PUL: letter explaining Séadna

Caisleán Ua Liatháin,

Cae. Chorcaí,

Samhain 28, 1913.

A Shiúr ionúin,

Ní mór dom a dh’ínsint duit, fé mar a gheallas, cad é an saghas duine Séadna. Bhíos-sa tímpall ocht mbliana dh’aois nú mar sin nuair ’airíos “Peig” ag ínsint an scéil. D’innis sí an scéal mar atá sé sa leabhar go dtí gur thug an Fear Dubh an sparán do Shéadna. Níl a thuilleadh de chainnt Pheig sa scéal, go dtí a dheireadh.

Do ghluais na blianta. Do chuas-sa ar scoil. Do deineadh sagart díom. Do cuireadh Connradh na Gaelainne ar bun. Do cuireadh mar ghnó ar an gConnradh san an Ghaelainn do chimeád beó i mbéalaibh na ndaoine. Bhíos ag machnamh ar an ngnó san. Do thuigeas as an machnamh san nárbh fholáir, chun na Gaelainne ’chimeád beó i mbéalaibh na ndaoine, an Ghaelainn do scrí’ díreach mar a bhí sí dá labhairt an uair sin amach a’ béalaibh na ndaoine. Do chromas ar scéilínibh beaga do scrí’ ar an gcuma san agus do chur ag triall ar “Irisleabhar na Gaelainne” a bhí dá thabhairt amach i mBaile Átha Cliath. Níorbh fhada gur thuigeas ná déanfadh scéilíní beaga puínn tairbhe. Ní raibh aon leabhar bunúsach againn le cur isteach i láimh aon duine óg chun Gaelainne’mhúineadh dho. Na leabhair a bhí againn bhíodar go léir róchruaidh—nú ró-olc. Pé’r domhan é ní rabhadar oiriúnach chun na hoibre.

Thuigeas gur cheart do dhuine éigin leabhar do scrí’ a bheadh oiriúnach chun na hoibre. Ansan thuigeas gur cheart dom féin an leabhar san do scrí’.

Bhíos tar éis na leabhar scéalaíochta úd go léir do lé’, .i. “Handy Andy”, “Willy Reilly,” etc. etc., agus an uile leabhar riamh acu san, nuair a léinn é, chuireadh sé fearg orm. “Stage Irishman” i gceart ab ea an uile cheann acu, agus bhínn ar buile nuiar a chínn an t-éitheach; duine mar “Handy Andy” dá chur amach os cómhair an domhain mar sholaoid agus mar shampla ar an Éireannach. Tá an locht san ar an uile leabhar scéalaíochta dár scríobhadh sa Bhéarla, in Éirinn, an uair sin. Ní thugann aon leabhar acu aon rud ach tarcuise don Éíreannach. De réir gach leabhair díobh níl san Éireannach ach leathamadán nú rógaire. Aon fhear go bhfuil aon fhearúlacht ann, má chítear in aon leabhar díobh é, fear anall ó Shasana is ea é. Bhí gráin agam, agus tá fós, ar na leabhraibh sin; agus beidh go deó.

Thuigeas im aigne, dá scríbhinn féin leabhar, nárbh fholáir dom a mhalairt sin ar fad d’obair a dhéanamh, nárbh fholáir dom fírinne’dh’ínsint agus a cheart a thabhairt don Éireannach; fear do thoghadh go mbeadh na tréithe móra ann a bhí riamh, ó dhúchas, san Éireannach. Chuímhníos ar Shéadna.

Chuímhníos ar an scéal úd a dh’innis Peig dom féin agus do sna leanaíbh eile an lá úd fadó, roimis sin, nuair a bhíos ocht mbliana dh’aois.

  1. Gréasaí bocht ab ea Séadna. Níor fhág san ná gur dhuin’ uasal é. An cos-ar-bolg a deineadh ar Éirinn do chuir sé clann ríthe ag rómhar sa díg i gcaitheamh na gcéadta blian so atá imithe.
  2. Ní raibh ag Séadna ach trí scillinge ag fágáilt an bhaile dho chun leathair a cheannach. Do hiarradh déirc air “ar son an tSlánaitheóra.” Níor fhéad sé gan scilling acu ’thabhairt uaidh. Cá bhfuil an duin’ uasal Gallda do scarfadh leis an scilling sin “ar son an tSlánaitheóra” agus an gá chómh cruaidh aige féin léi? Do scar sé leis an tarna scillling ar an gcuma gcéanna!! Do scar sé leis an dtríú scilling ar an gcuma gcéanna!!! Nuair a scar sé leis an dtríú scilling bhí scartha aige lena raibh ’en tsaol aige. Ecce nos reliquimis omnia. Sin é an tÉireannach agat’na steillbheathaidh, an duin’ uasal is uaisle dár shiúlaigh an talamh riamh.
  3. Ansan do tairrigeadh na trí guíonna dho. Agus cad a dhein sé? Do loit sé na trí guíonna! Dhein sé díreach an rud a dhéanfadh an tÉireannach ceart. Cad fé ndeara dho na guíonna do lot? Corp neamhshuím’na thairfe shaolta féin. Is é nádúr an Éireannaigh gan suím rómhór a bheith aige i dtairfe saolta. Dá gcailleadh fear Gallda a mbeadh’en tsaol aige do chrochfadh sé é féin, nú do gheárrfadh sé a scórnach. Ní fhéadfadh sé an chreach a dh’fholag. Dá gcailleadh an tÉireannach a mbeadh’en tsaol aige b’fhéidir go mbeadh buairt air, ach ní mharódh an bhuairt é. Chuirfeadh sé dhe an bhuairt. Chuímhneódh sé ar an saol eile. In aigne an Éireannaigh is mó le rá, agus is substainntiúla, an saol eile ná an saol so. Níor fhéad Séadna a chuid airgid do chimeád nuair a hiarradh, ón saol eile, air scarúin leis an airgead, ach d’fhéad sé na trí guíonna do lot, bíodh go raibh gá aige le roinnt de shaibhreas an tsaeil seo. Ní raibh Éireannach ceart riamh nár dhein rud den tsórd san uair éigin; go minic, b’fhéidir.
  4. Ansan tháinig an namhaid chuige agus do chuir an namhaid cath air, agus do buadh air sa chath. An fhaid ná raibh ag cur air ach an gá a bhí aige le roinnt airgid níor chuir sé puínn suime sa ghá. Ach nuair a cuireadh an t-ór breá buí suas féna shúilibh d’éirigh an t-anmhian’na chroí agus do bhuaigh an t-anmhian air agus dhein sé aimhleas tiubaisteach do féin. B’in é an tÉireannach arís,’na steillbheathaidh!
  5. Ach bhí an sparán aige. Millionéir ab ea é. Bhí tarrac ar airgead aige chómh tiubh in Éirinn agus ba maith leis tarrac air.
    Nuair a bhí an méid sin machnaimh déanta agam thuigeas im aigne go raibh abhar mo scéil agam go beacht. Ní raibh le déanamh agam ach mo shúil do chimeád ar an bhfear san—agus ar na tréithibh Gaelacha san a bhí ann—féachaint cad é an úsáid a dhéanfadh sé den airgead. Sin é díreach an rud a dheineas. Chimeádas mo shúil air go dtí go raibh na trí blaian déag caite, agus fuaras, sa deireadh, bíodh gur dhein sé an botún tiubaisteach úd, gur thug an dei-ghníomh uasal a dhein sé saor ón namhaid é mar gheall ar an ndéirc a dhein sé nuair a thug sé an scilling don mhnaoi chosnochtaithe.
    Sin é an scéal. Chuireas Peig dhá ínsint, tríd síos ar fad, do sna leanaíbh eile, i dtreó go mbeadh caoi agam ar an gcainnt do thabhairt amach díreach mar a thagann sí a’ béalaibh na ndaoine.
    Agus féach. Bhí an scéal san ag teacht amach san “Irisleabhar” ar feadh tamaill, agus na daoine go léir ar fuaid na Múmhan dhá lé’. Ach do díbreadh an scéal as an Irisleabhar! Dúradh ná raibh aon mhaith ann! Ná raibh ann ach “an Irish Mick McQuaid!” Féach air sin! Ach bíodh acu.
    Is dó’ liom anois go dtuigeann tú cad é an saghas duine Séadna. Ní mór dom, áfach, an méid seo do rá leat. Tá an scéal níos doimhne go mór ná mar ’ fhéadas a mhíniú dhuit sa méid sin cainnte.
    Tá sé cosúil le Faust, ach tá sé níos aoirde agus níos uaisle ná Faust go mór.

Tá tréith eile i Séadna agus ba dhóbair dom é’dhearúd. Na daoine fónta ar a léimíd i náisiúnaibh eile, séimhe ar fad, agus cneastacht, agus úmhlaíocht, le feiscint, a tugtar le tuiscint dúinn a bhíonn iontu. Ní hé sin saghas fóntachta a bhíonn san Éireannach. Fóntacht ghoirgeach, dhothíosach, a chítear san Éireannach. Féach:—

An Bh. Ch.: “Sid é an gníomh uasal a dheinis inniu, an gníomh is uaisle dár deineadh in Éireinn le fada.”
S.: “Cad é an gníomh uasal, airiú?”
An Bh. Ch.: “An bhean is feárr in Éirinn do chur ód chroí ar son an tSlánaitheóra.”
S.: “Cad é mo leigheas air! Conas’ fhéadfainn a leithéid d’éagóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi!”

Freagra dothíosach, ach freagra gan aon mhór-is-fiú. (No self-complacency in that answer.) Sin é an tÉireannach amu’’s amach, mar atá sé os cómhair mo shúl ó tháinig aon chiall dom. Tá deich mbliana gus trí fichid caite agam ó tháinig ciall dom agus i gcaitheamh na haimsire sin tá aithne curtha agam ar na céadta fear anso sa Mhúmhain, agus do gheóbhadh an uile dhuine acu tríd an dtrioblóid sin a tháinig ar Shéadna díreach mar a ghoibh Séadna tríd, agus níl aon fhear acu ná déarfadh, mar aduairt Séadna, “Cad é mo leigheas air! Conas’fhéadfainn a leithéid d’éagóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi!”

“Cad é an riocht a chuirfeadh ar Shéadna?” arsa tusa.

Cuir an riocht air ba mhaith leat a chur ar an bhfear Gaelach is feárr, agus is treise aigne, agus is dílse croí, dár bhuail umat riamh. Níl aon bhaol ná go mbeidh sé sa riocht gceart ansan agat.

’Sea! Stadfad anois go dtí go gcuirfir ceisteanna chúm.

Mise do chara,

Peadar Ua Laoghaire.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s