Séadna chapter 10

Caibideal a Deich

Ar maidin, la ’rna mháireach, bhí Séadna agus a lucht oibre ag obair ar a lándícheall. Bhí bogfheadaíol na bhfear, agus mionbhuillí na gcasúr mbeag, agus tarrac agus fáscadh an tsnátha chéaraigh ar siúl chómh dian agus dá mba ná béadh bróg ná buatais dá dhéanamh in aon bhall eile ar thalamh tirim na hÉireann.

“Cé hé sin aníos?” arsa duine de sna fearaibh.

Thóg gach éinne a cheann ach Micil.

“Seán Ceatach go deimhin!” arsa duine eile.

Do phreab Séadna ’na shuí agus siúd amach é, agus síos i gcoinnibh Sheáin Cheataigh.

Thug an bheirt tamall mór ag gabháil treasna na páirce, anonn agus anall, ag cainnt agus ag cur thrí chéile, ach do bhíodar rófhada síos, i dtreó nár fhéad aon duine de sna fearaibh focal den chainnt a dhéanamh amach. Fé dheireadh do scaradar lena chéile. Do thug Seán Ceatach a aghaidh siar ar a thigh féin. Ach in inead filleadh chun a ghnótha, do thug Séadna a aghaidh an bóthar soir chun na sráide.

Do léim Micil, agus chaith sé uaidh an bhróg a bhí idir lámhaibh aige, agus siúd fá dhéin a thí féin é ar sodar.

Chómh luath agus ’tháinig sé ar an dtaoibh istigh de dhoras, “A mháthair!” ar seisean, “a leithéid seo. Tá an cleamhnas déanta!”

“Éist do bhéal!” ar sise.

“Ó go deimhin tá,” ar seisean. “Bhí Seán Ceatach féin thuas ó chiainibh, agus bhí sé féin agus Séadna ar feadh uair a’ chloig sa pháirc ag cainnt, agus ansan d’imigh Seán Ceatach abhaile agus tá Séadna imithe soir go tigh an tsagairt.”

“Cad a bhí acu dá rá sa pháirc?” ar sise.

“Ní fheadar,” ar seisean. “Bhíodar rófhada uaim.”

B’fhíor do Mhicil é. Bhí Séadna imithe go tigh an tsagairt, ach más ea, ní chun an chleamhnais a chríochnú é.

“Dia dhuit, a Shéadna!” arsan sagart. “Is cneasta go léir na bróga iad súd a chuiris chúm an lá fé dheireadh.”

“Dia ’s Muire dhuit agus Pádraig, a Athair! Tá áthas orm mar ’thaithnid na bróga leat. Ach is é rud a thug anois chun cainnte leat me ná me ’bheith i gcruachás.”

“Go deimhin agus go dearfa, a Shéadna, is oth liom san do chlos; agus ní me amháin, ach níl duine ar fuid na dútha, íseal ná uasal, bocht ná saibhir, nárbh oth leó é. Agus go deimhin féin, agus ní i dtaoibh tu ’bheith láithreach adeirim é, ba mhaith an ceart dóibh.”

“Is mó céim cruaidh gur ghabhas tríd le tamall, a Athair. Ach sid é an greim is géire dár rug riamh ar mo chroí. Tá aithne agat ar inín Sheáin Cheataigh?”

“Tá gan amhras, a Shéadna. Cé aige ná fuil aithne ar Mháire? An óigbhean is creidiúnaí sa pharóiste.”

“Níl a leithéid eile ag siúl drúchta inniu, a Athair, agus is amhlaidh mar atá an scéal agamsa le fada, do thabharfainn a bhfuil ’en tsaol agam, agus a raibh riamh agus a mbeidh go brách, ar neart a bheith dhom í ’phósadh.”

“Is trua nár ínsis an méid sin dom fadó, a mhic ó. Tá ’fhios agamsa, ar shlí nách miste dhom a ínsint duitse anois, go bhfuil an aigne chéanna ag Máire dhuitse atá agatsa dise.”

“Cad é sin agat dá rá, a Athair?” arsa Séadna, agus sceón ann.

“Tá an rud atá ar eólas agam, is é sin gur giorraide a saol do Mháire Ghearra mura bpósfar leatsa í. Tá sí dhá snoí amach os cómhair ár súl.”

“Ó, Dia le m’anam!” arsa Séadna. “Tá an scéal níosa seacht measa ná mar a bheartaíos!”

“Airiú, an as do mheabhair ataoi?” arsan sagart.

“Ó, ní has mo mheabhair, a Athair, ná as mo chéill. Is róchruínn atá gach taobh acu agam. Tá bean bhocht ansúd thiar gur chuireas comaoine bheag uirthi an lá fé dheireadh. Tháinig sí, mar mhaithe liom, dar léi, agus do labhair sí liom ar an ngnó so. Cheapas gur chuireas in úil di, soiléir go leór, ná raibh aon bhreith agam ar chleamhnas a dhéanamh le Máire Ghearra, ná le haon mhnaoi eile. Cheapas go gcuirfeadh sise in úil é do Mháire féin agus dá hathair, agus go raghadh an scéal chun suaimhnis gan cheataí do dhuine ar bith ach dom féin. In’ inead san, is amhlaidh atá mí-ádh éigin dá thiomáint ar aghaidh agus dá chur chun cínn, dem lom deiridh ainneóna. Do tháinig an duine galánta féin i leith de shiúl a chos ar maidin inniu, dhá ínsint dom ná raibh aon fhear in Éirinn dob fheárr leis mar chleamhain ná me. Agus nuair a chuireas in úil do, chómh réidh agus d’fhéadas é, ná raibh aon bhreith agam ar phósadh choíche, ba dhó’ leat gurbh í an oíche do thit i lár an lae air. Agus anois, mar bharra ar gach ndonas, tuigim uaitse, a Athair, go bhfuil díobháil sláinte dá dhéanamh do Mháire Ghearra féin. Is trua an scéal é! Is trua agus is tubaisteach an scéal é!”

D’fhéach an sagart air.

“A Shéadna,” ar seisean, “is tu an fear is éagsamhlaí dár bhuail riamh fós umam in aon taobh dár thugas m’aghaidh. Nuair a thánaís isteach, do thuigeas uait ná raibh ní ar bith ag briseadh do chroí ach gan neart a bheith dhuit Máire Ghearra do phósadh. Anois, sin é a hathair, lena lántoil féin, dhá bronnadh suas ort, agus níl agat le rá ach gur trua agus gur tubaisteach an scéal é! Cad é mar shaghas duine thu? Nú cad ’tá uait?”

“Ní hiúnadh tu ag cur na ceiste sin, a Athair,” arsa Séadna. “Is deocair a rá cad é an saghas duine me, ná cad ’tá uaim. Pé saghas duine me, tá an méid seo agam le rá i dtaoibh an chleamhnais seo: ba shaoire do Mháire Ghearra an bás is dona dá bhfuair daonnaí riamh ná mise dhá pósadh. Sin é an saghas duine me. Dá bhféadfainn teacht suas le duine éigin do labharfadh léi agus do nochtfadh an scéal san di, agus do thabharfadh cómhairle a leasa dhi, .i. mise do chur as a haigne agus as a croí, agus í féin a thabhairt suas do Dhia mar a thug sí riamh, sin é atá uaim. Cheapas go ndéanfadh an bhainntreach é. Má dhein, níor tháinig léi. D’iarras ar Sheán Cheatach féin ó chiainibh é ’dhéanamh. Is baol liom ná feadair an duine cad is maith dho a dhéanamh. Do thánag chútsa, a Athair, ag brath air, as méid do thaithí agus do thuisceana agus do mheabhrach cínn féin, go ndéanfá é, nú go gcómhairleófá cad is feárr a dhéanamh sa chás.”

“Tá eagal orm, a Shéadna,” arsan sagart, “go bhfuil éagóir throm agat dá déanamh ort féin. Tá aithne mhaith agam ort le fada. An lá is dealbha dá rabhais, níor airíos luach feóirlinge ag éinne dá chur id leith. An lá is neamhspleáchaí dá rabhais, níor habradh riamh gur dheinis éagóir ar cheárdaí, ná go raibh a chuid allais agat gan díol as. Dealbh ná saibhir, níor airíos duine riamh dhá rá go bhfeacaigh sé thu ag teacht abhaile ar meisce, sáite i mbruín, ná ag cómhluadar le droch-chuideachtain. Níl goid ná fuadach le cur id leith. Níl dlí ná clampar ná achrann le cur id leith. Na daoine go bhfuil do chuid acu, ba dheocair iad d’áireamh. Níor chlos fós gur dhian tu dhá éileamh orthu. Do chlos go minic gurbh olc an díol ar chuid acu puínn chomaoine do chur orthu. Ní féidir liom a dhéanamh amach – a’ dtuigeann tú me? – cad é an chúis gur shaoire dhi bás d’fháil ná tusa dhá pósadh.”

“Ná dein a thuilleadh taighde ar an scéal, a Athair,” arsa Séadna. “Is ag duine féin is feárr ’fhios cá luíonn an bhróg air. Do thánag a d’iarraidh do chómhairle chun an chleamhnais seo do bhriseadh. Bris é, mura mian leat í ’chur dá loscadh in ifreann! Táir ag áireamh mo mhaitheasaí. Is suarach le háireamh iad. Pé tairbhe atá déanta gam, is ar aon aigne amháin do dheineas é. Do dheineas ar son an tSlánaitheóra é, ní dhá mhaíomh ar Dhia é! Ach cad é an tairbhe dhom é, má dheinim an éagóir seo anois?”

“A Shéadna,” arsan sagart, “ceapaim go dtuigim an scéal fé dheireadh. Tuigtear it aigne dhuit go ndéanfá éagóir ar Mháire Ghearra, dá bpósfá í. Táir ag diúltadh don éagóir sin ar son an chirt. Táir ag gabháil de chosaibh id chroí féin ar son an tSlánaitheóra –”

Ní raibh sé d’uain aige a thuilleadh do rá. Ní túisce d’airigh Séadna an focal san, “ar son an tSlánaitheóra,” ná bhí sé de léim ar an dtaobh amu’ de dhoras agus é imithe.

Nóta

Níor habradh riamh: the use of the dependent from of deirim is unusual in the preterite, as even the verb tables in PSD shows that the preterite is the one tense where forms based on abraim would not be found. PUL states in Notes on Irish Words and Usages that there is sometimes a distinction to be drawn: tá abartha agam means “I have made an assertion”, whereas tá ráite agam means “I have said what I wished to say”. On this basis, níor abradh riamh seems to mean “it has never been asserted/claimed”.

Foclóirín

baol: “danger”. Ní baol duit, “you are in no danger”. Is baol liom, “I fear, i.e., I think”.
bruíon: “strife, quarrel”, with bruín in the dative. Sáite i mbruín, “involved in a quarrel”.
buatais: “boot”.
céim: “step, degree”. Céim cruaidh, “a difficult situation, hard straits”.
clampar: “wrangling, dispute”, pronounced /klaumpər/.
cleamhain: “son-in-law”, or cliamhain in the CO, which form was found in the text of PUL’s novel, Niamh. Pronounced /klʹaunʹ, klʹiənʹ/.
cneasta: “gentle”, or sometimes, “suitable”, as here, in reference to comfortable shoes.
comaoine:“favour”, or comaoin in the CO. Comaoine a chur ar dhuine, “to do someone a favour”.
dealbh: “destitute, poor”, with the comparative dealbha. Pronounced /dʹaləv, dʹa’luː/.
déin: found in the phrase fé dhéin, “towards, to meet, in aid of”, also found in the original text here as fá dhéin.
diúltaím, diúltú: “to refuse”, used with do. Pronounced /dʹu:l’hi:mʹ, dʹu:l’hu:/. Diúltú is found as the verbal noun in chapter 32, but diúltadh is used in chapter 10. This would be an older form, which is transcribed in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna as diúlta (the transcription of lt as /lh/ in the LS edition being haphazard).
drúcht: “dew”. Ag siúl drúchta, “walking the dew, i.e., alive”.
éagsamhlach: “extraordinary, uncommon”, or éagsúlach in the CO. Pronounced /iag’sauləx/.
fé: “under; against”, or faoi in the CO. This preposition was originally fa, but came to be confused with (“about”), producing , which form is occasionally found in PUL’s works. See fá dhéin here, and cad fá?, “why?”, in some of his other works (see Na Cheithre Soisgéil). The forms and faoi reflect the general trend for prepositional pronouns to replace the original prepositions.
feóirling: “farthing”.
fuadach: “plunder”, often in the phrase goid agus fuadach, “theft and rapine”.
galánta: “decent, worthy”, pronounced /glɑːntə/.
giorraide: “all the shorter”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, usaide, miste, meaning “all the more X for it”.
ifreann: “hell”, pronounced /ifʹirʹən/.
leithéid: “the like; something like it”. A leithéid seo, “it’s like this” as an interjection.
loiscim, loscadh: “to burn”.
neamhspleách: “independent”, also in the sense of being wealthy and having independent means. The comparative found in the corrected early edition is neamh-spleadhchaíghe (compare neamh-spleadhaíghe in the early edition that appears to have a number of errors), edited here as neamhspleáchaí, where the CO has neamhspleáiche. Pronounced /nʹa’splʹa:x, nʹa’splʹa:xi:/. I am not fully sure of the pronunciation of the comparative, as CFBB shows the comparative of baoch is pronounced /beː’hiː/ with an h—this could be transcribed as baeichí in the transcription system I am using. So is neamhspleáchaí really neamhspleáichí?
níos: “more”. The form níosa, which lenites (níosa mheasa, níosa seacht measa), is also found here. PUL claimed in his Notes on Irish Words and Usages(p82) that the use of níosa implied a progressive increase (níosa mheasa, “worse and worse”), but it does not always appear to carry this extra nuance.
óigbhean: “young woman”, or ógbhean in the CO. The g is slender.
snoím, snoí: “to waste away”.
sodar: “act of trotting”. Ar sodar, “at a trot”.
taighde: “research”, pronounced /təidʹi/.
tirim: “dry”, pronounced /trʹimʹ/.
tubaisteach: “calamitous, disastrous, ill-fated”. This word, and the cognate noun tubaist (tubaiste in the CO) are found spelt with both broad and slender t in PUL’s works. See, for, example, tiubaisteach in PUL’s novel, Niamh. The variant spellings appear to indicate that PUL had a slender t, while occasionally lapsing into the accepted spelling with a broad t. Note however that CFBB has tubaist, with a broad t.
uain: “opportunity”. Strictly speaking, the idiom is tá sé d’uain agam (rud a dhéanamh), “I have the opportunity (to do something)”, as at the end of chapter 10 here. This is then simplified to tá uaim agam, as in chapter 4, where we find sula raibh uain ag an marcách é thabhairt fé ndeara.
úil:iúl in the CO, “knowledge”. The word úmhail, “attention”, appears to have become confused with the dative of eól, producing úil. Where i n-iúl stood in the original, it has been adjusted in te editing here. Rud a chur in úil do dhuine, “to let someone know something,to make someone realise something”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s