Séadna chapter 16

Caibideal a Sédéag.

La ’rna mháireach a bhí chúinn, bhí aonach sa tsráid. Bhí Séadna ar an aonach le hualach bróg. Bhí Micil ar an aonach ’na sheasamh leis an ualach. Bhí máthair Mhicil ar an aonach ag díol muice raímhre agus ag ceannach céise. Bhí Seán Ceatach ar an aonach, agus stoc mór de bhuaibh seasca aige le díol ón gcnuc. Bhí Máire Ghearra ar an aonach i dteannta a hathar. Bhí an báille ar an aonach, chómh plucach, chómh caíncíneach, chómh mórchúiseach, chómh géar-shúileach, chómh tárrleathan, chómh colpach, chómh tur agus ’bhí Seán an Aonaigh riamh. Dá bhfeicfá ag déanamh ort é, ba dhó’ leat air gurb amhlaidh a bhí bharántas ’na phóca aige id choinnibh. Dá mba ná déanfá ach beannú dho, d’fhéachfadh sé ort mar ’ fhéachfadh sé ar dhuine a bheadh chun a bhuailte.

Bhí an uile shaghas eachra ann, chómh hiomadúil agus ’bhí an chéad lá úd a tháinig Séadna ann chun capaill agus bó bhainne do cheannach. Bhí lucht cleas ann, agus lucht rínce, agus lucht ceóil, agus lucht cártaí, agus lucht pócaí do phiocadh. Bhí tíncéirí ann as gach áird idir chian agus cóngar, agus is iad a bhí go buartha agus go bladhmannach, go drochmhúinte, go drochbhéasach agus go drochlabhartha. Iad féin agus a mná agus a gclann ag dul i gcochall a chéile gur dhó’ leat go maróidís a chéile, agus ’na thaobh san ná maraídís.

Bhí lucht méaracán ann. Ach más ea, ní raibh fear méaracán Shéadna orthu, nú má bhí, ní bhfuair Séadna aon radharc air.

Do ritheadh an rás, fé mar a ritheadh an chéad lá. Bhí gach éinne ag faire air. Nuair a bhí sé críochnaithe bhí gach éinne ag rith agus gach éinne ag liúirigh, ach má bhí, níor rith Séadna, ná níor liúigh sé.

Ní túisce ’ bhí an rás i leataoibh ná d’éirigh troid idir bheirt tíncéirí mar gheall ar cheannrach asail. Do phreab tíncéir ba threise ná éinne acu eatarthu isteach. Do chuir sé ó chéile iad agus do thóg sé féin an cheannrach.

Lena línn sin d’airigh Séadna na daoine ’na thímpall ag cogarnaigh.

“Féach! féach! féach!” ar siad. D’fhéach sé sa treó ’na rabhadar san ag féachaint. Cé ’chífeadh sé ag gabháil anuas lár páirce an aonaigh, agus an t-aonach ag déanamh slí dhóibh, ach an bheirt — Sadhbh agus an duine uasal iasachta!

Bhí culaith chroídhreac ar dearglasadh ar Shadhbh, ó mhullach talamh. Bhí culaith éadaigh uasail air sin, agus is é a bhí go piocaithe beárrtha, go cúmtha córach cothaithe cumasach dea-chroicinn. Do leath a shúile glan ar Shéadna nuair a thánadar ’na chóngar. B’é an duine uasal céanna é ar ar eitigh sé an t-airgead agus ar ar thug sé “cladhaire díomhaoin”!

Ní fheidir sé ó thalamh an domhain cad ba mhaith dho a rá ná a dhéanamh. Níor dhéin sé ach stad mar a raibh aige agus éisteacht. Do bhuaileadar thairis, an pháirc síos, i ngaireacht trí rámhainní dho, gan féachaint air, gan é ’thabhairt fé ndeara ach chómh beag agus dá mba ná beadh sé ann in aon chor. Do bhuaileadar suas ar an dtaobh eile den pháirc, na daoine ag oscailt na slí rómpu, agus ansan ag síneadh na méar fúthu, agus ag crothadh a gceann, agus ag dul in sna trithíbh. Nuair a chonaic an tíncéir mór iad do stad sé ag féachaint orthu, agus srian an asail ar a chuislinn aige. Nuair a bhíodar imithe thairis d’éalaigh sé ’na ndiaidh agus thairrig sé an tsrian orthu fé mar a bheadh sé chun a mbuailte, ach ní baol gur bhuail, ná gur mhothaíodar é, ach ba dhó’ leat go dtitfeadh an t-anam tur te as na daoine a bhí ag féachaint ar an spórt.

Ní bhfuair Séadna aon tsult ann. Bhí iomarca iúnadh air.

“A Mhichíl,” ar seisean le Micil, “imigh suas chómh géar agus ’tá sé id chosaibh, agus abair le Diarmuid Liath go n-oireann dom labhairt láithreach leis.”

Do ghluais Micil. Sula raibh sé leath na páirce suas do bhuail Diarmuid uime, agus d’fhilleadar.

“Cé hé sin in éineacht le Sadhbh?” arsa Séadna.

“Ambasa, a Shéadna,” arsa Diarmuid, “níl puínn aithne agamsa air, ach gur duine uasal é ó in aice an bhaile mhóir.”

“Cad é an ainm atá air?”

“Síogaí Mac Giolla Phádraig a thugaid a mhuíntir air.”

“Cé hiad a mhuíntir?”

“Triúr eile uaisle a tháinig lena chois.”

“Cad a thug anso iad?”

“Thánadar ar an aonach.”

“Cad chuige?”

“Ag ceannach eachra don rí.”

“Cathain a thánadar?”

“Um thráthnóna arú inné.”

“Cár chaitheadar an aimsir ó shin?”

“Bhídís amu’ formhór an lae, ach is agamsa ’ thugaidís an oíche.”

“Cad é an fuadar é seo fé Shadhbh?”

“Cleamhnas atá socair idir í féin agus Síogaí Mac Giolla Phádraig.”

“Cá bhfios duit ná fuil bean cheana ag an nduine uasal san?”

“Sin é díreach aduairt an sagart aréir nuair a bhíos ag cainnt leis. Ach duartsa leis ná raibh uaim ach cead ’dh’fháil uaidh do shagart éigin sa bhaile mhór chun iad a phósadh. Gan amhras, ní iarrfadh sé an cead san dá mbeadh sé pósta agus bean cheana sa bhaile mhór aige.”

“Tuigim,” arsa Séadna. “Cé ’dhein an cleamhnas?”

“Is amhlaidh a bhíodar ag magadh agus ag caitheamh aimsire dhóibh féin an chéad oíche. Gach éinne acu dhá áiteamh ar an gcuid eile gur thúisce ’ phósfadh Sadhbh é féin ná éinne dhíobh san. – ‘Cuirimís ar chrannaibh é,’ arsa duine acu. – ‘B’fhéidir ná tógfadh sí an té go dtitfeadh an crann air,’ arsa duine eile acu. Chuireadar chúithi an cheist. – ‘Tógfad,’ ar sise, ‘má thiteann an crann ar an bhfear a thaithnfidh liom.’ Fuaradar go léir ana-shult sa méid sin. Do cuireadh ar chrannaibh é, agus do thit an crann ar an bhfear a chonaicís lena cois ó chiainibh. Cheapamar uile ná raibh ann ach magadh, ach imbriathar gur ghlac seisean de chroí dháiríribh é. Nuair a mheas Sadhbh tarrac as, ‘Ambasa, a ’níon ó,’ ar seisean, ‘ní dhéanfaidh san an gnó dhuit. Dúraís go dtógfá an té air go dtitfeadh an crann, dá dtitfeadh an crann ar an bhfear a thaithnfeadh leat. Tóg me anois, nú abair ná taithnim leat.’ B’é deireadh an aighnis é gur deineadh an cleamhnas.”

“Ar ceannaíodh puínn capall don rí?” arsa Séadna.

“An oíche ’ thánadar,” arsa Diarmuid, “thugadar dhom, le cur i gcimeád, bosca mór iarainn agus é lán go barra d’ór bhuí. Bhí muiríon mo dhá lámh ann. Ar maidin inniu do líonadar a bpócaí as, ag gabháil amach dóibh. Nuair a bhíodh roinnt capall ceannaithe acu agus díolta astu, agus iad féin agus a ngiollaí curtha ar bóthar acu, d’fhillidís agus bheiridís tuilleadh den ór leó, agus cheannaídís tuilleadh. Fé dheireadh bhí an bosca folamh. Nuair a bhíodar ag díol as an roinnt déanach, bhí trí chéad púnt in easnamh orthu. Ní raibh sé oiriúnach agamsa, ach bhí sé ag Sadhbh, agus thug sí dhóibh é ar iasacht go dtí go mbeidís go léir i bhfochair a chéile sa bhaile mhór.”

“A Mhichíl,” arsa Séadna, “glaeigh ar an mbáille chúm. Tá sé ar an aonach.”

“Sin é thuas é,” arsa Micil, “ag cainnt le Seán Bolg Ó Dála. Beidh sé anuas chút láithreach agam.”

Tháinig an báille.

“An mó fear agat?” arsa Séadna.

“Níl ach fear agus fiche,” arsa an báille.

“Cruinnigh iad láithreach tímpall tí Dhiarmud’ Léith,” arsa Séadna. Tá ceathrar bithiúnach ann agus tá an t-aonach creachta acu.”

Chuir an báille fead as agus phreab sé chun siúil. Is beag ná gur thit Diarmuid.

“Is fearra dhuit gan dul fé dhéin an tí go fóill,” arsa Séadna. “Níl siad súd gan arm faobhair, agus má théann an scéal dian orthu beidh fuil acu. Fág fé Chormac iad. Tá cleas ar an mbata draighin úd aige a bhain fear láidir dá bhonnaibh go minic.”

“Cá bhfios duit an bithiúnaigh iad?” arsa Diarmuid.

“Seanaithne ’bheith agam ar dhuine acu. An fear úd a bhí le Sadhbh ag siúl an aonaigh ó chiainibh, tháinig sé ag lorg airgid ar iasacht chúm tá roinnt blianta ó shin ann. Nuair ’ eitíos an t-airgead air, duairt sé go raibh ocras air. Níor chreideas focal uaidh, agus bhí ’ fhios aige nár chreideas. Do leog sé air ó chiainibh nár aithin sé me, ach d’aithin chómh maith díreach agus d’aithníos-sa é. Má thagann Cormac suas leis curfar deireadh lena chúrsaíbh agus lena chuid uaisleachta go ceann tamaill.”

Lena línn sin d’airíodar an liú fhiaigh i dtreó tí Dhiarmuda suas. Do bhris ar an bhfoighne ag Diarmuid.

“Ó!” ar seisean. “Marófar Sadhbh bhocht eatarthu!” Agus do rith sé chómh maith agus ’ bhí rith ag an nduine mbocht.

Do rug Séadna ar chuislinn air. “Níl baol uirthi,” ar seisean, “ach ní mar sin duitse. Beidh an t-aonach bailithe ansúd láithreach. Níl éinne atá caillte leó súd ná beidh ag cur orthu. Is feárr as an slí thusa, le heagla go ndéarfadh duine éigin go raibh rún a ngnótha agat, agus go n-iompódh na daoine ort.”

“Dia le m’anam!” arsa Diarmuid. “Cad a chas im threó iad in aon chor?”

“Do chas airgead Shadhbh,” arsa Séadna. “Ní raibh aon bheart eile acu lena dtiocfaidís air.”

“Tá an liúireach ag stad. Táid siad ag dul chun suaimhnis. Téimís suas,” arsa Diarmuid.

“An bhfuil deireadh na mbróg díolta, a Mhichíl?” arsa Séadna.

“Tá, ach beagán,” arsa Micil.

“Goibh an capall, más ea, agus comáin leat abhaile,” arsa Séadna.

Nóta

Cheapamar: cheapamar is given in the original, and not the expected cheapamair.

Names

Cormac: the name of a bailiff in the story here.
Seán Bolg Ó Dála: a person mentioned here. The epithet bolg, “stomach”, /boləg/, is probably descriptive. The surname Ó Dálaigh is given as Ó Dála in the original, in line with the general pronunciation of such surnames in -aigh in WM Irish, and consequently the original spelling is retained here too.
Síogaí Mac Giolla Phádraig: a fraudster who marries Sadhbh in the story here. Síogaí as a noun means “elf; weakling, changeling”. Mac Giolla Phádraig, anglicised as MacKilpatrick, MacGilpatrick or Fitzpatrick, is a surname denoting descent from a 10th-century king of Ossory in Leinster. Note that in surnames that contain mac, a g or c are not lenited after the mac.

Foclóirín

arú inné: “the day before yesterday”, pronounced /ɑ’ru: nʹe:/.
bharántas: “warrant”, or barántas in the CO.
bladhmannach: “bombastic”, pronounced /bləimənəx/.
caíncíneach: “snub-nosed”, pronounced /ki:ŋ’kʹi:nʹəx/.
ceannrach: “halter”, or ceanrach in the CO. The traditional nn is preserved here to show the diphthong: /kʹaurəx/.
céis: “young pig”, older than a piglet (banbh), but young enough not to be a muc.
cian: “a little while or distance”. PUL regularly uses cian in the dative, as with idir chian agus cóngar, “both far and near”, here, where the CO uses the historic dative céin.
cochall: “a cock’s hackles”, i.e., the long, fine feathers at the back, and by extension i gcochall a chéile, “attacking each other”.
colpach: “stout in the calves”, pronounced /koləpəx/.
córach: “well-shaped; well-proportioned”. See cúmtha.
creachaim, creachadh: “to plunder, rob”, with the participle creachta found here.
croí: “heart”. Rud do ghlacadh de chroí dháiríribh, “to take something in earnest, take it seriously”.
croídhreac: “scarlet, crimson”, pronounced /kriːrʹək/ according to the note in FdS (where, under the entry under the original spelling craoidhearg, it is stated that it is “prncd. croídhreac”). Compare Shán Ó Cuív’s transcription in the LS edition of Séadna, which gives chroídhreac as chruíghearag. PSD states under craorach that this word derives from cróidhearg, “scarlet, crimson, blood-red”,or caordhearg, “berry-red, bright red”. Craorag in the CO. FGB has an entry for croidhreac, crossreferenced to craorag.
cúmtha: “well-formed, handsome”, pronounced /kuːmhə/. The CO has cumtha, but most parts of the verb cumaim, cumadh have a long /u/ in WM Irish (i.e., those parts that are monosyllabic, like do chúm sé, or where the m comes before a consonant, like cúmfad and cúmtha). Often in alliterative combinations: go cúmtha córach cothaithe cumasach dea-chroicinn, “handsome, well-proportioned, well-nourished, strong and fine-complexioned”.
cúrsa: “course, journey, career”. Curfar deireadh lena chúrsaíbh, “his travels will be brought to an end”.
eachra: “horses”, pronounced /ɑxərə/. This is a collective word, used in the singular with a plural meaning.
faobhar: “sharp edge”, pronounced /fe:r/. Arm faobhair, “bladed weapons”.
fead: “whistle”.
géarshúileach: “keen-eyed”.
giolla: “servant, groom (to take care of a horse)”, pronounced /gʹulə/.
imím, imeacht: “to go, go away”. Note that the participle, imithe, is stressed on the second syllable: /i’mʹihi/.
iomadúil: “numerous, plentiful”.
mórchúiseach: “self-important”.
muiríon: “burden”, or muirín in the CO. Muiríon mo dhá lámh, “as much as my two hands could carry”.
oiriúnach: “suitable, appropriate”. Rud a bheith oiriúnach agat, “to have something handy”.
piocaim, piocadh: “to pick”, including the picking of pockets. Lucht pocaí do phiocadh, “pickpockets”. Piocaithe, “tidied up; spick and span”.
plucach: “puffy-cheeked”, pronounced /plə’kɑx/.
rámhann: “spade”, with rámhainní in the plural. The historical dative, rámhainn, has replaced the nominative in the CO. Pronounced /rɑ:n, rɑ:’ŋʹi/. I ngaireacht trí rámhainní dho, “three spades’ length, or 15 foot, away from him”.
roinnt: “a share, a portion, a lot”. Note that this is a feminine noun. An roinnt déanach, “the last batch”, here has no lenition on the adjective owing to the rule about homorganic consonants.
seasc: “barren, dry”. Bó sheasc, “a dry cow, one that does not give milk”.
sin: “that”. Note that were the original had air-sean, this has been adjusted in the editing here to air sin, in accordance with the general form in WM Irish. Shán Ó Cuív’s LS version of Séadna has ershan in such circumstances.
stoc: “stock, cattle”. Stoc mór de bhuaibh, “a large herd of cattle”.
tárrleathan: “broad in the abdomen, broad torsoed”.
tíncéir: “tinker”.
ualach: “burden”, and by extension, “a great deal of something”.

Advertisements

3 thoughts on “Séadna chapter 16

  1. Wonderful wonderful stuff I remember “La arna mháireach” so well from my schooldays in Tipperary. Regarding imeacht having the stress in the second syllable this is so strong in DIngle that the initial “i” often disappears. M.h. “Táim a ‘meacht chun fear a fheiscint mar gheall ar gadher”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s