Séadna caib. 24.

Caibideal a Ceathair is Fiche.

Fé cheann seachtaine bhí árdghleó sa tsráid bheag. Thánadar lucht airm an rí agus an fear cínn riain os a gcionn, agus iad ar a gcapaillibh, agus clóca síoda ar gach fear díobh. Claíomh gach fir ar sileadh síos le maoitheán a chapaill, agus sleá bhreá fhada ’na seasamh in áirde i láimh gach fir, agus fir agus mná agus aos óg na sráide ag brú ar a chéile a d’iarraidh radharc ’ fháil orthu.

Bhí Sadhbh in éineacht leó agus Cormac, agus iad istigh i gcóiste bhreá, agus dhá chapall de chapaillibh an rí ag tarrac an chóiste. Bhí clóca dearg ar Shadhbh, clóca ba dheirge go mór, agus ba bhreátha, ná an clóca a bhí uirthi an lá úd an aonaigh. An clóca dubh úd a bhí uirthi an mhaidean a chonaic Pails ag imeacht í, is dócha go raibh sé i bhfolach aici. Bhí slabhra óir ar a muineál, agus é chómh trom chómh téagartha, ba dhó’ leat, le réitheach trucaile. Bhí fáinní móra óir ar a méireannaibh agus búclaí óir ’na brógaibh. Ní caipín a bhí ar an gclóca ach cába, agus mórthímpall le fabhra an chába, agus ag luí anuas ar a slinneánaibh, bhí sraith de shiogairlíníbh óir go raibh órlach go leith ar faid i ngach siogairlín acu, agus iad ag crith agus ag taithneamh agus ag spréacharnaigh fé sholas na gréine le gach cor dá gcuireadh an cóiste dhe. I mbrollach an chlóca, féna bráid, bhí cnaipe óir a bhí chómh mór le píosa coróinneach. Síos lasmu’ le himeall an chlóca agus mórthímpall leis an íochtar aige, bhí fabhra d’éadach snáth óir a bhí dhá órlach go maith ar leithead, agus é go greanta agus go solasmhar, gur dhó’ leat gur shíog lasrach é nuair a suaití é fén ngréin. An fúnsa óir úd a bhí ar cheann Shíogaí nuair a bhí an ghruaig liath air, bhí sé ar a ceann aici ag cimeád a gruaige.

Bhí Cormac ansúd lena hais sa chóiste ’na shuí. Ní raibh aon órnáidí air, áfach, ach mar a bhí sé riamh. B’é an báille céanna é. Bhí an pus mórchúiseach céanna air, agus na pluic, agus an muineál ramhar, agus an chneadach, díreach fé mar a bhí air an lá úd a tháinig sé ag éileamh na sealbha ar an mbainntrigh. Má bhí aon athrú ann, sa chneadach is ea ’bhí an t-athrú. Bhí sí sin air níos géire ná mar ba ghnáth leis.

Do stad an cóiste ar aghaidh tí Dhiarmuda Léith amach. Bhí Diarmuid ’na sheasamh idir dhá lí an dorais agus a ghuala leis an ursain aige. Do léim Sadhbh amach as an gcóiste agus siúd chuige anonn í.

“Ó!” ar sise, “airiú cad d’imigh ort ó shin!” ag cur a dhá láimh tímpall a mhuiníl agus ag tabhairt cúpla póg do. “Airiú, a dhaid,” ar sise, “níl spide fí ort! Cad d’imigh ort in aon chor!”

“Tháinig taom beag slaodáin orm, a ghamhain,” ar seisean, “agus is dó’ liom go ndeigh sé in achrann ionam níos mó ná mar a cheapas a raghadh sé.”

“Taom beag slaodáin!” ar sise. “Tháinig drochbhreóiteacht éigin ort, agus mura mbeadh go dtáinig ní bheadh an driuch san ort. Féach!” ar sise, “tá an t-éadach ’na mhálaibh tímpall ort! Cad d’imigh air, a Phails?” ar sise leis an seanamhnaoi.

“Tá sé tar éis éagruais a chur de, slán beó mar a n-ínstear é!” arsa Pails, go ríghin.

“Éagruas!” arsa Sadhbh, “go saoraidh Dia na glóire sinn! Airiú cad é mar shaghas duine thu, nú cad é an donas a bhí ag gabháil duit agus a rá gur imís agus gur chuiris an bhreóiteacht san ort féin gan ghá gan riachtanas! Is éachtach an obair a rá ná féadfadh duine imeacht ón mbaile ar feadh beagán aimsire agus tu ’fhágáil i bhfeighil na háite gan tu ’dhul ag cur éagruais ort féin led chuid buartha agus díth céille. Féach an driuch atá anois ort!” Agus leis sin do chrom sí ar ghol.

Bhuail Cormac isteach ’na diaidh.

“Dar fia, a Dhiarmuid,” ar seisean, “ach do chuais as go maith. Chuais as go dianmhaith, deirim leat é. Ní raibh aon drochiontaoibh agam asat ná aon drochamhras agam ort, ach ’na thaobh san is uile níor mheasas go dtiocfá uaidh chómh maith. Ní foláir nú tá an croí go folláin agus go láidir agat agus a rá go bhfuilir chómh curanta tar éis ar chuiris díot.”

“Ní fheadraís a leath, a Chormaic,” arsa Diarmuid. “Do bhuail bean chúm isteach anso tá suím laethanta ó shin ann, agus ní fheacaís riamh ach an phreab a bhain sí asam. Níor baineadh a leithéid de gheit asam ón lá a rugadh me, agus oíche an aonaigh féin a chur leis. Is beag ná go nduairt sí suas lem béal gur maraíodh Sadhbh ar an mbóthar, lastuaidh i mball éigin, agus go bhfeacaigh sí marbh í. Mura mbeadh gur tháinig an sagart isteach agus gur áitimh sé orm ná raibh aon bhrí lena cainnt is dócha go n-éireódh mo chroí orm.”

“Ach cérbh í féin, áfach?” arsa Cormac.

“Go deimhin ní fheadar cérbh í féin. Ní fheaca riamh roimhe sin im shúilibh cínn í, agus geallaim dhuit ná fuil aon lorg agam ar í ’fheiscint arís,” arsa Diarmuid. “B’í an bhean í dob éagsamhlaí dar bhuail riamh umam.”

“Cad é an saghas í?” arsa Cormac.

“Drochshaghas. Geallaim dhuit é,” arsa Diarmuid. “B’é rud í ná creachaill de mhnaoi chruaidh, gharbh, chnámhach, agus í ar leathshúil agus taobh dá béal siar go cluais uirthi nách mór, slán mo chómhartha choíche!”

“Ó, tá sí agam!” arsa Cormac. “Drochshaghas, ní miste dhuit a rá. Tá aithne agamsa ar an stiúsaí sin le fada. Mise ’bhain an tsúil aisti agus ’chuir an mháchail sin uirthi.”

“Tusa!” arsa Diarmuid.

“Mise go díreach, agus neósfad duit conas é,” arsa Cormac. “Is dó’ liom go bhfuil deich mbliana ó shin ann,” ar seisean. “Ag teacht abhaile ó Chorcaigh is ea ’bhíos. Bhí sé in am mhairbh na hoíche. Bhíos ag gabháil i leith chun Droichid na dTruip Sí. Bhí ’ fhios agam an drochainm a bheith ar an áit ach ní raibh scáth ná eagla orm. Ní bhíonn aon eagla choíche orm roim aon rud den tsórd san, pé tráth den oíche ’bheadh ann, nuair a bhím ag déanamh mo ghnótha féin. Ní féidir dóibh baint le duine a bhíonn ag déanamh a ghnótha féin agus gan é ag cur chúthu ná uathu. Ach duine ’ bheadh ag dul in áiteannaibh aeracha in am mhíthráthúil agus le corp dánaíochta, ní haon iúnadh go gcurfí a mhalairt de chúram air uaireanta. Ach, pé scéal é, féachaint dá dtugas thorm cad a ’chífinn ach an bhean agus í ’na suí ar an leathlaí eile den trucail uaim, agus a drom liom. Nuair a chonac í is dócha gur tháinig iarracht de laige orm toisc an drochainm a bheith ar an áit. Pé rud a tháinig orm níor lean sé i bhfad orm. Ba gheárr gur shamhlaíos mar ’bheadh lámh duine ag dul isteach im brollach mar a raibh pé pingin airgid a bhí agam. Ní túisce ’ mhothaíos an lámh ná ’thuigeas láithreach gur duine saolta a bhí agam agus do luíos greim ar an láimh. Lámh churanta láidir dob ea í agus colpa teann córach téagartha uirthi. Do tugadh iarracht ar í ’bhreith uaim ach ambasa chimeádas mo ghreim, agus fé mar a tháinig liom mo ghreim a chimeád do chas mo mhisneach orm agus mo neart. Nuair a thuig an bhean nárbh aon mhaith di bheith ag tarrac d’fhan sí socair, ach níor thug sí a haghaidh orm. An fhaid a bhí sí ag fanúint socair, agus mise a d’iarraidh a dhéanamh amach cérbh í féin, do bhog mo ghreim i ganfhios dom. Do snapadh an lámh uaim agus do léim an bhean amach as an dtrucail uaim. Le línn léimt amach dhi, fé mar a raghadh crúca nú rud éigin in achrann ’na cuid éadaigh, do baineadh leagadh aisti. Thit sí ar an mbóthar agus do ghluais an roth ar a ceann. Díreach agus í ag túirleacan ar an mbóthar do baineadh an dá chois uaithi agus do hiompaíodh a ceann isteach fén roth. Ba bheag nár chuas i laige ansan dáiríribh. ‘Tá dhá leath déanta dhá ceann!’ arsa mise liom féin. Do stadas an capall láithreach. Bhíos deimhnitheach go raibh an bhean marbh, agus gan aon fhínné agam ach Dia ar an gcuma ’nar thit an scéal amach. Do léimeas amach as an dtrucail. Ag teacht anall óm thaobh féin den chapall dom do léim an bhean suas agus siúd de dhruím an chlaí isteach í, i gcoíll a bhí in aice an bhóthair ann. ‘’Sea!’ arsa mise, im aigne féin, ‘bheirim a bhaochas le Dia na glóire, moladh go deó leis, pé saghas tu, tu ’bheith ábalta ar an méid sin a dhéanamh!’ Chomáineas liom i leith chun an Droichid agus do stadas ag an dtigh ósta. Chómh luath agus a chonac an chéad amhscarnach de sholas an lae, amach liom agus soir arís go dtí an áit ’na bhfeaca ag dul isteach tar claí í. Bhí lochán fola ar an mbóthar san áit ’nar leagadh í agus bhí an fhuil ar an dtalamh go trom anonn go claí, agus ar dhrom an chlaí san áit ’nar léim sí isteach. Chuas isteach agus do leanas rian na fola tríd an gcoíll soir ó thuaidh, agus soir ó thuaidh arís tríd an bpáirc a bhí lastuaidh den choíll, go dtí go dtánag go dtí tigh beag, botháinín suarach, a bhí sa chúinne thoir thuaidh den pháirc. Bhí an fhuil ansúd ar an dtalamh isteach go doras an tí bhig. Chuireas mo lámh ar an laiste. Do bhog an chómhla rómham isteach. Chuas isteach. Chonac bean ’na suí ar shaoistín ar aghaidh na tine amach agus í dhá suathadh féin anonn ’s anall mar a bheadh bean a bheadh ag déanamh buartha, agus í ag gol go faíoch, féna hanáil.

“‘Bail ó Dhia anso isteach!’ arsa mise. Phreab sí ’na suí agus thug sí a haghaidh orm. Bhí a ceann fíllte in éadach aici ach súil léi agus bhí an tsúil nách mór dúnta le hat. Chaith sí í féin ar a dhá glúin. ‘Cumaraí mh’ anama ort, a Chormaic!’ ar sise. ‘Ná tabhair suas don dlí me an turas so. Tá mo mháthair agam ansan thíos,’ ar sise, ‘gan mheabhair gan chiall, gan siúl gan rian, gan aithne gan úrlabhra, le dhá bhliain agus chúig sheachtaine an tSathrainn seo chúinn. Má beirtear uaithi anois me gheóbhaidh sí bás den ghorta! Ní bheidh duine aici a thabharfaidh sagart ná bráthair chúithi, ná ’shínfidh deoch chúithi! Iarraim in achainíochaibh ort, as ucht Íosa Críost na bhFlaitheas, agus as ucht na Maighdine Muire agus le hanman do mháthar féin, gan me ’bhreith ón ainniseóir sin thíos!’

“Níorbh aon leasainm ainniseóir a thabhairt ar an seanamhnaoi, agus níor mhiste a rá ná gurbh ainniseóir eile an bhean óg, agus an cor a bhí uirthi tar éis an bhárthain a ghoibh í. Do thugas m’aghaidh ar an ndoras agus duart mar seo:– ‘Bhíos ag teacht abhaile ó Chorcaigh aréir,’ arsa mise, ‘agus tháinig bean éigin isteach sa trucail chúm, dhá leogaint uirthi gur sprid í, go saoraidh Dia sinn! Chuir sí a lámh isteach im brollach. Cheap sí mo chuid airgid do bhreith uaim, ach níor éirigh léi. Ní fheadar cad é an gnó ’ bheadh ag sprid d’ór ná d’airgead. Do luíos greim ar an láimh. Ba ghreannúr an sprid í agus lámh fola agus feóla uirthi! Cheapas greim a chimeád uirthi agus í ’bhreith liom abhaile chun go mbeadh ’ fhios agam cad é an saghas an sprid. Ach bhí sí róthapaidh dom. Do shnap sí uaim an lámh agus do léim sí as an dtrucail amach. Do ghluais an roth ar a ceann. Ní raibh leigheas agamsa air sin. B’é leamhnú Dé, moladh go deó leis! nár maraíodh láithreach í. Ach is dó’ liom gur chuir an méid sin a dóthain de phionós uirthi an turas so. Ní fheadar cé hí ná cér a díobh í,’ arsa mise, ‘ach má airím an cleas san ’na diaidh arís nú má gheibhim radharc mo shúl uirthi amu’ ná i mbaile, tabharfad suas don dlí í,’ arsa mise, – agus chuireas an doras amach díom. Is dócha nár cuireadh riamh i ndiaidh aon Chríostaí oiread beannachtaí beannaithe agus a cuireadh im dhiaidhse an mhaidean shamhraidh sin, agus me ag gabháil an pháirc ó dheas ón dtigh bheag san, agus an ghrian ag éirí. Ach ‘ní hé seo é ach é siúd.’ Tá ní nách é sin anois agam le cur os do chómhairse, a Dhiarmuid. Táim féin agus Sadhbh anso dhá chuímhneamh nárbh fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís ná an chuid eile dár saol a chaitheamh i dteannta ’ chéile. An dó’ leat an mbeadh aon locht agat orm mar chleamhain, a Dhiarmuid?”

“Go deimhin agus go dearfa, a Chormaic, a mhic ó,” arsa Diarmuid, “is amhlaidh mar atá an scéal, ní dó’ liom go bhféadfí aon fhear ’fháil in Éirinn is feárr a bheadh ’na cheann di ná mar a bheirse. Agus is é rud aduairt an sagart féin, an lá ’airíomair an chéad ráfla den scéal, ná gur mhaith agus gur dhianmhaith an cleamhnas é, agus ná beadh aon teip ná go mbeadh an rath air, le cúnamh Dé is sinn slán.”

“Tá go maith,” arsa Cormac. “Fágfad ansan sibh go fóill agus raghad soir go tigh an tsagairt féachaint cathain a bheidh caoi aige ar theacht agus sinn a phósadh.”

Nóta

Ní fheadar cé hí ná cér a díobh í: “I don’t know who she is or where she is from”. Cér a: this form is used in WM Irish before the indirect relative of the copula, and corresponds simply to cér in Standardised Irish, meaning here “what family he was from, where he originated from”.

Placename

Droichead na dTruip Sí: Dripsey Bridge. Dripsey is a village in Co. Cork whose Irish name is properly Druipseach, meaning “muddy river”. PUL’s form appears to be a folk etymology, meaning “Fairy Trip Bridge”.

Foclóirín

achainí: “entreaty, supplication”, with achainíocha in the plural. Iarraim in achainíochaibh ort, “I implore you”.
aerach: “lively, gay”, but also “eery, haunted”, of a place.
ainniseóir: “wretch, miserable person”.
ais: “verge, side”. Lena hais, “by her side”.
bainim, baint: “to cut”. Baint le, “to touch, interfere with”.
bárthan: “injury, accident”, or bárthainn in the CO. The form bárthan is masculine, in distinction to the CO form, which is feminine. An bárthan a ghoibh í, “the accident that had befallen her”.
brúim, brú: “to press”. The verbal noun was traditionally spelt brúghadh, and is one of a number of words where an audible h may be heard in some circumstances (see the note to paragraph 355 of IWM): /bru:~bru:h/.
cába: “cape”.
casaim, casadh: “to turn, return”. Do chas mo mhisneach orm, “my courage returned to me”.
cómhla: “door-leaf, door”. This word refers to the door itself, as distinct from the doorway, which is doras.
corp: “body”, but used in the phrase le corp to refer to the emotion or motivation with which something is done: le corp dánaíochta, “out of sheer foolhardinesss”.
creachaill: “stump and roots of a tree; a gnarled old tree”, or cearchaill in the CO. PSD glosses this as a figuratively “a person of a cross disposition”. Creachaill de mhnaoi chruaidh, gharbh, chnámhach, “a great stump of a hard, rough, bony woman”.
crúca: “crook, hook”.
cuirim, cur: “to put”. Agus gan é ag cur chúthu ná uathu, “and not interfering with them either positively or negatively” (see entry 2c under cuir chun in FGB, where this phrase is glossed as “to interfere with, affect”).
cumaraí: “protection, refuge”, a form of the word coimirce. Cumaraí mh’anama ort!, “I appeal to you for my life! I implore you to save me!” The CO has coimirce in this phrase; coimirce is generally used in WM Irish, but occasional phrases with cumaraí are found.
curanta: “solidly healthy”, or curata in the CO. This word is glossed as “courageous, brave” in most dictionaries, but the translation “solidly healthy” is given in the authorised FdS. Lámh churanta, “a vigorous, healthy hand”.
dánaíocht: “presumptuousness”. PUL uses both dánaíocht and dánacht (“boldness, audacity”) in his works, where the CO generally uses only the latter.
diaidh: “wake, rear”, pronounced /dʹiəgʹ/. Má airím an cleas san na diaidh, “if I hear reports of her playing that trick”—cf. drochscéal na dhiaidh, “a bad report of him”, in PSD.
drochainm: “bad reputation”, including a reputation a place has for being haunted.
drochbhreóiteacht: “serious illness”.
é siúd: “another matter entirely”. Ní hé seo é ach é siúd, “this isn’t what I came to talk about, but about another matter entirely”.
éirím, éirí: “to rise”. This word is pronounced /əi’rʹi:mʹ, əi’rʹi:/ in WM Irish. Éireóidh a chroí air, “the shock will affect his heart”.
faíoch: “loud, plaintive; copious”. The dictionary definitions “loud, plaintive” and “copious” appear totally unconnected in English, although loud and plaintive crying would probably be copious. Ag gol go faíoch, “weeping bitterly/copiously”.
fínné: “witness”, where the CO has finné, Pronounced /fʹiː’ŋʹeː/.
glóire: “glory”, or glóir in the CO.
laiste: “latch”.
leamhnú: “grant, consent”, or deonú in the CO, pronounced /lʹo:’nu:/ according to IWM, although PUL’s spelling points to a possible diphthongal pronunciation in his Irish. Leamhnú, “the will of God”. Note that this is one of a number of words where l has replaced d in Munster Irish.
leathlaí: “shaft (of a cart)”. This is spelt leath-ladha in the original. The classical spelling was leath-laidhe, and PUL’s spelling might point to a diphthongal pronunciation, but Shán Ó Cuív’s transcription in his LS edition of Séadna shows the pronunciation to be /lʹah-liː/.
léimim, léimt: “to leap”, or léimim, léim in the CO. See also léimreach.
lochán: “pool”. Lochán fola, “pool of blood”.
máchail: “blemish, defect, disfigurement”.
mála: “bag”. Tá an t-éadach na mhálaibh tímpall ort!, “your clothes are hanging on you, you are so skinny!”
maoitheán: “soft part, flank” or maothán in the CO. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna concurs in the form maoithéan, giving the transcription as myhán, but IWM shows this word is pronounced /məi’hɑːn/.
míthráthúil: “unseasonable, untimely”. In am mhíthráthúil, “at a very late hour”.
réitheach: “ridgeband”, stated in FdS as being masculine here, where it is feminine in the CO. While PSD also has this word as feminine, the context here, le réitheach, is dative, which points to the masculine gender too, as the classical form would have been le réithigh.
saoistín: “stool, pouf”, especially one made of a straw cushion, or saoisteog in the CO. PUL’s spelling was suíghistín (cf. suidhistín as a variant in PSD), apparently in the belief that this word was etymologically connected with suím, suí, but PSD shows that saoiste, of which this word is a diminutive, derives from the Middle English word for a seat, “siege”. Consequently, saoistín, listed as a variant in FGB, appears as better spelling than suístín.
Satharn: “Saturday”, with Sathrainn in the genitive where the CO has Sathairn. Pronounced /sɑhərən, sɑhəriŋʹ/. Le dhá bhliain agus chúig sheachtaine an tSathrainn seo chúinn, “for two years and five weeks next Saturday”.
síog: “streak”. Síog lasrach, “a flaming streak, a streak of flame”.
siogairlín: “pendant”, apparently the diminutive of siogarla in FGB.
slaghdán: “cold (the illness)”. This is spelt slaodán in the original, in line with the classical spelling, but IWM shows this is pronounced /sləi’dɑːn/.
sleá: “spear”.
snáth óir: “gold thread”. Éadach snáth óir, “cloth of gold”. Snáth óir is given as a single hyphenated noun (snáth-óir) in the original.
spide: found in the phrase níl spide fí ort, “you are nothing but skin and bone, there is not a bit of flesh on you”. FdS says that some speakers said spide fiaort, explaining the phrase as “the shin of a deer”, a phrase typifying extreme leanness. PSD glosses spide fí as “little or nothing” (from an old word , “small”).
spréacharnach: “scintillating”. Note that as a feminine verbal noun ending in -ach, this becomes ag spréacharnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
sraith: “row, layer”.
suaithim, suathadh: “to shake, toss about”, or suaithim, suaitheadh in the CO.
teip: “failure”. Níl aon teip ná go…, “there is no doubt but that…”
trucail: “cart, truck”, with trucaile in the genitive. The genitive is trucaileach in PUL’s Mo Sgéal Féin.
túirligim, túirleacan: “to descend alight”, or tuirlingím, tuirlingt in the CO.
ucht: “chest, bosom”. Im ucht, “on my lap”. As ucht Íosa Críost, “for the sake of Our Lord”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s