Séadna chapter 5

Caibideal a Cúig.

Gobnait. Féach nách amhlaidh do dhein licíní slinne den airgead mar a dhein d’airgead Mhichíl Réamainn.

Peig. Ní hé sin adúraís cheana, a Ghobnait, ach gur dhein Micheál airgead de sna licíníbh slinne.

Gobnait. ’S dó’, do dhein, leis, ach más ea do dhein licíní slinne den airgead arís.

Nóra. ’Gcloistí! Nách cuímhin lenár gcluasaibh tu dhá rá linn go dtug sé an t-airgead isteach chun na mná, agus gur fhéach sí air agus gur cheap sí gurbh airgead dleathach é, agus dá chómhartha san féin go dtug sí dho an hata?

Gobnait. ’S dó, do cheap, leis, agus do thug. Ach is ’na dhiaidh sin do dhein licíní slinne arís den airgead.

Nóra. Agus conas ’fhéadfadh licíní slinne ’dhéanamh arís de, mura mbainfeadh Micheál féin an diablaíocht de?

Cáit. Agus cá bhfios ná gur bhain?

Nóra. Duairt sí gur imigh sé air abhaile nuair a fuair sé an hata.

Gobnait. Más ea, bhí sé i Sráid an Mhuilinn arís seachtain ’na dhiaidh sin, é féin agus Tadhg na nUbh, agus chuadar isteach sa tigh chéana agus do ghlaeigh Micheál ar an mnaoi i leataoibh. “Tá a do agus dá thuistiún agat orm,” ar seisean. “Seo dhuit é.” “Níl aon do agus dá thuistiún agamsa ort,” ar sise. “Tá, go macánta,” ar seisean. “Seo dhuit é.” “’S dó, deirimse ná fuil,” ar sise. “Nách cuímhin leat,” ar sise, “go rabhas ag cimeád do hata, agus gur sholáthraís an t-airgead i mball éigin agus go dtugais dom é?” “Cad do dheinis leis?” arsa Micheál. “Níor dheineas aon rud leis,” ar sise. “Tá sé anso sa bhosca fós agam.” “Ba mhaith liom é ’fheiscint,” arsa Micheál. “Tá sé ansúd,” ar sise, “scilling agus dá réal agus dá thuistiún. Tair i leith,” ar sise, “go bhfeicir féin arís iad.” Do chuadar anonn go dtí an bosca agus d’oscail sí é, agus nuair ’fhéach sí isteach ann agus ’chonaic sí na licíní slinne, d’iompaigh sí ar Mhicheál agus d’fhéach sí air mar ’fhéachfadh sí ar mhadra uilc. “Seo,” arsa Micheál, ag síneadh an airgid chúithi. “Cimeád é!” ar sise. “Agus fág mo thigh! Tá an mac mallachtan ann, agus ionatsa chómh maith! Scrios!” Geallaimse dhuit gur imigh an bheirt agus dithneas orthu.

Síle. Ní fheadar cad a dhein sí leis na cúig licíníbh?

Gobnait. Ní fheadar, a Shíle. Ach ’sé mo thuairim go bhfuaradar an taobh amu’ de dhoras chómh luath leis an mbeirt.

Síle. Ní leogfadh eagla dhom mo lámh a chur orthu.

Cáit. D’airíos-sa gur dhein sé gabhar de Thadhg na nUbh.

Gobnait. Níor dhein, ach is amhlaidh a chuir sé an scuab ag gabháil air. Chuir sé ’fhiachaibh ar an scuaib Tadhg a chur amach as an dtigh.

Nóra. Airiú, conas, a Ghobnait?

Gobnait. Is amhlaidh a bhíodar go léir, lán an bhaíll acu, bailithe thiar ag tigh Thaidhg na nUbh, agus iad ag imirt cártaí, agus d’éirigh achrann éigin eatarthu, i dtreó go nduairt Micheál le Tadhg, “Mura n-éistir do bhéal,” ar seisean, “déanfad gabhardíot.” “Ní fhéadfá é,” arsa Tadhg. “D’fhéadfainn,” arsa Micheál. “Ná dein aon dá chuid ded dhícheall,” arsa Tadhg. “An mar sin é?” arsa Micheál. “Is mar sin,” arsa Tadhg. “Feiceam anois cad ’fhéadfair a dhéanamh.” Thairrig Micheál leabhairín beag dubh amach as a phóca, agus bhí fabhraí dearga ar na bileógaibh aige, agus chrom sé ar é ’lé’. I gceann tamaill do stad sé, agus d’fhéach sé ar Thadhg. “Níl ach aon chúntúirt amháin sa scéal, a Thaidhg,” ar seisean. “Dá n-aistreódh an ghaoth agus tu id ghabhar, ní fhéadfainn tu ’chasadh thar n-ais.” “A dhe, agus a bhithiúnaigh na croiche duíbhe, cad ’na thaobh nár ínsis é sin ar dtúis dom?” “Táim dhá ínsint anois duit, agus níl agat ach a rá liom stad in am.” “Stad, más ea!” arsa Tadhg. “Ní chreidfinn ón saol go bhféadfá é ’dhéanamh, ach mar sin féin ní miste liom leogaint duit bheith ag imirt do chuid cleas ar dhuine éigin eile.” “Bíodh geall,” arsa Micheál, “go gcuirfidh an scuab an doras amach tu má deirimse léi é ’dhéanamh.” D’fhéach Tadhg ar an scuaib. Bhí sí ’na seasamh in aice an dorais. Scuab bhreá nua throm dob ea í. Gháireadar an chuideachta nuair ’airíodar an focal. “Ní churfá féin amach me,” arsa Tadhg, “agus is deocair a rá go gcurfá ’fhiachaibh ar an scuaib rud a dhéanamh ná féadfá féin a dhéanamh.” “Ní chuirfinn féin amach tu,” arsa Micheál. “Agus dá mbeadh bata maith agat níl aon cheathrar anso do chuirfeadh amach tu.” (Bhí ainm Thaidhg in áirde le méid a nirt ón lá úd a ghoibh sé ar an mórsheisear a lean ó Shráid an Mhuilinn é chun a mharaithe.) “Ach cuirfeadsa geall leat anois go gcuirfidh an scuab san thíos amach tu.” D’aimsigh Tadhg a bhata, agus do labhair Micheál leis an scuaib. Sheasaimh Tadhg i lar an tí. D’éirigh an scuab agus thug sí iarracht ar é ’bhualadh idir an dá shúil. Bhí an bata go maith agus an chuisle láidir, agus ambasa chosain Tadhg a cheann agus a cheannacha, ach do bhuail sí in sna cosaibh é, agus do bhuail sí in sna loirgnibh é, agus do bhuail sí in sna glúinibh é, agus do bhuail sí in sna ceathrúnaibh é, agus in sa drom, agus in sna heasnaíochaibh, i dtreó ná feidir sé ar ball cad a bhí ag imeacht air. Fé dheireadh do liúigh sé an doras d’oscailt do, agus geallaim dhuit gurbh é ab fhada leis go raibh sé amu’.

Síle. Bhí an lámh a bhí sa scuaib róláidir do!

Cáit. Is mór an iúnadh san go deimhin! B’fhéidir dá bhfaigheadh Tadhg radharc ar an té go raibh a lámh inti, ná raghadh an scéal chómh saor leis agus ’chuaigh. Agus féach i leith orm, a Ghobnait. Conas ’fhéadfadh licíní slinne ’dhéanamh d’airgead Shéadna, agus nách de licíníbh slinne a deineadh é?

Gobnait. Cá bhfios duit, a Cháit, cad de gur dhein fear na n-adharc é? Dar ndó’, tá ’fhios ag an saol nách go macánta ná go dleathach a fuair sé é.

Peig. Pé cuma ’na bhfuair sé é, níor dhein aon licíní slinne dhe, nú má dhein, níor fhanadar i bpócaíbh Shéadna. Bhíodar san folamh go leór aige nuair a bhí sé ag fáil an leathair ó Dhiarmuid Liath. Fuair sé an leathar agus an chéir agus an snáth, agus thug sé aghaidh ar an mbaile, agus geallaim dhuit go raibh an mhóráil bainte dhe glan.

Nuair a tháinig sé abhaile, agus é go tuirseach tnáite tromchroíoch, agus nuair a chonaic sé an chathaoir agus an mhealbhóg agus an crann úll, agus ’chuímhnigh sé ar na trí guíonnaibh breátha do loiteadh, tháinig seirithean agus canncar agus buaireamh aigne air, i dtreó nár fhéad sé greim mine ná úll do bhlaiseadh. Chaith sé é féin sa chathaoir, mar bhí an tuirse air, agus ba gheárr gur thit a chodladh air.

Thug an fear bocht an oíche ar an áit sin. Nuair ’dh’oscail sé a shúile bhí an lá díreach ag éirí. Bhí an fuacht tar éis dul nách mór trína chroí. Bhí sé tamall beag ’na dhúiseacht, sular chuímhnigh sé ar an sparán agus ar an bhFear nDubh, agus ar iomláine eachtra an lae roimhe sin. Ní túisce ’chorraigh sé é féin ná ’mhothaigh sé an t-ualach i bpóca na veiste. Chuir sé a lámh isteach. Cad a bheadh ann ach an sparán!

“Mhuise, an bhfeacaigh aon Chríostaí riamh a leithéid sin d’obair?” ar seisean, agus thairrig sé amach é. Chuir sé a lámh i bpóca a bhríste. Bhí an dá chéad púnt ann go lom slán!

“’Sea!” ar seisean, “mura bhfuil buaite ag an méid sin gnótha ar a bhfeacasa riamh de nithibh iúntacha! Ní fhéadfadh sé bheith agam i ganfhios dom! Cuardach? Níor chuardach go dtí é! Aon ní ach mo mhéireanna a chur amach trí chúinníbh na bpócaí! Cuardach? Is me ’chuardaigh iad, má cuardaíodh pócaí riamh! Folamh? Bhíodar chómh folamh –– chómh folamh agus ’bhíodar riamh, agus níor bheag dóibh sin. Ní fhéadfaidís bheith níos folmha. Más ea, cá raibh an t-airgead an fhaid a bhíos ag cuardach? Cár imigh sé? Cár fhan sé an fhaid a bhí sé imithe? Cé ’thug thar n-ais é? Cad é an brí atá leis an obair? Sin í an cheist. Sin í an adhb. Cad é an tairbhe dhómhsa sparán trom teann a bheith agam im póca agus dá chéad púnt airgid, agus ansan me ’dhul ar an aonach agus neart a bheith do gach spreallairín fir méaracán me ’cháineadh os cómhair na gcómharsan, agus ‘gréasaí beag buí’ a thabhairt orm, agus ‘taoibhíní rua’ agus ‘meanaithí ramhra’ agus ‘bréanbhróga’ a chasadh liom, agus é ’fhógairt os cómhair an aonaigh ná raibh pingin im póca? Más ar a mhargadh a mhaireann gach éinne, ní hé margadh na leanbh is gnáth leó a dhéanamh. Agus más é sin margadh gur cuireadh brí na mionn ormsa mar gheall air, is suarach le rá é. ‘Beidh sé chómh teann an lá déanach agus ’tá sé anois’ – an daighe, ní hiúnadh dho san!”

Chomáin sé leis ag cainnt leis féin ar an gcuma san go ceann i bhfad. Fé dheireadh do phreab sé ’na shuí.

“Raghad anois láithreach,” ar seisean, “agus díolfad Diarmuid, agus tabharfad tuilleadh leathair abhaile liom.”

Chomáin sé leis ceann ar aghaidh, agus níor stad cos leis go dtí go raibh sé ar aghaidh tí Dhiarmuda amach.

Bhí Diarmuid ’na sheasamh idir dhá lí an dorais ar an gcuma gcéadna ’na raibh sé inné roimhe sin. Ba ghnáth leis a lán dá aimsir a chaitheamh mar sin ’na sheasamh sa doras agus a ghuala leis an ursain, agus é ag féachaint síos an bóthar agus suas an bóthar, síos an bóthar agus suas an bóthar, gach re dtamall.

“Airiú, a Shéadna, cad d’imigh ort?” arsa Diarmuid.

“An daighe, níor imigh faic, a Dhiarmuid,” ar seisean, “ach do thánag chútsa led chuid airgid. Seo dhuit é.” Agus do shín sé púnt chuige.

“Ní raibh sé i bhfad gan teacht isteach chút,” arsa Diarmuid, agus do thug sé féachaint ghreannúr ar Shéadna, fé mar ’bheadh amhras aige nárbh as an gcéird a fuair sé an t-airgead.

Thuig Séadna an fhéachaint, agus duairt sé, “Bhí sé seo geallta dhom roimis an aonach agus ní bhfuaras é go dtí inniu.”

“Airiú,” arsa Diarmuid, “agus cad ba ghá an dithneas go léir? Ná déanfadh sé an gnó i gceann seachtaine nú coicís? Táir chómh suaite agus dá mba ná leogfá do thaobh ar aon leabaidh le trí oíche. An rabhais amu’ in aon bhall aréir?”

“Amu’ in aon bhall aréir? Cá mbeinn amu’ aréir, airiú? Ní rabhas go deimhin. Ach nuair a chuas abhaile ón aonach, do shuíos sa chathaoir agus do thit mo chodladh orm, agus geallaim dhuit gur fhanas ansan go maidin inniu.”

“Dó’ mhuise, is greannúr san de! Agus féach, nuair a bhís ag fágaint an tí seo um thráthnóna inné ní raibh aon rian dí ort, agus bhí sé ’na thráthnóna mhór luath. Cár fhanais?”

“Mhuise, beannacht Dé le hanman do mharbh, a Dhiarmuid, agus leog dom féin. Níor fhanas in aon bhall ach dul abhaile láithreach. Ní hól ná imirt a bhí ag déanamh buartha dhom, geallaim dhuit é.”

Do shín sé an púnt chun Diarmuda, agus thug sé a bhóthar air gan a thuilleadh ríghnis, ar eagla go gcurfí a thuilleadh ceisteanna air. Bhí sé ceapaithe luach a trí nú a ceathair de phúntaibh eile do thabhairt leis, ach bhí scannradh air go bhfiafródh Diarmuid de cé ’thug an t-airgead do.

Ag gabháil an bóthar abhaile dho, do bhí a aigne agus a íntinn trína chéile, agus é ag cur agus ag cúiteamh, ag cur agus ag cúiteamh, a d’iarraidh a dhéanamh amach cad d’imigh ar an airgead lá an aonaigh.

“Dá mbeinn ag machnamh air go ceann bliana ó inniu,” ar seisean, “ní fhéadfainn a thuiscint cad é an brí atá leis.”

Agus i gcaitheamh na slí níor scar an lámh chlé leis an dtaobh den veist go raibh an sparán laistigh de, agus do bhí an lámh dheas sáite go huillinn i bpóca an bhríste aige, agus é ag cur an óir trína mhéireannaibh.

Síle. Cad é an tairbhe ’dhein sé dho bheith dhá chur trína mhéireannaibh, a Pheig?

Peig. Ní fheadar ’en tsaol, a Shíle, ach bhí sé dhá dhéanamh, pé ’n Éirinn é, agus níor stad sé dhe go dtáinig sé abhaile. Bhí sé i bhfonn ní b’fheárr chun na mine agus chun na n-úll an uair sin ná mar a bhí sé inné roimhe sin, agus d’ith sé a dhóthain díobh. Bhí sé ag ithe agus ag machnamh go ceann i bhfad. Fé dheireadh do stad sé agus bhuail sé buille dá bhais ar a leathghlúin.

“Dar an bportús!” ar seisean, “dá bhfeiceadh Diarmuid an capall dubh úd ceannaithe agam, ní fios cá stadfaidís na ceisteanna. Ní bheadh aon bhreith agam ar dhul uaidh. Tá sé róghéarchúiseach ar fad. Nuair a thabharfá leathscéal do agus ba dhó’ leat go mbeifá réidh leis, is amhlaidh a bheadh sé in achrann ionat níos daingne. B’fhéidir, tar éis an tsaeil, gurb amhlaidh mar is feárr é nár cheannaíos capall ná bó. Is cuma liom ó tá an t-airgead agam. Mharódh an capall úd me, agus ansan ní bheidís na trí bliana déag féin agam. Agus óir nár cheannaíos an bhó ní gá dhom bheith ag lorg mná chun a crúite. B’fhéidir nárbh fheárr riamh é mar scéal. ‘An rud ba mheasa le duine ná a bhás, ní fheadair sé ná gurb é lár a leasa é’! Déanfad na bróga so, agus ansan raghad ag triall ar Dhiarmuid agus tabharfad liom luach dhá phúnt, agus ansan luach cheithre bpúnt, agus mar sin. Ha! ha! a Dhiarmuid, ’sea! ’sea! ’sea! Sleamhnóidh an scéal suas i ganfhios duit. Nár mhór an dallacán me nár chuímhnigh ar an slí sin ar dtúis? Dar nóin ní bheadh ní ar bith ba mheasa dhom ná ainm airgid do dhul amach orm láithreach bonn mar sin. Déarfí gurb amhlaidh do ghoideas ó dhuine éigin é. Ach nuair ’curfar amach i ndiaidh a chéile é, ceapfaidh gach éinne, ní nách iúnadh, gur as mo chéird a bheidh sé déanta agam.”

Nuair a bhí an méid sin socrú aigne déanta aige, thóg sé greim eile den mhin agus d’ith, agus d’aimsigh sé úll eile agus do chogain. Ansan do thairrig sé chuige a chuid leathair agus a chuid céarach agus a chuid snátha agus na meanaithí caola agus na meanaithí ramhra agus na cip, agus do chrom sé ar obair. Nuair a bhíodh sé ag obair ba bhéas leis bheith ag síorchrónán, agus sid é an port is mó a bhíodh ar siúl aige:–

Ó! greadadh ’s duais ort,
A chailligh ruainnigh
’ Thug orm fuath ban
Éireann

Go bhfuil dhá chluais ort
Chómh mór le sluasaid
Is pus rómhór mar
Bhéal ort!

Dá bhfaighinn ón Ruachtaigh
Go port Abhann Móire
’Gus Mala ó thuaidh mar
Spré leat,

An Claoideach rua ’gus
A bhfuil de bhuaibh ann
Ní shínfinn suas mo
Shaol leat.

Nótaí

Geallaim dhuit gurbh é ab fhada leis go raibh sé amu’: “I can guarantee you that it seemed to him a really long time before he got outside”. The doubling of the copula in forms like is é is fada and b’é ab fhada is emphatic. See the discussion in Gearóid Ó Nualláin’s Studies in Modern Irish Part 1, pp16-17. Father Ó Nualláin argues that simply writing b’fhada leis go raibh sé amu’ would have been an anti-climax here: the copula of identification is required to show the one thing that Tadhg was longing for was to get outside the door.

Im póca: “in my pocket”. Note delenition of the p following a homorganic labial.

Is greannúr san de!: this phrase is glossed in FdS as “that is a queer thing about it!”

fios cá stadfaidís na ceisteanna: PUL’s use of the plural verb governed by a plural subject is much rarer in the conditional than in the present and future tenses, although examples can be found, as here. See also ní bheidís na trí bliana déag féin agam later in the same paragraph.

Luach cheithre bpúnt: “four pounds’ worth”. The use of eclipsis after cheithre is unusual—cheithre phúnt would be expected.

Thóg sé greim eile den mhin agus d’ith, agus d’aimsigh sé úll eile agus do chogain: this sentence provides many examples of the dropping of the personal pronoun where is understood in context.

A chailligh ruainnigh: “thou bristly hag!” Note once again the tendency for feminine vocatives to be declined like their masculine equivalents, as with a thoice bhig in chapter 1.

Name

Tadhg na nUbh: a person mentioned here, literally Tadhg of the Eggs, where Tadhg is pronounced /təig/ and ubh is pronounced /ov/. Someone called Tadhg na nUbh is also mentioned as living in Gleann Daimh in PUL’s Mo Sgéal Féin.

Places

Abha Mhór (an): the River Blackwater, Co. Cork.
Claoideach (an): this placename is translated as the Cledach in the authorised translation of Séadna. It is given as an Claoideach in the original, without lenition of the initial c. It is unclear to me if this is An Chlaoideach (Clydagh), a river in Co. Kerry, or An Cladach (also Clydagh), a nearby placename in Co. Cork. This is probably the same place referred to in PUL’s Mo Sgéal Féin as Claedig (in the dative).
Mala: Mallow, Co. Cork.
Ruachtach (an): the River Roughty, Co. Kerry. An Ruachtaigh in the dative.

Foclóirín

achrann: “entanglement”, pronounced /ɑxərən/. In achrann i rud, “stuck in something”. In achrann i nduine, “at strife with someone”.
adhb: “problem, snag”, or fadhb in the CO. Pronounced /əib/. CFBB has an entry for adhb, but indicates fadhb is found too in the dialect. Adhb originally referred to a knot in wood.
bas: “palm of the hand”, with bais in the dative. The CO form is bos, which was also used in the original here, but was amended in line with the WM pronunciation, as shown in the LS edition of Séadna.
bonn: “ground, foundation”, pronounced /boun/. Láithreach bonn, “on the spot, instantly”.
bóthar: “road”. Do bhóthar a thabhairt ort, “to get going”.
canncar: “canker, anger, spleen”, or cancar in the CO. The traditional double n is retained here to show the diphthong: /kauŋkər/.
ceap: “shoemaker’s last”, i.e., a block shaped like a shoe, used as a template by cobblers.
ceárd: “trade”. The dative singular is céird, with a long e; compare ceird used as the nominative in the CO.
cloisim, clos/cloisint: “to hear”. Airím, aireachtaint are more commonly used in WM. Cloisteáil is found as the verbal noun in the CO. Also note the preterite here, do chloiseas, where the CO has chuala mé. An older second-personal plural present-tense form is used in an gcloistí?, “do you hear? just listen to that!”
coicíos: “fortnight”, or coicís in the CO.
cómhartha: “sign”. Dá chómhartha san féin, “similarly, by the same token, as confirmation of that”.
croch: “the gallows”, with croiche in the genitive. Pronounced /krox, krihi/ [the pronunciation /krihi/ is indicated in Shán Ó Cuív’s LS edition, but more research required on whether /krohi/ is possible].
cuideachta: “company, the people present”. Pronounced /ki’dʹaxtə~ki’lʹaxtə/. Note the evidence given in CFBB that whereas some Muskerry speakers used an l in the related word cuideachtanas, AÓL had a d, indicating that the best speakers kept a d here.
cuisle: “vein”, but also “forearm”.
cúiteamh: “compensation, requiting”. Ag cur agus ag cúiteamh, “to argue, weigh the pros and cons”.
cúntúirt: “danger”, or contúirt in the CO.
dallacán: “dimwit”. This was given as dallachán in one edition of Séadna, and the LS edition transcribes as if with ch, but FdS shows the word as dallacán, as does another early edition of Séadna, which appears to contain some corrections. CFBB also gives dallacán as the correct form.
deocair: “difficult”, deacair in the CO. Spelt deacair in the original, but pronounced /dʹokirʹ/ in WM Irish.
dícheall: “one’s best efforts”, pronounced /dʹi:həl/. Ná dein aon dá chuid ded dhícheall, “don’t do things by halves”.
dithneas: “haste, urgency”, pronounced /dʹihinʹəs/.
duais: “gloom, sorrow, travail, distress”. Greadadh is duais ort!, “may you have torment and trouble!”
dubh: “black”, with dúbha in the plural and duíbhe in the genitive singular feminine, pronounced /duv, du:, di:/.
eachtra: “adventure”, pronounced /ɑxtərə/.
easna: “rib”, with easnaíocha in the plural, where the CO has easnacha.
fabhra: “eyelash; the edge of something”, pronounced /faurə/.
faic: “a jot, a tittle, nothing”, used in the negative.
folamh: “empty”, with folmha in the comparative, where the CO has foilmhe. Pronounced /foləv, fo’lu:/.
fonn: “longing, desire”, used with chun. Pronounced /fu:n/.
gabhaim, gabháil: “to go” with many subsidiary meanings. The preterite is ghoibh (adjusted from ghabh in the original) where there is ghabh in the CO as the pronunciation is /ɣovʹ/ in WM Irish. Gabhaim orm go, “I’ll warrant/bet (that)”. Gabháil ar dhuine, “to beat someone, to take someone on”.
gach re: “every other”. With eclipsis: gach re dtamall, “by turns”. IWM shows a pronunciation of /gʹaxirʹi/, but the LS edition of Séadna indicates /gɑxərə/, and so the original spelling is maintained here.
greannúr: “funny”, or greannmhar in the CO, pronounced /grʹa’nu:r/.
guala: “shoulder”, with gualainn in the dative, which form is used for the nominative in the CO.
leabaidh: “bed”, or leaba in the CO. The traditional dative has replaced the nominative in Cork Irish. Pronounced /lʹabigʹ/.
leas: “good, well-being”. Lár do leasa, “the best thing for you, that which is in your best interests”.
leathghlúin: “one knee”.
léim, lé’: “to read” or léim, léamh in the CO. The CO spelling of the verbal noun is highly in appropriate, given that the traditional spelling was léigheadh, and so the verbal noun has been truncated in the spelling here to indicate the pronunciation better.
lom: “bare; exact”. Go lom slán, “exactly; no more, no less”.
lorga: “shin, shank; stalk.” The singular is pronounced /lorəgə/, but the dative plural, which the spelling used here, loirgnibh, would indicate to be /lirʹigʹinʹivʹ/, is transcribed as if lorganaibh, /lorəgənivʹ/, in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna.
mallacht: “curse”, with mallachtan in the genitive, where the CO has mallachta. Mac mallachtan, “the Evil One, the Devil, the son of malediction”. Pronounced /mə’lɑxt/. For some reason, FdS and Shán Ó Cuív’s LS edition both point to mallachtain in the genitive, but mallachtan is correct and was the form given in the text of Séadna.
móráil: “pride, vanity”, pronounced /muə’rɑ:lʹ/ [Shán Ó Cuív’s LS edition implies /mo:’rɑ:lʹ/; more research required here]. Bhí an mhóráil bainte dhe glan, “his pride had received a real knocking”.
olc: “evil”, with uilc in the genitive, where the CO has oilc. Madra uilc, “mad dog”, a phrase connected, according to the glossary that accompanied PUL’s An Cleasaidhe, to the use of olc to mean “rabies”.
portús: “breviary”. Dar an bportús!, “by the book!”
pus: “pout, protruding mouth”.
réal: “sixpence”, pronounced /re:l/.
ruainneach: “hairy, bristly”.
scriosaim, scrios: “to annihilate, blot out”, or scriosaim, scriosadh in the CO. Scrios (leat!), “scram!, be off with you!”
scuab: “broom, brush”, with scuaib in the dative.
seirithean: “indignation”, or seirfean in the CO. Pronounced /ʃerʹihən/.
sluasad: “shovel”, with sluasaid in the dative, which form is used for the nominative in the CO.
soláthraím, soláthair: “to get, procure”. Pronounced /slɑ:r’hi:mʹ, slɑ:hər/.
spré: “dowry”.
spreallairín: “a silly little fool, a little wretch”.
tnáite: “worn-out, exhausted”.
tráthnóna: “evening”, pronounced /trɑ:n’ho:nə/. Bhí sé ’na thráthnóna mhór luath, “it was early in the evening”.
tromchroíoch: “heavy-hearted”. Spelt troma-chroídheach in the original and pronounced /tromə-xri:x/.
uille: “elbow”, with uillinn in the dative, which form is used for the nominative in the CO.
ursa: “doorpost”, with ursain in the dative, which form is used for the nominative in the CO.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s