Séadna chapter 9

Caibideal a Naoi.

Peig. Níor fhíll Séadna an lá san, agus níor fhíll sé an oíche sin.

D’fhan Micil i bhfeighil na háite. Is air a bhí an iúnadh nuair a fuair sé ná raibh Séadna ag teacht. Thug sé an oíche sa chathaoir shúgáin. Cheap sé ó am go ham go mbeadh Séadna chuige an doras isteach. Trí huaire do phreab sé ’na shuí agus chuaigh sé go doras. D’airigh sé ciscéim duine, dar leis féin, gach uair díobh, agus thabharfadh sé an leabhar gurbh é Séadna a bhí ann. An uair dheirineach díobh, cheap sé go bhfeacaigh sé Séadna féin ag déanamh ar an ndoras, agus do bhog sé a bhéal chun labhartha leis, ach nuair ’dh’fhéach sé níos cruinne ní raibh éinne ann. Níor chuaigh sé go doras a thuilleadh. D’fhan sé sa chathaoir in aice na tine. Chuir sé fód móna síos anois agus arís. Bhí sé ansan faid gach n-fhaid. Cheap sé nárbh fhéidir aon oíche ’bheith chómh fada. Do bhí uaigneas agus critheagla air agus faitíos, agus níor fhág san é gan múisiún codlata ’bheith air ó am go ham. Do thit múisiún díobh air ba thruime ná a chéile, agus do chonaic sé lán an tí de dhaoinibh beaga dúbha ’na thímpall, agus iad go léir ar a thí, agus aon duine uasal amháin ann agus é dhá chosaint orthu. Do shleamhnaigh duine acu isteach ar an dtaobh thiar den duine uasal agus thug sé fogha fé Mhicil, agus a fhiacla nochtaithe aige.

Do phreab Micil as a chodladh. Bhí oiread fraocháin ins gach braon allais a bhí leis, agus é ar baillchrith.

“A Mhuire na bhfeart!” ar seisean, “cad a dhéanfad? Nú cad d’imigh ar an oíche go bhfuil sí chómh fada? Nú cad d’imigh ar Shéadna, nú cad ’tá dhá chimeád? Má oireann do cleamhnas a dhéanamh le Sadhbh, nár chóir go mbeadh an lá fada a dhóthain chuige agus gan bheith ag caitheamh na hoíche amu’ ar an gcuma so? Is dorcha an duine é. Is deocair bheith suas leis. Duairt sé gur shaoire dhi bheith marbh ná é dhá pósadh, agus sin é anois é dhá pósadh ar a dhícheall. Ní fheadar ’en tsaol cad uime gur shaoire dhi bheith marbh ná é dhá pósadh. Ba dhó’ liomsa gur shaoire dho san bheith marbh ná Sadhbh dhá phósadh. Ní phósfainn í ar a bhfuil d’airgead ag Séadna agus aici féin agus ag á hathair i dteannta a chéile, féach!”

Lena línn sin thug sé fé ndeara solas mar ’bheadh éirí an lae. Chuir san árdmhisneach air. Ach i gceann tamaill is é rud d’éirigh ná an ghealach. Nuair a chonaic sé solas na gealaí ag taithneamh isteach tríd an bhfinneóig agus anonn ar an gclabhar mar a raibh an mhealbhóg ar crochadh, agus gan aon léas de sholas an lae ag teacht, do dhúbhaigh agus do ghormaigh aige, i dtreó, dá leogadh eagla dho é, go gcromfadh sé ar ghol. Nuair a tháinig an solas cruínn ar an mealbhóig do chuir sé dealbh cínn duine uirthi. Cheap Micil ná feacaigh sé oidhre riamh ach é ar cheann na caillí sa scéal fiannaíochta, go mbíodh an dá fhiacal ba shia siar ’na ceann mar dhá mhaide croise aici. Nuair a bhí sé ag féachaint tamall air do chorraíodar na súile agus do bhog an béal mar ’bheadh sé chun labhartha. Bhí ’fhios ag Micil go maith ná raibh ann ach an mhealbhóg, ach mar sin féin do chorraigh a chuid fola agus do sheasaimh a ghruaig agus do ghluais coladh grifín fan chnámha a dhroma. B’éigean do a shúile do dhúnadh sula mbeadh sé ag féachaint ar na súilibh úd ag corraí. Ba gheárr go mb’éigean do iad d’oscailt arís le heagla agus le scannradh. Fé dheireadh do tháinig scamall ar an ngealaigh, agus do cuireadh an mhealbhóg ’na riocht féin. Ba mhór an fhuascailt é. Ghoibh Micil a bhaochas le Dia go dúthrachtach, ná bíodh eagal ort, agus ní foláir nú do thit sámhchodladh lena línn sin air, mar is é céad rud eile a thug sé fé ndeara ná an ghrian ag taithneamh ar an mealbhóig in inead na gealaí, an obair ar siúl ’na thímpall, bogfheadaíol na bhfear, mionbhuillí na gcasúr mbeag, agus tarrac agus fáscadh an tsnátha chéaraigh. D’fhéach sé anonn ar inead Shéadna. Bhí Séadna féin ann, agus é ag obair chómh dian chómh dícheallach agus dá mba ná beadh cuid na hoíche aige go dtí go mbeadh an bhróg san díolta.

D’éirigh Micil agus d’fhéach sé anonn ar a shuíochán féin.

“A Mhichíl,” arsa Séadna, “éirighse abhaile agus ith rud éigin agus codail greas eile. Tá pá an lae inniu tuíllte agat tar éis na hoíche. Ní gá dhuit teacht chun oibre go dtí maidin amáireach.”

Le línn na cainnte sin do rá dho, d’fhéach sé ar Mhicil, agus dá mhéid codladh a bhí i súilibh Mhicil, thug sé fé ndeara an fhéachaint. D’fhéach sé deich mbliana níos sine ná mar ’ fhéach sé inné roimhe sin. Chomáin Micil leis abhaile. Ach níor scar an fhéachaint úd lena chuímhne.

“Tá buairt mhíchuíosach éigin air,” ar seisean in’ aigne féin. “Ní mór dom é ’ínsint dom mháthair, agus a chur ’na cómhairle cad is ceart a dhéanamh.”

Tháinig sé go dtí an tigh, ach má tháinig, ní raibh tásc na tuairisc a mháthar ann roimis. Ní raibh críostaí an Luain ann. Do chuardaigh sé mórthímpall an tí. Do ghlaeigh sé uirthi. Ní raibh maith dho ann.

“Ó, mhuis’! Ó, mhuis’! Ó, mhuis’!” ar seisean, “an bhfeacaigh éinne riamh a leithéid? Chómh siúrálta agus ’tá bianna ar mhaide bacaigh, tá sí imithe síos go tigh Dhiarmuda Léith ag críochnú an chleamhnais! Agus cad a dhéanfad? Cad a dhéanfad in aon chor? Ní cheadóinn ar ór na cruinne Séadna dá phósadh leis an annscian mná san. Ó! Ó! Ó! Cad a dhéanfad in aon chor? Mheasas go raibh ciall ageam mháthair, agus dar ndó’ níl fasc aici agus a leithéid sin de chleamhnas a bheith idir lámhaibh aici. Níl rud ar bith agam le déanamh ach an t-aon rud amháin, an talamh do chur díom síos láithreach bonn, agus an cleamhnas a bhriseadh sula mbeidh sé ródhéanach. An stiúsaí mínáireach mórchúiseach! Huf! Is beag an iúnadh féachaint chríonna chaite aige! Ní fheadar ó thalamh an domhain cad é an greim atá acu air. Ní héidir gurb amhlaidh a bheadh sé tar éis ceangail nú geallúna éigin a chur air féin agus go mbeidís anois a d’iarraidh airgid do bhaint amach? Bhíomair go léir ag magadh fé Dhiarmuid an lá úd a chuaigh sé suas. B’fhéidir go raibh ’fhios aige féin cad a bhí ar siúl aige. ‘Ní’l sprid ná púca gan fios a chúise aige féin.’ Agus féach, ní duairt Séadna, ‘Ní phósfad í,’ ach, ‘Níl aon fhonn pósta orm.’ B’fhéidir ná tiocfadh briseadh an chleamhnais chómh saoráideach chúm agus ’cheapas é. – Agus féach, airiú! Sid é anso me ag cur agus ag cúiteamh, agus b’fhéidir an cleamhnas dá chríochnú ageam mháthair. Nár chúitíthear a saothar léi! Mura dea-chómharsanach atá sí!”

Bhí sé páirc ón dtigh sula raibh an machnamh déanach san críochnaithe aige, agus é ag déanamh ceann ar aghaidh síos ar thigh Dhiarmud’ Léith, agus é ag cur na slí dhe chómh tiubh in Éirinn agus ’bhí sé sa chois bhacach í ’chur de. Ba gheárr go raibh sé ar aghaidh tí Dhiarmuda amach agus saothar air.

Ní raibh Diarmuid sa doras fós. Bhí sé róluath sa lá. Sheasaimh Micil ar aghaidh an dorais amach.

“A mháthair!” ar seisean, in árd a chínn ’s a ghutha.

Chuir Sadhbh a ceann amach sa doras, agus greim aráin aici dá chogaint.

“A mháthair!” arsa Micil arís. “Tair amach anso agus siúil leat abhaile láithreach. Tá gnó éigin eile le déanamh agat d’éaghmais bheith ag teacht anso id mhaidrín lathaí acu. Má tá cleamhnas le déanamh acu deinidís féin é nú leogaidís do.”

Do shloig Sadhbh an greim do bhí ’na béal.

“Airiú, greadadh chút, a bhacacháin!” ar sise, “Cad ’tá anois ort?”

“Bacachán an ea?” arsa Micil. “Tá mo dhá dhóthain orm. Ní rabhais-se sásta t’ainm féin agus ainm t’athar a bheith i mbéal na ndaoine, gan mo mháthairse do tharrac isteach in úr ngnó. Ach tabharfadsa togha an aireachais an rud a theip oraibh féin ná cuirfidh sibh chun cínn é lena cúnamh san. A mháthair! A mháthair, adeirim!”

“Imigh leat abhaile, a thulcais, agus ná bí dhár mbodhradh! Agus má thógais braon, éirigh a chodladh agus cuir díot é,” ar sise.

“Deirim leat ná fágfaidh aon chos díom an áit seo go dtagaidh sí amach,” ar seisean. “Agus deirim rud eile leat, agus creid uaim é, nách gá dhuit bheith ag caitheamh do bhalcaisí dhíot nuair ná pósfaidh Séadna thu. Ní phósfadh sé thu dá mba ná beadh in Éirinn ach tu, a stiúsaí sheannda! A mháthair! A mháthair, adeirim! Tair anso amach, nú raghad isteach agus tabharfad amach ar mo bhaclainn thu.”

“Airiú, a bhrealláin bhacaigh, mura bhfágair an áit sin agus glanadh as mo radharc go diair, cuirfead cómhartha ort a leanfaidh dhíot an fhaid a bheidh cos cham ort,” ar sise, agus ní hag cainnt a bhí sí ach ag screadaigh agus ag léimrigh, agus a gruaig ag rínce mórthímpall a cínn.

D’imigh sí isteach. Cheap seisean go mbeadh a mháthair chuige amach. In’ inead san, is amhlaidh d’fhíll Sadhbh agus árthach ’na láimh. D’oscail sí an doras agus do steall sí a raibh san árthach féna cheannachaibh. Ba mhaith an mhaise aige é, do léim sé i leataoibh. Do ghluais an t-uisce a bhí san árthach treasna an bhóthair agus gal beirithe as.

“A chuirpigh!” ar seisean. “An amhlaidh a mheasais me ’ mharú?”

“Bain an chluas díom,” ar sise, “dá bhfaighthá an méid sin ná tiocfá anso arís ag lorg do mháthar, an snamhaire!”

Lena línn sin, seo amach Diarmuid agus a chaipín breac air. Do rug sé ar ghualainn ar Mhicil.

“A Mhicil,” ar seisean, “tá dearúd éigin ort. Níl do mháthair anso, ná ní raibh, ní fheadar cathain.”

“An ndeireann tú liom é?” arsa Micil.

“Deirim gan amhras,” arsa Diarmuid. “An amhlaidh ná fuil sí sa bhaile?”

“Ní raibh sí sa bhaile nuair ’ fhágas-sa an baile,” arsa Micil.

“An raibh sí sa bhaile aréir?” arsa Diarmuid.

“Is fíor dhuit go díreach,” arsa Micil. “B’fhéidir go raibh, agus gurb amhlaidh ’dh’fhágas im dhiaidh sa bhaile í.”

Bhí aithne ag Micil ar Dhiarmuid agus ar a cheistiúchán, ach ní raibh sé le dul uaidh chómh saor.

“Stad, a Mhicil,” arsa Diarmuid. “Ná bí dhá leogaint ort gur amadán tu, mar ní hea. Cad do chuir id cheann í ’bheith anso ag déanamh cleamhnais do Shadhbh agus do Shéadna?”

Bhíodar ag siúl go socair agus ag druidim ón dtigh, aghaidh Mhicil ar an mbaile, Sadhbh ag callaireacht ’na ndiaidh, agus Diarmuid ag feitheamh le freagra.

“Dó’ mhuise go deimhin,” arsa Micil, “do chuir rud greannúr. Taibhreamh a deineadh aréir dom. Cheapas go rabhas i dtigh Shéadna im aonar, im shuí sa chathaoir shúgáin agus an mhealbhóg ar m’aghaidh amach ar crochadh ar an gclabhar. Tháinig dealbh cínn mná ar an mealbhóig. Do labhair an ceann liom. D’aithníos glór Shadhbh ag teacht as. ‘Tá do mháthair,’ arsan ceann, ‘ag briseadh a croí ag casadh le cleamhnas do dhéanamh idir mise agus Séadna, ach ba shaoire do Shéadna an bás ba mheasa a fuair duine riamh ná mise dhá phósadh.’ Lena línn sin do phreabas im dhúiseacht agus do phreabas im shuí. Do ghlaos ar mo mháthair. Ní bhfuaras aon fhreagra. Cheapas láithreach gur anso a bhí sí, agus do leanas í.”

D’fhéach Diarmuid air idir an dá shúil. Níor staon Micil. Dá bhfaigheadh Diarmuid Éire air ní fhéadfadh sé a dhéanamh amach ceocu fírinne nú éitheach ’bhí ag Micil dá ínsint. Do stad sé ar feadh tamaill mhaith. Fé dheireadh duairt sé: –

“Tá eagal orm, a Mhicil, gurbh é taibhreamh na súl n-oscalta agat é.”

“Dó’ mhuise go deimhin,” arsa Micil, “sin é díreach an scéal. Ní féidir liom a dhéanamh amach ar an neómat so, agus ní dócha go ndéanfad amach choíche, ceoca im chodladh nú im dhúiseacht a bhíos nuair a ghlaos ar mo mháthair.”

“Chómhairleóinn duit,” arsa Diarmuid, “pé taibhrithe ’déanfar duit, gan teacht arís. Imigh ort abhaile anois, agus go dtugaidh Dia ciall níos feárr duit! Do chuais as go dianmhaith.”

Do scaradar.

“’Sea,” arsa Micil leis féin, “ba dhóbair dom an donas a dhéanamh. Ní fheadar ’en tsaol cár thug mo mháthair an oíche.”

Nuair a tháinig Micil abhaile, bhí a mháthair ann roimis. Bhí a haghaidh agus a súile ataithe ó bheith ag gol.

“A mháthair,” arsa Micil, “cá raibh an tórramh?”

“Cad a thug abhaile thu, a Mhicil?” ar sise.

“’S dó’,” ar seisean, “d’fhanas i bhfeighil tí Shéadna aréir, mar do thug sé féin an oíche i mball éigin as baile, agus ansan ar maidin inniu duairt sé liom imeacht abhaile agus greas a chodladh dhom féin; go raibh pá an lae seo tuíllte agam tar éis na hoíche.”

“Airiú,” ar sise, “agus cár chaithis an lá ó mhaidin?”

“Bhí an lá go breá,” ar seisean, “agus ní raibh tuirse ná codladh orm, ach más ea tá ocras anois orm, geallaim dhuit é.”

Thug sí rud le n-ithe dho, agus má thug, ba mhaith an díol air é. Ba gheárr an mhoíll air mias mhaith mhór a ghlanadh. Nuair a bhí a chuid bídh caite aige do chrom sé ar chainnt.

“A mháthair,” ar seisean.

“Teacht, a Mhicil,” ar sise.

“Níor ínsis dom cá raibh an tórramh,” ar seisean.

“Cad a chimeád Séadna as baile i gcaitheamh na hoíche aréir?” ar sise.

“Ní hi gcaitheamh na hoíche aréir amháin a bhí sé as baile, ach ó mhaidin inné. Nuair a thánaís-se amach ar maidin inné ó bheith ag cainnt leis agus tu i riochtaibh dul i laige, do chuas-sa isteach agus ní raibh sé rómham istigh. Níor tháinig sé i gcaitheamh an lae, agus ansan nuair a bhíodar na fir ag dul abhaile, d’fhanas-sa i bhfeighil na háite. Cheapas an uile neómat go mbeadh sé chúm an doras isteach. Thit mo chodladh orm tráth éigin den oíche, agus nuair ’dh’osclas mo shúile, is amhlaidh a bhíodar go léir ag obair im thímpall, agus Séadna ann leis. Agus cogar, a mháthair, tá buairt mhór éigin air.”

“’ Dhe, cad í an bhuairt a bheadh air? Ná fuil a dhóthain ’en tsaol airgid aige agus an uile dhuine baoch dhe?”

“Tá ’fhios agamsa éinne amháin ná fuil róbhaoch dhe,” arsa Micil.

“Cé hé sin?” ar sise.

“Tá, Sadhbh Dhiarmuda,” ar seisean.

“Airiú, cad é an chúis?” ar sise.

“Tá,” ar seisean, “cúis a dóthain, mar ná pósfadh sé í.”

“’ Dhe, sceímhle uirthi, an cairiún! Cé ’phósfadh í sin?”

Do thit Micil siar in sna trithíbh dúbha ag gáirí.

“Cairiún! Cairiún! Cairiún!” ar seisean. “Ó nách trua nár chuímhníos ar an ainm sin ar maidin!”

“Agus cad é an gnó a bheadh agat de ar maidin?” ar sise.

“Ar maidin an lae fé dheireadh, adeirim,” ar seisean, “nuair a cuireadh síos ann me a d’iarraidh leathair, agus thug sí ‘bacachán’ orm.”

“Thug sí ‘bacachán’ ort!” arsan mháthair. “Da mbeinnse ag éisteacht léi, do neósainn di cé hiad na bacacháin a bhain léi, agus do neósainn rud eile dhi ná neósad duitse anois, rud a bhainfeadh an mhóráil di, geallaim dhuit é.”

“Agus cogar, a mháthair. Más é sin do mheas uirthi, cad chuige go ndeaghais suas go tigh Shéadna ar maidin inné a d’iarraidh cleamhnais a dhéanamh idir í féin agus Séadna?”

“Cleamhnas idir í féin agus Séadna! Airiú, do bháfainn me féin sula ndéanfainn a leithéid,” ar sise.

“Más ea, cad chuige dhuit a rá le Báb an Leasa, an lá úd a bhí sí anso, ná pósfadh Séadna aon bhean in Éirinn ach Sadhbh?” ar seisean.

“Báb an Leasa? ’Dhe mhuise, an óinseach, mar do theastaigh uaim cosc éigin a chur lena teangain, agus gan í ’bheith dhá mhaíomh ar fuid na dútha go bpósfadh sé í féin, agus an dúthaigh ag magadh fúithi.”

“Dó’mhuise go deimhin,” arsa Micil, “agus níl aon mhaith dhuit bheith dhá cheilt orm, is cleamhnas a bhí idir lámhaibh agat ar maidin inné.”

“Agus cá bhfios duitse cad a bhí idir lámhaibh agam?”

“Mar do labhair sé árd, agus d’airíos an focal ‘ba shaoire dhi bás d’fháil ná mise dhá pósadh.’”

“Cogar, a Mhicil,” ar sise. “Dá bhfaighthása do thoil sa scéal, cé hí an bhean do thoghfá dho?”

“Máire Ghearra gan amhras,” ar seisean.

D’fhéach sí air go géar.

“Agus cad é an chúis,” ar sise, “go dtoghfá Máire Ghearra dho seochas aon bhean eile de na mnáibh seo go bhfuil an saol mór dhá bpósadh leis?”

“An chéad phuínte ná a chéile dhe, a mháthair, níl meas mór agam ar chainnt an tsaeil mhóir. Is cuma leis an saol mór, ach bheith ag cainnt, cad é díobháil nú tairbhe na cainnte a dheineann sé go minic. Sin é an saol mór dhá phósadh le Sadhbh Dhiarmuda. B’fhearra dho é féin a bhá. Ní thoghfása Báb an Leasa dho. Ní deirim olc maith na donaí le Nóra an Tóchair, ach deirim go bhfuil breall ar an saol mór, agus go mb’fheárr liom breall air ná a chómhairle a ghlacadh.”

“Agus féach,” arsan mháthair, “sin é an saol mór dhá phósadh le Máire Ghearra, agus nách maith ná faigheann tú aon locht air.”

“Nára slán comórtas, go deimhin, Máire Ghearra agus an chuid eile acu! Cá bhfuil leithéid Mháire Ghearra le fáil? Níl in sna seacht bparóistibh. Bean bhreá dhathúil uasal. Bean chiallmhar thuisceanach dhea-thabhartha suas, go bhfuil bocht agus saibhir baoch di. Bean dhiaga dhea-shamplach, gur feárrde an pobal ’na n-éisteann sí Aifreann ann. Tá urraim ag olc agus ag maith dhi. Dá mbeadh beirt bhan ag troid agus go bhfeicfidís ag teacht í, do stadfaidís go mbeadh sí gofa thársu, chómh maith agus dá mb’é an sagart a bheadh ann.”

“Ní fheadar,” arsan mháthair, “dá mbeadh Sadhbh ag troid ar an mbóthar, an stadfadh sí dá bhfeiceadh sí Máire ag teacht.”

“Dó’mhuise, imbriathar mhóide, a mháthair,” ar seisean, “go bhfeacaigh mo dhá shúil í dhá dhéanamh, agus nár chuir aon rud riamh a leithéid d’iúnadh orm, féach! Bhíos ag dul soir go tigh na mBúrcach le teachtaireacht. Nuair a bhíos ag déanamh ar thigh Dhiarmuda d’airíos Sadhbh ag callaireacht, aghaidh na muc agus na madraí aici dá thabhairt ar chómharsain éigin. Cé ’gheóbhadh anoir de thigh an chúinne ach Máire Ghearra. Ní túisce a chonaic Sadhbh í ná do stad an challaireacht. Do chrom sí a ceann, agus d’imigh sí isteach abhaile go ríghin.”

“Agus nách mór an iúnadh,” arsan mháthair, “nár chorraís tu féin fadó chun cleamhnais a dhéanamh do Shéadna léi?”

“’S dó’, sin é go díreach an scéal,” ar seisean. “Do cheapas-sa go ndéanfása fadó é, agus gur chruinne agus gur dheaslámhachaí chuige thu ná mise go mór.”

“Tá eagal orm,” arsan mháthair, “go bhfuil dearúd ort sa méid sin. Dá mbeadh cleamhnas dá shaghas le déanamh, ceapaimse ná fuil éinne is feárr a dhéanfadh é ná thu féin, go mór mór ó tá an oiread sa dúil agat é ’fheiscint déanta.”

“Go deimhin agus go dearfa, a mháthair,” ar seisean, “tá an ceart sa méid sin agat, pé in Éirinn é. B’fheárr liom ná a bhfeaca riamh go bhfeicfinn an cleamhnas san déanta. Ní raibh aon bheirt riamh níos oiriúnaí dá chéile ná an bheirt. Ba dheocair maitheasaí Mháire do shárú, agus tá seisean maith a dhóthain di. Ba mhaith liom an cleamhnas a dhéanamh ach ná feadar conas cur chuige.”

“Conas a churfá chuige ach imeacht siar go tigh Sheáin Cheataigh féin, agus glaoch i leataoibh ar an nduine agus t’aigne do nochtadh dho? Ansan, má thaithneann do chainnt leis, cuirfidh sé féin os cómhair a iníne an scéal, agus má thaithneann an cleamhnas léise, nách in leath an ghnótha déanta?”

“Dar fia,” ar seisean, “tá an ceart agat. Imeód anois láithreach.” Agus siúd chun siúil é.

“Go n-éirídh leat níos feárr ná d’éirigh liomsa!” ar sise ’na haigne féin.

Nótaí

Faid gach n-fhaid: relicts of eclipsis after gach remain in some phrases, such as faid gach n-fhaid, “for ever such a long time”. See also gach n-aon, “everyone”, and mar bharra ar gach ndonas, “to crown all my misfortunes”. FGB has an entry for fad gach aon fhaid, but the n- has nothing to do with the word aon.

An dá fhiacal: note that the original text here fails to give the historically correct dual, an dá fhiacail. This is transcribed as an dá fhiacail in Liam Mac Mathúna’s edition, probably because the dative form fiacail is used for both nominative and dative in the CO, but a comparison of early editions of Séadna show that none of them give the correct dative, and an analysis of PUL’s works would show that dative usage in the dual was haphazard in his works.

Nár chúitíthear: PUL does not lenite the autonomous form of the regular verb in any of the tenses of the indicative mood (cf. the CO rule where only the preterite is so dealt with), but lenites in the subjunctive mood after nár. Also note that in later WM Irish, a broad -tar would be appended to the present indicative and present subjunctive autonomous forms (nár chúitítar); PUL appends a slender -tear after a slender consonant (nár bhuailtear), but after a the long í of second-conjugation verbs appends -thear, often indicated in the spelling. The editing approach here is to retain the th if found in the original spelling.

Sa chois bhacach: the feminine dative singular adjective would traditionally have been bacaigh, but the feminine adjective was frequently declined as the masculine adjective in the dative singular.

Ag caitheamh do bhalcaisí dhíot: “tearing your clothes off”, i.e., as an expression of rage.

Mura bhfágair an áit sin agus glanadh as mo radharc go diair: in chapter 5, an instance of ellipsis leading to an apparent change in construction was noted (níor fhanas in aon bhall ach dul abhaile láithreach). Gearóid Ó Nualláin in his Studies in Modern Irish Part 1, pp193-194, explains that such constructions with ach are adversative, whereas such constructions, as here, with agus are non-adversative (“leave that place AND clear out of my sight”, where the second clause is a further amplification of the first). In both cases, a negative clause precedes the ellipsis, as seen here with mura.

Taibhreamh na súl n-oscalta: the eclipsis of adjectives beginning with a vowel in the genitive plural is rarely found in PUL’s works, indicating that this is an ossified phrase. Eclipsis of adjectives beginning with a consonant in the genitive plural is another matter (cf. na gcasúr mbeag elsewhere in this work).

Cé hé sin?” ar sise. “Tá, Sadhbh Dhiarmuda,” ar seisean. “Airiú, cad é an chúis?” ar sise. “Tá,” ar seisean, “cúis a dóthain, mar ná pósfadh sé í.”: this introductory was explained by PUL in his Notes on Irish Words and Usages as an introductory particle asserting the truth of the previous question, with the fuller answer following thereupon. The example given there is cad é an scéal é? Tá, scéal ait.

Foclóirín

ag: “at”. Ag mo appears here as ageam, pronounced /igʹəm/.
Aifreann: “Mass”, pronounced /afʹirʹən/.
aigne: “mind”, pronounced /agʹinʹi/.
aireachas: “care, attention”, pronounced /i’rʹɑxəs/.
amáireach: “tomorrow”, amárach in the CO.” Pronounced /ə’mɑ:rʹəx/
annscian: “terror, fury, wildness; a wild or violent person”, or ainscian in the CO. Pronounced /aunʃkʹiən/.
ataím, at: “to swell”, or ataim, at in the CO. The participle ataithe used here points to this verb being in the second conjugation.
bacla: “the arms (where something is held in)”. Ar mo bhaclainn, “in my arms”. Pronounced /bɑkələ, bɑkəliŋʹ/. The dative has replaced the nominative in the CO, which has baclainn. This word is generally used in the dative in any case.
baillchrith: “trembling of limbs”, pronounced /bɑlʹi-xrʹih/. Ar baillchrith, “trembling all over”.
báim, bá: “to drown”.
beirím, beiriú: “to boil”. Gal beirithe, “boiling steam”.
bianna: “ferrule, iron band”.
bodhraim, bodhradh: “to deafen; bother”, or bodhraím, bodhrú in the CO. Pronounced /bourimʹ, bourə/.
Búrcach: “someone with the surname de Búrca; Burke”.
cairiún: “gelding (castrated horse)”, used as a term of abuse for a woman of masculine bearing.
callaireacht: “an act of scolding or ranting”.
ceistiúchán: “interrogation, asking questions”.
ciscéim: “footstep”, or coiscéim in the CO.
clabhar: “mantelpiece”, pronounced /klaur/. Listed in CFBB as meaning “the traverse timber beam supporting the chimney”.
coladh grifín: “pins and needles”, pronounced /kolə krʹi’fʹi:nʹ/ according to IWM, although Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna does not indicate any devoicing of the g.
comórtas: “comparison”.
critheagla: “quaking fear”, pronounced /krʹih-ɑgələ/.
cruinne: “universe”.
cuirpeach: “malefactor, villain”, or coirpeach in the CO. Pronounced /kirʹipʹəx/.
cúitím, cúiteamh: “to compensate, requite”. Ag cur agus ag cúiteamh, “to argue, weigh the pros and cons”. Nár chúitíthear a saothar léi!, “may she not be rewarded for her trouble!”
dea-shamplach: “exemplary”, pronounced /dʹa-haumpələx/.
dea-thabhartha suas: “well brought-up”.
deaslámhach: “dexterous”. The comparative found in the corrected early edition is deas-lámhachaíghe (compare deas-lámhaíghe in the early edition that appears to have a number of errors), edited here as deaslámhachaí, where the CO has deaslámhaí. Pronounced /dʹas-lɑ:x, dʹas-lɑ:’xi:/. I am not fully sure of the pronunciation of the comparative, as CFBB shows the comparative of baoch is pronounced /beː’hiː/ with an h—this could be transcribed as baeichí in the transcription system I am using. So is deaslámhachaí really deaslámhaichí?
diair: found in the adverb go diair, “instantly, quickly”.
díol: “selling”, but also “recompense, reward”. Ba mhaith an díol air é, “he well deserved it; it wasn’t wasted on him; it was well spent on him”, referring in context here to a meal given to someone who made the most of it.
donaí: “miserable, wretched”. Olc maith nú donaí is generally translated as “good, bad or indifferent”, although FdS indicates that donaí does not actually mean “indifferent”, but “pretty bad”, something less worse than olc. Olc, maith nó dona is what is recommended in FGB.
dorcha: “dark”, pronounced /dorəxə/. Also, “secretive/mysterious”, of a person.
dúbhaim, dúchtaint: “to darken, blight”. Do dhúbhaigh agus do ghormaigh aige, “he became utterly dejected”. Note: pronounced /duːmʹ, duːxtintʹ, ɣuːgʹ/.
dúthrachtach: “fervent, earnest, devoted”, pronounced /du:rhəxtəx/.
faid: “length”, or fad in the CO. An fhaid, “while”, fad or a fhad in the CO. Fad is, however, found in i bhfad, “for a long time; far”: an mbeidh sí i bhfad? “will she be long?” Faid gach n-fhaid, “for ever such a long time”.
faitíos: “fear, apprehension”.
fiacal: “tooth”, with fiacla in the plural. The historical dative, fiacail, is used in the CO. Pronounced /fʹiəkəl, fʹiəkələ/.
fiannaíocht: “the exploits of the Fenians”, and as an exclamation, “nonsense!”
finneóg: “window”, or fuinneog in the CO. Pronounced /fʹi’ŋʹoːg/.
fogha: “lunge”, pronounced /fou/.
fraochán: “whortleberry”.
geallúint: “promise”, or gealltanas in the CO.
gormaím, gormú: “to turn blue”. Do dhúbhaigh agus do ghormaigh aige, “he became utterly dejected”. Note: pronounced /gorə’miːmʹ, gorə’muː/.
gruaig: “hair”, i.e., a whole head of hair (as opposed to individual hairs, which are ribí).
lathach: “mud, mire”, with lathaí in the genitive. I am unsure where the stress is in the nominative of this word.
Luan: “Monday”. Ní raibh críostaí an Luain ann, “there was not a living soul there”.
maide: “stick, beam”. Maide croise, “crutch”.
maidrín: “little dog”, pronounced /mɑdʹi’rʹi:nʹ/. Maidrín lathaí, “menial person”, explained in FdS as “a person who dances attendance upon another unnecessarily”, literally “a little dog trotting in the mud”.
míchuíosach: “immoderate, abnormal, extreme”, or míchuibheasach in the CO. Pronounced /mʹi:’xi:səx/.
múisiún: “drowsiness”, or múiseam in the CO. Múisiún codlata bheith air, “to nod off”.
mura: “if not, unless”. Mura and mara are found in PUL’s works, where the CO has muna. Similarly murab is found here, where munab stands in the CO. Shán Ó Cuív regularly transcribed mura as mara in his LS edition, indicating that the mara is the more dialectal form. In sarcastic exclamations, mura can be understand as following an implied “I’ll be damned…, I’ll be blowed …”: mura dea-chómharsanach atá sí, “I’ll be damned if she isn’t obliging! how very obliging she is!”
nára: a particle introducing negative exhortations with the subjunctive of the copula. Nára slán comórtas, “let it not be a just comparison”, i.e., “a fine comparison indeed!”
neómat: “minute, moment”, or nóiméad in the CO. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint; consequently, the CO form is no more authoritative than the WM form.
oscalta: “open”, or oscailte in the CO. Pronounced /oskəlhə/.
paróiste: “parish”, pronounced /pro:ʃtʹi/. Note the dative plural here, paróistibh, with a short ending, where paróistíbh might have been expected. In sna seacht bparóistibh, “for miles around”.
púca: “hobgoblin, sprite”. Níl sprid ná púca gan fios a chúise aige féin, “there is no sprite or hobgoblin who doesn’t know his own business”, i.e., everyone has his own reasons for the things he does.
puínte: “point”, or pointe in the CO. An chéad phuínte ná a chéile dhe, “first of all”.
riocht: “guise”. I riocht, “looking like, appearing on the verge of something, ready to”, also found in the dative plural as i riochtaibh, /i rʹuxtivʹ/, and i reachtaibh (the latter form being used in the CO). I riochtaibh dul i laige, “looking like he was going to faint”.
sámhcholadh: “sound sleep”.
saoráideach: “easy”, pronounced /səi’rɑ:dʹəx/.
screadaim, screadach: “to scream, shriek.” Note that as a feminine verbal noun ending in -ach, screadach becomes ag screadaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
seannda: “old, aged”, with a double n given in the editing here to show the diphthong, /ʃaundə/. A stiúsaí sheannda!, “you brazen old thing!”
siúrálta: “sure, certain”, or siúráilte in the CO. Pronounced /ʃuː’rɑːlhə/.
sloigim, slogadh: “to swallow”, or slogaim, slogadh in the CO.
taibhreamh: “dream”, with taibhrithe in the plural where the CO has taibhrimh, pronounced /təirʹəv, təirʹihi/. Traditionally spelt taidhbhreamh, this word is spelt taidhreamh in the original. Taibhreamh na súl n-oscalta, “a dream with your eyes open”.
teanga: “tongue”, with teangain in the dative.
tórramh: “wake”, as in a party after a funeral.
treasna: “across”, or trasna in the CO.
tulcais: “a bulky thing, clumsy person, deformed person”, used here in the vocative, a thulcais!, glossed in FdS as “you misshapen thing”. This word appears to be bulcais in the CO, which form is also given in CFBB.
úr: “your (pl)”, or bhur in the CO.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s