Críost Mac Dé 11

Caibideal a hAondéag.

Críost Mac Dé ag Tobar Iácóib. Míorúilt ’na Dhúthaigh Féin.

Go luath tar éis na míorúilte úd an fhíona ag an gcóisire, i gCana i nGaililí, thug an Slánaitheóir aghaidh ó dheas ar an gcathair naofa, cathair Ierúsaleim, mar a raibh an teampall mór. Tháinig sé ar an saol chun na cine daonna do shaoradh, agus ba chóir tosnú ar an gcuid den chine daonna a mheas gurbh iad féin ba ghiorra do Dhia an uair sin. Is dóibh a gealladh, in sna haimsiribh a bhí i bhfad imithe, go raibh an Slánaitheóir le teacht. Is orthu do bhí ainm Dé agus dlí Dé do chimeád fé aithne ar an saol i gcaitheamh na haimsire a bhí imithe. Is bean den chuid sin den chine daonna a bhí ceapaithe ón síoraíocht ag Dia na Glóire chun í ’ bheith ’na máthair ag an Slánaitheóir nuair a thiocfadh sé. Do riaradh nithe, le leamhnú Dé i dtreó gur i mBetlehem, in aice leis an áit ’na raibh an teampall mór, do rugadh é. Chun na cathrach naofa is ea do stiúraigh solas ó Dhia na daoine úd a tháinig ón ndomhan toir dhá fhiafraí cá raibh an leanbh, cá raibh an Rí óg, Rí na nIúdach, beirthe. Dá bhrí sin ba chóir agus ba chuí gur i gcathair Ierúsaleim a thosnódh an Slánaitheóir ar an slánú do dhéanamh le lánchumas agus ’na lán-neart. Dhein sé an daichead lá troscaidh sa bhfásach agus d’fhuilig sé an cath ón namhaid, ó namhaid na cine daonna, agus sa chath san do bhuaigh an Duine, Críost Mac Dé, ar an árd-dhrochaingeal, ar aingeal an uabhair. Ansan do ghlaeigh sé chuige roinnt dá dheisceabalaibh, agus dhein sé an mhíorúilt úd an fhíona. Sórd ollmhúcháin chun na hoibre ab ea an méid sin. Thosnaigh an obair dáiríribh nuair a tháinig sé go dtí an chathair naofa agus chuaigh sé isteach sa teampall mór agus chomáin sé amach as an áit naofa san an tsloigisc a bhí ag truailliú na háite. Tá an gníomh céanna san dá dhéanamh ag an eaglais riamh ó shin. Deintear an gníomh san nuair a dheineann an Críostaí faoistin mhaith agus a tugtar do an aspalóid le cómhacht na heagailse. Glantar anam an Chríostaí sin, teampall Dé, ón sloigisc, .i. ó sna peacaíbh a bhí ag truailliú an teampaill sin.

Ansan do thosnaigh na míorúiltí ar bheith dá ndéanamh gach aon ré sholais ar fuaid na cathrach san. Bhí gach aon tsaghas galair dá leigheas; na lobhair dá nglanadh, dá leigheas le gníomh toile, bíodh go raibh ’ fhios ag gach éinne a chonaic an leigheas ná raibh ar chumas na ndochtúirí ba mhó eólas iad do leigheas le haon tsaghas íntleachta. Chonaic na daoine go léir, uasal agus íseal, na leighseanna san dá ndéanamh, chonacadar an lobhar dá leigheas glan, ar leagadh na súl, bíodh go raibh a lámha agus a chosa agus a aghaidh agus a shúile ídithe, lofa, leachta amach le nimh an ghalair. Chonacadar an dall, an duine do rugadh ’na dhall, an duine ná raibh aon tsúil riamh ’na cheann aige, do chonacadar, ar leagadh na súl, le gníomh toile nú le focal cainnte ón Slánaitheóir, dhá shúil mhaithe i gceann an duine sin agus radharc breá iontu. Chonacadar an corp agus an balaithe úd is eól don uile dhuine ag tosnú ar theacht uaidh, chonacadar an corp san ag éirí den chlár, ag labhairt, ag siúl, díreach fé mar a dhúiseódh duine as a chodladh, agus san le cómhacht aon fhocail amháin ó aon fhear amháin, agus an t-aon fhear amháin sin dhá thabhairt le tuiscint dóibh le línn gach míorúilte dhíobh san, gurbh é “Ríocht Dé a bhí tagaithe ’na measc.”

Chonacadar go léir na míorúiltí, d’airíodar go léir an deimhniú i dtaobh ríochta Dé. Chonaic uaisle an tSanhedrim na míorúiltí. D’airíodar an deimhniú. Níor labhair éinne acu. Do tháinig éinne amháin acu, san oíche, ag triall ar an Slánaitheóir. Duairt sé an focal úd is eól do gach éinne “Ní fhéadfadh éinne na míorúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia ’ bheith leis” (Eóin iii. 2). Cad ’na thaobh nár labhair éinne eile de sna huaislibh?

Do thug an Slánaitheóir a ceart go hiomlán don chathair naofa. Níor fhág sé ar chumas na n-uasal san a rá choíche: “Do dhein sé éagóir orainn! Dhein sé míorúiltí móra in áiteannaibh eile. Níor dhein sé aon ní do chuirfeadh in úil dúinne gurbh é Mac Dé é.” Éinne acu do labharfadh ar an gcuma san d’fhéadfí glaoch ar Nicodémus mar fhínné ’na choinnibh.

Níor labhair éinne eile d’uaislibh an tSanhedrim mar ní raibh aon fhonn orthu chun labhartha. Pé míorúiltí a dhéanfadh sé ná pé cómachta a bhí aige, níorbh é sin saghas Messiah a bhí uathu. Bhí scorn orthu roimis. Bhí náire orthu labhairt leis in aon chor. Ní raibh puínn deifríochta, dar leó, idir é agus an stracaire fiain, leathlomrachta, úd a bhí amu’ in aice abhann Iórdain ag baisteadh na ndaoine; an fear dána drochlabhartha úd a thug “síolrach athrach nímhe” orthu féinig. “Bhí an scéal dona go leór an fhaid ná raibh ach éinne amháin acu ag cur na poiblíochta as a meabhair. Ach anois b’in beirt acu ar siúl! Níorbh fhios cá stadfadh an drochobair.”

B’é crích an scéil é go raibh uaisle an tSanhedrim dhá chuímhneamh, le fírinne, go mbeadh gnó tairbheach déanta ag an té ’ chuirfeadh deireadh, ar chuma éigin, leis an mbeirt. Bhí taithí ag uaislibh an tSanhedrim ar gan spéis rómhór a bheith acu in anam duine. Gan amhras do thuig an Slánaitheóir an aigne a bhí istigh iontu. Bhí gach ar chóir agus ar chuí a dhéanamh dóibh déanta aige dhóibh. D’imigh sé uatha ó dheas ar fuaid na gcnuc agus d’fhág sé ansan iad.

Laisteas i measc na gcnuc san a bhí sé nuair a tháinig cuid de dheisceabalaibh Eóin Baiste chuige agus d’ínseadar do go raibh Héród Antipas tar éis Eóin do chur isteach i gcarcair Mhacheronte. D’ínseadar do an chúis a bhí ag Héród Antipas. Bhí ’ fhios ag an Slánaitheóir go raibh lámh ag daoinibh eile sa ghnó san. Bhí ’ fhios aige go raibh lámh ag Heródias ann, agus go raibh Heródias tar éis cúnamh fé cheilt a dh’fháil ón Sanhedrim. B’é toil an tSlánaitheóra, nuair a bhí san go léir amhlaidh, imeacht ó chnucaibh Iúdéa agus aghaidh a thabhairt ó thuaidh arís ar chríochaibh Ghaililí. Bhí gá thuaidh leis toisc Eóin a bheith sa phríosún. Do ghluais sé féin agus a dheisceabail an bóthar ó thuaidh.

Níor sheachain sé an bóthar trí Shamaría. Ghoibh sé féin agus a dheisceabail an cóngar ó thuaidh. Thánadar go dtí Sliabh Ephraim. Chuadar thar an sliabh san ó thuaidh. Ansan bhí Sichem tamall beag uathu, ar a lámh chlé, laistiar, agus bhí an tobar ar a dtugtar tobar Iácóib buailte leó, ar a láimh dheis. Tháinig tuirse ar Íosa agus do stad sé ag an dtobar. Do shuigh sé ar an bhfalla íseal a bhí, mórthímpall, ar bhruach an tobair agus dhein an ceann, ’sé sin, an stua, a bhí os a chionn, scáth ón ngréin do. Bhí mórán abhair machnaimh ag an Slánaitheóir agus é ’na shuí ansúd ar bhruach an tobair úd. San áit sin díreach, fé chrann daraí a bhí ann, is ea do stad Ábraham nuair a tháinig sé ann, le hórdú Dé, ón a thír féinig lastoir, na céadta blian roimis sin. Do stad sé ar an áit sin agus chuir sé suas altóir ann in onóir do Iehóbha. Ar an áit gcéanna san is ea do stad Iácób, mac mic Ábrahaim, mórán blianta ’na dhiaidh san, nuair a bhí sé ag teacht thar n-ais ó Mhesopotámia. D’oscail sé an tobar san san áit sin agus do lean “tobar Iácóib” mar ainm ar an dtobar. Tamall beag siar ón áit sin is ea ’ dhein an priúnsa Sichemíteach éigean ar Dhína, iníon Iácóib, agus gur dhein clann mhac Iácóib an t-éirleach ar na Sichemíteachaibh mar gheall air. San áit sin, mórán blianta ’na dhiaidh san arís, is ea do hadhlacadh corp Ióseiph. Do thug a mhac, Ephraim, agus an chuid eile de shliocht Iácóib, leó aníos as an Éigipt an corp agus d’adhlacadar é san áit sin. De dheascaibh na ngnóthaí sin go léir b’í cathair Sicheim príomhchathair Iúda ar feadh mórán céadta blian ’na dhiaidh san.

Do ghluais an aimsir. Do thug Maois, le cómhachtaibh Dé, clann Israéil aníos as an Éigipt. Thug Dia an tír naofa dhóibh. Nuair a bhí seilbh na tíre acu do chruinnigh Iósue iad go léir ar aon láthair agus do labhair sé leó agus duairt sé leó bheith dílis do Dhia, agus dhearbhaíodar go léir d’aon ghuth go mbeidís dílis go deó do Dhia. I Sichem is ea a deineadh an dearbhú san (Iósue xxiv. 1-25).
Do ghluais tuilleadh aimsire. Bhí clann Israéil socair sa tír naofa. Tháinig Samuel. Tháinig Saul. Tháinig Dáibhid, tháinig Solomon. Do cuireadh suas an teampall mór ar chnucán an teampaill istigh i gcathair Ierúsaleim. Tháinig Robóam, Mac Solomoin. Ansúd thiar i gcathair Sicheim is ea do ghlac Robóam réim agus gradam rí, bíodh gurbh í cathair Ierúsaleim príomhchathair Iúdéa um an dtaca san.

Ar éigin a bhí réim rí glacaithe ag Robóam nuair a tháinig Ierobóam.

Ansan is ea ’ tháinig an donas. Do bhris deich dtreabha de shliocht Israéil ó Robóam agus ghabhadar le Ierobóam. Do chuir Ierobóam suas na gamhna óir agus do mheall sé na daoine chun na ngamhan san d’adhradh.

Thug san fearg Dé anuas ar na deich dtreabhaibh sin. Tháinig an namhaid ón dtír thoir agus do scuab sé leis soir iad go léir agus chuir sé anoir sloigisc iasachta chun na tíre agus na cathrach san Shamaría d’áitreabh. Do mheasc an tsloigisc sin ar pé dríodar de shliocht Israéil a fágadh ann. Sliocht an mheasctha san a bhí mar lucht cónaithe san áit an lá san a tháinig an Slánaitheóir chun na háite. Do shuigh sé ansúd ar bhruach an tobair úd Iácóib, agus bhí tuirse air. Bhí an radharc úd go léir, ó theacht Ábrahaim chun na háite go teacht na ngamhan óir, go gléineach os cómhair a aigne. Do chuir an radharc san tuirse air, agus tromchroí.

Bhí baile beag ar a dtugtí Sichar in aice na háite ’na raibh an tobar. Tháinig bean agus crúsca ar a gualainn aici, ón mbaile sin, i dtreó an tobair, a d’iarraidh uisce. Do shrois sí an tobar. Chonaic sí an fear ’na shuí ar bhruach an tobair. D’fhéach sí air. Do labhair sí léir go cneasta.

“Tabhair deoch uisce dhom,” ar seisean go réidh. Bhí ’ fhios aici gur Iúdach é. Ba léir an méid sin óna chainnt agus ón gcóir éadaigh a bhí air. Thug sí féachaint chruaidh air. “Is Samaratánach me,” ar sise, “agus is Iúdach tusa. Conas is féidir duit deoch a dh’iarraidh orm? Ní dheinid Iúdaígh agus Samaratánaigh cómharsanacht lena chéile.”

Diúltú ab ea an chainnt, agus bhí drochaigne sa diúltú. Bhí mioscais uathásach an uair sin idir na Iúdaígh agus na Samaratánaigh. Bhí fuath fíochmhar acu dá chéile. Thabharfadh Iúdach, an uair sin, deoch uisce don namhaid ba mheasa a dh’fhéadfadh a bheith aige ach amháin do Shamaratánach. Thabharfadh sé an deoch do Shamaratánach dá mba dhó’ leis go maródh an deoch é. B’é an cás céanna é ag an Samaratánach i dtaobh an Iúdaigh. Gan amhras do mheas an bhean ná raibh aon cheart aige labhairt in aon chor léi, gan bac do dhul chómh fada le deoch a dh’iarraidh uirthi. Dá bhrí sin thug sí an fhéachaint chruaidh air. Ní féachaint chruaidh a tugadh di i bhfreagairt, ach a mhalairt sin ar fad d’fhéachaint, agus na focail seo:— “Dá mb’eól duit tabharthas Dé, agus dá mbeadh ’ fhios agat cé hé adeir leat: ‘tabhair dom deoch uisce,’ is amhlaidh a dh’iarrfása deoch air sin, agus do thabharfadh sé dhuit uisce beó.”

D’imigh an cruadas as a féachaint. D’fhreagair sí go cneasta agus go hurramúil. “A uasail,” ar sise, “níl an chóir agat chun an uisce do thógaint aníos as an dtobar, agus tá an tobar doimhinn. Cá bhfuil an t-uisce beó san adeirir le fáil agat? An mó thu ná ár n-Athair Iácób, an té a thug dúinn an tobar so, agus gurbh as a dh’óladh sé féinig, agus a chlann agus a áirnéis?”

Duairt an Slánaitheóir léi: “An té a dh’ólfaidh an t-uisce seo beidh tart arís air, ach an té a dh’ólfaidh an t-uisce a thabharfadsa dho ní bheidh aon tart air go deó arís.”

Bhí an fhéachaint chruaidh imithe. Bhí an fuath don Iúdach imithe. Cad a chuir chun siúil iad? Do chuir míorúilt chun siúil iad. Do dhein an Slánaitheóir míorúilt an uair sin le neart a ghrásta, agus measaim gur mhó de mhíorúilt í sin ná dá leighseadh sé lobhar a bheadh leathite ag an ngalar. Dá leighseadh sé an lobhar ní bheadh aige á dhéanamh ach leigheas cuirp. Ach do dhein sé leigheas aigne ar an mnaoi sin an uair sin. Níor thuig sí in aon chor an brí sprideálta a bhí lena chainnt. Do thuig sí gur shaghas éigin uisce a bhí aige le tabhairt di agus ná beadh aon tart go deó arís uirthi tar éis an uisce sin a dh’ól di. Agus do chreid sí é! “An t-uisce a thabharfadsa dho,” arsan Slánaitheóir, “déanfaidh tobar uisce dhe istigh ann ag fiaradh chun beatha síoraí.” Níor thuig sí an chainnt ach do chreid sí an chainnt. Iúdach ab ea é dhi fós. Ach bhí an fhéachaint chruaidh imithe agus bhí an fuath imithe, agus do chreid sí a chainnt. Do chreid sí uaidh cainnt nárbh fhéidir di a chreidiúint an uair sin uaidh féin ná ó aon duine eile beó, cainnt nárbh fhéidir di a ghlacadh uaidh féin ná ó aon duine eile beó ach le gáire díchreidimh. Do chreid sí an chainnt agus d’iarr sí air, lom díreach, an t-uisce sin a thabhairt di. Míorúilt uathásach ab ea é. “A Uasail,” ar sise, lom dáiríribh, leis an Iúdach úd ná raibh aon cheart aige labhairt in aon chor le mnaoi Shamaratánach, “Tabhair dómhsa an t-uisce sin i dtreó ná beidh tart orm agus ná beidh orm bheith ag teacht anso a d’iarraidh uisce.”

Tabhair fé ndeara an scéal. Drochbhean ab ea í, bean go raibh a saol caite go holc aici ab ea í; an saghas drochmhná díreach a thabharfadh an focal ba mheasa ’na béal an uair sin d’aon duine eile beó adéarfadh an chainnt chéanna léi. Cad a mhínigh í? Cad a dhein aingeal den diabhal? Míorúilt ó ghrásta an tSlánaitheóra do dhein é. Ansan, dhá thaispeáint go raibh an mhíorúilt déanta go críochnaithe agus go beacht, duairt sé focal a chuirfeadh an diabhal ar lasadh ’na súilibh agus ag búirthigh ’na cainnt mara mbeadh go raibh sé díbeartha glan amach aisti.

“Imigh,” ar seisean, “agus glaeigh ar t’fhear pósta agus tair anso thar n-ais.”

Dá n-abradh aon fhear eile an chainnt sin leis an mnaoi sin roimis sin sa lá cad é an saghas freagra ’ gheóbhadh sé uaithi? Gheóbhadh sé freagra ná leómhfainnse a chur síos anso. Cad é an freagra ’ thug sí air? Duairt sí, go mín, agus go cneasta, agus go húmhal, agus go fírinneach, “Níl aon fhear agam.” Agus féach, ní raibh aon fhocal ráite fós i dtaobh an Mhessiah. Bhí an mhíorúilt déanta, áfach. Bhí grásta an tSlánaitheóra fálta aici, agus níor chuir sí ’na choinnibh. Nú má chuir bhí sé róláidir di. Do ghéill sí dho. Ansan do mhol an Slánaitheóir í. “Dúraís an méid sin go maith,” ar seisean. “Bhí cúigear fear agat, agus an té atá anois agat ní hé t’fearsa é. D’ínsis an fhírinne sa méid sin.” Do leath a súile uirthi nuair ’ airigh sí an chainnt sin. Chuímhnigh sí láithreach gur dhuine éigin eagnaí a bhí ag cainnt léi. Ansan chuímhnigh sí ar an abhar aighnis a bhíodh i gcónaí idir na Iúdaígh agus na Samaratánaigh i dtaobh cár cheart Dia d’adhradh. “A Uasail,” ar sise, “chím gur fáidh tu. Is ar an gcnuc so a dheineadh ár sínsear Dia d’adhradh, agus dar libhse is i gcathair Ierúsaleim is ceart Dia d’adhradh.”

Bíodh ná raibh in sna Samaratánaigh an uair sin ach sliocht mheascaithe, dríodar Israélíteach agus dríodar iasachta meascaithe ar a chéile, bhídís i gcónaí dhá mhaíomh gurbh ó Ábraham agus ó Isaac agus ó Iácób a shíolradar. Bhíodh an dá aicme, na Iúdaígh agus na Samaratánaigh, ag aighneas coitianta i dtaobh cár cheart Dia d’adhradh, agus ní adhradh aon taobh acu sa cheart é. D’fhreagair an Slánaitheóir í agus duairt sé léi: “A bhean, creidse uaimse go bhfuil an t-am ag teacht nuair nách ar an gcnuc so ná in Ierúsalem a dhéanfaidh sibh an tAthair a dh’adhradh. Adhrann sibhse an ní nách eól díbh. Adhraimídne an ní is eól dúinn, óir is ó sna Iúdaígh atá an slánú, ach tig an uair, agus is anois é, ’na ndéanfaid na hadharthóirí fírinneacha an tAthair a dh’adhradh i sprid agus i bhfírinne. Sprid is ea Dia, agus an mhuíntir a dh’adhrann é is i sprid agus i bhfírinne is ceart dóibh é ’ dh’adhradh.”

“Tá ’ fhios agam,” ar sise, “go bhfuil an Messiah ag teacht, an té ar a dtugtar Críost, agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn.” Duairt Íosa léi: “Is mise é sin; mise atá ag cainnt leat.”

Lena línn sin tháinig na deisceabail agus bhí iúnadh orthu é ’ bheith ag cainnt leis an mnaoi. Nuair a shuigh Íosa ar an bhfalla ar bhruach an tobair agus an tuirse air, chuaigh na deisceabail siar go Sichem chun fáltas bídh a cheannach. Ag teacht thar n-ais is ea ’ bhíodar nuair ’ chonacadar é ag cainnt leis an mnaoi. Nuair a thánadar d’imigh an bhean. D’fhág sí an crúsca ansúd in aice an tobair, ag cosaibh an tSlánaitheóra, agus siúd chun siúil í i dtreó an bhaile as a dtáinig sí agus gach éinne a bhuail uímpi ar an slí. “Tair” adeireadh sí leis “go bheicfir an fear a dh’innis dómhsa gach ní dár dheineas riamh. An féidir gurb é an Críost é!”

Do ghluais na daoine go léir amach agus siúd i dtreó an tobair iad ar luas, ’na slóitibh móra, chun go bhfeicfidís an fear iúntach.

Mar adúradh, bhí iúnadh ar na deisceabalaibh nuair a thánadar thar n-ais ó chathair Sicheim agus chonacadar Íosa ag cainnt leis an mnaoi; ach níor fhiafraigh éinne acu dhe aon ní mar gheall air. Chuireadar bia os a chómhair agus d’iarradar air an bia a dh’ithe. Níor chuir sé aon tsuím sa bhia.

“Bíonn bia agamsa le n-ithe,” ar seisean leó, “bia nách eól díbhse.” Bhí iúnadh ana-mhór orthu nuair ’ airíodar an focal san. “Ní héidir,” ar siad lena chéile, “gur thug éinne eile aon bhia chuige?” “Is é is bia dhómhsa,” ar seisean leó, “go ndéanfainn toil an tÉ a chuir uaidh me agus go gcuirfinn a ghnó chun cínn.”

Bhí an slua Samaratánach ag teacht ar saothar. Chonaic an Slánaitheóir ag teacht iad. Bhí ’ fhios aige gurbh í an bhean a chuir ar siúl iad. “Féach,” ar seisean leis na deisceabalaibh, “sin iad ag teacht iad treasna na bpáirceanna. Is cuma iad nú fómhar a bheadh aibidh. Bhíobhair ag cainnt anois, dhá rá go mbeidh an fómhar ann i gceann cheithre mhí. Féach orthu san. Féach, tá an fómhar aibidh cheana féin.”

Ansan do mhínigh sé dhóibh gur ar an bhfómhar sprideálta a bhí sé ag trácht. Agus gurbh iad na deisceabail na buanaithe a bhí aige féin á chur ag buaint an fhómhair, agus go bhfaigheadh gach buanaí a thuarastal. “An té a bhaineann an fómhar,” ar seisean, “gheibheann sé a thuarastal, agus cruinníonn sé toradh chun na beatha síoraí, ionas go bhfaigheadh idir churadóir agus buanaí áthas in éineacht. Óir is fíor, sa ní seo, an rá, go gcuireann duine an síol agus go mbaineann duine eile an fómhar. Táthaoise curtha uaim agamsa ag baint an fhómhair nár dheineabhair a shaothrú, daoine eile a dhein an saothrú agus chuabhairse isteach ar a saothar san.”

Do cuireadh na fáidhí, sa tseanndlí, ag déanamh na curadóireachta sprideálta, ag ollmhú an tsaeil don dlí nua. Ansan, do chuir Críost Mac Dé na deisceabail isteach sa pháirc chéanna, isteach i saothar na gcuradóirí, chun an fhómhair a bhaint. Agus ansan, sa bheatha shíoraí, beidh áthas ag an dá lucht oibre, ag na curadóiríbh agus ag na buanaithibh, ag na daoine naofa a dhein obair na seanndlí, an churadóireacht, agus ag daoine naofa na dlí nua, na buanaithe.

Tháinig na Samaratánaigh. Do labhair an Slánaitheóir leó. Do chreideadar ann go fonnmhar. D’iarradar air fanúint acu. D’fhan sé acu dhá lá. Do chreid a lán acu ann mar gheall ar an gcainnt aduairt an bhean leó, nuair aduairt sí leó gur innis sé dhi gach ar dhein sí riamh. Ach do chreid níba mhó go mór díobh nuair ’ airíodar a chainnt féinig. Seo mar adeiridís:— “Ní mar gheall ar do chainntse a chreidimíd anois. D’airíomair féinig é agus creidimíd anois gurb é Slánaitheóir an domhain é.”

Chuaigh Críost Mac Dé ó dheas go cathair Ierúsaleim chun na hoibre a bhí aige le déanamh do thosnú. Thaispeáin sé a chómhacht do mhuíntir na cathrach san. Thug sé a ghrásta dhóibh go líonmhar gan amhras. Thairrigeadar siar uaidh. Chimeádadar amach uaidh. Tháinig aon fhear amháin acu chuige, ach is i ndoircheacht na hoíche do tháinig sé. Tar éis na gcómhacht go léir a thaispeáin sé dhóibh b’éigean do imeacht uathu. Ansan tháinig sé ag triall ar an Samaratánachaibh. Do ritheadar chuige láithreach agus chreideadar ann go fonnmhar, agus dheineadar a ndícheall ar é ’ chimeád acu féin ar fad.

Sin abhar machnaimh don té gur maith leis an machnamh a dhéanamh. Tá áit eile anois againn le cur in aice an dá áit sin agus b’fhéidir gurbh fheárrde an machnamh é na trí áiteanna ’ bheith in éineacht fén machnamh. Nasaret an tríú háit sin.

Tar éis an dá lá ’ chaitheamh i Samaría do thug an Slánaitheóir aghaidh ó thuaidh ar Nasaret. Do shrois sé féin agus a dheisceabail an baile beag deas ar thaobh na gréine de chnuc Chármeil. Bhí a lán de mhuíntir Ghaililí i gcathair Ierúsaleim an fhaid a bhí Íosa ann ag déanamh na míorúiltí móra go léir. Bhí na daoine sin tagaithe abhaile agus bhíodar scaipithe ar fuaid tíre Gaililí agus gach éinne acu ag ínsint na míorúiltí iúntach a chonaic sé i gcathair Ierúsaleim. Ar an gcuma san, mar adeir Lúcás Naofa: “Chuaigh a cháil amach ar fuaid na tíre go léir sin.”

Chonaic na cómharsain é. Bhí aithne mhaith acu go léir air. Bhí sé ’na measc arís, díreach mar a bhíodh sé i gcaitheamh na mblianta úd go léir, sarar dhein sé an mhíorúilt úd an fhíona ag an gcóisire i gCana, an mhíorúilt úd a chuir ar siúl an formad agus an t-éad in aigne na gceárdaithe.

Tháinig lá na sabóide. Chuaigh sé isteach sa tsionagóg in éineacht leis an bpobal. Tigh breá mór ab ea an tsionagóg, tigh fada leathan, árd, mar a bheadh scioból. Níorbh fholáir é ’ bheith mór san áit ’na mbeadh pobal mór. Ní bhíodh aon íomhá ann ná aon ní i bhfuirm altórach. San áit ’nar dhó’ le Críostaí gur cheart an altóir a bheith, i gceann an tí mhóir, is amhlaidh a bhíodh bórd ann agus bosca ar an mbórd agus an Bíobla istigh sa bhosca san, agus bhíodh urraim ana-mhór ag an bpobal don bhórd san agus don bhosca san, mar gheall ar an leabhar naofa ’ bheith ann.

Bhíodh áit áirithe den leabhar naofa ceapaithe, de réir dlí na sionagóige, le lé’ gach sabóid. Ansan, nuair a bheadh an pobal cruinnithe, dá mbeadh aon duine ann gur mhaith leis an leabhar naofa do lé’ agus do mhíniú don phobal, thabharfadh an timire, an té ’ bheadh ceapaithe chuige, an leabhar naofa, as an mbosca naofa, ag triall ar an nduine sin, agus do léifeadh an duine sin an pháirt den leabhar a bheadh ceapaithe don lá san.

Ní mar a chéile in aon chor na leabhair a bhíodh ag daoine an uair sin agus na leabhair go bhfuil taithí againne orthu. Ní bhíodh sa leabhar an uair sin ach aon leathanach amháin. Bhíodh an leathanach san tímpall troigh go leith nú b’fhéidir cúpla troigh ar leithead, agus é déanta de mheamram nú de mhianach ríghin éigin mar é. Bhíodh sé fiche troigh, b’fhéidir, ar faid, nú pé faid ba ghá a bheith ann chun slí ’ bheith air don méid scríbhinne a bheadh sa leabhar. Ansan do bhíodh, socair ar gach ceann den leathanach san, ar an gceann thuas de agus ar an gceann thíos de, slat bheag dheas adhmaid, nú airgid, nú práis b’fhéidir, agus do fílltí suas an leathanach go léir ar an slait íochtaraigh. Ansan do thagadh an scrí’neóir agus chuireadh sé an leathanach fíllte sin chuige ar bhórd agus bheireadh sé ar an slait uachtaraigh agus d’oscladh sé amach os a chómhair ar an mbórd oiread den leathanach agus d’oireadh do agus thosnaíodh sé an scrí’neóireacht. Nuair a bhíodh an méid sin den leathanach lán aige den scríbhinn d’fhilleadh sé ar an slait uachtaraigh é agus do leathadh sé amach fáltas eile den leathanach agus chuireadh sé fáltas eile den scríbhinn ar an méid sin den leathanach, ansan d’fhilleadh sé an méid sin ar an slait uachtaraigh. Chomáineadh sé leis ar an gcuma san, ag déanamh na scrí’neóireachta ar an leathanach agus dhá fhilleadh ar an slait uachtaraigh, go dtí go sroiseadh sé an tslat íochtarach. Bhíodh an leabhar críochnaithe ansan, agus ní bhíodh le déanamh ach srangán do chasadh air agus é ’ chur i gcimeád.

Ar ball, nuair ba mhaith le duine an leabhar san do lé’, bhaineadh sé dhe an srangán, bheireadh sé ar an slait íochtaraigh agus d’fhilleadh sé an leathanach go léir ar an slait sin, ansan bhíodh an tslat uachtarach nochtaithe aige agus bhíodh tosach an leabhair aige. Bhíodh sé, ansan, ag lé’ an leabhair agus dhá fhilleadh ar an slait uachtaraigh, fé mar a bhíodh sé léite aige, go dtí go mbíodh sé ag an slait íochtaraigh arís agus an leabhar léite aige. Nuair a bhíodh an leabhar léite, fíllte, bhíodh an tslat uachtarach, agus tosach an leabhair, istigh i lár an rolla agus an tslat íochtarach, deireadh an leabhair, ar an dtaobh amu’ den rolla.

Nuair a bhíodh duine chun an Bhíobla do lé’ don phobal, sa tsionagóg, thugadh an timire chuige, as an mbosca naofa úd, an rolla ar a mbíodh an ní ceart agus d’oscladh an duine an rolla agus bhíodh sé dhá leathadh amach, dhá bhaint den tslait íochtaraigh agus dhá chur ar an slait uachtaraigh nú více versa go dtí go mbíodh an áit cheart nochtaithe aige.

Bhí Íosa ’na sheasamh sa tsionagóg, ag feitheamh leis an leabhar as an mbosca naofa. Do thug an timire an leabhar leis as an mbosca agus chuir sé i láimh Íosa é; ar ámharaí an tsaeil, ní hea ach le leamhnú Dé, cad a bheadh ceapaithe le lé’ an lá san ach páirt áirithe d’Isáias, mar a labhrann Isáias, i bpearsain an tSlánaitheóra. D’oscail Íosa an leabhar agus bhí sé ag filleadh an leathanaigh ar an slait uachtaraigh go dtí gur nocht sé an áit a bhí ceapaithe. Ansan do léigh sé amach an áit, mar seo:—

“Tá Sprid an Tiarna orm, agus dá bhrí sin d’ung sé me chun soíscéil do chraobhscaoileadh do sna bochtaibh; chun lucht an chroíbhrúite do leigheas; chun fuascailte ’ dh’fhógairt don mhuíntir atá i mbraighdineas; agus radharc do sna dallaibh; agus dul-as don mhuíntir atá i gcruatan; chun bliana fabhair an Tiarna d’fhógairt; agus lae an tuarastail.”

Nuair a bhí an méid sin léite aige d’fhíll sé suas an leabhar arís, mar a bhí sé ar dtúis, agus thug sé don timire é agus do shuigh sé. Agus, mar adeir Lúcás Naofa: “Bhí súile a raibh de dhaoine sa tsionagóg dlúite air.”

Bhí na súile dlúite air, agus bhí, gan amhras, a chúis acu. Nárbh é an siúinéir é! Mac an tsiúinéara! Bhí na daoine sin go raibh aithne mhaith acu air bodhar ó bheith ag éisteacht leis na nithibh iúntacha d’airídís ’na thaobh. Do bhí sé ansúd os a gcómhair an uair sin agus cad a bhí ann ach duine mar éinne acu féinig!

Ach do thosnaigh sé ar chainnt. Ansan do leath a súil ar chuid acu. Bhí ’ fhios acu go maith nár chuaigh sé ar aon scoil riamh. Cá bhfuair sé an léann agus an chainnt cheólmhar chómhachtach? Do thuigeadar go raibh sé dhá rá gur bhain cainnt Isáiais leis féinig. Measaim gur airíodar ó sna daoine a bhí ag féachaint ar na míorúiltíbh a dhein sé i gcathair Ierúsaleim, go nduairt sé gurbh é féin an Messiah. Measaim go nduairt duine éigin den mhuíntir a bhí sa tsionagóg an lá san, “Nách é mac Ióseiph é! An Messiah!!” Measaim go nduairt duine éigin an uair chéanna: “Cad ’na thaobh ná deineann tú, anso id dhúthaigh féin cuid éigin de sna nithibh iúntacha san a dheineann tú in áiteannaibh eile?” Measaim gur ansan aduairt Íosa an chainnt úd:—

“Go deimhin adeirim libh, ní glactar éinne in’ fháidh ’na dhúthaigh féin.” Ansan, chun fírinne na cainnte sin do thaispeáint d’innis sé cad a thit amach i dtaobh Eliais agus i dtaobh Eliséais. I ndúthaigh iasachta a dhein Elias an mhíorúilt a dh’fhóir ar an mbainntrigh, i Sarepta Shidónia amu’. Níor fhóir sé le míorúilt ar éinne de sna bainntreachaibh a bhí ag fáil bháis den ghorta ’na dhúthaigh féin. Dhein Eliséas an mhíorúilt a dh’fhóir ar Naaman an Suiriánach. Níor ghlan Eliséas éinne de sna lobhraibh a bhí ’na thír féinig, bíodh go raibh a lán acu ann.

Cé hé an Iúdach Nasaritánach a dh’fhéadfadh cainnt den tsórd san d’fholag? Ná raibh ’ fhios ag an uile dhuine gurbh iad na Iúdaígh cáirde ionúine Iehóbha? agus b’in é an fear san, an ceárdaí bocht san! mac an tsiúinéara! dhá chur ’na luí orthu gurbh annsa le Iehóbha an Gínteach págánach, Naaman, ná éinne de chlaínn Israéil! Do léimeadar go léir ’na seasamh agus do rugadar air agus chaitheadar amach as an sionagóg é. Níor stadadar ansan féin. Bhí diamhasla déanta aige! Bhí bá tuíllte aige! Do rugadar leó suas é go barra faille aoirde a bhí ann, chun é ’ chaitheamh le fánaidh na faille i dtreó go marófí é ar na carraigreachaibh a bhí thíos ag bun na faille.

Nuair a bhíodar ar bharra na faille do thit rud míorúilteach amach dóibh. Do bhog a lámha go léir de. Bhíodar ansúd ’na stad ag féachaint air agus ná féadfadh éinne acu cor a chur de chois ná de láimh leis! D’iompaigh an Slánaitheóir agus d’imigh sé uathu go breá réidh agus d’fhág sé ansan iad, agus míorúilt déanta aige dhóibh ’na dhúthaigh féin. Ní ínstear gur dhein an mhíorúilt sin aon tairbhe dhóibh. B’fhéidir gur dhein.

Nótaí

Ar a lámh chlé: “to the left of them”. Note that the dative singular, láimh, is not given here in the original, although ar a láimh dheis later in the sentence has the correct dative.
Ag ínsint na míorúiltí iúntach: it is interesting to note the contrast in the form of the adjective in the genitive plural here with ag déanamh na míorúiltí móra in the previous sentence. Originally, adjectives in the genitive plural were declined as the nominative singular, but over time a form identical with the nominative plural became used too, and both are clearly found in PUL’s works.
Sa tsionagóg: note that the historically correct dative, sa tsionagóig, is not given here. Further similar examples are not separately noted.

Foclóirín

adharthóir: “worshipper”, or adhraitheoir in the CO. Dinneen has adhraightheoir and adhrathóir, leaving me unclear if adharthóir here (as given in the original) is a separate form, or whether, once an epenthetic vowel is inserted after the r, essentially the same form as the CO version. If there is no epenthetic vowel, then the spelling indicated here must be an alternative form of the word.
áirnéis: “chattels, goods”. Refers in context here to Jacob’s cattle, who drank from the well at Sichar.
altóir: “altar”, with altórach in the genitive singular where altóra stands in the CO.
árd: “high”. Note the feminine genitive singular aoirde, where airde would stand in the CO.
bainntreach: “widow”, or baintreach in the CO. The double n here shows the diphthong: /baintrʹəx/. The dative is bainntrigh.
buainim, buaint: “to reap, harvest”. It seems this word is a variant of bainim, baint, “to cut”, used in the specific meaning of “reap”: ag baint an fhéir, “cutting the grass”; ag buaint an fhómhair, “reapting the harvest”. The CO prefers to use bainim in both meanings. PUL’s usage is also mixed, as shown by the use of bainim in the same passage as buaint here.
cóir: “equipment, provisions”. Cóir éadaigh, “rigout, clothing”. Cóir chun an uisce do thógaint aníos as an dtobar, “something with which to draw the water up out of the well”.
cómharsanacht: “neighbourhood; neighbourliness”. Cómharsanacht a dhéanamh le duine, “to act in a neighbourly fashion towards someone; to have civil dealings with someone”.
crích: “end, fate”, or críoch in the CO. Crích is the historical dative. Crích an scéil, “the upshot of the matter”.
croíbhrú: “contrition”. Lucht an chroíbhrúite, “the contrite of heart”.
crúsca: “jug, jar”. One instance of crúaga in the original has been adjusted to crúsca, assuming a typographical error.
cuí: “fitting, proper”.
curadóir: “sower, tiller”.
dair: “oak”, with daraí in the genitive here, as if from a nominative form darach (darach is listed in Ó Dónaill’s dictionary as a variant nominative, but the nominative is attested as dair in PUL’s Aesop a Tháinig go hÉirinn; darach is stated as being the nominative in the foclóirín to the 1903 edition of Aesop, but the foclóirín to that work was compiled by Norma Borthwick). The CO has dair and darach respectively. Crann daraí, “oak tree”.
Dína: Dinah, daughter of the patriarch Jacob, who was violated by a Canaanite prince as recounted in Genesis 34.
doircheacht: “darkness”, pronounced /dirʹihəxt/, or dorchacht in the CO.
dríodar: “dregs, refuse”.
drochaingeal: this word is not given in dictionaries, but appears to mean “fallen angel”.
drochlabhartha: “given to bad language”, pronounced /dro-lourhə/.
dul-as: “escape”, referring here to liberty for those in hardship. The hyphen is given in the original: although this is not normally used nowadays, it is retained here as improving the readability of the sentence in which it is found.
dúthaigh: “land, region, district”, with the genitive singular dútha and the plural dúthaí. Dúiche, pl. dúichí in the CO.
faill: “cliff”, or aill in the CO.
fáltas: “income, proceeds”, often used to refer to a little supply of something, as in fáltas bídh, “some provisions”. Fáltas eile den leathanach, “another portion of the page”.
faoistin: “confession”.
féinig: “self”, a Munster colloquial form of féin.
fiaraim, fiaradh: “to incline, tilt”. Ag fiaradh chun beatha síoraí, “springing up towards eternal life”. See John 4:14 in the Douay-Rheims Bible: “but the water that I will give him, shall become in him a fountain of water, springing up into life everlasting”.
fóirim, fóirithint: “to succour, relieve, save”, used with ar.
fonnmhar: “willing, desirous”. Go fonnmhar, “gladly”. Pronounced /funəvər/.
fuascailt: “deliverance”.
galar: “disease”.
Gínteach: “Gentile”, or Gintlí in the CO.
gorta: “hunger, famine”.
ídithe: “worn out, wasted”.
ionúin: “dear, beloved”, with the comparative annsa, pronounced /u’nu:nʹ, aunsə/. The CO uses the regularly derived comparative ionúine.
Iósue: Joshua, leader of Israel after the death of Moses during the Israelite conquest of Canaan.
Isaac: the patriarch Isaac, son of Abraham.
leachta amach: “wasted away, dissolved, melted”, the participle of leaghaim, leaghadh, “to melt”, or leáim, leá in the CO.
leigheas: “remedy, cure”, with the plural here leighseanna, where the CO has leigheasanna.
lofa: “rotted, putefried, decomposed”, the participle of lobhaim, lobhadh.
mac mic: “grandson”. I have yet to discover the word garmhac, used in the CO, in PUL’s works; it is likely the most idiomatic form is, as here, mac mic.
meamram: “parchment, scroll”, pronounced /mʹamərəm/.
Mesopotámia: Mesopotamia, the basin of the Tigris and Euphrates rivers in modern-day Iraq. The CO has An Mheaspatáim, but PUL eschews concocted forms of words that do not have genuine Irish equivalents.
míním, míniú: “to explain”, but also “to smooth, polish; quiet, assuage, render gentle”.
Naaman: a commander in the army’s of the Syrian king cured of leprosy by the Prophet Elisha.
Nasaritánach: Nazarene, inhabitant of Nazareth. See also under Nasarénach.
nimh: “poison”, but also “virulence”, of a disease.
ollmhúchán: “preparation”, or ullmhúchán in the CO. Pronounced /o’lu:xɑ:n/.
osclaim, oscailt: “to open”. Tobar a dh’oscailt, “to sink or create a well”.
ré: “interval”. Ré aithrí, “time to repent”. Gach aon ré sholais, “constantly, at every opportunity”.
ríghin: “slow”, but also “tough, thick, stringy” of texture or material.
Robóam: Rehoboam, king of Israel and son of King Solomon, during whose reign the northern ten tribes revolted, forming an independent Kingdom of Israel under King Jeroboam, leaving Rehoboam king of the southern kingdom of Judah.
rolla: “roll”.
sabóid: “sabbath”.
Samuel: the prophet Samuel, who anointed Saul and David as kings of Israel.
Sarepta: Sarephta of the Sidonians, identified with Sarafand in modern-day Lebanon, where a widow was miraculously fed by the Prophet Elijah according to the account in 3 Kings 17.
Saul: Saul, first king of a united Israel and father-in-law of King David.
scrí’neóireacht: “act of writing”, of scríbhneoireacht in the CO. I am unsure whether to show the bh is not pronounced in this way, or whether to allow the fact that the i is long to indicate the deletion of the bh in pronunciation.
seanndlí: “ancient law”, pronounced /ʃaun-dlʹi:/. Spelt sean dlighe in the original, the spelling has been adjusted to show the diphthong.
Sichar: Sichar, the town in Samaria where Jesus met a Samaritan woman at a well.
Sichemíteach: Shechemite, a native of Shechem.
Sidónia amu’: Sidonia, the area around Sidon, a Phoenician city in modern-day Lebanon. Probably referred to as amu’ because it was beyond the borders of Israel.
sionagóg: “synagogue”. The spelling is adjusted from sinagóg in the original, in line with the spelling given in Ó Dónaill’s dictionary.
Sliabh Ephraim: Mount Ephraim, the central mountainous district of Israel once associated with the tribe of Ephraim.
sliocht: “offspring, progency”. This word, which is masculine in the dictionaries compiled by Dinneen and Ó Dónaill, sometimes appears to be feminine in PUL’s works, as with sliocht mheascaithe here and an tsliocht in many of his works. Yet an tsleachta is found in the genitive singular in PUL’s translation of the Gospels.
srangán: “string, cord”. Pronounced /srə’ŋɑ:n/.
stracaire: “ragged tramp”, or sracaire in the CO.
stua: “arch, ridge”.
Suiriánach: “Syrian”. The form Siriach is used in the CO.
tagaim, teacht: “to come”. Tig an uair, “the hour is coming”, where tig is an ossified third-person singular present-tense form.
táim, bheith: “to be”. Note táthaoi, /tɑ:’hi:/, for the second-person plural in the present tense. PUL regularly uses this form in his works; I have not found an instance of tá sibh or tánn sibh.
tairbhe: “benefit”, pronounced /tɑrʹifʹi/.
tairbheach: “beneficial”. Pronounced /tɑrʹifʹəx/.
timire: “attendant”.
toil: “wish”, with the genitive toile here, in contradistinction to the tola of the CO.
tromchroí: “heaviness of heart, melancholy”. Spelt tromachroidhe in the original and pronounced /tromə-xri:/.
ungaim, ungadh: “to anoint”. The verb is pronounced /uŋimʹ, uŋə/, but the preterite d’ung sé has a g sound, and maybe a long vowel /du:ŋg ʃe:/.
urramúil: “respectful, deferential”, or urramach in the CO.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Críost Mac Dé. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s