Séadna chapter 15

Caibideal a Cúigdéag.

D’imigh Seán Ceatach abhaile, agus nuair a fuair sé an chaoi do thairrig sé anuas an scéal.

“Níl aon tseó, a Mháire,” ar seisean, “ach a bhfuil de mhaitheas ag Séadna dá dhéanamh ar fuid na dútha. Ní fheadar ’en tsaol conas ’sheasaíonn airgead do. Is é mo thuairim ná fuil, nú gur beag má tá, aon duine bocht sa pharóiste anois ná fuil roinnt dá chuid aige.”

“Níl, a athair,” ar sise, “ná dá ndéarfá in sna seacht bparóistíbh is gaire dhi. Bíonn iúnadh mo chroí orm féin, leis, nuair ’airím na daoine ag cainnt, conas ná fuil sé briste fadó. Ní ’na scillingibh ná ’na phúntaibh atá an t-airgead ag imeacht uaidh, ach in’ fhichidibh agus ’na chéadaibh púnt.”

“Is minic a bhím dhá chuímhneamh,” ar seisean, “gur mór go léir an iúnadh, é ’bheith dhá scaoileadh uaidh ar an gcuma san. Dar ndó’, d’fhéadfadh duine tairbhe ’dhéanamh, agus déirc a dhéanamh, agus carthanacht a dhéanamh, agus gan an éagóir sin a dhéanamh air féin. Is é rud adeir a lán ná gurb ar éadromacht atá sé.”

“Ar éadromacht!” ar sise. “Is deocair dul uathu. Dá mbeadh sé ’na spriúnlóir neamaitheach do gheóbhaidís locht air. Déarfaidís go raibh sé ag déanamh an airgid le sainnt agus le cruáil. Anois, nuair nách féidir sainnt ná spriúnlaitheacht a chur ’na leith, ní foláir a rá gur ar éadromacht atá sé. Is maith an bhail air gur róbheag é a shuím ’na gcainnt. Pé cúis atá aige le bheith ag déanamh na maitheasa, is dócha go bhfuil fios a aigne féin aige.”

“Tá daoine adéarfadh gur buairt aigne atá ag imirt air,” ar seisean, “buairt mhór éigin. Gur chuir sé ceangal nú geallúint nú rud éigin den tsórd san air féin, ceangal éigin nár thuig sé i gceart in am. Ansan nuair a thuig sé é féin agus ’ fuair sé cad a bhí déanta aige, in inead aon iarracht do thabhairt ar é féin d’fhuascailt, gurb amhlaidh a chuaigh sé in éadóchas ar fad.”

D’éist Máire. Níor leog sí aon rud uirthi. Bhí iúnadh a croí uirthi.

“Ní héidir,” ar sise ’na haigne, “gurb amhlaidh do scéigh an bhainntreach!”

“Ba chóir,” ar seisean, “dá mbeadh aon rud den tsórd san ar a aigne, go neósadh sé dhuitse é an lá úd, i dtaobh is gur róbheag an uain a thug sé dho féin ar phuínn d’ínsint duit.”

“An daighe féin, ba chóir sin,” ar sise go neafuiseach. “Is dócha,” ar sise, “dá mbeadh rud dá shórd ag déanamh buartha dho, go dtabharfadh sé uain do féin ar é ’dh’ínsint, agus nuair nár thug, gur maith an cómhartha ná raibh.” Bhí stoca lena hathair ’na láimh, agus í ag cur cléithe ann, agus ba dhó’ leat uirthi gur géire ’bhí a haigne ar an stoca ná ar an gcainnt.

Is ar Sheán a bhí an iúnadh ansan. “Níor inis sé riamh di é!” ar seisean in’ aigne féin. “Mhuise, is dócha,” ar seisean léi, “go bhfuil an ceart agat. Dá mbeadh sé ag déanamh buartha dho do thabharfadh sé uain do féin ar é ’dh’ínsint.”

“Seo,” ar sise. “Cuir umat anois é, go bhfeicead an mbeidh sé ad ghortú.”

Síle. Imbriathar féin gur mhaith an bhail uirthi nár leog sí amach é. Ní bheadh an meas céanna go brách arís agam uirthi, an dá lá ’s an fhaid a mhairfeadh sí, féach! An rógaire! Nách áiseach a bhí an stoca aici! A dhe mhuise, a Mháire, níor theip riamh ort.

Gobnait. Cad a dhein Seán ansan, a Pheig?

Peig. Chómh luath agus ’bhí caoi aige air, do bhuail sé soir chun tí an tsagairt.

“’Sea, a Athair,” ar seisean, “táim níos daille anois ar an scéal ná ’bhíos riamh.”

“Conas é sin?” arsan sagart.

“Pé rud aduairt sé le Máire an lá bhí sé thiar, níor thrácht sé léi ar cheangal ná ar gheallúint phósta.”

Ar éigin a bhí an focal as a bhéal nuair d’airíodar ciscéim ag déanamh ar an ndoras. Do bhuail chúthu isteach — Diarmuid Liath féin!

“Dé bheathasa, a Dhiarmuid!” arsan sagart.

“Go mairir, a Athair!” arsa Diarmuid. “Conas ’táir, a Sheáin?”

“Go maith, slán a bheir!” arsa Seán.

Dheineadar roinnt cainnte, cainnt ná raibh puínn suime ag éinne acu inti.

Fé dheireadh duairt Diarmuid, “Dá mb’é do thoil é, a Athair,” ar seisean, “d’oirfeadh dhom beagán cainnte ’dhéanamh leat.”

“Ar mhiste leatsa fanúint anso tamaillín, a Sheáin?” arsan sagart.

“Tá go maith, a Athair,” arsa Seán. “Ná bacaidh mise.”

D’imíodar isteach i seómra eile.

D’imigh tamaillín, agus d’imigh tamall mór ’na dhiaidh. Fé dheireadh d’imigh Diarmuid agus d’fhíll an sagart. Is é a bhí ag féachaint go greannúr.

“’Sea, a Sheáin,” ar seisean, “tá do cheistse réitithe, pé in Éirinn é.”

“Conas é sin, a Athair?” ar seisean.

“Tá Sadhbh le pósadh,” arsan sagart.

“Mo ghraidhin mo shúil!” arsa Seán. “Nách maith a bhí ’ fhios agam go raibh an greim dúid aici air agus ná scarfadh sí leis!”

“Ní le Séadna atá sí le pósadh,” arsan sagart.

Do stad Seán, agus do leath a shúile air.

“Ní le Séadna é, an ea?” ar seisean.

“Ní leis,” arsan sagart. “Ní féidir liom a dhéanamh amach cé hé féin. Deir Diarmuid gur duine uasal é agus gur aníos ó in aice an bhaile mhóir i mball éigin é, agus nách beag de sheó a bhfuil d’ór agus d’airgead agus de shaibhreas aige. Deir sé gur sa bhaile mhór a pósfar iad. Níl uaidh ach cead d’fháil uaimse go bpósfadh an sagart thíos iad. Bronnaim air iad go fonnmhar, geallaim dhuit é. Ní miste liom gan aon lámh a bheith agam sa ghnó. Tá eagal orm gurb olc an gnó é. D’iarras air an scéal a chur ar gcúlaibh go ceann roinnt laetheanta go mbeadh uain agam ar thuairisc na háite thíos do chur, agus ar a dhéanamh amach cé hé an duine uasal mór so go bhfuil an saibhreas go léir aige, agus cad é an chúis ná féadfadh sé bean d’fháil thíos ’na dhúthaigh féin agus gan teacht chómh fada ó bhaile ar lorg mná. Ní thaithneann an scéal rómhaith leis an nduine mbocht féin, ach deir sé go bhfuil an gnó go léir socair ag Sadhbh agus ag an nduine uasal.”

“Ar iompáil na n-each tig athrach na scéal,” arsa Seán. “Ní raibh de choinne agam leis an méid sin ach oiread agus ’bhí agam go dtitfeadh an spéir uachtarach. Pé deireadh ’bheidh ar an ngnó so, tá deireadh le cainnt Shadhbh i dtaobh aon éilimh a bheith aici ar Shéadna. Peoca ’bhí greim geallúna aici air nú ná raibh, go dtí seo, ní féidir di a leogaint uirthi níos mó go bhfuil, ná go raibh riamh. Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin.”

“Ná codail ar an gcluais sin, a Sheáin,” arsan sagart. “Níl aithne cheart agat ar Shadhbh. Is í bean is dána dár bhuail riamh umam í. Ní chuirfeadh sé blúire iúnadh orm, dá mba rud é go dteipfeadh an gnó so uirthi, dá ráineódh go bhfágfadh an duine uasal so Baile Átha Cliath ar an mbóthar aici, í ’ theacht os cómhair na dútha arís chómh dána agus ’bhí sí riamh, dhá chur ’na luí orainn go léir go raibh ’fhiachaibh ar Shéadna í ’phósadh.”

“Agus cé ’chreidfeadh í, a Athair?” arsa Seán.

“Is dócha,” arsan sagart, “éinne ’fhéachfadh isteach sa scéal, ná creidfeadh sé í, ach is gnáth le daoine scéal den tsaghas san do ghlacadh gan féachaint chuige puínn. Níor ghéilleas féin riamh do ráitibh éinne gur thug sé geallúint di, go dtí gur chuiris-se ’na luí orm é an lá deirineach úd a bhíomair ag trácht air. Agus táim deimhnitheach anois go raibh dearúd ort. Táim lán-deimhnitheach, pé rud atá ag teacht idir Shéadna agus pósadh t’inínese, ná baineann sé le Sadhbh agus ná baineann Sadhbh leis, olc maith ná donaí.”

“Tá súil agam,” arsa Seán, “go bpósfaidh an duine uasal so í, pé hé féin. Níor mhór liom do í. Dá mbeadh sí árdaithe leis go dtí an baile mór aige, ba mhór an suaimhneas ar an ndúthaigh é.”

“Tá eagal orm, a Sheáin,” arsan sagart, “nách mar mhaithe leis an nduine uasal bocht adeirirse an méid sin.”

“Dáltha an chait, a Athair,” arsa Seán. “Mar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán.”

“Ach ’na thaobh san is uile,” arsan sagart, “ní fios ceoca den bheirt, Sadhbh nú an duine uasal, is mó ’bheidh beirthe ná caillte leis an bpósadh, má théann sé chun cínn. Más duine uasal fónta é, is fada nár tháinig ón mbaile mór aon amadán chómh críochnaithe leis. Sin í an cailín a thabharfaidh fios aitheanta a chreidimh do sula mbeidh sé i bhfad pósta aici. Más feallaire é, ní maithfar puínn do. Má cheapann sé in’ aigne go dtiocfaidh leis smacht a chur ar Shadhbh, tá an dearúd ar an bhfear mbocht is mó ’bhí riamh air. Níor cuireadh smacht ar Shadhbh in am. Do cailleadh a máthair sula raibh sí bliain iomlán. Thug Diarmuid a slí féin di go dtí go raibh sé ródhéanach, go dtí go raibh sí imithe ó smacht.”

“Ní dó’ liom gur cúrsaí smachta é, a Athair,” arsa Seán. “Do cailleadh Aoibhlín ormsa agus gan Máire bheag ach dhá bhliain. Níor chuireas aon smacht riamh ar an leanbh san. Do tugadh a slí di, má tugadh d’éinne é. Oiread agus labhairt árd léi níor deineadh é, ní áirím focal feargach a labhairt léi, ná buille ’bhualadh uirthi. Agus féach conas mar atá an scéal againn. Chómh siúrálta agus ’tháir id shuí ansan, is túisce ’chuímhníonn sí ar an rud a bhíonn uaim ná mar a chuímhním féin air.”

“Gan amhras, a Sheáin,” arsan sagart, “bíonn grástúlacht i ndaoinibh seochas a chéile, agus bíonn an braon fónta i ndaoinibh seochas a chéile, agus an drochbhraon. Ach mar sin féin, chómh fada agus a théann an choitiantacht, is fíor é an seanfhocal agus ní sárófar é, ‘Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.’”

Chomáineadar leó ar an gcuma san ag cainnt agus ag cur thrí chéile, Seán Ceatach go sásta in’ aigne agus go róbhaoch den duine uasal a tháinig chómh fada fá dhéin Shadhbh, agus an sagart go neamhshásta in’ aigne le heagla nách aon chrích fhónta a bhéarfadh gnó Shadhbh agus an duine uasail iasachta.

Nóta

Chómh siúrálta agus tháirid shuí anso: “as surely as you are sitting here”. Note the lenition of the t in atáir. Lenition of relative form of the substantive verb is rarely indicated in the spelling in PUL’s works, but Seanachas Amhlaoibh í Luínse shows frequent medial lenition of atá and related forms in the Irish of Amhlaoibh Ó Loingsigh, particularly following a preceding word ending in a vowel. In the text of Séadna here, we have both elision of the relative particle and lenition of the t, with atáir therefore pronounced /hɑːrʹ/ (transcribed as háir in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna).

Name

Aoibhlín: the deceased wife of Seán Ceatach in the story here. Pronounced /iː’lʹiːnʹ/.

Place

Baile Átha Cliath: Dublin, pronounced /blʹa: ‘klʹiəh/. Baile Átha Cliath d’fhágáil (or d’fhágáilt /d’fhágaint) ar an mbóthar ag duine, “to back out and leave someone in the lurch”. The name Áth Cliath means “ford of hurdles”, indicating that in ancient times there was some kind of lattice construction (or “hurdles”) here to allow people to cross the River Liffey.

Foclóirín

áirím, áireamh: “to count, reckon”. Ní áirím, “let alone, never mind”.
áiseach: “handy, convenient”.
aithne: “commandment”, with aitheanta in the plural. Pronounced /ahinʹi, ɑhəntə/.
árdaím, árdú: “to lift, raise”. Rud a dh’árdú leat, “to take something away, carry something off with you”.
bacaim, bac: “to hinder, let; give heed to, pay attention to”. Ná bacaidh mise, “don’t mind me”.
baile: “town”. An baile mór, Dublin.
braon: “drop”, also referring (probably deriving from “a drop of blood”) to inherent qualities. Braon fónta, good qualities in a person’s nature.
briste: “broken; bankrupt”.
caillte: “lost”, pronounced /kailʹhi/. Bheith caillte le rud, “to be disadvantaged, to lose by something”.
carthanacht: “charity”. Carthanacht a dhéanamh, “to distribute charity”.
cliath: “splint”, also used for “darning” in socks, with cléithe in the genitive. Cliath a chur i stoca, “to darn a stocking”. Cliath is well known for its used in the placename Baile Átha Cliath, where cliath means “hurdle”.
coitiantacht: “the general run of things; people in general”. Chómh fada agus a théann an choitiantacht, “generally speaking; as far as anything can be said about most people”.
críochnaithe: “completed”, but also “perfect”, as in amadán críochnaithe, “a perfect fool”.
cruáil: “stinginess”.
cúl: “back”, especially the back of the head. Go cúl, “to the very end”. Rud a chur ar gcúlaibh, “to put something off, postpone it”.
cúrsa: “course, journey”. Cúrsaí, in the plural: “a matter for something”. Cúrsaí smachta, “a matter of discipline”.
dall: “blind”, with daille in the comparative. Pronounced /daul, dilʹi/. Níos daille ar an scéal, “more puzzled by the matter”.
dúid: “stump; craned throat or neck”. Greim dúid, “a vicelike grip”, or greim dúide in the CO. PSD has both dúd and dúid in the nominative, explaining the genitive in greim dúid, but FdS claims this word is an adjective, meaning “last, utmost, extreme”.
each: “horse, steed”. Pronounced /ɑx/.
éadóchas: “despair”.
feargach: “angry”, pronounced /fʹarəgəx/.
féidir: “possible”. Note the difference between ní féidir liom, “I cannot”, and ní féidir dom, “there is no way I can”, suggesting a more objective assessment of something’s possibility or impossibility.
fonnmhar: “willing, desirous”. Go fonnmhar, “gladly”. Pronounced /funəvər/.
gar: “near”, with the comparative gaire; used with do. Pronounced /gɑr, girʹi/.
gortaím, gortú: “to injure”, but also “to pinch”, of clothing.
graidhin: “affection, jollity”, pronounced /grəinʹ/. Mo ghraidhin mo shúil!, “didn’t I just know it! how well I knew it!”, implying literally that someone shouldn’t doubt his own judgement (“eye”) and therefore knew something all along.
grástúlacht: “grace, graciousness”.
mairim, maireachtaint: “to live”, or mairim, maireachtáil in the CO. An dá lá s an fhaid a mhairfeadh sí, “for as long as she lived”.
miste: “all the worses”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, usaide, miste, meaning “all the more X for it”. Ní miste dhom, “I may as well”. Ní miste liom, “I think it no harm, I don’t mind”.
mór: “large”. Níor mhór liom do í, “I wouldn’t begrudge him her”.
neamaitheach: “utterly disobliging”, pronounced /nʹa-mə’hɑx/.
púnt: “pound”.
rá: “saying, utterance,” with ráite in the plural. Géilleadh do ráitibh éinne, “to be persuaded by something anyone said”.
ráiníonn: “to reach”, without a verbal noun in common use. Usually found impersonally meaning “to happen to, transpire”. Dá ráineódh go, “if it transpired that”.
sainnt: “greed”, or saint in the CO. The traditional nn is used in the editing here to show the diphthong, /saintʹ/.
sáraím, sárú: “to contradict, prove wrong”.
scéim, scéith: “to spew; divulge or tell a secret”, or sceithim, sceitheadh in the CO.
seómra: “room”, pronounced /ʃoːmərə/.
spriúnlaitheacht: “miserliness”, or sprionlaitheacht in the CO. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna transcribes as if spriúnlaíocht.
spriúnlóir: “miser, skinflint”, or sprionlóir in the CO.
taobh: “side”. I dtaobh is, “although”, followed by a clause with go. Na thaobh san is uile, “in spite of all that”.
tuairisc: “news, account, description”. Tuairisc áite chur, “to make enquiries about a place; ask for directions”.

Proverbs

ar iompáil na n-each tig athrach na scéal: “things can change quickly”.
is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin: “it’s an ill wind that blows nobody any good”.
mar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán: “the cat purrs for its own good”, i.e. people act out of their own selfish motivations. Often preceded by dáltha an chait (see dáltha).
ná codail ar an gcluais sin: “don’t be too sure of that”.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s