Séadna chapter 6

Caibideal a Sé.

Gobnait. Ba dheas an crónán é. Ach ní fheadar cad uime gur tugadh “cailleach ruainneach” uirthi. Is dócha gurb amhlaidh do bhí féasóg scáinte uirthi, mar atá ar Chailleach na mBroc.

Cáit. Cé ’duairtgo raibh féasóg ar Chailleach na mBroc?

Gobnait. Ó, go deimhin, a Cháit, tá sí uirthi. Bhíos-sa ’na haice, agus d’fhéachas go cruínn ar a smigín, agus tá sé lán de ribíbh móra fada ramhra agus iad liath mar a bheadh guairí. Nuair a chonaic sí me dhá dtabhairt fé ndeara, do gháir sí agus chimil sí dem éadan iad, i dtreó go mb’éigean dom liú leis an ngigilt.

Cáit. Is mairg nách id shúilibh a chuir sí iad. B’fhéidir go gcuirfeadh sé thu ó bheith ag féachaint ar dhaoinibh chómh drochmhúinte sin.

Gobnait. Dó’ mhuise, imbriathar mhóide, a Cháit, gur im shúilibh a chuir sí iad, féach! Agus sin é a chuir ag liúirigh me, agus ní hé an gigleas. Bhí aon cheann amháin orthu a bhí chómh mór chómh fada le snáthaid ramhair, agus chuaigh sé isteach im shúil, agus geallaim dhuit nár chuireas a chuímhne dhíom go ceann tamaill. Ní fheadar, áfach, an mbainfidh sé an drochmhúineadh dhíom.

Cáit. Éist, a Ghobnait, mar mhagadh ’bhíos. Níl aon drochmhúineadh ortsa, agus ní raibh riamh. Ach tá rud agat ná fuil agamsa, –– tá foighne agat. B’fhéidir, dá mbeinn féin ann, go dteipfeadh orm gan féachaint éigin a thabhairt ar na guairíbh. Ach an airíonn tú, a Pheig, ní fheadar féin ’en tsaol cad é an paor a bhí ag an bhfear úd na méaracán ar Shéadna, gur thug sé an aghaidh bhéil úd air i lár an aonaigh, gan chúis gan abhar.

Peig. Sin é díreach a bhí ag milleadh Shéadna. Ní fheidir sé cad fé ndear d’éinne a leithéid a dhéanamh. Is minic ’na dhiaidh sin a bhí sé ar an aonach gcéanna ag díol bróg, agus is mó tamall fada a chaith sé ag faire ar lucht méaracán ag brath air go bhfaigheadh sé lán a shúl den fhear a labhair leis an lá úd, ach ní bhfuair. Agus tá gach aon deallramh, dá bhfaigheadh, ná raghadh a chuid droch-chainnte in aisce leis.

Cáit. Is mór an trua mar a leogadh in aisce leis ar dtúis é.

Peig. Tháinig an scéal ró-obann ar Shéadna. Ní raibh uain aige cuímhneamh ar cad ba cheart do a dhéanamh, go mór mór nuair ’fhéach sé ar fhear na méaracán agus bhí seisean i bhfeighil a ghnótha féin, gan suím ar bith aige i ngnó Shéadna. Is amhlaidh mar a bhí an scéal ar ball aige, ní raibh sé ródheimhnitheach gurbh é an fear san do labhair in aon chor.

Cáit. Dó’ mhuise, imbriathar ’s ambasa gurb é a bhí agam féin dá chuímhneamh, leis, go mb’fhéidir nárbh é.

Peig. ’Sea, agus nách deas an obair a bheadh déanta ag Séadna, dá mbuaileadh sé an duine agus gan aon chúis aige air?

Cáit. Ambasa is fíor dhuit.

Peig. I bhfad ’na dhiaidh sin, nuair a bhíodh Séadna ar lorg an fhir, is amhlaidh a bhí sé ceapaithe, dá bhfeiceadh sé é, dul ar dtúis chun cainnte leis, agus ansan, nuair a bheadh sé déanta amach ón gcainnt aige ceoca ab é an fear aduairt an chainnt úd é nú nárbh é, bheadh neart do é ’bhualadh nú gan é ’bhualadh.

Nóra. Agus dar nóin, a Pheig, ní bheadh sé ceart aige é ’bhualadh, peoca ’duairt sé an chainnt nú ná duairt.

Peig. Ambasa, a Nóra, nílimse dhá rá go mbeadh. Ach táim dhá rá go raibh sé ceapaithe air, peoca ’bhí sé ceart nú ná raibh. Ach ba mhar a chéile é, mar do theip air aon radharc ’dh’fháil air amu’ ná i mbaile. Ní bhfuair sé a thásc ná a thuairisc thíos ná thuas, agus fé dheireadh d’imigh an scéal as a cheann.

Nuair a bhí an dá fhéire bróg críochnaithe aige, bíodh is ná raibh an luach púint de leathar ídithe, d’imigh sé agus thug sé leis luach dhá phúnt, agus ansan luach cheithre bpúnt. Ansan do thug sé leis beirt ghréasaithe eile ar a bpá lae, agus fé cheann tamaill beirt eile. Ba rógheárr go raibh a ainm in áirde sa dúthaigh le feabhas agus le saoire a bhróg, agus is chuige a thagadh na ceárdaithe dob fheárr, mar is é is feárr a chothaíodh agus a dhíoladh iad. Is ag triall air a thagadh na daoine ba shaibhre agus dob uaisle, ag ceannach bhróg, mar is ’na bhrógaibh a bhíodh an mianach dob fheárr, agus is orthu ’bhíodh an déanamh ba dheise. Is ag triall air a thagadh na daoine bochta ná bíodh airgead na mbróg oiriúnach acu, mar do thugadh sé cáirde breá fada dhóibh, agus nuair a thagadh an cáirde agus ná díoltí na fiacha, ní bhíodh sé dian san éileamh. Is minic a thagadh gréasaithe ag triall air ná bíodh airgead acu chun leathair a cheannach, agus go n-iarraidís air roinnt airgid a thabhairt ar iasacht dóibh, ionas go mbeadh neart dóibh bheith ag obair agus ag tuilleamh ruda in inead bheith scortha díomhaoin. Ní baol gur thug sé an t-eiteachas d’éinne acu riamh, agus is mó gréasaí bocht fé mhuirear throm a bheadh go minic gan bia ag á chlaínn ná muc sa doras aige, mura mbeadh Séadna.

Ag dul go dtí Aifreann an Domhnaigh nú an lae shaoire dho, nú ag dul ar aonach nú ar margadh ag díol bróg do, is mó duine ’bhíodh ag teacht roimis ar an mbóthar agus ag glaoch i leataoibh air, dhá rá, “Goibh mo leathscéal, a Shéadna, – bheadh an dá phúnt úd agam duit ach gur theip orm an mhuc a dhíol.” Nú, “Go deimhin, a Shéadna, tá náire orm teacht chun cainnte leat agus gan leathphingin ded chuid airgid fós agam duit; ach do buaileadh mo mhac breóite, agus bhí sé lá agus fiche ’na luí sula bhfuair sé an t-aothó, agus b’éigean dom beirt bhan fhritheáilte do chimeád ag tabhairt aireachais do i gcaitheamh na haimsire.”

Bhíodh gach éinne mar sin agus a thruamhéil féin aige, agus ní bhíodh d’fhreagra ag Séadna dhóibh ach, “Ná bíodh ceist ort,” nú “Ní fiú biorán is é,” nú “Tóg t’aimsir” – agus geallaim dhuit gurb iad a thógadh.

Bhí aon fhear amháin gur thug Séadna an t-eiteachas do. Agus más ea, is é cuma ’na dtáinig sé sin ná i gculaith éadaigh uasail, agus é go leathan láidir dea-shláinteach agus go breá círíneach beathaithe, agus a dhá láimh go breá bog geal leabhair gan rian oibre ná gnótha orthu. Agus seo mar a labhair sé: –

“Go deimhin, a Shéadna,” ar seisean, “tá ceist agus ceann-fé orm é ’bhreith im bheathaidh orm go gcaithfinn teacht ag triall ortsa ag lorg airgid ar iasacht. Ach do dhéanfadh céad púnt áise mhór anois dom, agus, de réir mar ’airím, ní dhéanfaidh sé ceataí mór duitse é ’thabhairt dom. Ní hé gach aon lá a thiocfaidh mo leithéidse dhá iarraidh ort.”

“Is oth liom ná fuil céad púnt agam oiriúnach anois le tabhairt duit,” arsa Séadna.

Do stad an duine uasal agus d’fhéach sé ar Shéadna. Ní raibh aon choinne in aon chor aige leis an bhfreagra san. D’fhéach sé ar Shéadna mar fhéachfadh sé ar ainmhí éigin neamhchoitianta. D’fhéach Séadna go seasmhach idir an dá shúil air. Deirtí go raibh féachaint ana-choímhtheach ag Séadna nuair ’curtí fearg air, agus gur bheag éinne ná cúbadh roímpi. Do chúb an duine uasal úd roímpi. D’fhéach sé síos ar an dtalamh, agus ansan d’fhéach sé an doras amach, agus ar ball d’fhéach sé ar Shéadna arís agus is amhlaidh a bhí Séadna ag gáirí uime.

“Ó,” ar seisean, “do dhéanfadh deich bpúint is daichead an gnó.”

“Is oth liom,” arsa Séadna, “ná fuil deich bpúint is daichead oiriúnach agam le tabhairt duit.”

Bhain san an mhóráil ar fad de.

“Tabhair dhom deich bpúint,” ar seisean.

“Ní bhfaighir,” arsa Séadna.

“Ní eiteófá me ar aon phúnt amháin,” ar seisean.

“Níl sé le fáil agat,” arsa Séadna.

“Féach, a Shéadna,” ar seisean, “tá ’fhios ag an dtalamh nár itheas bia agus nár ólas deoch ó mhaidin inné! Ba mhór an déirc dhuit rud éigin le n-ithe ’thabhairt dom.”

Tháinig an fhéachaint úd i súilibh Shéadna. Do shín sé a mhéar chun an dorais.

“Tabhair do bhóthar ort,” ar seisean, “a chladhaire dhíomhaoin!”

Is beag ná gur léim sé an doras amach.

Síle. Agus cogar, a Pheig. Ní fheadar cad a chuir an drochfhéachaint sin i súilibh Shéadna. Dar ndó’, ní raibh sé mar sin i gcónaí.

Peig. Sin é díreach a bhí ag cur iúnadh ar na cómharsanaibh go léir, a Shíle. Mhothaíodar Séadna ag athrú go mór ’na mheón agus in’ aigne. Is annamh do labhradh sé ach nuair a labharthí leis, agus ní gháireadh sé choíche nách mór. Do chuir sé uaidh ar fad an crónán. Níor chuímhin le daoinibh cathain ’airíodar an “Chailleach Ruainneach” dá cáineadh. Nuair a bhíodh sé ag obair i dteannta na bhfear ní raibh le clos uaidh ó mhaidin go hoíche ach an anál fhada throm agus mionbhuillí an chasúir bhig agus tarrac agus fáscadh an tsnátha chéaraigh. Cheapaidís na fir gur sainnt chun an airgid do bhí air, tráth ’s go mbíodh sé ag obair chómh dian. Agus ansan do bhíodh iúnadh orthu a rá go scaradh sé chómh bog leis, dhá thabhairt ar iasacht do dhaoinibh nách raibh breith acu ar é ’aiseac go brách, agus dhá thabhairt dóibh gan urra gan banna. Nuair nách labhradh seisean ní labhraidís féin, agus ní bhíodh le clos uathu ach an anál fhada throm agus mionbhuillí na gcasúr mbeag agus tarrac agus fáscadh an tsnátha chéaraigh. Ba dhóil leat dá bhfeictheá iad, gur ag obair ar gheall a bhídís. Nuair a bhíodh daoine ag gabháil thar an dtigh do stadaidís ag éisteacht leis an saothar. Agus ansan nuair a ghluaisidís orthu, deiridís lena chéile, “Is beag an iúnadh airgead ag Séadna! Ní fheacamar riamh ceárdaithe ag obair chómh dian. Cothaíonn sé go maith iad agus díolann sé go maith iad, ach más ea, baineann sé an obair astu, má baineadh astu riamh í.”

Idir cheárdaithibh agus cómharsanaibh, do theip orthu glan dhá thaobh an scéil a thabhairt dá chéile, nú an cheist sin do réiteach, .i. cad fé ndeár do Shéadna bheith ag obair chómh dian chun airgid a dhéanamh, agus ansan ag scarúint leis chómh bog?

Do lean an scéal ar an gcuma san ar feadh trí mblian. Ansan, pé slí ’nar chuaigh an ráfla amach, bhí sé leata ar fuid na dútha go raibh Séadna réidh chun a phósta. Bhí sé socair go raibh an cleamhnas déanta agus go raibh an lá ceapaithe. Bhíodar bacaigh agus lucht siúil na dútha dhá n-ollmhú féin ’na chómhair. Bhí aon ní amháin sa scéal a bhí ait go leór. Ní raibh aon bheirt socair ar cérbh í an bhean. Bhí sé socair ag muíntir na sráide gurbh í iníon Dhiarmuda Léith í. D’airigh Diarmuid féin an socrú chómh minic ar siúl gur chreid sé an uile fhocal de, agus geallaim dhuit gurb é a bhí go sásta in’ aigne. Bhí ’fhios aige Séadna ’bheith saibhir agus gan beann ar bith a bheith aige ar airgead, agus mar sin do cheap sé, ní nárbh iúnadh, ná beadh aon trácht ar spré. Bhí aon ní amháin ag déanamh buartha dho. Bhí lá ceapaithe ag an bpoiblíocht chun an phósta. Bhí an lá san i ngaireacht seachtaine dho, agus níor tháinig Séadna fós chun aon chainnte leis.

“Is dócha,” arsa Diarmuid in’ aigne féin, “go dtiocfadh sé, ach gan é ’bheith ar aigne aon spré do lorg le Sadhbh. Tá go maith. Bean bhreá dhathúil is ea í. Cailín ciúin ciallmhar ach ná curfí fearg uirthi. ‘Is feárr bean ná spré.’ Nách mór an chiall a bhí ag an té aduairt é sin ar dtúis! Ní sháródh an saol an seanfhocal.”

D’imigh dhá lá eile agus ní raibh scéal ná duain ó Shéadna. Bhí iúnadh mhór ar Dhiarmuid. Bhí iúnadh ba dhá mhó ná san ar Shadhbh.

“Imigh suas,” ar sise lena hathair, “agus labhair leis an bhfear san, ó tá sé de neamhthuiscint air ná tiocfadh sé féin chun labhartha leatsa – nú liomsa.”

Do bhuail Diarmuid suas. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do thigh Shéadna, d’airigh sé an obair ar siúl chómh dian agus dá mbeadh an saol in easpa bróg agus gan éinne chun iad do dhéanamh ach Séadna agus a lucht oibre.

Bhuail sé chúthu isteach.

“Bail ó Dhia oraibh anso!” ar seisean.

“Dia is Muire dhuit!” arsa Séadna.

“Mhuise go deimhin féin, a Dhiarmuid,” arsa duine de sna fearaibh, “is mithid duit é. Tá teinneas im shúilibh ó bheith ag stracfhéachaint síos an cosán san le seachtain, dhá chuímhneamh ó am go h-am go bhfeicfinn ag teacht thu.”

“Is greannúr san de,” arsa Diarmuid, “agus teinneas im shúilibhse agus im ghualainn ó bheith im sheasamh sa doras agus mo ghuala leis an ursain, agus ná féadfadh préachán teacht árd an bhóthair anuas i ganfhios dom, agus gach aon fhear a thagadh im radharc go mbínn lán-deimhnitheach gurbh é Séadna a bhíodh ann, go dtí go dtagadh sé i ngar dom.”

“Mise!” arsa Séadna.

“Tusa gan amhras!” arsa Diarmuid. “Nách in é i mbéalaibh na dtrí bpobal é go bhfuilir féin agus Sadhbh so agamsa le pósadh Dé Máirt seo chúinn? Agus an dóil leat ná gur cheart dom bheith ag brath air go mbeadh roinnt éigin cainnte eadrainn sula dtiocfadh an Mháirt?”

Tá dearúd ort, a Dhiarmuid,” arsa duine de sna fearaibh. “Ní le Sadhbh so agatsa atá sé le pósadh, ach le Máire Ghearra, iníon Sheáin Cheataigh thiar, agus dá chómhartha san féin, tá Seán imithe go Corcaigh a d’iarraidh lóin bídh agus dí chun na cóisreach, agus ní deirim ná go bhfuil cuireadh fálta ag á ghaoltaibh i gcómhair na Máirte.”

“Tá dearúd ortsa, a Mhicil,” arsa fear eile. “Ní le Máire Ghearra atá sé le pósadh, ach le Báb an Leasa anso thíos. Táid táilliúirí agus mná fuála ag obair ann le trí lá, agus ag gabháil aníos dom ar maidin inniu do chonac bacaigh ag bailiú ann cheana féin.”

“An bhfeacaigh éinne riamh úr leithéidí?” arsan ceathrú fear. “An rabhais ag an Aifreann Dé Domhnaigh, a Mhicil? Dá mbéifá ba dheocair duit gan an scéal a chloisint a bhí i mbéal an uile dhuine. ’Sé sin go mbeidh Séadna dá phósadh Dé Máirt seo chúinn le Nóra an Tóchair. Agus is ann a bhí na bacaigh ag dul, agus ní go dtí an Lios. Cuirfead geall go ndéarfaidh Séadna féin go bhfuil an ceart agamsa.”

D’fhéach Séadna ó dhuine go duine acu. Bhí an drochfhéachaint agus an drochsheasamh ’na shúilibh. Bhí fearg air, ach do bhrúigh sé fé í.

“Imigh ort abhaile, a Dhiarmuid,” ar seisean, “agus bíodh ciall agat. Níl aon fhonn pósta ormsa, agus ní deirim go mbeidh go fóill.”

Chrom sé a cheann agus dhírigh sé ar obair. Níor labhradh aon fhocal eile. Do shleamhnaigh Diarmuid amach, agus is é ’bhí go leamh de féin.

Tháinig sé abhaile.

“’Sea!” arsa Sadhbh.

“’Sea go díreach!” arsa Diarmuid.

“Cad é an scéal é?” arsa Sadhbh.

“Tá scéal ait,” arsa Diarmuid. “Beidh an dúthaigh go ceann seacht mblian ó inniu ag steallmhagadh fé bheirt againn, fútsa agus fúmsa.”

“Conas é sin, airiú?” arsa Sadhbh.

“É ’bheith tuíllte againn,” arsa Diarmuid. Agus do theip uirthi a thuilleadh cainnte a bhaint as.

Nótaí

Cheapaidís na fir: a rare example of the plural verb governed by a plural subject in the past habitual.

Náchraibh: ná raibh would be more common in traditional WM Irish, but the original text uses nách (spelled nach), the form that has been adopted in the CO. See also nách labhradh seisean in this passage.

Ní fheacamar riamh: the use of fheacamar here is unusual, because fheacamair, with a slender r is the form more usually found in the Munster Gaeltacht, despite the fact that past-tense forms with a broad r, historically attested in parts of Ireland, but no longer current in the remaining Gaeltacht areas, have been adopted in the CO. The original spelling is retained here, as fheacamar was not incorrect. More research required here on whether the broad r of riamh may influence the final r of the prededing word here.

Chun labhartha leatsa: labhartha is the genitive of the verbal noun, but the genitive of a verbal noun was not consistently used after chun in PUL’s works, cf. chun labhairt in PUL’s Mo Sgéal Féin. The genitive of the verbal noun is used consistently with a possessive particle (cf. chun a dhéanta elsewhere in Séadna).

Names

Báb an Leasa: the Maid of the Liss.
Cailleach na mBroc: the badger-woman.
Máire Ghearra: the daughter of Seán Ciotach in the story here, where gearra is a colloquial form of geárr.
Micil: a colloquial form of the name Micheál, analogous to Mike. Used here in reference to one of Séadna’s workers.
Nóra an Tóchair: Nora of the Causeway.
Sadhbh: a name derived from a mythological figure and anglicised as Sive. Sadhbh is the daughter of Diarmuid Liath. Pronounced /səiv/.
Seán Ciotach: a character in the story here. Ciotach, “awkward”, means “lefthanded” as a soubriquet here.

Placename

Corcaigh: Cork city. This is one of many Irish placenames where the dative form has replaced the erstwhile nominative (cf. corcach, “marsh, lowlying swamp”).

Foclóirín

aghaidh: “face”, pronounced /əigʹ/. Aghaidh bhéil a thabhairt ar dhuine, “to scold someone”.
ainmhí: “animal”, pronounced /anʹi’vʹi:/.
airím, aireachtaint: “to hear”, or airím, aireachtáil in the CO. Pronounced /a’rʹi:mʹ, i’rʹɑxtintʹ/. An airíonn tú?, “listen!”, as a way of summoning someone’s attention.
áise: “convenience,” or áis in the CO. Do dhéanfadh sé áise mhór dom, “it would come in handy, be a great favour”.
aiseagaim, aiseac: “to restore, restitute, repay; to vomit”. I have a lot of research to do on this word, as Ó Dónaill’s dictionary shows aisíocaim, aisíoc in the meaning of “to restitute, repay”, but aiseagaim, aiseag in the meaning of “to restitute; to vomit”, making it unclear why the word has split into two possible forms in that dictionary. Dinneen’s dictionary has only aiseagaim, aiseag. In the original text of Séadna, the verbal noun is spelt aisioc.
anál: “breath”, or anáil in the CO, where the historical dative has replaced the nominative.
aothó: “crisis in sickness”, i.e. “a turn for the better”. Aothú in the CO. The original has aoitheó, and Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna transcribes this as yhó, but CFBB shows the pronunciation to be /e:’ho:/.
báb: “maid, maiden”.
bail: “success, prosperity”. Bail ó Dhia oraibh anso!, “God’s blessing on you all here!”
banna: “bond”. Gan urra gan banna, “without security or bond”.
beann: “regard”. Beann a bheith agat ar rud, “to care about something, give a damn about it”.
brách: “judgement, doomsday”. Go brách, “forever”, or in negative contexts, “never”.
breóite: “sick.” Note that the traditional distinction between breóite, “sick”, and teinn, “sore”, is maintained in Cork Irish. The CO only has the latter, spelt as tinn.
broc: “badger”.
cad: “what?” Cad uime?, “why? on account of what?”
casúr: “hammer”.
ceann-fé: “shame”, or ceann faoi in the CO. The hyphen in the original is preserved here, as this is a noun.
céarach: “waxen”, an adjective formed from the genitive singular of céir, which is then itself declined, as in the genitive an tsnátha chéaraigh here.
ceataí: “inconvenience, awkwardness, a problem”. This appears in the CO as ciotaí, but ceataighe is the traditional spelling, and the pronunciation in WM Irish is /kʹa’ti:/. This word is listed in FdS as feminine, but the original text has ceataighe mór, and the LS edition concurs with the unlenited m. Note the spelling of the cognate word ciotach, “awkward”. The divergence in spelling seems to reflect the fact that unstressed vowels are usually reduced in the pretonic position in WM Irish, except where /i:/ or /u:/ occurs in the stressed syllable. Ciotach possibly represents an underlying earlier form, ceatach, now pronounced ciotach, with the –ea- preserved in pronunciation in words that have /i:/.
ciotach: “awkward; lefthanded”. Pronounced /kʹi’tɑx/. See under ceataí.
círíneach: “rosy, florid”.
coímhtheach: “alien; wild”, or coimhthíoch in the CO. Féachaint choímhtheach, “a wild look”. Pronounced /ki:həx/.
cóisire: “wedding”, or cóisir in the CO. The genitive found here is cóisreach, where the CO has cóisire.
cúbaim, cúbadh: “to cower, shrink”.
cuireadh: “an invitation”, pronounced /kirʹi/.
deallramh: “appearance”, dealramh. Pronounced /dʹaurəv/.
dearúd: “mistake”, or dearmad in the CO.
deimhnitheach: “certain”, or deimhneach in the CO. Pronounced /dʹəiŋʹihəx/.
drochsheasamh: “a nasty look”.
duain: “poem, song”. Níl scéal ná duain uaidh, “there has been no tale nor tidings of him”.
eiteachas: “refusal”, pronounced /ə’tʹɑxəs/.
eitím, eiteach: “to refuse”. Dinneen has both eiteach and eiteachadh as the verbal noun, but I have yet to come across the verbal noun in PUL’s works. Eitím duine ar rud, “I refuse someone something”.
féire: “pair”, or péire in the CO.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in the CO. Friothálamh also corresponds to the related the CO noun, friotháileamh, “reception, entertainment of guests; attention to someone’s needs”. The genitive, generally friothála in WM Irish, /frʹi’hɑ:lə/, is found here as fritheáilte, /frʹi’ha:lhi/: bean fhritheáilte, “nurse; a woman to attend to someone”, or bean fhriothála in the CO.
fuaim, fuáil: “to sew, stitch”. Bean fuála, “seamstress”. I’m unsure if the a needs to be long in fuáil in WM Irish.
geall: “wager”. Ar gheall, “for a wager”.
gigleas: “act of ticking”, pronounced /gʹigʹilʹəs/.
giglím, gigilt: “to tickle”. I haven’t found the finite verb in PUL’s works: it may be giglim in traditional WM Irish.
guaire: “bristle”.
i gcómhair: “for, in store for”. This phrase was generally spelt i gcóir in PUL’s works, in line with PUL’s view (cf. Notes on Irish Words and Usages) that this phrase derives from cóir, “proper arrangement (among other meanings)” and not cómhair, “presence”. He indicated he did not have a nasal vowel in this phrase, but the issue is complex, as his etymology seems faulty (The Dictionary of the Irish Language has i gcomhair) and it is possible that i gcómhair has become conflated with a separate phrase i gcóir, “ready” in WM Irish. In any case, nasalisation is not a noted feature of modern-day WM Irish, and so the CO form produces the correct pronunciation.
imbriathar: “really! upon my word!” Imbriathar mhóide, “upon my solemn word!” Imbriathar s ambasa is translated as “upon my word and credit!” in the authorised translation of Séadna.
in: a form of the demonstrative pronoun sin used after the copula (b’in, nách in, etc). Often incorrectly written shin.
leabhair: “supple, lithe, graceful”.
leamh: “impotent, insipid, disgusting”. Leamh de féin, “disgusted with himself”.
leathscéal: “excuse”, or leithscéal in the CO. Pronounced /lʹa’ʃkʹial/.
lios: “garth, enclosure”, with leasa in the genitive.
mithid: “high time”. Is mithid duit é, “it is high time for you (to do something)”.
muirear: “encumbrance”, and by extension, “family”, pronounced /mirʹər/. Muirear or muiríon mean the family that a man has to provide for; compare the insistence of the proponents of the CO that clann, a word that properly only refers to one’s children, means “family”.
obann: “sudden”, or tobann in the CO.
ollmhaím, ollmhú:ullmhaím, ullmhú in the CO, “to prepare”. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/ in WM Irish.
oth: found in the phrase is oth liom, “I regret”.
pá: “pay”. Ar a phá lae, “on daily wages; hired by the day”.
paor: “grudge”.
peoca: “whether”, from pé acu, or pé’cu. Pronounced /pʹukə/. Often followed by a relative clause.
pobal: “congregation”. I mbéalaibh na dtrí bpobal, “talked about by the whole district”.
poiblíocht (an phoiblíocht): “the public” pronounced /pibʹi’lʹi:xt/.
ráfla: “rumour”, pronounced /rɑ:fələ/.
ribe: “hair, bristle”, referring to single hairs rather than to a head of hair.
sainnt: “greed.” The traditional double n, not used in the CO, is preserved here to show the diphthong: /saintʹ/.
scáinte: “threadbare, sparse”. Féasóg scáinte, “a thin beard”. This is the past participle of scáinim, scáineadh, “to wear thin”.
scortha: “broken up”, pronounced /skurhə/, the past participle of scoirim, scor. Scortha díomhain, “totally idle, without employment”.
seasmhach: “steady, constant”, pronounced /ʃasəvəx/.
smigín: “chin”. This is the diminutive of the form smig used in the CO, but glossed merely as “chin” in FdS.
snáthad: “needle”, with snáthaid in the dative, which form is used for the nominative in the CO.
steallmhagadh: “an act of mocking unmercifully”, pronounced /ʃtʹalə-vɑgə/. Ag steallmhagadh fé dhuine, “to jeer or ridicule someone”. The prefix steall- or stealla- is derived from the verb steallaim, stealladh, “to pour”, referring to something done in a gushing, overflowing or vigorous way.
tásc: “report of a death”. Ní bhfuair sé a thásc ná a thuairisc, “he never got any news of him”.
tóchar: “causeway, raised embankment”.
truamhéil: “plaintiveness”, or truamhéala in the CO. Gach éinne is a thruamhéil féin aige, “everyone with his own trouble”.
urra: “warranty”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s