Séadna, caib. 25

Caibideal a Cúig is Fiche.

Um an dtaca san bhí muíntir an rí tar éis túirleacan dá gcapaillibh ar pháirc an aonaigh. D’éaghmais na gcapall a bhí acu féin chun marcaíochta, bhí tréad mór eile capall acu dá dtiomáint, agus giollaí ’na mbun. B’in iad na capaill a bhí le tabhairt tar n-ais do na daoinibh gur ceannaíodh uathu iad an lá úd an aonaigh, agus gur tugadh an t-airgead bréagach dóibh astu in ainm an rí. Bhí muíntir na sráide bailithe ar an gclaí, mórthímpall na páirce, agus bolgshúilí orthu, ag féachaint ar fhearaibh an rí, agus ar na clócaíbh síoda, agus ar na caipíníbh cogaidh, agus ar na claímhtibh móra fada a bhí acu, agus ar na claímhtibh beaga, agus ar na gathannaibh breátha sleamhaine fada a bhí ’na seasamh in áirde, agus ar na ribíníbh a bhí astu thuas ag rínce leis an ngaoith. Ach níor leog fir an rí orthu gurbh aon iúnadh leó aon ní dá raibh ann. Níor dheineadar aon iúnadh díobh féin ná d’éinne eile.

Bhí muíntir na tuatha ag teacht, ’na nduine ’s ’na nduine, mar do cuireadh scéala chúthu sa tímpall, éinne gur ceannaíodh capall uaidh don rí agus gur tugadh airgead bréagach do mar dhíolaíocht ann, ná raibh aige ach teacht go dtí páirc an aonaigh an lá san agus go raibh a chapall le fáil aige, dá n-aithníodh sé é, ach go ndéanfadh duine creidiúnach éigin urrús air.

Thánadar go léir. Níor bhaol go dtiocfadh éinne agus go leogfadh sé air capall a bheith imithe uaidh. Bhí aithne rómhaith acu go léir ar a chéile. D’aithneófí an cleas san láithreach. Go mór mór, ní fhéadfadh duine den tsórd san fear ’fháil a dhéanfadh an t-urrús air. Tháinig fear an bhramaigh, agus tháinig Seán Ceatach ag déanamh an urrúis air. Bhí sé nách mór ar an gcéad duine a fuair a chuid. Sular tugadh a chapall féin d’éinne do deineadh socrú áirithe. Do hórdaíodh gan éinne den mhuíntir ’na mbeadh a gcapaill fálta acu d’imeacht ón bpáirc go dtí go mbeadh an capall déanach tabhartha amach agus an fear déanach sásta. Is é cúis gur deineadh an t-órdú san ná le heagla go ndéanfí aon dearúd i roinnt na gcapall agus, chun an dearúid do leigheas, nárbh fholáir na capaill go léir agus na héilteóirí go léir a bheith ar aon láthair.

Bhí daoine creidiúnacha a ndóthain ag na héilteóiríbh chun na n-urrús a dhéanamh. Bhí an sagart ann agus urrús aige dá dhéanamh ar mhórsheisear in éineacht. Bhí Cormac ann, mar bhí an sagart imithe ón dtigh roimis agus do lean sé é. Bhí Diarmuid ann, mar ní bheadh Sadhbh sásta gan é ’theacht amach go bhfeicfeadh sé muíntir an rí agus áilleacht a n-órnáidí agus méid a ngradaim. Bhí Séadna ann mar bhí an uile dhuine de sna héilteóiríbh dhá iarraidh air an t-urrús a dhéanamh air féin, peoca ’bhí urrús déanta ar dhuine eile aige nú ná raibh.

Do glaodh na héilteóirí agus na hurraí suas i láthair an chínn airm. Bhí fear an bhramaigh ar tosach. Chonaic sé an bramach, i bhfad sular glaodh air, agus d’aithin sé é. Chonaic fear eile leis an bramach agus cheap sé gur leis féin é. Nuair a glaodh ar éilteóir an bhramaigh phreab an bheirt éilteóirí suas.

“Is liomsa é,” arsa duine acu.

“Ní leat ach liomsa,” arsan fear eile.

D’fhéach an ceann airm ar na hurraíbh. Ní fheidir éinne cad ba cheart a dhéanamh. Do labhair Séadna.

“Beirtear an bramach amach i lár na páirce,” ar seisean. “Téadh duine den bheirt éilteóirí seo go dtí taobh den pháirc agus an duine eile go dtí an taobh eile. Scaoiltear ansan den bhramach agus glaeidís araon air. Is é mo thuairim go dtiocfaidh an bramach ag triall ar an éilteoir dleathach.”

Do deineadh mar sin. Chómh luath agus ’fuair an bramach cead a chínn do rith sé anonn ag triall ar an bhfear a chothaigh é.

Ba gheárr go raibh na capaill rannta, ach más ea bhí daoine fós ann a bhí in éaghmais a gcapall féin. Níor fhéad an lucht cuardaigh teacht suas leis na capaillibh go léir. Na daoine a bhí in éaghmais a gcoda bhíodar go dúbhach agus go dobrónach, agus is é aduairt gach éinne ná gur chruaidh an cás é má bheadh thiar orthu an tarna lá chómh maith agus ’bhí thiar orthu an chéad lá. Bhí gach éinne ag déanamh trua dhóibh, agus bhí gach éinne ag cur ’s ag cúiteamh féachaint conas ba cheart an cás ’na rabhadar do thabhairt arís os cómhair an rí. Do thuig an uile dhuine, dá mbeadh fios an scéil i gceart ag an rí, go ndéanfadh sé rud éigin dóibh.

Ansan is ea aduairt fear cínn riain an airm go raibh órdú aige féin ón rí, éinne ná beadh a chapall ann le tabhairt do, fiacha an chapaill a thabhairt do. “Ach,” ar seisean, “conas a déanfar amach fiacha an chapaill agus gan an capall ann!”

Do stad an uile dhuine. Ní fheidir éinne conas ’fhéadfí fiacha an chapaill a dhéanamh amach agus gan an capall ann. Ní bheadh aon chiall le breithiúntas an éilteóra do ghlacadh ar fhiacha a chapaill féin. Ní lú ná ’bheadh aon chiall le cothrom an airgid bhréagaigh do thabhairt, in airgead dílis, do gach éilteóir ná raibh a chapall ann le tabhairt do. Cad a bhí le déanamh? Bhí an scéal ag dul sa mhuileann orthu go léir. Na héilteóirí ag lorg a gcirt go dána fé mar ’órdaigh an rí dóibh é. Fear cínn riain an airm i gcruachás, ná feidir sé an mór ba cheart a thabhairt do gach éilteóir. Agus gan éinne ábalta ar aon tuairim a thabhairt fé luacht dleathach na gcapall a bhí gan fáil.

Do labhair Séadna arís.

“Deintear an scéal do shocrú ar an gcuma so,” ar seisean. “Tugtar anso amach os ár gcómhair an capall is feárr agus an capall is measa ar na capaill seo a roinneadh anois. Curtar meas ó bheirt mholtóirí ar cad is fiú gach capall den dá chapall san. Ansan curtar an luacht mór agus an luacht beag le chéile agus deintear dhá leath den iomláine. Tugtar oiread airgid agus ’bheidh i leath na hiomláine sin do gach duine ná fuil a chapall féin ann le tabhairt do. Leis an socrú san b’fhéidir go mbeidh duine a gheóbhaidh beagán níos mó ná a cheart agus duine a gheóbhaidh beagán níos lú ná a cheart, ach ní mheasaim gur féidir aon tsocrú eile ’dhéanamh a thiocfaidh níos giorra don cheart.”

Do liúdar na daoine go léir agus bhuaileadar a mbasa.

“Sin í an chainnt! Sin í an chainnt!” ar siad. “Sin é an moladh ceart!”

D’fhéach an ceann airm ar Shéadna.

“Airiú,” ar seisean, “ní gréasaí atá againn ionatsa ach breitheamh!”

Do socraíodh an scéal ar an gcuma san agus bhí gach éinne sásta.

Dá mhéid dúil a bhí ag na daoine radharc ’ fháil ar fhearaibh an rí agus ar a n-arm agus ar a n-éide agus ar a ngléas agus ar a ngradam, ba mhó ná san an dúil a bhí ag muíntir an rí radharc maith ’fháil ar Shéadna, mar níor stad béal Chormaic an fhaid a bhí sé sa chathair ach ag trácht ar Shéadna agus ag déanamh iúnadh dhe agus dhá mhaíomh ná raibh a leithéid eile in Éirinn le doimhneas aigne agus le géire íntleachta agus le faidearaí, agus le luas gnímh nuair a bheadh an gníomh le déanamh.

An chéad fhéachaint a fuaradar air, agus é ag teacht isteach sa pháirc i dteannta na ndaoine a thug leó é chun an urrúis a dhéanamh, is amhlaidh a tháinig iarracht de sheirithean orthu. “Ach!” ar siad, “Más é sin é!” Ní raibh ann, dar leó, ach gréasaí mar aon ghréasaí, agus ní raibh i gcainnt Chormaic ach gaoith. Ach nuair ’ airíodar an socrú a dhein sé i dtaobh na gcapall do leath a súile orthu, agus tháinig iúnadh a gcroí orthu a rá nár chuímhnigh éinne acu féin ar an slí sin chun an scéil a shocrú.

Nuair a bhí an scéal socair agus gach éinne sásta agus muíntir an rí ag cuímhneamh ar chasadh abhaile, tháinig an ceann airm ag triall ar Shéadna agus ghlaeigh sé i leataoibh air.

“A leithéid seo, a Shéadna,” ar seisean. “Ag fágáilt an bhaile dhom thug an rí foláramh dom tusa do dhul liom síos nuair a bheinn ag filleadh, mar gur airigh sé tuairisc mhór ort agus gur mhaith leis fear ded cháil a bheith in aice leis thíos aige.”

“Abair leis an rí, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna, “gur neamhní liomsa saibhreas saolta agus gur cuma liom beó nú marbh me féin, seochas toil mo rí do chómhlíonadh; gur suarach le rá iad mo dhea-thréithe agus gur beag é m’eólas, ach pé beag mór é mo dhícheall go ndéanfad é ’na sheirbhís. Iarr ar a shoíllse suím beag aimsire ’ thabhairt dom chun an méid cúraim atá ar mo láimh anso do chur i dtreó agus a chur díom.”

“Cad é an méid aimsire a bheadh uait?” arsan ceann airm.

“Bliain agus ráithe, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna.

“Tá go maith,” arsan ceann airm.

Is é cúis ’na nduairt Séadna, “bliain agus ráithe”, mar ní raibh an uair sin gan caitheamh de na trí bliana déag ach bliain agus ráithe.

Síle. Ach, Dia linn! An fear bocht! Cad é an mhaith do a shaol! Airiú, nár gheárr an mhoíll ar an aimsir imeacht.

Gobnait. ’Sea, agus gur dhó’ le duine i dtosach na haimsire nárbh fhios cathain a bheadh sí caite.

Nóra. Agus féach, duairt a máthair ná beadh Peig trí bliana déag go Bealltaine.

Cáit. Cathain aduairt sí é sin?

Nóra. Nách cuímhin leat an oíche úd a tháinig an scannradh ar Shíle agus gur ritheamair go léir? Ní rabhas-sa imithe amach ar fad agus d’airíos an méid sin. “Agus gan tu ach trí bliana déag chun na Bealltaine,” ar sise.

Peig. Pé fada gairid iad na blianta bhíodar imithe ach amháin bliain agus ráithe, agus bhí an méid sin féin ag imeacht go tiubh.

Cáit. Ní fheadar ’en tsaol conas ’fhéadadh sé an oíche a chodladh, ná aon bhlúire bídh a chaitheamh. Ba dhó’ liom dá mbeinn ’na chás go maródh sé me bheith ag cuímhneamh ar an lá a bhí ag teacht. Ní fheadar ó thalamh an domhain conas ’fhéad sé an scéal a ghlacadh chómh bog.

Peig. Ba bheag seachtain ná tugadh sé cuaird anonn go tigh an tsagairt, agus an lá a théadh sé anonn thugadh sé féin agus an sagart tamall mór i bhfochair a chéile.

Gobnait. Dar ndóin, níor thug sé a rún don tsagart.

Peig. Ní raibh an rún tabhartha aige dho an lá a bhí sé ag cainnt leis i dtaobh an chleamhnais úd Mháire Ghearra, agus níor thug sé dho an lá san é, ach ní fheadarsa ceoca ’thug sé dho ’na dhiaidh san é nú nár thug.

Nóra. Dar ndó’, ní fhéadfadh sé é ’thabhairt do.

Cáit. ’ Gcloistí uirthi! Dar ndó’, níl sé ceangailte ar dhuine rún a chimeád ó shagart.

Peig. Níl sé ceangailte ar dhuine rún a chimeád ó shagart nuair a bheadh faoistin aige dá dhéanamh leis an sagart, ach d’fhéadfadh sé bheith ceangailte air gan an rún a thabhairt do lasmu’ den fhaoistin.

Nóra. Ó, tuigim. Agus nuair a gheóbhadh an sagart an rún sa bhfaoisdin bheadh sé ceangailte ar an sagart féin an rún do chimeád agus gan scéith air.

Peig. Bheadh go díreach, fé mar atá ceangailte ar an sagart rún na bpeacaí a hínstear dho a chimeád.

Ach ar aon chuma bhíodh Séadna thall go minic ag cainnt leis an sagart agus chaithidís a lán den lá i bhfochair a chéile. Chítí Séadna go minic ag dul chun Comaoine, agus bhíodh áthas ar na daoine dá bhárr san, go mór mór toisc ainm an mhíchreidimh a bheith air i dtosach bára. Ar dtúis chítí ag dul chun Comaoine dhá uair sa mbliain é, um Cháisc agus um Nollaig, ansan uair sa ráithe, agus i ndeireadh bára chítí ag dul chun Comaoine é gach aon chéad Domhnach den mhí.

Bhí sé féin agus an sagart ar pháirc an aonaigh ag cainnt le chéile tar éis na gcapall a bheith rannta. Tháinig fear cínn riain an airm chúthu, ag fágáil slán ag an sagart, agus cé ’bhuailfeadh chúthu, san am gcéanna díreach, ach Cormac.

“’Sea, a Athair,” arsa Cormac, “ó tá an méid sin gnótha déanta agus gach éinne sásta, b’fhéidir nár mhiste dhúinn iarracht a thabhairt ar ghnó bheag eile ’dhéanamh. Ná himigh, a Shéadna,” ar seisean, “ná thusa, a dhuin’ uasail,” ar seisean leis an gceann airm. “Dheineabhair araon an gnó eile úd chómh maith ní miste liomsa sibh araon a bheith i láthair mo gnóthasa anois.”

“Mura mbeadh Séadna bhí sé thiar orainn sa ghnó ó chiainibh,” arsan ceann airm. “Níl uaimse anois ach slán ’fhágáilt ag úr sagart agus agaibh go léir sula dtugad aghaidh ar Bhaile-’ bhfad-síos. Ach pé gnó é seo eile atá agatsa le déanamh, a Chormaic, más maith leat go ndéanfainnse ríghneas beag mar gheall air, déanfad é agus fáilte. Tá súil agam go bhfuil t’aignese sásta, a Athair, le gnó an lae,” ar seisean leis an sagart.

“Ana-shásta, a dhuine uasail,” arsan sagart. “Tabhair mo dhea-mhéinn agus mo chion go dílis agus go dúthrachtach do shoíllse an rí, nuair a bheidh cainnt agat leis, agus abair leis ná féadfainn a ínsint dá shoíllse méid an bhaochais atá agam, agus againn go léir, air, mar gheall ar an ngníomh atá déanta aige ar na daoine bochta so a chaill a gcuid. Abair lena shoíllse gur fada a bheidh cuímhne ag muíntir na háite seo ar an ngníomh uasal san, agus má thagann feidhm ’nar ghá cúnamh uainn–nár leogaidh Dia go dtiocfaidh–ach má thagann, abair leis ná fuil fear sa dúthaigh seo ná himreóidh a anam go fonnmhar ar son an rí.”

“Tá ’fhios ag an nduin’ uasal so, a Athair,” arsa Cormac, “gur minic aduartsa féin an chainnt sin leis, ón lá ’ thug an rí órdú uaidh na capaill seo do sholáthar agus do thabhairt thar n-ais do na daoine bochta so.”

“Dúraís go deimhin, a Chormaic,” arsan ceann airm. “Dúraís chómh minic sin é, ní baol go ndearúdfar é. Ach ní healaí dhúinn do ghnósa féin a dhearúd. Cad é an gnó é seo atá agat féin le déanamh, a Chormaic? Tá súil agam ná cuirfidh sé sinn i bpúnc chómh cruaidh leis an bpúnc ’na rabhamair ó chiainibh go dtí gur réitigh Séadna sinn as.”

“Sin í an chainnt, a Chormaic,” arsan sagart. “Cad é an gnó é seo atá le déanamh agat?”

“Bhíos thall ag an dtigh, a Athair, chun labhartha leat ’na thaobh, ach bhís imithe rómham. Dúradh liom go rabhais tagaithe anso agus do leanas t’onóir.”

“Tá go maith,” arsan sagart. “Táimíd go léir anso anois. Cad ’tá uait, a Chormaic?”

“Tá so, a Athair,” arsa Cormac, “go n-oireann dom athrú beag a dhéanamh ar mo shlí bheatha.”

“Athrú ar do shlí bheatha!” arsan sagart, agus iúnadh a chroí air mar dhea. “Ní dócha, a Chormaic, gurb í an bháillíocht a cheapfá a chaitheamh uait!”

“A dhe mhuise, a Athair,” arsa Cormac, “is dó’ liom gur beag dá mhearathall atá ort nách í an bháillíocht a mheasfainn a chaitheamh uaim, ní nách iúnadh; ach an dúil a bheith riamh ageat onóir sa tsult, agus nách foláir leat anois pas beag magaidh a dhéanamh fúmsa, ó b’annamh liom an chaoi ’thabhairt dot onóir chuige.”

“Go deimhin agus go dearfa, a Chormaic,” arsan sagart, agus é ag gáirí, “ní cúrsaí magaidh ná suilt ar fad an scéal. ‘Athrú beag’, a thugann tú air, Is dó’ liomsa gur b’é rud é ná athrú ana-mhór. Ach bíodh sé beag nú mór, tá aon ní amháin deimhnitheach. Más mar chabhair agus mar chúnamh dá fear a ceapadh an bhean, ní dó’ liom go mbeidh an fear eile sin le fáil is mó go mbeidh a bhean ’na cabhair agus ’na cúnamh aige ná mar a bheidh sí agatsa nuair a bheidh Sadhbh pósta agat.”

“Mhuise, t’r ’om do lámh bheannuighthe, a Athair!” arsa Cormac. “Ag magadh nú dáiríríbh duit is maith í do chainnt, agus is maith an sás fírinne ’dh’ ínsint thu. Agus cathain a bheidh sé caothúil dot onóir teacht agus an ceangal a chur orainn?”

“Pé am is feárr a thiocfaidh isteach led chaothúlacht féin, a Chormaic,” arsan sagart.

Placename

Baile-’ bhfad-síos: this placename is translated in the authorised translation of Séadna as ‘City-far-away’. It seems a generic Irish placename, almost a poking of gentle fun at some of more curious Irish placenames.

Foclóirín

annamh: “seldom”. Is annamh liom (rud a dhéanamh), “I seldom do something”.
báillíocht: “office of bailiff”.
bolgshúil: “a bulging eye”, pronounced /boləg-hu:lʹ/. Bolgshúilí orthu, “staring intently”. FdS indicates that bolgshúilí is the plural of bolgshúil. Súile is the plural of súil, and I had expected bolgshúilí to be the abstract noun meaning “the state of someone’s eyes bulging”.
breithiúntas: “judgement”, or breithiúnas in the CO.
caothúil: “convenient”, or caoithiúil in the CO, pronounced /ke:’hu:lʹ/.
caothúlacht: “convenience”, or caoithiúlacht in the CO, pronounced /ke:’hu:ləxt/.
cion: “affection”.
claíomh: “sword”, with claímhte in the plural. Pronounced /kliːv, kliːtʹi/. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna transcribes claímhtibh as cluitiv, as if there is no long vowel in the first syllable.
dea-mhéinn: “goodwill”, or dea-mhéin in the CO. Pronounced /dʹa-vʹe:ŋʹ/.
dílis: “faithful, proper”. Airgead dílis, “genuine money”. Go dílis, sincerely.
doimhneas: “depth”, pronounced /deŋʹəs/. Doimhneas aigne, “mental depth”.
dúbhach: “gloomy, sorrowful, melancholy”, pronounced /duːx/.
ealaí: “art, skill”. healaí dhúinn, “it is not fitting for us, it does not behove us, it won’t do for us (to do something)”. Ealaí occurs in the CO as ealaín, which is historically the dative.
éilteóir: “claimant, claimer”, or éilitheoir in the CO. Pronounced /e:lʹ’ho:rʹ/.
fadaradhnach: “long-suffering, patient”, or fadaraíonach in the CO. The pronunciation given in IWM is /fɑdɑ’riːnəx/, but Brian Ó Cuív also says that some speakers have /fɑdɑ’rəinəx/, and so in the absence of any direct knowledge of PUL’s pronunciation the original spelling is retained here.
faidearaí: “long-suffering”, but also “foresight, deliberateness of action”, or fadaraí in the CO. PUL’s spelling (faidearadha) implies a pronunciation /fadʹa’ri:/, but /fɑdɑ’ri:/ is also found in WM Irish. The quality of the d is problematic, because fadaradhnach, the cognate adjective, occurs elsewhere in Séadna. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna concurs in a pronunciation faideary. FdS gives fadaradha as a variant. PSD states this word is pronounced fadaraighe.
fáilte: “welcome”, pronounced /fɑːlʹhi/. Déanfad é agus fáilte, “I will gladly do it”.
faoistin: “confession”.
feidhm: “force, effect”, but also “need, emergency”. Pronounced /fʹəimʹ/.
ga: “spear”, with gathanna in the plural. This is one of a number of words where an h may be heard in certain contexts: /gɑ(h), gɑhənə/. Gathanna sleamhaine, “smooth spears”.
gaoth: “wind”, with gaoithe in the genitive and gaoith in the dative. Pronounced /geːh, giːhi, giːh/. Gaoith is also sometimes found in the nominative, with one instance in chapter 25 here: ní raibh i gcainnt Chormaic ach gaoith, “there was nothing but nonsense in what Cormac had been saying”. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna transcribes this gaoith as gäh.
glaeim, glaoch: “to call, cry out”, or glaoim, glaoch in the CO. This verb was originally spelt glaodhaim, glaodhach, and so the spelling changes in the middle of the twentieth century have led to forms such as glaoim that are suboptimal for Cork Irish, as aoi would be pronounced /iː/. As the pronunciation is /gleːmʹ, gleːx/, ae is used in the editing here wherever a form is found that is poorly spelt in Standardised Irish, e.g. glaoidís is edited as glaeidís here. Glaoch ar dhuine, “to call to someone”.
gléas: “arrangement, accessories, trappings”. In chapter 25 (radharc fháil ar fhearaibh an rí agus ar a n-arm agus ar a n-éide agus ar a ngléas agus ar a ngradam), gléas is translated in the authorised translation of Séadna as “martial order”. The noun is pronounced /glʹias/.
gradam: “glory”. Méid a ngradaim is translated in the authorised translation of Séadna as “their imposing appearance”.
luacht: “value”. The CO form, luach, is also found here.
míchreideamh: “unbelief, lack of faith”.
moltóir: “adjudicator, arbitrator”.
pas: “a bit”. Pas beag, “a little bit”.
peaca: “sin”.
ráithe: “a season; a quarter, three months”, pronounced /rɑːhə/.
réitím, réiteach: “to solve”. Réiteach le duine, “to agree to what someone proposes”. Do réitigh Séadna sinn as, “Séadna extricated us from it, got us out of it”.
ríghneas: “slowness”. Ríghneas beag, “a little delay”. Pronounced /riːnʹəs/.
roinnim, roinnt: “to share, divide”. Roinnt na gcapall, “the dividing up/apportionment of the horses”. Pronounced /rəiŋʹimʹ, rəintʹ/. Note the past participle is rannta, /rauntə/, where the CO and PSD have roinnte. This might support a global change in the editing process here to spell roinnim and roinnt as rainnim and rainnt, or rannta can be seen as simply irregular. The verb was variously spelt roinn- and rainn- in the original text, wtih roinnt found as rain(n)t. Interestingly, Liam Mac Mathúna’s edition of Séadna transcribes rannta as roinnte, a word not found in the original text of Séadna.
saibhreas: “wealth”. pronounced /sevʹirʹəs/.
sás: “means; the very person to do something”. Is maith an sás fírinne dh’ínsint thu, “you are just the person to tell the truth”.
seirbhís: “service”, pronounced /ʃerʹi’vʹiːʃ/.
soíllse: “brightness, effulgence”. Soíllse an rí, “His Majesty, His Excellency the King”. A shoíllse, His Excellency. Soíllse is also the plural of solas, “light”.
suarach: “paltry, insignificant”. Suarach le rá, “no big deal, nothing to speak of”.
thiar: “behind; to the west”. An lá a bhí sé thiar, “the day he came over” (cf. PSD, where thiar is glossed as “over at the house, if the direction is west”). Thiar air, “behind hand, set back, disappointed”: mura mbeadh Séadna bhí sé thiar orainn sa ghnó, “if it had not been for Séadna, we would have failed in the job”. Also found impersonally: bhí thiar orthu, “they were left in the lurch, left disappointed, they lost out”.
trua: “pity”. Trua dhéanamh do dhuine, “to express pity for someone”.
tuaith: “the countryside; rural district.” Note the genitive here is given as tuatha, where the CO has tuaithe. Either spelling would yield the pronunciation /tuəhə/, but Dinneen’s dictionary shows that PUL’s spelling was accepted. Muíntir na tuatha, “the country people”.
urra: “warranty, security”, and in particular the person who provides a security or guarantee for another person, with urraí in the plural.
urrús: “security, guarantee”.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s