Ár nDoithin Araon 1

Ár nDóthain Araon

An tAthair Peadar Ua Laoghaire

Canónach, S.P.

do scríbh

An tAthair Risteárd Pléimeann, Ph. D.

do chuir in eagar

1. Beidh Ár nDóthain Araon Ann.

I.

Seo focal le Diarmuid an Stoca. Siúd é an Diarmuid, nuair aduairt an sagart leis gur “ghlas an lá é,” a thug mar fhreagra: “Imbriathar féin, a Athair, go bhfuil sé fuar, pé dath atá air.”

Bhí aithne ar Dhiarmuid i ngaireacht deich míle de Magh Chromtha, ar gach uile thaoibh. Bhí fáilte agus béile bhídh agus lóistín oíche dho ins gach tigh, bocht agus saibhir, mar “duine le Dia” ab ea é. Thuig sé in’ aigne féin ná raibh ansan ach a cheart. Dar leis, ba leis féin na tithe agus na daoine. Dá mbeadh áthas i dtigh, ní raibh duine sa tigh ba mhó áthas dá bhárr ná Diarmuid. Dá mbeadh buairt i dtigh, ní raibh duine sa tigh sin ba mhó buairt dá bhárr ná Diarmuid. Nuair a bhí Boc na Carraige tar éis bháis, chonaic daoine Diarmuid ag dul fé dhéin an tórraimh. Do labhradar leis, ach níor chuir sé suím ar bith iontu. Do leanadar air chun cainnte a bhaint as. Fé dheireadh d’iompaigh sé orthu le feirg agus duairt sé, “Is mór an náire dhíbh ná leogfadh sibh dom féin inniu, agus mo chroí briste, brúite, leis an gcreach atá ar lá agam ansúd thuas!”

II.

Níorbh fhéidir do dhuine uasal cuireadh dínnéir a chur amach i ganfhios do Dhiarmuid, agus ní nách iúnadh, bheadh Diarmuid ann le línn na huaire gan teip gan dearúd gan chuireadh.

Chuir Dochtúir mac Suíbhne cuireadh amach lá. Bhuail Diarmuid soir fé dhéin tí an Dochtúra. Bhí sé tamall beag luath. Fuair Diarmuid an geata ar oscailt agus balaithe breá ar an ngaoith. Do lean sé an balaithe. Fuair sé doras an tí mhóir ar oscailt. Chuaigh sé isteach. D’fhéach sé ’na thímpall. Bhí doras ar oscailt ar a láimh dheis. Chuaigh sé isteach arís. Chonaic sé an bórd mór. Chonaic sé an mhias. Chonaic sé an chos chaoireóla. Chuir sé a lámh dheas ’na speir. Chuir sé a lámh chlé ’na húll. Chuir sé a bhéal ’na lár go cluasaibh. Do dhírigh sé ar é féin do thachtach ar a dhícheall le caoireóil. D’airigh an Dochtúir fothram éigin. D’fhéach sé amach an fhinneóg uachtarach. Chonaic sé an geata ar dianleathadh. Cheap sé gur muc a bhí tar éis teacht isteach. Siúd anuas an staighre é, agus isteach sa phárlús. Do leath a shúile air nuair a chonaic sé an rud sáite sa mhéis. Do thóg sé a chos agus do bhuail.

“Och!” arsa Diarmuid, agus é nách mór tachtaithe.

Do buaileadh arís é, ach níor scar lena ghreim. Fé dheireadh, do rugadh air agus do caitheadh ar mhullach a chínn an doras amach é, idir chos chaoireóla agus uile. D’éirigh sé agus thug sé aghaidh ar an nDochtúir agus duairt: “Faire! faire! a Dhochtúir na Smaointe, ná bíodh ceist ort! Beidh ár ndóthain araon ann!”

Ní fhéadfadh an fear bocht “Dochtúir mac Suíbhne” do rá, agus nuair a chuireadh sé chuige, is é rud a thagadh ná “Dochtúir na Smaointe”. Gheibheadh daoine magadh sa méid sin fein, agus deirtí gurbh é Diarmuid an Stoca a thug an ainm cheart ar an nDochtúir, mar gur mhó go mór an machnamh a dheineadh sé ná an leigheas a dheineadh sé.

aithne: “acquaintance”, pronounced /ahinʹi/.
arís: “again”, pronounced, /i’rʹi:ʃ/.
balaithe: “smell”, pronounced /bɑlihi/. This would be boladh in the GC. Spelt baluith in the original, but the pronunciation is given in IWM and the LS version of Ár nDóithin Araon concurs.
béile: “meal”. This word is feminine here, but masculine in the CO.
Boc na Carraige: the nickname of someone here. Boc means “buck, playboy, fellow”.
caoireóil: “mutton”. Cos chaoireóla, “leg of mutton”.
dearúd: “mistake”. Gan dearúd, “without fail”. The pronunciation of this phrase is shown in LS as /gɑn dʹarəməd/. More research required here.
Dia: “God”. Duine le Dia, “a harmless soul”.
Diarmuid an Stoca: Diarmuid of the Stocking.
dínnéar: “dinner”. Dinnéar in the CO. Pronounced /dʹi:’ŋʹe:r/.
Dochtúir mac Suíbhne: Doctor McSweeney. Suíbhne is pronounced /si:ŋʹi/.
fothram: “noise, din”, pronounced /fohərəm/.
freagra: “answer”, pronounced /frʹagərə/.
gaireacht: “closeness, nearness”. This was spelt goireacht in the original. The transcription in LS, giuracht, seems to conflate this with the word giorracht, which has a similar meaning. PUL’s Sgéalaídheachta as an mBíobla Naomhtha has an intermediate form, giorreacht.
glas: “grey”, but also “chilly”.
Magh Chromtha: Macroom, a placename the initial m of which is never lenited in WM Irish. Spelt Mághchromtha in the original, but IWM shows this placename is pronounced /mə xroumhə/.
rud: “thing”. An rud, translated in the notes that accompanied the original as “this extraordinary creature”. A note adds “the def. art. is used in Irish to give emphasis, especially in describing anything unexpected or odd”.
speir: “knuckle, hock, shin”.
tachtaim, tachtadh: “to choke”. Tu féin a thachtadh le caoireóil, “to gorge yourself on mutton”. The participle is tachtaithe here, but tachta in the CO.
taobh: “side”. Ar gach thaoibh in the original is transcribed in LS as if from ar gach uile thaobh, although the dative, while not needed in this phrase as gach uile thaobh can function as as phrase in the nominative absolute, was not incorrect.
tórramh: “wake, funeral”.
úll: “apple”, but also “the thick end of a haunch” (cf. “ball joint” in FGB).

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s