Séadna chapter 8

Caibideal a hOcht.

Ag teacht i gcóngar an tí do Shéadna, d’airigh sé na fir ag cainnt go hárd fé mar ’bheadh scéal mór éigin ar siúl acu. Nuair a tháinig sé isteach do stadadar. D’fhiafraigh sé dhíobh cad do bhí ar siúl acu. Bhí iúnadh orthu é dhá fhiafraí, mar níor ghnáth leis aon tsuím a chur ’na gcómhrá.

“Tá,” arsa duine acu, “muíntir Mhicil a bheith i mbuairt ar maidin inniu.”

D’fhéach Séadna ’na thímpall.

“Agus cá bhfuil Micheál?” ar seisean.

“D’fhan sé sa bhaile,” arsan fear a labhair. “Tá báille ag teacht ann ag tógáilt chíosa, agus ní deirim go bhfuil aon leathphinge airgid fé dhíon tí acu.”

Níor dhein Séadna ach casadh agus imeacht an doras amach.

Bainntreach dob ea máthair Mhicil. Do dhein sé ceann ar aghaidh ar thigh na bainntrí. Bhí tosach ar an mbáille aige agus ní raibh ach san. D’fháiltigh an bhainntreach roimis.

“Cad ’tá uaidh sin?” arsa Séadna.

“Tá an cíos,” ar sise.

“An mór é?” ar seisean.

“Fiche púnt,” ar sise.

“Seo,” ar seisean. “Tá púnt sa tseachtain ag dul do Mhicheál. Sin fiche púnt dá phá roimh ré agat.”

“Airiú,” ar sise, “cad ar a shon go dtabharfá an oiread san airgid dom roimh ré?”

“Ar son an tSlánaitheóra,” ar seisean.

“Go dtugaidh an Slánaitheóir a luach dhuit!” ar sise.

Bhí sé imithe sula raibh uain aici ar a thuilleadh a rá.

Tháinig an báille isteach. Hata bán air. Pluic air. Pus mórchúiseach air. Caíncín ramhar air. Muineál beathaithe air. Casóg bhréide ghlaschaorach air. Bolg mór air. Tárr leathan air. Colpaí air. Bata trom draighin duibh ’na láimh. É ag cneadaigh agus ag séideadh.

“Cíos nú seilbh, a bhean an tí,” ar seisean.

Gobnait. Ó, imbriathar ’s ambasa, a Pheig, nách bhfeaca oidhre riamh ar Sheán an Aonaigh ach é!

Peig. Agus nách báille Seán an Aonaigh, a Ghobnait?

Gobnait. Ambasa is ea, dar ndó’.

Peig. Cad eile mar sin?

“Cíos nú seilbh, a bhean an tí,” ar seisean, díreach mar adéarfadh Seán an Aonaigh é.

Do ghlaeigh sí ar a mac.

“Seo, a Mhicil,” ar sise, “cómhairimh é sin agus tabhair don duine mhacánta so é.”

Do leath a shúile ar Mhicil, mar ní fheacaigh sé Séadna ag tabhairt an airgid dá mháthair, agus do leath a shúile ar an mbáille, mar ní raibh aon choinne aige go raibh aon leathphinge airgid sa tigh. Ghlac sé an cíos agus thug sé a bhóthar air, agus is é a bhí go cráite canncrach, mar bhí an áit geallta aige an mhaidean chéanna do dhuine eile ar bhreib mhaith.

“’Sea!” arsa Séadna, ag teacht abhaile dho. “Má bhí gnó idir lámhaibh aige ag lot maitheasa mo scillinge, bíodh gnó is mó ná é anois aige ag lot tairbhe an fhichid púnt. Is dó’ liom nách miste dhom an gnó san d’fhágáil idir é féin agus an bhainntreach.”

Tháinig sé abhaile agus chrom sé ar an obair. Ba gheárr go raibh Micil isteach ’na dhiaidh, agus do chrom sé ar an obair. Níor labhair éinne an chuid eile den lá, agus ní raibh le cloisint ann ach bogfheadaíol na bhfear, anál fhada throm Shéadna, mionbhuillí na gcasúr mbeag agus tarrac agus fáscadh an tsnátha chéaraigh.

Nuair a chuaigh Micil abhaile an oíche sin, d’inis a mháthair do cad ’duairt Séadna le línn an airgid do thabhairt di dho, go nduairt sé gur ar son an tSlánaitheóra do bhí sé dhá thabhairt di. Bhí iúnadh orthu araon, mar níorbh é a dtuairim riamh go raibh puínn cráifeachta ag baint le Séadna.

Do ghluais Micil ag scoraíocht agus d’inis sé do bhuachaill eile é. Ba gheárr go raibh sé fada fairsiog ar fuid na dútha. D’airigh Diarmuid Liath é. D’airigh an báille é. D’airigh Sadhbh é.

“A dhaid,” arsa Sadhbh, “ar airís cad a dhein Séadna le déanaí?”

“Níor airíos agus is cuma liom.”

“’S dó’, a dhaid, do cheapamar go raibh ciall aige.”

“Airiú, agus cad do dhein sé?” arsa Diarmuid.

“Do dhein sé an tuathal, rud nár theip riamh air,” ar sise.

“Agus cad é an tuathal is deiriní atá déanta aige?” arsa Diarmuid.

“Tá,” ar sise, “dul agus céad púnt airgid do thabhairt don tsnamhaire bheag san thuas, máthair Mhichíl bhacaigh.”

“Airiú, a Shadhbh, ná creid é.”

“Ó, go deimhin, a dhaid, níl focal bréige ann. Is é an báille féin d’inis dom é. Ní fheadar cá bhfuair sé an t-airgead go léir. Agus dar nóin, cad é an tairbhe dho airgead a bheith aige más mar sin a cheapann sé é ’scaoileadh uaidh? Is maith a dheinis an cleamhnas do bhriseadh an uair úd. Ní chuirfinn a chathú go brách dhíom me ’bheith pósta ag amadán.”

“Ambasa, a Shadhbh,” arsa Diarmuid, “ní mise a bhris é.”

“’ Dhe agus darfa liath, a dhuine, cé eile ’bhris é ach tusa? Dar ndó’ ní hamhlaidh a mheasfá a rá gurb é Séadna do bhris é!”

“An daighe, a ghamhain, ní dócha gur bhris éinne é. Ní raibh sé ann le briseadh,” arsa Diarmuid.

“Ní raibh sé ann le briseadh!” ar sise. “Ní raibh agus ní bheidh! Is deas an saghas duine thu! Ní raibh sé ann le briseadh! Is deas an chainnt í sin uaitse. Sin iad do chómharsain uile agus a gclann curtha i gcrích acu, agus cad ’tá déanta agatsa? Ní raibh sé ann le briseadh! Ní raibh agus ní bheidh!”

Ansan do chrom sí ar ghol.

D’éirigh Diarmuid agus bhuail sé síos chun an dorais agus chuir sé a ghuala leis an ursain, agus d’fhéach sé síos an bóthar, agus ansan d’fhéach sé suas an bóthar.

Cáit. Dá mbeinn i gcás Dhiarmuda déarfainn léi, “main do dheór nár chuirir díot!”

Peig. Ní fheadar, a Cháit. B’fhéidir dá mbeifá i gcás Dhiarmuda nárbh fhearra dhuit rud a dhéanfá ná an rud a dhein seisean. Is é is dóichí gurb aige ab fheárr ’fhios cad ba cheart do a dhéanamh.

Cáit. An stiúsaí! Is beag orm í.

Gobnait. Ar airigh Máire Ghearra é, a Pheig?

Peig. An Domhnach a bhí chúinn, bhí sí ag cainnt le máthair Mhicil, agus fuair sí tuairisc an scéil díreach fé mar a thit sé amach. Bhí áthas mór go léir uirthi nuair a thuig sí gur thug sé an t-airgead uaidh ar son an tSlánaitheóra.

“Agus,” ar sise, “tá súil agam anois go dtuíllfidh Micheál an t-airgead san chómh macánta agus dá mba ná beadh sé fálta roimh ré aige.”

“Dó’ mhuise,” arsan bhainntreach, “sin é iúnadh an scéil ar fad. Nuair a bhí sé ag díol na bhfear aréir do shín sé púnt chun Micil mar ba ghnáth. ‘Ó,’ arsa Micil, ‘táim díolta cheana.’ ‘Glac é sin uaim,’ arsa Séadna, agus b’éigean do.”

“’Sea!” arsa Máire Ghearra, “bhídís dhá rá ná raibh creideamh ag Séadna. Bíodh san mar chómhartha acu air!”

“Creideamh?” arsan bhainntreach. “Ní fheaca a leithéid riamh. Dá mairinn míle blian ní chuirfinn as mo cheann an fhéachaint a thug sé orm nuair aduairt sé an focal agus é ag síneadh an airgid chúm. ‘Ar son an tSlánaitheóra,’ ar seisean, agus nuair ’fhéachas suas air, bhí an dá shúil aige á chur tríom i dtreó go dtáinig iarracht d’anaithe orm ná féadfainn a ínsint duit.”

“Éist, a óinsigh,” arsa Máire. “Cad ba ghá an t-anaithe?”

“Ó, leog dom féin, a Mháire. Is amhlaidh mar atá an scéal, dá bhféachainn i gcoinnibh a shúl an tarna huair do thitfinn,” arsan bhainntreach.

“A Shiobhán!” arsa Máire Ghearra.

“Teacht, a Mháire,” arsan bhainntreach.

“Tá rún agam le tabhairt duit,” ar sise, agus bhí creathán ’na ballaibh agus ’na guth.

“Ná bíodh ceist ort, a Mháire,” arsa Siobhán. “Cimeádfadsa do rún, dá mbeadh m’anam air.”

“Tá ’fhios agamsa go maith go gcimeádfair, a Shiobhán, ach tá níos mó agat le déanamh dom ná mo rún a chimeád.”

Do stad sí. Níor labhair Siobhán.

“Bhíos tamall dem shaol, a Shiobhán,” ar sise, “agus do cheapas ná pósfainn choíche.”

“Ní haon tamall mór ded shaol atá caite,” arsa Siobhán.

“Dá luíghead é, tá sé buartha go maith le déanaí,” arsa Máire.

“Ní fheicim puínn abhar buartha agat,” arsa Siobhán.

“Tá mo chroí dá shníomh le buairt,” ar sise.

Ansan do labhair sí i gcogar le Siobhán agus chaitheadar tréimhse mór ag cogarnaigh. Nuair a bhí an chogarnach críochnaithe acu chuaigh Máire abhaile agus chuaigh Siobhán a chodladh. Ach ní baol gur thit aon néal codlata ar Mháire ná ar Shiobhán an oíche sin.

Nuair ’dh’éirigh Siobhán ar maidin is í a bhí go tuirseach. Nuair a cheap sí a caidhp a chur ar a ceann, is ’na póca a chuir sí é. Nuair a cheap sí a bróg a chur ar a cois, is sa tine a chuir sí í mar ’chuirfeadh sí fód móna. Nuair a tháinig sí ar a glúinibh chun na bpaidreacha do rá, do theip uirthi focal ar bith a rá le cruinneas ach “Go gcuiridh Dia ar mo leas me! Go gcuiridh Dia ’s Muire Mháthair ar mo leas me!” Nuair a theastaigh ó Mhicil a chuid bídh d’fháil, ní raibh an bia ollamh do. Nuair a cuireadh os a chómhair é, ní raibh sé ach leathbheirithe. Níor leog sé aon ní air, ach an bia do chaitheamh chómh maith agus d’fhéad sé é.

“Tá rud éigin ar mo mháthair”, ar seisean in’ aigne féin. “Ní fheadar ’en tsaol cad ’tá ag éirí fúithi. Ní héidir gurb é an báille úd a bheadh ag teacht arís? A mháthair,” ar seisean, “tá rud éigin ag déanamh buartha dhuit. An raibh a thuilleadh le héileamh ag an mbáille an lá úd?”

“Ach! ní raibh, a Mhicil, oiread agus leathphinge. Níl blúire orm ach nár chodlas puínn aréir.”

“Níorbh fhearra dhuit rud a dhéanfá anois, a mháthair,” arsa Micil, “ná dul agus greas a chodladh dhuit féin.”

“Is olc an rud codladh d’fhínn an lae, a Mhicil,” ar sise. “B’fheárr do dhuine foighne ’dhéanamh air dá mb’fhéidir é, i dtreó go mbeadh codladh na hoíche go maith aige.”

Do ghluais Micil suas go tigh Shéadna agus do luigh sé ar a ghnó. Ní raibh dhá ghreim curtha aige nuair siúd isteach ’na dhiaidh a mháthair. Thóg sé a cheann agus d’fhéach sé uirthi. Thóg Séadna a cheann agus d’fhéach se uirthi.

“A Shéadna,” ar sise, “dá mb’é do thoil é, d’oirfeadh dhom focal a labhairt leat it aonar.”

“A Mhichíl,” arsa Séadna, “dá mb’áil leatsa bualadh amach ansan tamaillín.”

Do bhuail Micil amach agus chuir sé a dhrom le claí.

“Ní fheadar ’en tsaol,” ar seisean leis féin, “cad atá ag éirí dhi nú cad é an fuadar é seo fúithi!

Bhí tor aitinn taobh leis. Chonaic sé ar an dtor beach bheag in achrann i snáth ruáin alla. Do phreab an ruán alla amach as an áit ’na raibh sé i bhfolach agus thug sé fé bhreith ar an mbeich mbig. Nuair a chonaic sise ag teacht é chuir an sceón dúbailt nirt inti, agus do bhris sí an snáth agus d’imigh sí.

Síle. Ó, imbriathar, a Pheig, go bhfeacasa rud mar sin ag ruán alla dhá dhéanamh, ach más ea, ní beach a bhí sa tsnáth ach cuil, agus do rug an ruán alla ar chaoldrom ar an gcuil, agus imbriathar ná raibh aon mhaith dhi bheith ag crothadh a cos agus ag únthairt. Chimeád sé a ghreim chun go raibh sí socair go leór. Agus ansan dá bhfeicfá mar ’fhíll sé sa tsnáth í agus mar a rug sé leis isteach í.

Gobnait. Is dócha gur dhein sé bagún di.

Síle. Do rug sé leis í, pé’n Éirinn é.

Peig. Ní rug ruán alla Mhicil an bheach leis, mar d’imigh sí uaidh. Agus nuair a cheap Micil go raibh an tamaillín caite d’fhíll sé ar an dtigh. Nuair a bhí sé ag déanamh ar an ndoras d’airigh sé Séadna a’ rá na bhfocal so:–

“Ba shaoire dhi an bás is measa do fuair duine riamh, agus í dhá fháil seacht n-uaire i ndiaidh a chéile, ná mise dhá pósadh!”

Do chas Micil agus chuir sé an talamh de sular airigh sé a thuilleadh. Ach má chuir, ní túisce ’bhí sé arís ag an dtor aitinn ná d’éirigh árdfhearg air.

“Is deas an obair í seo,” ar seisean in’ aigne féin. “Is leamh an gnó dom mháthair teacht anso ag déanamh cleamhnais do Shadhbh Dhiarmud’ Léith! Fan go dtéadsa abhaile anocht!”

Lena línn sin do chonaic sé a mháthair ag déanamh air agus aghaidh bhán uirthi ar dhath an bháis. Phreab sé ’na coinne.

“Airiú, a mháthair,” ar seisean, “cad ’tá ort?”

“Éist, éist, a mhic ó!” ar sise i gcogar. “Níl aon rud orm. Imigh isteach chun do ghnótha. Táid na fir eile ag teacht láithreach.”

Chuaigh Micil isteach. Bhí an dorqs ar dianleathadh agus gan duine istigh roimis. Bhí inead Shéadna folamh. Do shuigh Micil agus do thairrig sé chuige a ghnó. Thánadar na fir ’na nduine ’s ’na nduine. Do ghluais an obair mar ba ghnáth. Níor fhíll Séadna an lá san.

Síle. Cogar, a Pheig; dar ndó’ ní hag déanamh cleamhnais do Shadhbh a bhí Siobhán?

Peig. Cad eile, a Shíle, a chuid?

Síle. Do Mháire Ghearra, gabhaimse orm. Agus ba dhó’ liom, dá mbeadh aon chiall ag Micil, go dtuigfeadh sé an méid sin, féach!

Gobnait. Agus cá bhfios duit, a Shíle, gur do Mháire Ghearra a bhí sí ag déanamh an chleamhnais, nú cá bhfios duit an cleamhnas a bhí aici dá dhéanamh in aon chor?

Síle. Ó! go deimhin is beag dá mhearathall orm. Cad air gur thug sí féin agus Máire Ghearra an oíche ag cogarnaigh? Cad do bhain codladh na hoíche den bheirt? Cad é an rún a thug Máire Ghearra dhi? Tá ’fhios agamsa go maith cad a bhí ar siúl acu, geallaim dhuit é.

Peig. Is dó’ liom, a Shíle, ná fuilir i bhfad ón gceart, agus gur géarchúisí go mór thu ná Micil.

Nótaí

A óinsigh!: “thou foolish woman!” Óinseach is another example of a feminine noun the vocative of which has become aligned with the masculine declension.

Ní rug: ní rug is found here and níor rugadh in chapter 17. Níor rug is given in PUL’s novel, Niamh. As the initial r- of rug derives from the perfective particle (do-, ro-), it was traditionally correct to say ní rug, but both forms were used.

Names

Muire Mháthair: the Virgin Mary. Máthair is lenited in this phrase, as if adjectival.
Seán an Aonaigh: the name of a bailiff mentioned here.
Siobhán: a widow who is the mother of Micil in the story here. Siobhán is the Irish equivalent of the name Joan, and is generally undeclined (as stated in PSD).

Foclóirín

anaithe: “fear, terror; awe”, or anfa in the CO. This is one of many words in Irish where an original f is pronounced as h: /ɑnihi/.
aréir: “last night”, pronounced /ə’re:rʹ/, with a broad r in the middle of the word.
báille: “bailiff”.
bainntreach: “widow”, or baintreach in the CO. The double n here shows the diphthong: /baintrʹəx/.
beag: “small”. Is beag orm í, “I don’t like her”. Is beag dá mhearathall orm, “I am in little doubt about it”.
bogfheadaíol: “soft whistling”. Such nouns in -aíol all have -aíl in the CO: bogfheadaíl.
breab: “bribe”, with breib in the dative.
bréid: “frieze”.
caidhp: “cap, bonnet”, pronounced /kəipʹ/.
caíncín: “snub nose, prominent nose”, pronounced /ki:ŋ’kʹi:nʹ/.
canncrach: “cantankerous”, or cancrach in the CO. The traditional double n is retained here to show the diphthong: /kauŋkərəx/.
caoldrom: “the small of the back”, or caoldroim in the CO.
cneadaim, cneadach: “to pant, groan”. Cneadach is a feminine verbal noun that is declined in the dative as ag cneadaigh.
cogarnach: “whispering”, a feminine verbal noun that becomes ag cogarnaigh in the dative; this distinction is not observed in the CO.
colpa: “calf (of the leg)”, pronounced /koləpə/.
cráifeacht: “devotion, piety”.
creathán: “trembling”, pronounced /krʹi’hɑːn/.
crích: “end, fate”, or críoch in the CO. Críoch is normally found in PUL’s works only to denote the end of a book. A gclann curtha i gcrích acu, “their children married off and settled in life”.
cuil: “fly”, the insect.
darfa lia: “by God! egad! heavens!” PSD claims this phrase is derived from dar fotha/foth Dia, where fotha means “foundation, basis”. However, FdS indicates that darfa lia is a way of avoiding saying dar fia Dia, “as God is my witness!” The real etymology may be obscure.
díon: “roof”, often in the phrase díon tí. Fé dhíon tí, “in the house”, given as fé dhín tíghe in the original text of chapter 8, perhaps reflecting the slenderising effect of the t of tíghe on the n of what would have been dhíon. This is edited here as fé dhíon tí. LMM transcribes as fé iadhadh an tí, where iadhadh would be a variant of iamh, “closure, enclosure”: cf. faoi iamh an tí, “within the four walls of the house” in FGB. However, FdS makes clear that fé dhín tíghe is derived from díon.
draighean: “blackthorn”. Also draighean dubh. Pronounced drəin/. The genitive, draighin, is transcribed as drying by Shán Ó Cuív in his LS edition, implying it should be draighinn.
éirím, éirí: “to rise”. This word is pronounced /əi’rʹi:mʹ, əi’rʹi:/ in WM Irish. Éirí in áirde, “airs, uppishness”. Cad ’tá ag éirí fúithi? would seem to mean, “what has come over her? what is happening to her?”, but I haven’t found éirí listed with as an idiom in any dictionary.
fairsiog: “wide, extensive”, or fairsing in the CO. The spelling was also fairsing in the original, adjusted here in line with the pronunciation. Pronounced /fɑrʃəg/.
fichead: “score”. FdS has an entry for a noun fichead, which is not found in PSD. PSD has fiche, “twenty”, with fichead in the genitive, but luach an fhichid púnt here appears to be the genitive of noun whose nominative is fichead.
fionn: “something what”. Fionn an lae, “broad daylight”. FdS indicates that in d’fhínn an lae, “in broad daylight”, fínn is the dative of fionn.
glacaim, glacadh: “to accept”. Note that this takes a direct object (rud do ghlacadh), whereas the CO has glacadh le rud.
glaschaorach: “sheep’s grey in colour, and by extension homespun”.
greas: “turn, bout”. Greas a chodladh, “to take a nap”.
iarracht: “a bit, a certain amount”. Iarracht d’anaithe, “a sort of fear/awe”.
leathbheirithe: “half-cooked”.
leathphinge: “ha’penny”, or leathphingin in the CO. Pronounced /lʹafʹiŋʹi/. The colloquial form leathphinge is found in chapter 8 here, but leathphingin is also given in the original text elsewhere.
main: “sign; inclination”. Main do dheór nár chuirir díot, “may your inclination to weep continue” (using the present subjunctive), said as a reproach to someone’s useless tears. Pronounced /mɑnʹ/. FdS glosses this word as “oppression”, and the whole phrase as “may your tears bring you no relief”.
mionbuille: “tap, little blow”.
néal: “cloud”, but also “nap, snooze”. Néal codlata, “a wink of sleep”.
oidhre: “heir”, pronounced /əirʹi/. Oidhre ar dhuine, “the image of someone, someone who closely resembles someone”.
óinseach: “foolish woman”.
paidir: “prayer”, with paidreacha in the plural. Pronounced /padʹirʹ, padʹirʹəxə/.
pluc: “rounded cheek”.
ruán alla: “spider”. Snáth ruáin alla, “a spider’s web”. Ruánaille means “sparrow-hawk” in the CO, which has damhán alla for “spider”. Alla is derived from allaidh, of which allta, “wild, fierce”, is the plural according to PSD.
rún: “secret”. Note that the r is pronounced slender in some phrases, e.g. do rún, /də rʹuːn/, “your secret”.
seilbh: “possession”, pronounced /ʃelʹivʹ/. Cíos nú seilbh, “pay the rent or give up the property”.
snamhaire: “creep, sneak, sly person”, pronounced /snaurʹi/.
sníomhaim, sníomh: “to wring, spin”. Tá mo chroí dá shníomh le buairt, “my heart is being wrung with grief”.
stiúsaí: “saucy girl, hussy”. Both IWM and PSD concur that the stress on this word is unexpectedly on the first syllable: /ʃtʹuːsiː/.
tagaim, teacht: “to come”. Teacht! as an interjection, “yes!” The context here shows this is so used even when there is no sense of “coming”, where two interlocutors are already face to face, as in chapter 8 here.
tárr: “abdomen; midriff, torso”. Tárr leathan air, “with a ‘spare tyre’ around his middle”.
tor: “bush”. Tor aitinn, “a furze bush”.
tuirseach: “tired”, pronounced /tir’ʃax/.
únthairt: “rolling, tossing about”, or únfairt in the CO. Pronounced /u:nhirtʹ/.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s