Séadna caib 26

Caibideal a Sé is Fiche.

Do ceapadh an t-am. Sula raibh muíntir an rí imithe as an áit do hínseadh dóibh go raibh an lá ceapaithe agus cad é an lá é. Nuair a chuadar abhaile d’ínseadar don rí é. Chomáin an rí teachtaire ar siúl láithreach le bronntanas fíona don chóisire agus le fáinne do Shadhbh. Dhein an teachtaire dithneas maith. Tháinig sé díreach maidean lae an phósta, agus é tar éis na seachtaine ’thabhairt ar an mbóthar, idir lá agus oíche nách mór. Bhí capall agus trucail aige agus bhí a dhóthain d’ualach ar an gcapall. Bhí ciseán sa trucail aige, ciseán breá mór a bhí déanta de shlataibh loma geala, agus é lán go barra de bhuidéalaibh fíona. Bhí, is dócha, céad dosaen buidéal ann. Mura raibh sé os a chionn ní raibh sé féna bhun. Agus bhí a ndóthain tuí stupaithe tímpall na mbuidéal san sula mbrisfí iad. Níor briseadh aon bhuidéal díobh, agus níor oscail an teachtaire aon bhuidéal díobh. Níor oscail go deimhin. Níor ghá dho é. Bhí a dhóthain mór bídh agus dí aige dá n-éaghmais. In éaghmais an chiseáin agus na mbuidéal bhí bairille mór fíona sa trucail aige. Ní raibh níos lú ná sé fichid galún fíona sa bhairille sin. Geallaim dhuit go raibh a dhóthain d’ualach ar an gcapall.

Bhí fáinne óir ag an dteachtaire do Shadhbh, fáinne a thug an rí féin uaidh le tabhairt di, fáinne a pósta. Bhí cloch uasal sa bhfáinne sin a bhí chómh mór le súil giorrae, ba dhó’ leat, agus dhéanfadh an chloch san solas duit sa doircheacht mar a dhéanfadh tine ghealáin. Nuair a chonaic Sadhbh an fáinne sin, agus an chloch, bhí sí as a meabhair nách mór le haiteas agus le mórtais agus le móráil.

“Ó! a Dhaid,” ar sise, “féach air sin!”

“Chím é, a ghamhain ó,” arsa Diarmuid. “Dá mbeinn id chás,” ar seisean, “ní hé gach éinne go dtispeáinfinn an fáinne sin do. Tá daoine sa tsaol, a Shadhbh, a ’níon ó, agus níorbh fhiú leó biorán agus anam duine seochas greim ’fháil ar a leithéid sin. Chuirfinn fé ghlas é dá mbeinn id chás.”

“Ní deirim ná go ndéanfad rud ort, a Dhaid,” ar sise. “Tá fáinní mo dhóthain agam dá éaghmais.” Agus dhein sí rud air. Chuir sí isteachin arís é sa bhosca bheag ’na raibh sé, agus dhún sí an bosca go daingean mar a bhí sé cheana, agus chuir sí fé ghlas é. Bhí fáinní a dóthain aici dá éaghmais.

Bhí an tráthnóna ag teacht. Na daoine a fuair cuireadh chun na cóisreach bhíodar ag teacht leis. Tháinig Seán Ceatach agus a iníon. Tháinig Báb an Leasa agus a muíntir. Tháinig Nóra an Tóchair agus a beirt driothár, an bheirt rínceóirí dob fheárr a bhí sa dúthaigh. B’í Nóra féin an rínceóir mná dob fheárr a bhí ann. Tháinig fear an bhramaigh, agus nuair ’fhiafraigh duine éigin de cá raibh an chuid eile dá chuid féasóige: “Do staith sí féasóg dob fheárr ná mo chuid féasóigese,” ar seisean, “agus is maith an bhail ar bheirt againn gur dhein. Mura mbeadh gur dhein bheadh an scéal go hainnis againn. Bheinnse gan mo bhramach agus bheifása gan do chuid airgid. Is mó an t-airgead a fuarais mar gheall ar an bhféasóig a staith Sadhbh ná mar a gheófá ar do chapall dá mbeadh sé anois agat.”

“Ach, ní mó,” arsan fear eile. “Ní raibh aon chapall ar an aonach an lá úd dob fheárr ná é.”

“Déarfainn go mbeadh an ceart ansan agat dá n-airínn na ceannaitheóirí dhá rá. Ach pé scéal é ba bheag an mhaith dhuitse a fheabhas mura mbeadh an gníomh a dhein Sadhbh.”

“Abair é,” arsan fear eile.

Tháinig an tíncéir mór ann, agus is é a bhí go grianach agus go gealgháiriteach, go séimh agus go súilaibidh, go hollamh agus go deisbhéalach agus go dea-labhartha. Níor bhaol don chuideachtain tocht ná dochma do theacht ar an gcómhrá agus é láithreach. Ní bhíodh sé choíche gan rud éigin le rá aige do spriocfadh suas daoine agus do bhainfeadh gáirí amach, agus do chuirfeadh daoine ag cainnt, gan aon choinne acu ná gurbh iad féin a chuímhnigh ar an gcainnt. Ach nuair a fuair sé cúpla deoch maith d’fhíon Spáinneach an rí ní raibh aon teóra leis. Rud dob fheárr ná a raibh de dhea-thréithibh eile ar fad ann, níorbh fhéidir fearg do chur air. Agus dá bhfeiceadh sé beirt i riocht titim amach le chéile, bheadh an fhearg soir siar agus bheidís ag gáirí sula mbeadh dhá fhocal cainnte déanta aige eatarthu.

Bhí Séadna ann agus é go ciúin agus go fadanálach, mar ba ghnáth leis. A bhéal dúnta agus a dhá shúil ar dianleathadh. É ag féachaint uaidh agus gur dhó’ leat gurb amhlaidh a bhíodh radharc aige ar an saol eile. ’Na shuí thuas i dteannta an tsagairt agus Sheáin Cheataigh a chaith sé an chuid ba mhó den oíche. Ní labhradh sé puínn uaidh féin, ach nuair a curtí cainnt air ní baol go leogadh sé a cheart féin le héinne.

Imbriathar go raibh Micil ann, agus máthair Mhicil.

Cáit. Ní raibh! Agus é tar éis “cairiún” a thabhairt ar Shadhbh!

Gobnait. Seachain, a Cháit. Níor thug sé cairiún uirthi. Is amhlaidh a bhí cathú air nár thug.

Cáit. Thug sé ainm ba mheasa ná é uirthi. Thug sé stiúsaí sheannda uirthi. Agus ba dhóbair go ndíoladh sé as.

Peig. Nuair a tháinig Sadhbh abhaile ón gcathair is é céad rud d’inis Pails di ná go dtagadh máthair Mhicil agus go gcaitheadh sí an oíche sa tigh go minic, ag tabhairt aire don duine bhreóite an fhaid a bhíodh an bhean fhritheáilte ag cur greas codlata dhi. Dá olcas í Sadhbh do rug san greim ar an gcroí aici. Sula raibh cuireadh fálta ag éinne d’imigh sí siar de shiúl a cos go tigh na bainntrí agus duairt sí leis an mbainntrigh go gcaithfeadh sí teacht. “Agus,” ar sise, “mura dtiocfair féin agus Micil chúinn ní bheidh aon chóisire in aon chor againn. Leogfad orm go bhfuil m’athair rólag fós. Tá sé buailte isteach im aigne, mura mbeadh tusa agus iníon Sheáin Cheataigh gur in iúir a bheadh sé inniu. Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a’ mnáibh fritheáilte. Is minic a chuir rógaire acu athiompáil ar dhuine bhreóite d’aon ghnó chun lóistín agus cóir mhaith a chimeád dóibh féin ar feadh tamaill aimsire sa mbreis. An dtiocfair?” ar sise.

“Ambasa féin tiocfad, ní nách iúnadh,” arsan bhean eile. “Cad a bhéarfadh ná tiocfainn!”

“A’ dtiocfaidh Micil?” arsa Sadhbh.

“Tiocfaidh, ná bíodh eagal ort,” arsan bhainntreach.

Chómh maith do thánadar.

Is ar Dhiarmuid a bhí an iúnadh agus an alltacht nuair a chonaic sé Micil ag déanamh críche agus Sadhbh ag órdúchán air agus ag glaoch as a ainm air. “A Mhicil, dein é seo. A Mhicil, dein é siúd. Tair anso, a Mhicil, agus árdaigh é seo im theannta,” aici, thoir, thiar, thall.

“Moladh go deó le Dia!” arsa Diarmuid, in’ aigne féin, “ní fios cad a thiocfaidh as dúinn feasta!”

Bhí cuideachta mhór ann agus má bhí féin bhí tuilleadh agus a ndóthain mór bídh agus dí ann. Dhein Sadhbh agus a hathair an gnó go neam-mion, agus go fial agus go fairseag, agus ní baol gur tugadh aon fhaillí in éinne dá raibh ann. Nuair a bhí an bórd leogaithe amach ba bhreá leat féachaint air. Bórd mór fada leathan dob eadh é, ach níor bhórd é, ach dhá bhórd agus iad curtha as a chéile. Thuas ar cheann an bhúird, ar aghaidh an tsagairt amach, bhí píosa mairteóla agus bhí sé chómh mór chómh leathan le leathbhairille. An mhias a bhí fén bpíosa feóla san ní raibh aon ní ba mhó ab iúnadh leis an dtíncéir mór ná conas a chimeádadh sí gan briseadh agus a leithéid sin d’ualach uirthi. Ar an gceann eile den bhórd, ar aghaidh an tsagairt óig amach, bhí ceathrú chaoireólach gur mó ceathrú mhairt ná beadh chómh mór léi. Ar gach taobh den bhórd, síos agus suas, bhí an uile shaghas méise agus iad ag brú ar a chéile agus an uile shaghas feóla orthu, idir bhagún, agus feóil uain, agus laoifheóil, agus lachain, agus géanna, agus meannáin gabhar, agus giorraithe, agus cearca fraoigh, agus naoscaigh, agus sicíní cearc.

Ceathrar agus daichead do shuigh chun búird in éineacht ann an chéad bhabhta. Do chómhairimh Micil iad. Agus fós is amhlaidh ab éigean don chuideachtain uanaíocht a dhéanamh ar a chéile, bhí an oiread san daoine ar an gcóisire. Fé mar ’éiríodh duine shuíodh duine eile isteach san inead ’fhágadh sé. Níor bhaol, áfach, an fear deirineach a bheith díobhálach. Nuair a bhíodar go léir sásta bhí dóthain oiread eile ’na ndiaidh.

Dá mhéid daoine a bhí ar an gcóisire sin an oíche sin, idir fhearaibh agus mná, idir óg agus aosta, bhí aon smaoineamh amháin acu go léir ’na n-aigne. Bhí an smaoineamh san go glan agus go soiléir ’na n-aigne acu. Dá fheabhas a bhí an bia agus an deoch agus dá mhéid greann agus sult a bhí os cionn an bhídh agus an dí, agus dá mhéid caitheamh aimsire agus gleó a bhí ar siúl, bhí an smaoineamh san istigh acu go léir, bíodh is nár labhair éinne acu oiread agus smiog amach as a bhéal mar gheall air, le héinne eile acu. B’é smaoineamh é ná a luíghead coinne a bhí ag éinne dá raibh láithreach, tar éis na gcleamhnaistí go léir a bhí dá ndéanamh i gcaitheamh na haimsire roimhe sin, agus tar éis na ráflaí go léir a bhí ar siúl, i dtaobh Shéadna, agus Mháire Ghearra, agus Nóra an Tóchair, agus Báb an Leasa, gurbh é Cormac an Chaíncín a bhéadh dá phósadh acu sa deireadh! Bhí a n-aigne lán de, lán de, lán de. Ach geallaim dhuit nách baol gur leog éinne amach aon bhlúire dhe.

Is ag cuímhneamh air sin a bhí Micil nuair ’iarr duine éigin scian air agus ’thug sé pláta bagúin chuige. Is ag cuímhneamh air a bhí Báb an Leasa nuair aduairt sí “nár bheag léi” agus a pláta sínte amach aici chun tuilleadh feóla d’fháil. Is ag cuímhneamh air a bhí Nóra an Tóchair nuair ’fhiafraigh duine éigin di an líonfadh sé gloine fíona chúithi agus aduairt sí “Cá bhfios dómhsa san?” i dtreó gur sceart a raibh láithreach ar gháirí. Is dócha gur ag cuímhneamh air a bhí Máire Ghearra féin nuair ’fhiafraigh sí d’fhear an bhramaigh “an mór a fuair sé ar a chapall lá an aonaigh.”

Bhí éinne amháin sa chuideachtain, áfach, nár chuímhnigh, olc maith ná donaí, ar an smaoineamh san i gcaitheamh na hoíche. B’é duine é sin ná Cormac féin. Ní raibh aon phioc dá chuímhneamh aige go raibh a leithéid sin de smaoineamh in aigne aon duine a bhí láithreach.

Bhí bacaigh agus lucht siúil ón uile thaobh den dúthaigh cruinnithe amu’ ar an mbóthar agus mórthímpall an tí, agus ní nárbh iúnadh, b’fhada gur féadadh féachaint ’na ndiaidh agus rud le n-ithe agus le n-ól a thabhairt dóibh. Bhí an smaoineamh céanna úd ’na n-aigne acu san leis. Chimeádadar istigh é go dtí go ndeigh an ríghneas i bhfaid agus gur neartaigh an t-ocras agus tart an fhíona orthu. Ansan do bhris ar an bhfoighne acu. Chromadar ar an scéal a chíoradh agus ba mhaith chuige iad. Ar ball, áfach, nuair a tháinig an bia agus an deoch, agus nuair a fuaradar go raibh an bia agus an deoch go maith agus go buacach agus go bríomhar agus go dei-bhlasta, níor leogadar orthu gur thráchtadar riamh ar an méid úd—na bithiúnaigh!

Bhí sé ag dridim amach san oíche. Bhí a ndóthain ite agus ólta ag an gcuideachtain istigh agus ag lucht na gcos mbriste agus na cúlchainnte amu’. D’fhéach an sagart ar Dhiarmuid. D’fhéach Diarmuid ar Shadhbh. D’fhéach Sadhbh ar Chormac. D’fhéach Cormac ’na thímpall. D’éirigh an chuideachta ’na seasamh. D’imigh Sadhbh amach. D’fhíll sí láithreach arís agus an clóca dearg uirthi, agus gur dhó’ leat gur choinnle ar lasadh na siogairlíní óir a bhí ar an gcába.

Ansan do chuaigh an lánú suas i láthair an tsagairt agus do pósadh iad.

Nuair a bhíodar pósta agus beannacht na hEaglaise léite orthu do rug Seán Ceatach ar phláta ghlan agus chuir sé giní óir ar an bpláta. Chuir Séadna giní ar an bpláta. Chuir Máire Ghearra giní uaithi féin air. Mar sin dóibh sa tímpall. Ní raibh éinne nár chuir suím éigin airgid air. Nuair a bhí siúlta orthu go léir tháinig Cormac agus chuir sé trí ghiní ar an bpláta. Ba mhaith an mhaise ag Sadhbh é, chuir sí trí ghiní uaithi féin air.

“Imbriathar, a Athair,” arsan tíncéir mór, “gur dó’ liom gur maith an bhail ar t’onóir nách i mBaile-’ bhfad-síos a deineadh an pósadh so.”

“Imbriathar, a Phádraig, gur dó’ liom féin leis é,” arsan sagart, “agus nách lú ná is maith an bhail ar a bhfuil anso anocht é. Agus is dó’ liom leis gurb é is lú is gann dúinn go léir, a iarraidh ar Dhia na Glóire, moladh go deó leis! saol fada fé shéan a thabhairt do Chormac agus do Shadhbh, agus más maith atáid siad anocht i ngrástaibh Dé agus an tsaeil gura seacht feárr a bheidh siad bliain ó ’nocht, agus mura feárr nára measa! Sliocht sleachta ar shliocht do shleachta, a Dhiarmuid!”

“Amen, a Thiarna!” arsan chuideachta go léir, arís agus arís eile.

An fhaid a bhí an t-“amen” san ar siúl do shleamhnaigh an lánú pósta amach. Bhí an dá chapall agus an cóiste gofa ar aghaidh an dorais amach agus an giolla thuas in’ inead féin. Chonaic na bacaigh an cóiste agus bhailíodar ’na thímpall. Nuair a bhí Cormac ag dul isteach sa chóiste chaith sé mám mionairgid i measc na mbacach. Ba dhó’ leat go mbainfidís na píopáin as a chéile a d’iarraidh teacht ar an airgead. An fhaid a bhíodar ag scríobáil agus ag brú agus ag únthairt a chéile do ghluais an cóiste. Nuair a fuair na bacaigh ag gluaiseacht é chuireadar liú fhiaigh astu. Liú árd dob eadh í. Liú chuthaigh, bhríomhar, a chuirfeadh píoparnach id chluasaibh. Ach, ón oíche sin go dtí an oíche atá anocht ann, níor féadadh a dhéanamh amach i gceart ceocu ba liú mhagaidh nú liú mholta an liú.

Ach ba mhar a chéile é. Ba chuma le Sadhbh ceoca. Ní fhéadfadh fear an bhramaigh, ná aon fhear eile, ná bean, a rá feasta gur pósadh í gan spré. Má ba liú mhagaidh an liú níor mhór léi dhóibh bheith ag liúirigh go maidin má b’aon tsásamh aigne leó é. Má ba liú mholta í b’é sin an moladh in aisce. Ní raibh de thoradh aici ar an moladh ach mar a bhí aici ar an ngaoith. I dtaobh Chormaic, níor chuímhnigh sé ar mhagadh ná ar mholadh sa scéal. Bhí sé mar ba ghnáth leis bheith, lom dáiríríbh. Do ghluais an cóiste an bóthar soir ó thuaidh agus níor fhan a thuilleadh cuímhne ag Sadhbh ná ag Cormac ar mhagadh ná ar mholadh.

Bhí Cormac sásta in’ aigne. Bhí ’ fhios aige, as an ngníomh a bhí déanta ag Sadhbh agus as an gcomaoin a bhí curtha aici ar an rí nár bhaol ná go bhfaigheadh a fear muíntearthas agus fabhar ón rí. Bhí Sadhbh sásta ’na haigne. Fé dheireadh thiar thall ba chuma léi cad iad na cleamhnaistí a brisfí ná a slánófí. “Fear stuacach dob ea é, ach má b’ea féin,” dar léi, “cad a bhí le déanamh ach a shlí féin a thabhairt do! Bheadh an donas air nú shásódh san é.” Bhí Diarmuid Liath sásta in’ aigne. Agus aige féin dob fheárr ’ fhios cad ’na thaobh. Bhí na cómharsain go léir ana-shásta ’na n-aigne. Is dócha go raibh ’ fhios cad ’na thaobh acu san leis.

Nuair a bhí Sadhbh ag imeacht thug sí na heochracha do Dhiarmuid. Ach má thug ní rómhór an t-ollmhaitheas d’fhág sí fé chimeád na nglas. Ag gabháil amach di ghlaeigh sí i leataoibh ar mháthair Mhicil.

“Bheadh sé chómh maith agatsa fanúint anso,” ar sise, “agus aire ’thabhairt don áit seo. D’fhéadfadh Micil aire ’thabhairt don tsiopa agus an leathar a dhíol. Tá an duine bocht so ró-aosta. Pé uair is toil le Dia glaoch air chun siúil ní bheidh éinne chun teacht idir thu agus seilbh an tí seo. Tá ’ fhios agam nách baol go ndéanfair éagóir ar m’athair. Pé faid a mhairfidh sé cimeádfadsa suas é. Pé airgead a dhéanfaidh díol an leathair bíodh sé agat féin agus ag Micil. An nglacfair an áit?”

“’ Dhe, glacfad dar ndóin,” arsan bhainntreach. “’Sea, a’ nglacfad! An daighe is greannúr san de! Ní hea,” ar sise, “ach tógfad an áit agus déanfad mo thigh beag féin do chur chun mná mo dhriothár. Tá sí ag fágáilt an tí ’na bhfuil sí. Agus ansan, dá ráineódh go n-oirfeadh dhuitse an tigh seo d’fháil thar n-ais féadfadsa mo thigh féin d’ fháil thar n-ais ar an gcuma gcéanna.”

“Tá go maith,” arsa Sadhbh. “Sin roinnt airgid agat a dhéanfaidh an gnó go gcuiread chút tuilleadh.”

Ar Mhicil a bhí an iúnadh ar ball nuair aduairt a mháthair leis dul siar agus a chuid éadaigh, agus a cuid éadaigh féin, a thabhairt leis aniar agus an glas a chur ar an ndoras ’na dhiaidh mar ná beidís ag dul abhaile in aon chor.

“Cad ’tá ag éirí dhuit, a mháthair?” arsa Micil, “nú cad ’na thaobh ná beimíd ag dul abhaile? Dar ndó’, ní hamhlaidh atá aon éileamh eile ar an áit. Ní fhéadfadh Cormac bheith ag teacht ag éileamh sealbha anois orainn. Measaim go bhfuil a mhalairt de chúram anois air.”

“Níl, a mhic ó,” ar sise, “aon éileamh ar an áit, ná éinne ag teacht ag lorg na sealbha orainn.” Agus d’inis sí dho an socrú a dhéin Sadhbh.

D’fhéach Micil ’na thímpall. “Agus an linn féin an tigh seo feasta?” ar seisean.

“Is ea, a mhic ó,” ar sise, “ach go gcaithfimíd aire mhaith a thabhairt do Dhiarmuid.”

D’fhéach sé ’na thímpall arís. “Is breá mór fairseag an tigh é,” ar seisean. “Is beag dá chuímhneamh a bhí agam go dtiocfainn féin agus mo mháthair chun cónaithe ann! Cad é mar athrú sa tsaol!”

“Comáin leat anois, a mhic ó,” ar sise, “agus féach i ndiaidh na ndaoine, agus ná deintear faillí in éinne, agus ná bíodh tart ná ocras ar éinne i gcaitheamh na hoíche. Beid siad go léir ag rínce láithreach agus cuirfidh an rínce tart orthu. Féach ’na ndiaidh, a Mhicil, agus bíodh an deoch agus
an bia acu sula mbeidh uain acu ar iad d’iarraidh.”

“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean.

Nóta

Gura seacht feárr a bheidh siad: “that they may be seven times better off”. PSD shows the correct idiom is seacht bhfeárr, yet devoicing of the bh after the final t of seacht would effectively negate eclipsis here. See for example seacht cathanna in PUL’s novel, Niamh. Gura is go+the present subjunctive of the copula (nára later in the sentence is the negative form of this). Bheidh siad stood so in the original, in place of the expected bheid siad.

Foclóirín

babhta: “bout, turn, round”, pronounced /bautə/.
bacach: “beggar, cripple”, with bacaigh in the plural. Pronounced /bə’kɑx, bɑkigʹ/.
bairille: “barrel”. This spelling shows a slender r, but the glossary to Myles Dillon’s Teach Yourself Irish, which is based on Cork Irish, shows a broad r in this word.
bórd: “table”, with búird in the genitive. These would be bord and boird in the CO.
bríomhar: “powerful, forceful”. In connection with food, “substantial”, and in connection with liquor, “strong, potent”.
bronntanas: “gift, present”, pronounced /brountənəs/.
buacach: “towering, lofty, luxuriant”. FdS notes that this adjectives means “nutritious” when referring to food.
buidéal: “bottle”. As with many borrowed words, éa is realised as /eː/ in this word, /bi’dʹeːl/. Interestingly, while Shán Ó Cuív’s LS version of Séadna transcribes buidéal (i.e., the nominative singular and genitive plural) as buidéal, showing the long e, the dative plural buidéalaibh is transcribed as buidiàluiv, implying /bi’dʹialivʹ/.
caoireóil: “mutton”. The genitive here is caoireólach, where the CO has caoireola. Ceathrú chaoireólach, “a quarter or leg of mutton”.
ceart: “right”. Ceart a bhaint de dhuine, “to cope with someone, deal with someone”. Ceart d’fháil ó dhuine, “to get justice from someone”. Do cheart féin a leogaint le duine, “to allow someone to get the better of you, to fail to hold your own with him”.
cíoraim, cíoradh: “to comb”, and by extension, “to thresh out, to examine minutely in discussion”.
crích: “end, fate”, or críoch in the CO. Críoch is normally found in PUL’s works only to denote the end of a book. A gclann curtha i gcrích acu, “their children married off and settled in life”. Crích an scéil, “the upshot of the story”. An crích a bheireann duine, “the fate that overtakes someone, how someone ends up”. Deanamh críche, “to make yourself useful” (see PSD’s definition of this, “being industrious”).
cuirim, cur: “to put”. Curtha as a chéile, “placed end to end”.
cúlchainnt: “backbiting”.
cuthach: “rage, fury.” The genitive of this word, cuthaigh, is used as an adjective meaning “furious, fierce”. Liú chuthaigh, “a powerful shout”.
dea-labhartha: “well-spoken, eloquent”.
dea-thréith: “good quality”.
dei-bhlasta: “savoury, palatable”, pronounced /dʹəi-vlɑstə/. Dea-bhlasta in the CO.
díobhálach: “harmful, injurious”. FdS notes that this word has the passive sense of “suffering injury, being worse off, being at a loss” only in the proverb bíonn an fear deireanach díobhálach, “the last man comes off badly”, which is alluded to in chapter 26.
dochma: “a gloomy and restrained manner; dullness”.
doircheacht: “darkness”, or dorchacht in the CO. I had thought this word was pronounced /dirʹihəxt/, but the LS transcription, doirihacht, points to /dorʹihəxt/.
donas: “misfortune, mischief”. Bheadh an donas air nú shásódh san é, possibly meaning “there would have to be something wrong with him if that didn’t satisfy him”.
dosaen: “dozen”, pronounced /də’seːn/.
dóthain: “enough, sufficiency”. A dhóthain mór, “more than enough for him”.
driotháir: “brother”, pronounced /dri’hɑ:rʹ/. This is spelt deartháir in the CO, but the original spelling was dearbh-bhráthair. The genitive singular is driothár, and this would also be used in the genitive plural after beirt (beirt driothár) in preference to the weak plural driotháracha.
eochair: “key”, with eochracha in the plural. Pronounced /oxirʹ, oxərəxə/.
fabhar: “favour”, pronounced /faur/.
fadanálach: “slow-breathing”.
fearg: “anger”, pronounced /fʹarəg/.
fial: “generous, liberal”.
fraoch: “heather”, with fraoigh in the genitive, pronounced /freːx, friːgʹ/. Cearc fhraoigh, “red grouse”.
gealán: “sudden brightness, flash or blaze of light”, sometimes referring to intensely bright sunshine. Tine ghealáin, glossed in FdS “glow-worm”; in FGB as “will-o’-the-wisp” or “summer lightning”; and in PSD as “phosphorescent light as from fish or matches in the dark” or “lightning”. Yet the authorised translation of Séadna translates tine ghealáin as “phosphorus”.
gealgháiriteach: “radiant, cheerful”, or gealgháireach in the CO. Pronounced /gʹalə-ɣɑ:rʹitʹəx/.
giní: “guinea”, or 21 shillings in the pre-decimal coinage. The CO has gine in the singular and giní in the plural, but PUL’s form accords well with PSD, who has giní and giníacha (i.e., giníocha).
giorrae: “hare”, or giorria in the CO, with the plural here giorraithe, where the CO has giorriacha. Pronounced /gʹi’re:, gʹirihi/.
glas: “lock”. Fé chimeád na nglas, “under lock and key”. Glas a chur ar an ndoras, “to lock the door”.
gnó: “business, affair”. D’aon ghnó, “on purpose”.
grásta: “grace”. This word is normally used in what is the historic plural form, grásta (PSD shows grás as the original singular).
greann: “fun, pleasantry”.
grianach: “sunny”, used here to refer to someone’s disposition.
iúir: “soil, earth”. San iúir, “dead, in the grave”. This word is úir in the CO, but the original spelling iúir is retained, as CFBB shows that san iúir is pronounced /sinʹ uːrʹ/. Consequently, there is a good reason to have the initial i in this word.
lacha: “duck”, with lachain in the plural here. PUL’s An Guaire had lachainí in the plural.
laoifheóil: “veal” or laofheoil in the CO. Pronounced /liː’oːlʹ/ according to the LS edition of Séadna, but I would like to research this further, as the classical spelling is laoigh-fheoil, and PSD states that a slender g is heard in this word in Munster, i.e. /liː’gʹoːlʹ/, which would justify a spelling of laoigeóil.
mairteóil: “beef”.
maise: “goodness; goodness”. Ba mhaith an mhaise ag Sadhbh é, “Sadhbh did well by doing so, good for her that she did so”.
mart: “slaughtered cow, carcass of beef”. Ceathrú mhairt, “a quarter or leg of beef”.
meannán: “kid, young goat.” Also meannán gabhair.
mionairgead: “small change”, pronounced /mʹun-arʹigʹəd/.
mórtais: “pride, boastfulness”, or mórtas in the CO.
muíntearthas: “friendliness”, or muintearas in the CO.
naoscach: “snipe”, a type of wading bird, with naoscaigh in the plural where the CO has naoscacha. The entry in FdS says that this is feminine, as in the CO, which raises questions over why the plural is naoscaigh. It may be that this word can be masculine in WM Irish, particularly as PSD shows that this word can be masculine. More research required here.
neam-mion: “unstinting, lavish; not by halves”. This would be neamh-mhion in the CO, but the coincidence of labials causes delenition in WM Irish, with the pronunciation being /nʹa-mʹun/.
órdúchán: “an act of ordering about”. Ag órdúchán ar dhuine, “ordering someone about”.
píopán: “windpipe, throat”, or píobán in the CO.
píoparnach: “piping, wheezing; the ringing of a harsh sound”. Liú chuirfeadh píoparnach id chluasaibh, “a shout that would make your ears ring”.
scríobáil: “an act of scratching, clawing”. This is used as a verbal noun here, but seems to be a more sustained act of scratching and clawing than scríobadh, the general verbal noun of scríobaim.
sicín: “chicken”, also sicín circe.
siúl: “walking”. De shiúl a cos, “walking, on foot”. Lucht siúil, “tramps”.
slánaím, slánú: “to make whole, heal, save”. Cleamhnas a shlánú, “to mend a wedding match”.
sliocht: “offspring, progeny”. Sliocht sleachta, “offspring of offspring, grandchildren”. Sliocht sleachta ar shliocht do shleachta!, “may your granchildren have grandchildren, may your progeny continue”.
soir siar: “over, dispersed”.
stupaim, stupadh: “to stop; stop up, stuff up with something”, or stopaim, stopadh in the CO. Stupaithe le tuí, “stuffed with straw”. CFBB shows the pronunciation of these forms is with /u/, /stupimʹ, stupə, stupihi/.
súilaibidh: “bright-eyed, keen-eyed”, or súilaibí in the CO.
tispeáinim/tispeánaim, tispeáint: “to show”, or taispeáinim, taispeáint in the CO. The n is shown slender in chapter 26 (go dtaisbeáinfinn, edited here as go dtispeáinfinn), whereas chapter 12 had taisbeánfadh,edited here as tispeánfadh.
tocht: “silence”.
toradh: “product, fruit, yield”, and by extension, “fruitful regard, heed, attention, respect”. Ní raibh de thoradh aici air, “she paid no attention to it”.
uanaíocht: “taking of turns”, or uainíocht in the CO.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s