Séadna chapter 14

Caibideal a Ceathairdéag.

Peig. Mar aduart ó chiainibh, nuair a thuig Sadhbh Dhiarmuda Léith go raibh cleamhnas Mháire Ghearra briste, duairt sí le gach éinne gurbh í féin a bhris é, agus gurbh é cúis gur bhris sí é, a bheith geallta ag Séadna dhi go bpósfadh sé í féin.

Níor chuir éinne ’na coinnibh. Bhí daoine a chreid é agus bhí daoine nár chreid é. Ach peocu ’chreideadar é nú nár chreideadar, ní baol gur chuir éinne chun an scéil d’áiteamh uirthi. Bhíodh sí coitianta dhá mhaíomh gurbh í féin an cailín a chuirfeadh smacht ar ghiobstéiríbh de shaghas Bháb an Leasa agus Nóra an Tóchair. Agus i dtaobh Mháire Ghearra, go raibh iomad meas aici uirthi féin chun a rá go bpósfadh sí fear do bhí geallta do mhnaoi eile.

Síle. Airiú, nárbh í an cuirpeach í!

Peig. Is amhlaidh mar bhí an scéal aici, a Shíle, i ndeireadh bára, d’inis sí an scéal ar an gcuma san chómh minic, agus gan aon duine ag cur ’na coinnibh, gur dó’ liom gur chreid sí féin é fé dheireadh thiar thall.

Síle. Conas ’dh’fhéadfadh sí a chreidiúint gur gheall sé í ’phósadh, agus nár thrácht sé riamh léi air?

Peig. Níl aon tseó, a Shíle, ach a bhoige agus a shaoráidí a chreidimíd an rud a thaithneann linn, uaireanta, go mór mór má bhímíd chómh ceanndána san nách fiú le héinne cómhairle ár leasa a thabhairt dúinn, agus dá dtugadh, ná glacfaimís uaidh í.

Gobnait. Go deimhin is dócha gurb in mar ’dh’imigh ar Chonn Sheáin Óig. Bhí sé ag teacht abhaile ón sráid oíche, agus d’fhan sé ag ól in áit éigin, go raibh formhór na hoíche caite. Ansan nuair a bhí sé ag déanamh ar an mbaile, bhí eagla air go mbeadh a mháthair a’ plé leis i dtaobh í ’chimeád an oíche go léir ar an dtínteán ag feitheamh leis. Is é rud a dhein sé ná a leogaint air go bhfeacaigh sé sprid thíos ar an mBóthar Leathan. Do chreid an mháthair é toisc an ainm aerach a bheith ar an áit. Ní raibh aon chómharsa a thagadh isteach ’na dhiaidh san go ceann i bhfad ná cuireadh sí ’fhéachaint ar Chonn an scéal ’dh’ínsint. B’é crích an scéil é go dtáinig oiread san scannradh ar Chonn roimis an sprid úd ná feacaigh sé riamh, ná leogfadh eagla dho an Bóthar Leathan a ghabháil tar éis na hoíche a thitim, dá bhfaigheadh sé Éire air.

Peig. Peoca ’chreid Sadhbh féin é nú nár chreid, bhí a lán de sna cómharsanaibh a chreid láithreach é, agus ba gheárr gur chreideadar go léir é. Cheapadar, is dócha, toisc an déileáil leathair a bheith idir Dhiarmuid agus Séadna, go mb’fhéidir go raibh an gheallúint ann. Pé scéal é, bhí sé socair ’na n-aigne gur mar gheall ar Shadhbh do theip cleamhnas Mháire Ghearra. Ansan, nuair a chuímhníodar ar an dturas úd Dhiarmuda suas go tigh Shéadna, thuigeadar go mb’fhéidir ná raibh Diarmuid chómh mór gan fios a ghnótha féin agus a shíleadar.

“Á,” adeiridís lena chéile, “níl sprid ná púca gan fios a chúise aige féin.”

Micil agus a mháthair a bhí go tromchroíoch de dhruím an scéil. Gan amhras bhí ’ fhios ag Siobhán ná raibh baint ar bith ag Sadhbh le briseadh an chleamhnais, ach ní raibh ’ fhios san ag Micil. Ach má bhí tromchroí ar Shiobhán i dtaobh na beirte sin a bheith scartha go brách le chéile ar an saol so, bhí tromchroí agus canncar agus buile ar Mhicil i dtaobh a rá go mbeadh sé de phláinéid ar Shéadna go dtug sé geallúint phósta do Shadhbh.

Síle. Agus dar ndó’ níor thug, a Pheig.

Peig. Cheap Micil gur thug.

Síle. Ní dhéanfainn dabhta dhe! Nách iúntach ná teipfeadh air, uair éigin, an tuathal a cheapadh!

Peig. ’S dó’, bhí sé i mbéal gach éinne aici. Bhí sé leata ar fuid na dútha aici. Lasmu’ de Shéadna féin agus de Mháire Ghearra agus de Shiobhán, ní raibh duine ná daonnaí ná raibh an scéal aige fé mar ’chuir Sadhbh amach é. Dá mb’é Seán Ceatach féin é, bhí sé buailte isteach in’ aigne go raibh geallúint phósta tabhartha ag Séadna do Shadhbh, agus gurbh í an gheallúint sin a bhí ar aigne Shéadna an lá ’bhíodar ag siúl sa pháirc ar aghaidh tí Shéadna amach, é féin dhá thathant air Máire a phósadh, agus eisean ag admháil méid a ghrá dhi, agus san am gcéanna ag cur an uile shaghas cúnstaice i gcoinnibh an chleamhnais.

Síle. Agus an é sin a bhí ar siúl acu? Conas a fuaradh amach é, a Pheig?

Peig. Níor fuaradh amach é gur leath ráfla Shadhbh ar fuid na háite, agus gur airigh Seán é. Ansan do bhuail sé buille dá bhais ar a leathghlúin, agus duairt sé in’ aigne féin, “Ó! Tuigim anois,” ar seisean, “cad a bhí ar aigne Shéadna an lá úd. Nách mór an iúnadh,” ar seisean, “nár inis sé dhom, lom díreach, cad a bhí ar aigne aige, agus gan me ’ bheith ag dul chómh dian air, dhá chur suas chun mná do phósadh, agus geallúint phósta tabhartha aige do mhnaoi eile? Dáltha an scéil,” ar seisean, “ní fheadar cad é an crann a bhí air agus a leithéid de gheallúint a thabhairt uaidh dá leithéid de mhnaoi.”

Nuair a bhuail Seán agus an sagart um a chéile do shocraíodar an scéal eatarthu ar a sástacht féin. Go dtí san, do theip ar éinne acu bun ná bárr d’fháil ar an scéal, ach nuair a bhí ráfla Shadhbh acu do thuigeadar é go léir tríd síos.

Síle. Thuigeadar, dar leó féin.

Peig. Dar leó féin, go díreach. Cheapadar go raibh bun agus bárr an scéil go cruínn agus go baileach acu nuair a bhí fios na geallúna acu, agus is iad a bhí go hatruach agus go dobrónach de bhárr an mhí-ádh a bhí ar Shéadna, agus an chuma ’na raibh Sadhbh ag déanamh toirmisc do.

“Ní fheadar ’en tsaol,” arsan sagart, “cad é an mallachar radhairc a bhí air agus a leithéid de gheallúint a thabhairt dá leithéid de mhnaoi.”

“Is dócha,” arsa Seán, “gur an fhaid a bhí an dealús air a dhein sé é. Do gheibheadh sé leathar ar cáirde go minic ó Dhiarmuid, agus b’fhéidir gur cheap an fear bocht, dá bpósadh sé Sadhbh, go mbeadh tínteán tirim teann aige, pé in Éirinn é, pé cúmpórd eile ’bheadh aige ná ná beadh.”

“Gabhaimse orm,” arsan sagart, “ná raibh aon bhaol go bpósfadh sí an uair sin é. Ach mar sin féin, b’fhéidir nár mhiste léi an gheallúint do ghlacadh uaidh. Níl teóra lena leithéidí nuair a luíd siad amach ar an bhfeall agus ar an gcalaois agus ar an éitheach.”

“Fágaim le huacht, a Athair,” arsa Seán Ceatach, “gur dócha go bhfuil an ceart agat. Ach ar a shon san, tá a lán sa scéal nách féidir a thuiscint. An lá ’bhí sé thiar ageam thighse, duairt sé gur oir do cúpla focal a labhairt le Máire. Cheapas ná raibh uain aige ar dhul isteach nuair a bhí sé imithe. Má labhair sé in aon chor níor labhair sé thar an dá fhocal. D’imigh sé mar ’imeódh an t-éan. Pé rud aduairt sé, ní fheacasa riamh a leithéid d’athrú in aon Chríostaí agus a bhí inti sin as san amach. Do tháinig a goile dhi agus do tháinig a luisne dhi. D’imigh an mhairbhití agus an dúire. Ba gheárr go raibh a guth chómh haibidh agus a gáire chómh bínn agus ’dh’airíos riamh óna máthair, an lá is óige a bhí sí. Más amhlaidh ’dh’inis sé dhi go raibh geallúint tabhartha do Shadhbh aige, is deocair a rá go dtógfadh san an ceó dá croí mar a tógadh é. Ba dhó’ liom gurb é rud a dhéanfadh sé ná an galar dóch a chur ar fad uirthi.”

“Imbriathar ’s ambasa, a Sheáin,” arsan sagart, “go bhfuil iúnadh mhór agat dá chur orm, féach. An lá ’tháinig sé anso chun cainnte liomsa, cheapas, ní nárbh iúnadh, gur chun an chleamhnais a chríochnú a tháinig sé. Duairt sé liom gurbh fheárr leis ná a raibh d’ór agus d’airgead ’en tsaol aige go bhféadfadh sé Máire ’phósadh. Cheapas féin go raibh scéal áthais agam dá ínsint do nuair aduart leis gurbh fheasach dom Máire ’bheith lántoilteanach don chleamhnas. In’ inead san is amhlaidh ba dhó’ leat gur ínseas do go raibh sí tar éis bháis. ‘Is trua agus is tubaisteach an scéal é,’ ar seisean, agus do sciúrd sé an doras amach uaim mar ’dhéanfadh duine buile.”

“Pé rud aduairt sé le Máire, lenar baineadh an galar dóch di, tá eagla orm go bhfuil greim daingean éigin ag Sadhbh air, agus mura mbeadh go bhfuil, ná beadh sise dhá mhaíomh ar fuid na dútha mar atá sí, agus ná scarfadh seisean chómh bog le mnaoi go raibh oiread san ceana aige uirthi, agus aici air.”

“Agus féach,” arsan sagart, “ar an dtaobh eile den scéal. Ní saoráidí atá scartha aige sin le Máire ná atá scartha aici sin leis.”

“Dar fia, a Athair, is fíor dhuit é!” arsa Seán. “Agus gan éileamh ag éinne uirthi.”

“Is é an scéal is éagsamhlaí dár bhuail riamh fós umamsa é,” arsan sagart.

“Nár chóir, a Athair,” arsa Seán, “má thug sé geallúint do Shadhbh Dhiarmuda, go bhféadfí teacht ar bhunphréimh an scéil agus an gheallúint do chur i leataoibh? Dar ndó’ tá ’ fhios ag an saol ná fuil sé ceangailte air i láthair Dé an gheallúint sin do sheasamh.”

“Gan amhras,” arsan sagart, “má tá an gheallúint ann, níl sé ceangailte air í ’ sheasamh.”

“Má tá sí ann, a Athair, an ea?” arsa Seán. “Deallraíonn san gurb é do thuairimse ná fuil sí ann. Mura bhfuil sí ann, nár chóir go bhféadfí cosc a chur le teangain Shadhbh? Más éitheach atá ar siúl aici is mór an trua é ’ leogaint in aisce léi. Dá fhaid a leogfar in aisce léi é is ea is dána ’leanfaidh sí dhe. Dá luaithe a curfar cosc léi is ea is lú an díobháil a bheidh déanta aici. Más éitheach atá ar siúl aici, — mura bhfuil aon éileamh aici ar Shéadna le ceart geallúna, — do bhuaigh sí ar a bhfeaca riamh de mhnáibh, agus do bhuaigh Séadna ar a bhfeaca riamh d’fhearaibh.”

“Conas é sin?” arsan sagart.

“Mura bhfuil aon éileamh ag Sadhbh air,” ar seisean, “cad ’tá ag teacht idir é agus pósadh m’iníne?”

“Sin í díreach an cheist,” arsan sagart.

“Is í, a Athair,” ar seisean; “agus tá a fhonn orm leanúint siar ar an gceist sin go dtagaidh a réiteach liom, luath nú mall. Dá mbeithá im chás, a Athair,” ar seisean, “ní rómhaith do raghadh sé dhuit Sadhbh Dhiarmuda ’bheith ag magadh fút ar an gcuma so.”

“Níl Sadhbh ag magadh fé éinne ach fúithi féin, a Sheáin,” arsan sagart. “Ach ar a shon san, ámh, is fíor dhuit gur mór an trua gan smacht a chur ar a leithéid dá mb’fhéidir é. Agus anois a chuímhním air, ní dócha go raghadh Diarmuid suas chómh dána go tigh Shéadna, dhá fhiafraí dhe cad a cheap sé ’dhéanamh i gcómhair na Máirte, mura mbeadh go raibh ceart nú teideal éigin aige.”

“Agus féach féin, a Athair,” arsa Seán, “cad é an saghas freagra ’thug Séadna air. ‘Níl aon fhonn pósta orm,’ ar seisean, ‘agus ní bheidh go fóill’; díreach fé mar adéarfadh sé, ‘nílim ollamh fós ar an ngeallúint úd do chómhlíonadh.’”

“Ambasa, a Sheáin,” arsan sagart, “ní deirim ná go bhfuil an ceart agat. Tá sé ar naisc aici, agus is mór an trua é.”

Síle. Ó mhuis’, ó mhuis’, ó mhuise! Féach air sin mar obair! Cad é an donas a bhí ag baint a meabhrach díobh? Dar ndó’, tá ’ fhios ag an saol go ndéarfadh sé an méid sin cainnte agus gan aon gheallúint a bheith air. Ba dheas an bheirt iad! Cad é an díobháil dom ach an sagart féin.

Cáit. Is dó’, féach, a Shíle, a chuid, ní raibh aon eólas acu ar rún Shéadna, ná aon choinne ar bith acu lena leithéid. Dá mbeadh, b’fhéidir go dtuigfidís an scéal chómh maith agus ’thuigimídne é. Ach conas ’fhéadfadh éinne cuímhneamh air? Níor inis sé d’éinne beó é. Níor thrácht sé amach as a bhéal air le héinne dár mhair riamh, ón gcéad lá go dtí an lá ’bhí an uair sin ann. Ar thugais fé ndeara a chruinne agus a fheabhas a chimeád sé é ón uile dhuine dár labhair leis? Bhíos ag faire ar an scéal, agus bhínn dhá cheapadh ó am go ham go sleamhnódh focal éigin uaidh a leogfadh amach é; ach níor shleamhnaigh an smiog ba lú uaidh. Ní raibh aon ní eile dhá chosc air Máire Ghearra a phósadh ach an rún a bhí aige in’ aigne féin. Ní raibh eólas ar bith ag an sagart ná ag Seán Ceatach ar an rún san. Bhí sé leata ar fuid na dútha ag Sadhbh gur gheall sé í féin a phósadh. Ní raibh éinne ag bréagnú an scéil sin. Conas ’fhéadfadh éinne a rá ná go mb’fhéidir go raibh rud éigin i bhfuirm fírinne sa scéal? Ceapaim féin ná féadfadh Seán Ceatach agus an sagart a n-aigne do shocrú ar aon rud eile ach air seo, nárbh fholáir nú go raibh an gheallúint ann.

Síle. Agus dar ndó’, ba mhór an éagóir é, a Cháit.

Cáit. Ba mhór, gan amhras, ach cad é an leigheas a bhí air?

Síle. Ba dhó’ liom gur cheart do dhaoinibh féachaint rómpu agus gan an éagóir a dhéanamh.

Cáit. Ambasa, a Shíle, ba cheart. Ach ní fhágann san ná gur minic a crochadh duine san éagóir agus gan leigheas ag éinne air.

Gobnait. D’airíos-sa gur crochadh duine mar sin san éagóir thiar in aice an Rátha Mhóir fadó, nuair a bhriseadar na Buachaillí Bána an cóiste agus ’ mharaíodar an fear a bhí ’na ghárda air.

Nóra. Cad ba ghá dhóibh é ’mharú, a Ghobnait?

Gobnait. Is amhlaidh a cheapadar go raibh páipéar ag fear an chóiste, agus gach éinne a bhí ’na cheann ar Bhuachaillíbh Bána go raibh a ainm sa pháipéar san, agus nuair a raghadh an cóiste go Trá Lí go gcurfí armáil amach, agus aon fhear go raibh a ainm sa pháipéar go mbéarfí air agus go gcrochfí é. Is é rud a bheartaíodar ná teacht roimis an gcóiste agus an páipéar a bhaint amach ar ais nú ar éigin. Nuair ’iarradar an páipéar is é rud a dhein an fear a bhí ’na ghárda ná caitheamh leó. Bhí arm tine acu san chómh maith agus ’bhí aige sin, agus do chaitheadar leis, agus do thit sé marbh ar an mbóthar. Ar maidin la’r na mháireach do bhuail amach ar an mbóthar seanduine bocht a bhíodh ag aeireacht i gcónggar na háite, agus nuair a chonaic sé an duine marbh do stad sé ag féachaint air agus scárd ’na shúilibh. Lena línn sin do tháinig an t-arm dearg suas, agus do rugadh ar an seanduine bocht, agus do cuireadh suas croch láithreach chun a chrochta.

Síle. Agus cad chuige é ’chrochadh gan chúis?

Gobnait. Ambasa, a Shíle, ba chuma leó súd ceocu ’bhí cúis chuige nú ná raibh. Seanduine bocht símplí dob ea é, gan pheaca. D’iarr sé an sagart a thabhairt chuige, agus do tugadh. Nuair a bhí a fhaoistin déanta aige, agus iad dhá bhreith suas chun na croiche, bhí sé ag titim i gceann a chos le scannradh. Ní fhéadfadh sé siúl ná seasamh. Ansan do labhair an sagart leis agus duairt sé, “Ní fiú dhuit a leithéid sin d’eagla ’bheith ort,” ar seisean. “Ní túisce do scarfaidh anam le colainn agat ar an gcroich ná bheidh aoibhneas na bhFlaitheas agat láithreach.” – “An ndeireann tú liom é?” arsan seanduine bocht. – “Deirim gan amhras,” arsan sagart. “Tá Íosa Críost agus Muire Mháthair ansúd thuas ag feitheamh leat.” Tháinig neart agus misneach láithreach do. “Druididh uaim amach,” ar seisean leó. Chuir sé an dréimire suas de gan cúnamh, agus do crochadh é. Bhí sé cheithre fichid.

Cáit. Ba dheas an gníomh é! Dá bhfaighinn lom orthu do chrochfainn iad mar a chrochfainn madraí uilc. Na cladhairí gránna! An seanduine bocht! Agus ’ fhios acu ná raibh sé agus ná féadfadh sé bheith ciontach. Nár chóir go mbeadh náire orthu!

Gobnait. Náire! ’ Dhe, cá bhfios dóibh siúd cad a bhain le náire? Bhídís ag lámhach agus ag crochadh na ndaoine ins gach aon bhall an uair sin. Nách in é an fear san thíos i Magh Chromtha do bhuail aníos Gort na Leice maidean Domhnaigh ar muin a chapaill, agus a ghunna ar a bhéalaibh aige, agus nuair a chonaic sé an duine bocht in aice an tuir ar a ghlúinibh ag rá na Coróinneach Muire, do scaoil an piléar tríd!

Cáit. Ambasa, a Ghobnait, is fíor dhuit. Do dhein sé mar sin é. Bhíos i Magh Chromtha lá in éineacht le Neill, agus thaispeáin sí dhom é, agus imbriathar, nuair a chonac é, gur chorraigh mo chuid fola. Bhí sé ansúd go liath láidir ag siúl na sráide, chómh dána agus dá mba ná beadh a leithéid déanta aige. Do theip orm gan nimh mo shúl do chur ’na láimh dheis. Thug sé fé ndeara me ag féachaint ar an láimh, agus d’iompaigh dath gorm ar an mbithiúnach. B’é ab fhada liom go rabhas as a radharc, geallaim dhuit é.

Síle. Cé hé féin, a Cháit?

Cáit. ’ Dhe, an seanachladhaire sin thíos Dochtúir de Faoite.

Síle. Agus cad ’na thaobh nár crochadh é?

Gobnait. ’Sea go díreach! Cad ’na thaobh nár crochadh é! Cad ’na thaobh nár crochadh M’leachlainn? Níor crochadh. ’Siad na Cárthaigh a crochadh, nuair a dhearbhaigh M’leachlainn orthu an gníomh a dhein se féin.

Cáit. Nách é Cormac Mac Cártha a lámhaigh Bob Hutchison, a Ghobnait?

Gobnait. Is é, nuair a sheasaimh M’leachlainn Ó Dúgáin ar an dtaobh thiar de agus chuir sé béal a ghunna lena dhrom, agus duairt sé, “Lámhaigh é, a Chormaic,” ar seisean, “nú lámhfadsa thusa!” Agus dar ndó’, ní raibh de Cárthaigh ann ach Cormac. Ní raibh Ceallachán ná Tadhg ann in aon chor, agus do crochadh an triúr. Agus ní baol, a Shíle, gur crochadh M’leachlainn.

Síle. ’S dó’, go deimhin, ba dhó’ le duine ortsa, a Ghobnait, gurb iad na daoine ciontacha is mó a théann saor, agus gurb iad na daoine macánta a crochtar. Do crochadh an seanduine thiar in aice an Rátha Mhóir, agus níor crochadh an mhuíntir a chroch é. Do crochadh na Cárthaigh, agus níor crochadh M’leachlainn. Níor crochadh Dochtúir de Faoite.

Gobnait. Ar airís riamh, a Shíle, cad ’duairt sean Sheón Léadar leis an bhfear oibre? “Duine macánta is ea mise,” arsan fear oibre. – “Duine macánta!” arsa Seón. “Imigh uaim, a dhuine mhacánta!” ar seisean. “Ní dhéanfadh duine macánta mo ghnósa in aon chor.”

Peig. Fan leat go fóill, a Ghobnait.

“Tá sé ar naisc aici,” arsan sagart, “agus is mór an trua é. Ach cad ’tá le déanamh againn?”

“Cad a bheadh le déanamh againn,” arsa Seán, “ach an gheallúint a chur i leataoibh? Níl sé ceangailte ar Shéadna an gheallúint do sheasamh. Ní bheadh sé ceangailte ar aon fhear beó a bheadh ’na chás. Is geallúint gan éifeacht í.”

“Tá san uile fíor go leór,” arsan sagart, “ach conas a curfar i leataoibh í? Sin í an cheist. Cad é an chéad aitheasc atá le déanamh againn?”

“Is é céad aitheasc a dhéanfainnse, a Athair,” arsa Seán, “dul soir go tigh Dhiarmud’ Léith agus an ceann a bhaint den scéal láithreach do féin agus do Shadhbh, agus a ínsint dóibh lom díreach ná fuil aon tairbhe sa gheallúint, ná fuil ann ach díth céille dhóibh bheith ag brath air go bhféadfaidís í ’chur i bhfeidhm ar an nduine.”

“Má dheinir mar sin,” arsan sagart, “ceapaim gurb é céad aitheasc a dhéanfaidh Sadhbh a fhiafraí dhíot go tur agus go teann cé ’duairt leat teacht chun cainnte léi, nú an é Séadna a chuir chuithi tu leis an dteachtaireacht san, agus más é, gurb é a cómhairle féin duit imeacht abhaile agus aire ’thabhairt dod ghnó féin, agus leogaint do Shéadna an cleas céanna ’ dhéanamh.”

“Más ea, a Athair,” ar seisean, “cad ’déarfá lem dhul chun cainnte le Séadna féin ar dtúis?”

“Agus cad ’déarfá leis?” arsa an sagart.

“Déarfainn leis,” ar seisean, “gur mór an trua dho a shaol a scaoileadh uaidh ag seasamh geallúna gan bhrí, agus gan ceangal air i láthair Dé an gheallúint do chómhlíonadh.”

“Ní fhéadfainn aon tuairim a thabhairt,” arsan sagart, “fén bhfreagra ’gheófá uaidh. Is duine ródhoimhinn ródhorcha é. Dá ghéire ’thabharfá tuairim fén gcainnt a bheadh le teacht uaidh, nuair a thiocfadh an chainnt bheadh sí seacht míle ón dtuairim. Ach do gheallfainn duit go ndéarfadh sé rud éigin ná beadh coinne agat leis agus a bhainfeadh ded bhonnaibh thu.”

“Ní fheadar ’en tsaol, a Athair,” arsa Seán, “cad is maith dhom a dhéanamh.”

“Ar inis Máire dhuit,” arsan sagart, “cad ’duairt Séadna léi an lá ’bhí sé thiar?”

“Níor inis, a Athair,” ar seisean, “agus níor fhiafraíos di é.”

“B’fhéidir,” arsan sagart, “dá mbeadh ’ fhios agat cad ’duairt sé léi an lá san, go dtabharfadh san oiread eólais ar a aigne dhuit agus a chuirfeadh ar an mbóthar gceart tu sula raghfá chun cainnte leis.”

“Tá go maith, a Athair,” ar seisean. “Fiafród anois di é nuair a raghad abhaile, ar a shon nách maith liom trácht in aon chor léi air, le heagla go gcuirfeadh sé aon bhuairt uirthi agus go bhfíllfeadh an lionn dubh úd arís uirthi.

“Níl agat,” arsan sagart, “ach an scéal do tharrac anuas chómh réidh, chómh neafuiseach agus is féidir é.”

Nótaí

É féin dhá thathant air Máire a phósadh: the original spelling agá is suboptimal here, as the pronunciation is likely to be á or dhá. However, dhá used as the object of the action represented by the verbal noun is derived from an original ag+a (and so often writtenghá in PUL’s works), explaining the original spelling. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna transcribes agá simply as á here.

De bhárr an mhí-ádh: the genitive mí-áidh is not given here. This may reflect confusion of ádh, “luck”, with áth, “ford”—such confusion was noted in FdS, although PUL claimed the word áth had a nasal vowel in his Irish and should therefore have distinguished these words—which would align the genitive of ádh with that of átha; FGB also gives ádha as a variant genitive of ádh.

Nuair a bhriseadar na Buachaillí Bána an cóiste agus mharaíodar an fear a bhí ’na ghárda air: this possibly refers to an incident in 1822 when hundreds of people (Rockites—rural insurrectionists similar to the Whiteboys) attacked a mail-coach and killed the mail-coach agent near Rathmore in Co. Kerry.

Maidean Domhnaigh: “on a Sunday morning”. The transcription in Shán Ó Cuív’s LS edition, maidin Dôunuig, appears to put maidean in the dative. However, maidean Domhnaigh is also justifiable, as this is bracketed together as a noun phrase. See part 1 of Gearóid Ó Nualláin’s Studies in Modern Irish, pp158-160, for discussion of the Bracketed Construction.

Names and Proper Nouns

Bob Hutchinson: a retired colonel living at Codrum House to the west of Macroom, who was murdered by a band of United Irishmen in 1799.
Buachaillí Bána (na Buachaillí Bana): the Whiteboys, an agrarian movement that violently defended tenant farmers’ rights, with outbreaks in 1761-64, 1770-76 and 1784-86, mainly in Munster.
Conn Sheáin Óig: a character briefly mentioned here. Conn is pronounced /ku:n/.
Cormac Mac Cártha: known in English-language records as Charles Mac Carthy, with the soubriquet “Captain Slasher”, one of the United Irishmen informed upon by Malachy Duggan and hanged for the murder of Bob Hutchinson in July 1799. Cormac, who was recognised by Hutchinson during the incident as one of his servants, is thought to have been the one who fired the shot and killed Hutchinson. Three of his brothers (Ceallachán, Eóghan and Tadhg) were also implicated and hanged, although PUL has Gobnait claiming here that Ceallachán and Tadhg were not even present during the raid. Cormac is pronounced /korəmək/. The surname Mac Cárthaigh is given as Mac Cártha in the original, in line with the general pronunciation of such surnames in -aigh in WM Irish, and consequently the original spelling is retained here too. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna shows the pronunciation to be Coramac Vác Cárha, so more research is required here into whether the Mac is lenited and has a long vowel in such names.
Dochtúir de Faoite: Doctor White, a person mentioned here who murdered someone for saying the Rosary in public. White, or de Faoite, is an Irish surname of Anglo-Norman origin.
Íosa Críost: Jesus Christ.
M’leachlainn Ó Dúgáin: Malachy Duggan, known as “the most hated man of Macroom”, was a member of a group of 19 United Irishmen who took part in a raid on Codrum House, west of Macroom, in April 1799, during which Robert Hutchinson was killed. Duggan was pardoned after informing on his comrades, at least ten of whom were hanged, with some of their heads displayed for many years on spikes, with another participant sentenced to transportation. M’leachlainn is pronounced /mlʹaxəliŋʹ~mrʹaxəliŋʹ~brʹaxəliŋʹ/; Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna has Mleachluing. This incident is also recounted in PUL’s autobiography, Mo Sgéal Féin.
Seón Léadar: this name is given as Jonathan Leadar in the authorised translation of Séadna. Seón is a late variant of Seán derived from the English name John/Jonathan. Léadar is a gaelicisation of the English surname, Leader, found in Co. Cork.

Placenames

Gort na Leice: Gortnalicky, Co. Cork, where leice is the genitive of leac, “flagstone”, pronounced /lʹikʹi/.
Magh Chromtha: Macroom, Co. Cork. While this placename appears to mean “crooked plain” in modern Irish, it is thought that it refers rather to the Celtic god Cromm Crúaich, or Crom Cruach, whose worship included human sacrifice. Worship of Crom Cruach is said to have been put a stop to by St. Patrick. PUL said in his Notes on Irish Words and Usages that Magh Chromtha is never lenited, by way of an exception. Pronounced /mə ‘xroumhə/.
Ráth Mór (an): Rathmore, Co. Kerry, where ráth means “fort, earthen rampart”.
Trá Lí: Tralee, Co. Kerry. The spelling Tráigh-Lí was used in the original text, but this has been edited here as Trá Lí in line with general usage and the pronunciation (as shown in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna). Tráigh, “beach, strand”, would be /trɑːgʹ/ in WM Irish, other than in this placename.

Foclóirín

aerach: “lively, gay; eery”.
aitheasc: “move, a step to be taken”, especially in the phrase an chéad aitheasc atá le déanamh againn, “our first move”. Pronounced /ɑhəsk/. Also found in PUL’s works as ásc.
aoraim, aeireacht: “to shepherd, herd”, or aoirím, aoireacht in the CO. Traditionally written aodharaim, aodhaireacht, the spelling change of the mid-twentieth century has produced CO spellings that yield the incorrect pronunciation for speakers of Munster Irish. Pronounced /e:rimʹ, e:rʹəxt/.
arm: “army” or “weapon”. An t-arm dearg, “the British army”. Arm tine, “firearm”. Pronounced /ɑrəm/.
armáil: “army”, pronounced /ɑrə’mɑːlʹ/.
atruach: “compassionate”.
baileach: “exact”, prononced /bi’lʹɑx/. Go cruínn agus go baileach, “fully, with all the ins and outs”.
bára: “game, match”, or báire in the CO. I ndeireadh bára, /i nʹerʹi bɑ:rə/, “at length, after all is said and done”.
béal: “mouth”. Ar a bhéalaibh aige, “in front of him”.
boige: “softness”, but also “the easiness or foolishness with which something is done”.
bonn: “sole of the foot”. Duine bhaint dá bhonnaibh, “to knock someone off his stride, run totally contary to his expectations”. Pronounced /buːn, bunivʹ/
bunphréamh: “taproot; root, cause, origin”, or bunfhréamh in the CO. With bunphréimh in the dative.
caithim, caitheamh: “to throw”. Caitheamh leó, “to fire at them”.
calaois: “deceit, fraud”, pronounced /kə’liːʃ/.
ceanndána: “stubborn”.
ciontach: “guilty”. PUL uses both cionntach and ciontach in his works (ciontach is given in the original text here), and IWM shows the pronunciation could be either /kʹu:ntəx/ or /kʹuntəx/.
cóiste: “coach”.
colann: “body”, with colainn in the dative, which form is used in the nominative in the CO.
coróinn: “crown”, or coróin in the CO, pronounced /kroːŋʹ/. An Choróinn Mhuire, “the Rosary”.
cuímhním, cuímhneamh: “to consider, think”. Anois a chuímhním air, “now that I come to think of it”.
cúmpórd: “comfort”, or compord in the CO. Pronounced /ku:m’po:rd/.
cúnstaic: “obstacle”, spelt constaic in the original. This word is edited here in line with the pronunciation shown in the LS edition of Séadna. Cúnstaic a chur i gcoinnibh ruda, “to place obstacles in something’s way”.
dabhta: “doubt”, or dabht in the CO. Dabhta dhéanamh de dhuine, “to doubt someone”. Note that the form is dabhta in this phrase, but dabht in gan dabht, “without doubt”.
deallraím, deallramh: “to appear”, or dealraím, dealramh in the CO. The traditional ll is given in the editing here, indicating the diphthong; the original text contains spelling such as deabhruighean, showing the deletion of the l after the diphthong: /dʹau’riːm, dʹaurəv/. Deallraíonn san go, “that shows that”.
dearbhaím, dearbhú: “to affirm, swear, attest”. Dearbhú ar dhuine, “to testify against someone”. Pronounced /dʹarə’viːmʹ, dʹarə’vuː/.
dearg: “red”, pronounced /dʹarəg/.
déileáil: “dealing, transaction”, pronounced /dʹəi’lʹa:lʹ/.
díobháil: “harm”. Cad é an díobháil dom ach an sagart féin!, “I wouldn’t have minded/it wouldn’t have been so bad if it hadn’t been the priest himself!”
dobrónach: “dejected”.
doimhinn: “deep”, domhain in the CO. Pronounced /dəiŋʹ/.
dúire: this word literally means “rigidity”, but is glossed as “gloom, depression” in FdS.
féachaint: cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh.
feasach: “knowing”. Is feasach dom é, “I am aware of it”. Research on the pronunciation required here: Shán Ó Cuív’s LSedition of Séadna shows no indication of stress on the second syllable (transcribing fheasach as easach), and so it may be /fʹasəx/, but if, as is usual with words in -ach, the ending is stressed, it would be /fʹi’sɑx/. PUL uses fiosach in his edition of An Teagasg Críostaidhe, which tends to support the view the stress is on the second syllable, but Shán Ó Cuív’s LS edition of An Teagasg Críostaidhe also fails to show end-stress in that work too, transcribing tis word as fisach.
fiafraím, fiafraí: “to ask (a question of someone)”, used with de. Pronounced /fʹiər’hi:mʹ, fʹiər’hi:/.
formhór: “majority”, pronounced /forə’vo:r/.
fuirm: “form”, or foirm in the CO. Pronounced /firʹimʹ/. Rud éigin i bhfuirm na fírinne, “something like/something approaching the truth”.
giobstéir: “a forward, precocious girl”, or giobstaire in the CO. Glossed in FdS as “a chattering girl, whose chattering is both impudent and mischievous”.
gorm: “blue”, pronounced /gorəm/. D’iompaigh dath gorm air, “he turned blue”.
iomad: “too much”, often, but not always, with the definite article. An iomad cainnte agat, “too much to say for yourself”. Iomad meas aici uirthi, “too much respect for her”.
lámhaim, lámhach: “to shoot”, pronounced /lɑːmʹ, lɑːx/. The preterite/imperative, lámhaigh, is pronounced /lɑːgʹ/, and the future form lámhfad /lɑːd/.
lántoilteanach: “fully consenting”, followed by do. Pronounced /lɑ:n-tolʹhənəx/.
lasmu’: “outside”, or lasmuigh in the CO. Pronounced /lɑs’mu/. This word is spelt lasmuich in the original, reflecting PUL’s concern to show there is no audible g in this word.
liath: “grey”, with léith in the genitive singular masculine. Go liath láidir is glossed in the authorised translation of Séadna as “grey and strong”, but appears to mean rather “as large as life”.
lionn: “ale”. Lionn dubh, “stout; melancholy”.
lom: “a chance at something, an opportunity”, pronounced /loum/. Dá bhfaighinn lom orthu, “if I got a chance to get them/take them on”.
luím, luí: “to lay dawn”. Luí amach ar rud, “to set about something in earnest, to abandon yourself to it, become absorbed in it”.
maith: “good”. Note the difference between is maith liom, “I like”, and is maith dhom, “it is proper, suitable for me (to do something)”.
mallachar: “slowness, dullness”, pronounced /mə’lɑxər/. Mallachar radhairc (ort), “dimness of sight”.
meas: “respect, esteem”. Meas a bheith agat ar dhuine, “to have respect for someone”. The genitive should be measa, but sometimes appear as meas (iomad meas aici uirthi), possibly reflecting the deletion of the final a before the preposition starting with a vowel that usually follows this noun.
nasc: “link, tie”. Tá sé ar naisc aici, “she is leading him by the nose”. FdS shows that nasc is the nominative of this word and naisc the dative. Compare CFBB, where Amhlaoibh Ó Loingigh is shown having neasc in the nominative and neaisc in the dative. Other speakers of WM Irish have naisc in the nominative.
neafuiseach: “careless, indifferent”, or neafaiseach in the CO. The original spelling here was neamhchuiseach. Go neafuiseach, “nonchalantly, apparently without design”. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna transcribes neamhchuiseach as neachuiseach, but neamhchuiseach seems to be a variant spelling of what was traditionally spelt neamhthuiseach, pronounced /nʹafiʃəx/ according to IWM. Some research required here in any case.
nimh: “poison”. Nimh mo shúl do chur na láimh dheis, “to stare at his right hand”.
piléar: “bullet”, pronounced /plʹeːr/ and spelt pléar in the original.
pláinéid: “planet”, and by extension “planetary influence in the astrological sense, ill luck, ill fate”. Tá sé de phláinéid air go…, “he has the ill fate to …” Pláinéad in the CO.
pléim, plé: “to dispute, wrangle or contend with”. Plé le duine, “to blame someone”.
saoráidí: “easiness”, pronounced /səi’rɑ:dʹi:/, an abstract noun used with proleptic a, (a shaoráidí, “how easy”).
scárd: “a terrified look”. Both scárd (masculine) and scáird (feminine) are found in the original text here.
scéal: “story”. Pé scéal é, “in any case, at any rate”.
sciúrdaim, sciúrdadh: “to rush, dash”.
seó: “show, spectacle”. Níl aon tseó ach é, “it is a marvel, there is nothing like it”.
sílim, síleadh: “to think, expect”.
smiog: “tittle; a single word”, or smid in the CO. Pronounced /smʹug/, according to CFBB.
son: “sake, account”. Cad ar a shon?, “what for?” Ar a shon go, “even though”. Ar a shon san, “even so, nevertheless” or “on that account”, depending on context.
tathant: “an act of urging or inciting”. There is no attestation of a finite verb corresponding to the CO form tathantaím in WM Irish. Note that this word was given as tafaint in the original, and Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna transcribes thafaint as hafuint, but FdS specifically states that the f is to be pronounced as h (“tafaint, pron. tathaint”). CFBB states the pronunciation is /tɑhənt/, which accords with the spelling tathant used in most of PUL’s works (cf. his novel, Niamh).
teideal: “title”. Teideal chun ruda, “entitlement to or reason for something”.
teóra: “boundary”, or teorainn in the CO. Níl aon teóra leis, “he knows no bounds, there is nothing like it, there is no end to it”.
toirmeasc: “mischief, row”, pronounced /torʹimʹəsk/. Ag déanamh toirmisc do dhuine, “making trouble for someone”.
tor: “bush”, with tuir in the genitive.
tromchroí: “heaviness of heart, melancholy”. Spelt troma-chroídhe in the original and pronounced /tromə-xri:/.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s