnámhaibh na ndaoine, agus é ag crith agus ag luascadh. Do neartaigh air agus do neartaigh air go dtí gur bhailigh sé chuige na ceólta agus na glórtha eile, agus gur scuab sé leis mórthímpall an tí iad mar a dhéanfadh cuilithe guarnain. Ansan do neartaigh ar an dtóirthnigh agus do throimigh uirthi, agus do ghéaraigh an casadh agus an luascadh agus an crith san adhmad agus in sna cnámhaibh, go dtí go raibh luas croí agus meidhreán cínn ag teacht ar gach éinne a bhí láithreach.

Ansan do ghluais glór linbh an simné amach. Do lean glór mná é. Ansan do ghluais glór mná an simné amach agus do lean glór linbh é. Ansan do ghluais liach amach agus do lean liach eile í. Ansan do ghluais amach an simné an chéad ghlór duine do hairíodh sa cheól. Do lean na ceólta eile iad san, i ndiaigh ar ndiaigh. Ba gheárr ná raibh le haireachtaint istigh ach an tóirthneach, ag luascadh agus ag crith. Ansan do chiúnaigh agus do chiúnaigh ar an dtóirthnigh, agus do lagaigh agus do lagaigh ar an luascadh agus ar an gcriotharnach, do mhaolaigh ar an bhfuinneamh agus
do chlaochlaigh ar an neart, go dtí ná raibh sa tóirthnigh ach gnúsachtach. Ansan do lagaigh ar an ngnúsachtach go dtí ná raibh inti ach anál. Ansan do stad sí.

Do ghlaeigh an coileach!

Ní túisce ’ghlaeigh an coileach ná ’ chuir Báb an Leasa liach aisti agus thit sí ’na cnaipe. Níor chuir éinne cor de. Ba dhó’ leat gur fé dhraoíocht a bhíodar. Fé dheireadh phreab an tíncéir mór ’na shuí.

“Airiú, moladh le Dia!” ar seisean, “cad ’tá oraibh! Beireadh beirt agaibh ar an gcailín sin, a mhná,” ar seisean, “agus tógaidh amach fén ngaoith í.”

Thógadar amach fén ngaoith í agus tháinig sí chúithi féin.

“Cá bhfuil an sagart?” arsa duine éigin.

“Tá sé imithe abhaile fadó riamh anocht,” arsa Micil.

Ba gheárr gur tháinig Báb an Leasa isteach arís agus í go lán láidir, agus í dhá áiteamh go tur ar na mnáibh a rug amach í nár ghá dhóibh an saothar, agus gurbh uireasa gnótha ’bhí orthu; ná raibh blúire uirthi ach oiread le héinne acu féin; gur chirte dhóibh go mór leogaint di féin; gur neamhchúramach a bhíodar!

Do spreag an píobaire suas port ná raibh aon cheól sí ann agus do ghluais an rínce arís chómh haibidh agus dá mb’é tosach na hoíche ’bheadh ann. Do ghlaeigh an coileach arís agus arís ach má ghlaeigh níor chuir Báb an Leasa ná éinne eile aon tsuím ann. Do ghluais an ceól agus an rínce; na píobairí ag déanamh uanaíochta ar a chéile; an leac dá greadadh leis na brógaibh; an bia agus an deoch dá gcaitheamh fé mar a thagadh dúil ag éinne iontu; go dtí gur bhuail solas an lae chúthu an doras isteach.

Do fuaradh fear na cláirsí ’na shámhchodladh, agus duine de sna píobairíbh ar meisce. Ach ní raibh codladh ná meisce ar fhear an cheóil sí, bíodh gur ól sé a dhóthain den fhíon.

Foclóirín

aiteasach: “delightful”.
árdghol: “loud weeping”.
blasta: “delicious; fluent”. Go blasta, “harmoniously”, of the interplay of sounds here.
borradh: “increase, crescendo”.
buac: “top, roof”, or buaic in the CO. This is masculine in PUL’s Irish, although buaic, feminine, was the form preferred by PSD. The genitive is therefore buaic, although PUL’s Gospels have ar bhuaic an tí in the dative, possibly reflecting the influence of feminine usage.
caise: “stream, flood, torrent”. Caise ceóil, “a torrent of music”.
caismirt: “din, commotion, disturbance”, pronounced /kɑʃimʹirtʹ/. More research required here as no epenthetic vowel is shown in the LS edition of Séadna.
caoin: “gentle, refined”. Ceól caoin, “smoothly flowing music”.
caol: “thin, slender”, but also “shrill” of a sound.
caolaím, caolú: “to become thin, slender”, or “to reduce in volume” of a sound.
casadh: “twist, turn”. Casadh tímpall, “revolving, whirling around”.
cistín: “kitchen”, or cistin in the CO.
cith: “shower”.
ciúnaím, ciúnú: “to pacify, become silent”. Used impersonally with ar: do chiúnaigh ar an dtóirthnigh, “the thunder abated”.
claochlaím, claochlú: “to deteriorate”. Used impersonally with ar: do chlaochlaigh ar an neart, “the strength/power lessened/fell away”.
criotharnach: “continuous trembling”, or creathadach in the CO. This word appears to be masculine here, although listed as feminine in PSD.
cuilithe: “eddying current”. An explanation in an early edition of PUL’s Aesop a Tháinig go hÉirinn says this is “the silent, rapid current which is seen in the middle of a swollen river, and which is much stronger than it seems to be when viewed from the bank.” While PUL wrote cuilith in the original text here, IWM shows that AÓL had cuilithe, /kilʹihi/, and this is reflected in the transcription in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna. Consequently, cuilith is adjusted to cuilithe in the editing here.
draíocht: “magic”. Fé dhraíocht, “under a spell”.
fadó: “long ago”. Fadó riamh, “ever such a long time ago”.
feárrde: “all the better”. This is a “second comparative” form, meaning “all the more X for it”. Note the construction: is feárrde an ceól an fuaim, “the music is all the better for/on account of the sound”.
fionnachrith: “a creepy feeling; goose pimples; freezing of the blood”. Pronounced /fʹunə-xrʹih/.
fothramáil: “act of making loud noise”, pronounced /fohərəmɑːlʹ/.
fraigh: “interior of a wall or ceiling”, with fraitheacha in the plural, meaning “rafters”. Pronounced /frigʹ, frə’hɑxə~frɑhəxə/, with CFBB showing /frə’hɑxə/ to be the pronunciation of AÓL.
freagraim, freagairt: “to answer, reply to”, pronounced /frʹagərimʹ, frʹagirtʹ/. Ach go bhfreagraidís na bróga an ceól, “apart from the fact the shoes were keeping time with the music”.
fuaim: “sound”. This is masculine here, but feminine in the CO, although PUL’s Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha has a feminine an fhuaim. FdS states this word is masculine, with fuama in the genitive.
fuaimint: “volume of sound, resounding noise”.
géaraím, géarú: “to quicken”. Impersonally with ar, “to get quicker”: bhí ag géarú ar an meascadh agus ar an gcasadh tímpall, “the mixing and the whirling round grew quicker”.
gnúsachtach: “a low murmuring”, with gnúsachtaí in the genitive. FdS says this word refers to a sweet, tender murmuring, such as the lowing of a cow to its calf, whereas FGB glosses this word as “an act of grunting”. It is worth noting that such words do not take -aigh in the dative, except when used with ag as a verbal noun, and so the dative is gnúsachtach here.
guarnan: “whirling, spinning around”, or guairneán in the CO. Cuilithe guarnain, “whirlpool”. CFBB has guairneán, as in the CO. PUL’s authorised FdS stated that guarnain might be the genitive of a noun guarnadh, meaning “act of whirling and spinning”, yet PSD gives guairneán and guarnán with the same meaning, and it seems more logical to regard guarnan, without a long vowel, as PUL’s preferred form of guairneán.
guth cínn: “head voice; the head register in singing”.
iomlascaim, iomlasc: “to roll”, pronounced /umələskimʹ, umələsk/.
lagaím, lagú: “to weaken, grow weaker”. Used impersonally with ar: do laghaigh ar an luascadh, “the swaying/surging/rocking became weaker”.
liach: “screech, yell”, especially a wild, uncanny shriek. This is feminine here, but masculine in the CO.
liacharnach: “screeching, shrieking”.
luas: “speed, velocity”. Luas croí, “heart palpitations, a racing heart”.
maolaím, maolú: “to become soft; to lower, abate”. Used impersonaly with ar: do mhaolaigh ar an bhfuinneamh, “the energy slackened off”.
meidhreán: “dizziness”, or meadhrán in the CO. Pronounced /mʹəi’rʹɑːn/. Liam Mac Mathúna’s edition uses the Co form, although PSD gives meidhreán as an alternative.
milis: “sweet”, with mísle in the comparative, where the CO has milse.
míllteach: “destructive, pernicious”, pronounced /mʹiːlʹhəx/. Also often pronounced /mʹeːlʹhəx/ according to PUL’s comments in Notes on Irish Words and Usages. Liach mhíllteach, “a terrible shriek”.
minic: “often”, with the comparative here minicí where the CO has minice.
míslide: “all the sweeter”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, usaide, miste, meaning “all the more X for it”.
neamhchúramach: “officious; having so little to do that you tend to meddle in other’s affairs”. FGB has “negligent” for this word, but that seems a rather poor translation. Pronounced /nʹa-xuːrəməx/.
ochlán: “sigh, groan”. Ochlán bróin, “a heartbreaking
cry of grief”.
osnaíol: “sighing, sobbing”, or osnaíl in the CO, where all such nouns have a slender l, reflecting the ousting of the nominative by the dative. Osnaíol ghoil, “hysterical weeping, convulsions of weeping”.
píb: “pipe”, but also “a set of bagpipes”. FdS says that a set of bagpipes is normally an phíb in the singular, but sometimes na píb (although píoba is the established plural of this word).
sail: “beam, joist”, with saileacha in the plural. The plural would be saileanna in the CO; PUL’s form seems to align this word fully with sail/saileach, meaning “willow-tree”, the plural of which is saileacha in the CO.
sceartaireacht: “bursting out”. Sceartaireacht gháirí, “bursting out of laughter”. This word, or any equivalent of it, is not given in FGB.
scol: “call, shout”. Scol amhráin, “a burst of song; a clear, ringing singing voice”.
seinnim, seinnt: “to play (music)”, or seinnim, seinm in the CO.
simné: “chimney”, pronounced /ʃimʹi’nʹe:/.
snaídhm: “knot”. Bataí snaídhm, “collar-braces, beams that keep the rafters of a roof from coming apart”. It’s not clear to me why it is bataí snaídhm, and not bataí snaidhme. FGB has maide snaidhmthe, “tie-beam”. Pronounced /sniːmʹ/.
spreagaim, spreagadh: “to incite, inspire”. Port a spreagadh suas, “to strike up a tune”. See also spriocaim.
teannaim, teannadh: “to pump up, fill”.
tnáite: “exhausted”.
traochta: “worn out”.
troimím, troimiú: “to become heavier”, or tromaím, tromú in the CO. Used impersonally with ar: do throimigh uirthi, “it became heavier”.
uchtach: “vigour, delivery”, pronounced /əx’tɑx/. Uchtach often refers to the manner of delivery of a speech, but refers here to singing from the chest (the chest register in singing).
uireasa: “want, lack”. Uireasa gnótha, “want of something to do”, and by extension, “officiousness”.
veidhleadóir: “violinist”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s