Críost Mac Dé 8

Caibideal a hOcht.

Na Cathanna; An Dréimire.

An fhaid a bhí Críost sa bhfásach ag déanamh an troscaidh; agus ansan, ag buachtaint ar an áirseóir in sna cathannaibh, dhá thaispeáint do sna Críostaithibh conas bua do bhreith ar an namhaid gcéanna i gcathannaibh mar iad, bhí Eóin amu’ ar bruach abhann Iórdain agus é ag baisteadh na ndaoine chun aithrí, agus ag éisteacht leó ag déanamh faoistine ’na bpeacaíbh, agus é coitianta ag seanmóin dóibh, agus a chainnt ag dul trína gcroithibh, agus an t-aon ní amháin aige á chimeád os a gcómhair i gcónaí, “deinidh an aithrí mar tá ríocht Dé buailte libh!” Agus bhí an chainnt chéanna úd ag dul ó bhéal go béal thiar i gcathair Ierúsaleim, gach éinne dhá rá gurbh é an Messiah é.

Bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis an bhfocal san. Ní chreidfidís an focal. “Cad a bhéarfadh go dtiocfadh an Messiah sa riocht san! i riocht an árrachtaí sin a bhí ag imeacht ar an gcuma san ’na dhuine buile leathlomrachta! Cá bhfuil an chómhacht a bheidh tímpall ar an Messiah nuair a thiocfaidh sé! Cá bhfuil an chómhacht agus an mhórgacht agus an armáil a chuirfidh fé chois agus fé smacht an domhan go léir, an chómhacht a chuirfidh amach as an gcathair naofa so na Rómhánaigh agus gínte págánacha an domhain, agus do chuirfidh suas sliocht Ábrahaim san uachtaránacht atá geallta ag Dia dhóibh!”

Do leanadar ag cainnt ar an gcuma san ar feadh i bhfad agus ag diúltú d’aon tsuím a chur sa chainnt a bhí go hárd i mbéal gach éinne ach iad féin, gurbh é an Messiah, gan aon mhearathall ar domhan, an fear uathásach san a bhí ag baisteadh na ndaoine amu’ ar bruach abhann Iórdain. Fé dheireadh do chuímníodar gurbh fheárr daoine éigin creidiúnacha ciallmhara do chur amach chun na háite chun go bhfeicfidís é agus chun go bhfiafróidís de, lom díreach, arbh é an Messiah é. Dá n-abradh sé gurbh é, d’fhéadfaidís an dlí ’ chur air láithreach agus breith air agus é ’ chur isteach sa phríosún agus é ’ dhaoradh i ndiamhasla. Chuirfeadh san deireadh leis an ndíobháil phoiblí a bhí aige á dhéanamh, ag mealladh na ndaoine le héitheach. Do ceapadh na teachtairí. D’imíodar amach. Thánadar chun na háite ’na raibh Eóin. Gan amhras dheineadar a lán cainnte ná fuil curtha síos sa tSoíscéal. Gan amhras dúradar leis mar seo: “Tá an uile dhuine dhá rá gur tusa an Messiah. Innis an fhírinne dhúinn, an tu?” Cheapadar, ní nách iúnadh, go ndéarfadh sé go dána, “Is me cheana.” Cheapadar gurb amhlaidh a bheadh áthas air an onóir sin a dh’éileamh do féin; gurbh in é a bhí uaidh; gurbh é féin, b’fhéidir, a chuir na ráflaí ar siúl á rá gurbh é an Messiah é. Fuaradar freagra ná raibh aon choinne in aon chor acu leis, “O ní me! ní me in aon chor! Ní me an Messiah! Faire go deó! Cad a chuir an ní sin in úr gceann! Mise an Messiah!! Aililiú! Cé ’ fhéadfadh cuímhneamh ar a leithéid!” Bhain an freagra san an anál astu. Gan amhras duairt sé an fhírinne, dar leó, nuair aduairt sé nárbh é an Messiah é. Ba léir dóibh ná duairt sé féinig riamh gurbh é an Messiah é, agus ba léir dóibh ná raibh aon lorg in aon chor aige ar éinne eile dhá rá gurbh é an Messiah é; an socrú úd a bhí déanta acu i dtaobh an diamhasla agus an phriosúin do thit sé as a chéile. Cad a bhí le déanamh acu? Níor mhór dóibh eólas éigin ’ fháil uaidh féinig ar cad chuige dho bheith ag déanamh an chur thrí chéile go léir. Dá gcuiridís ceist eile chuige b’fhéidir go ndéarfadh sé rud éigin a thabharfadh greim dlí dhóibh air. Bhí ’ fhios acu, sara nduairt na daoine gurbh é an Messiah é, go mbídís dhá rá go láidir gurbh é Elias é. Dá n-abradh sé anois gurbh é Elias é bheadh greim dlí acu air bíodh ná beadh ar a gcumas diamhasla ’ chur ’na leith, bheadh greim dlí acu air mar d’fhéadfaidís, dar leó, a chur ’na leith go raibh sé ag ínsint éithigh agus ag cur na ndaoine amú.

“An tu Elias?” ar siad.

“Ó, ní me! ní me in aon chor!” ar seisean. Do thit an socrú san as a chéile orthu chómh maith leis an socrú i dtaobh an diamhasla. Dheineadar a machnamh arís. Dá bhféadaidís a chur ’ fhéachaint air a rá gur dhuine mór éigin é, d’fhéadfaidís, dar leó, an t-éitheach a chur ’na leith. Chuímhníodar ar an bhfáidh úd a gheall Maois a thabharfadh Dia do chlaínn Israéil.

“An tu an fáidh a gheall Maois dúinn?” ar siad.

“Ó ní me! ní me in aon chor!” ar seisean.

Bhí buaite orthu. Do theip orthu cuímhneamh ar aon cheist eile do thabharfadh aon ghreim dóibh air. Cheapadar go mb’fhéidir go dtabharfadh sé féin dóibh freagra éigin a thabharfadh dóibh an greim a bhí uathu.

“Cé hé thu, más ea?” ar siad. “Tabhair eólas éigin dúinn ort féin i dtreó go bhféadfaimíd freagra ’ bhreith linn chun na n-uasal a chuir anso sinn. Cé hé thu in aon chor?” Ansan is ea do tugadh dóibh an freagra do mhíll ar fad iad:—

“Guth duine ag glaoch sa bhfásach is ea me,” ar seisean, “agus is í glao a thugaim ná, ‘deinidh slí an Tiarna do dhíriú!’”

Bhí buaite orthu. Ní raibh sa bhfear san ach guth, guth duine ag glaoch sa bhfásach. Níorbh fhéidir greim ’ fháil ar ghuth. Níorbh fhéidir guth do chur sa phríosún, go mór mór, níorbh fhéidir locht ’ fháil ar an bhfocal adeireadh an guth, “deinidh slí an Tiarna do dhíriú.” Bhí scéal leamh acu ag dul thar n-ais ag triall ar na huaislibh. Cheapadar focal éigin bunúsach a bheith acu. “Ní tu an Messiah,” ar siad.

“Ó ní me! Ní me in aon chor!” ar seisean, agus uathás ’na ghlór mar gheall ar a chuímhneamh go ndéarfadh éinne gurbh é.

“Agus ní tu Elias,” ar siad.

“Ní me! Ní me go deimhin!” ar seisean.

“Agus ní tu an fáidh úd,” ar siad.

“Imbriathar nách me,” ar seisean.

“Agus,” ar siad, “cad chuige dhuit bheith ag déanamh baiste? Cad é an t-údarás atá agat chuige sin nuair nách tu an Messiah ná Elias ná an fáidh úd?” Ansan thug sé eólas dóibh, ach níor thuigeadar an t-eólas:—

“Baiste in uisce is ea an baiste a dheinimse,” ar seisean, “ach tá anois beó ar úr measc,” ar seisean, “fear, agus níl aon aithne agaibh air. Tá an fear san ag teacht im dhiaidhse, bíodh go bhfuil tosach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do scaoileadh.”

Do dhall an chainnt sin iad. Níor thuigeadar aon fhocal den chainnt sin, bhíodar ag féachaint ar a chéile agus ag féachaint ar an bhfear lom láidir leathnochtaithe a bhí os a gcómhair, agus bhíodar ag breithniú na bhfocal a bhí ráite aige. “Fear ag teacht ’na dhiaidh?” “Fear atá ’na dhiaidh agus atá roimis!” “Fear atá ’nár measc agus ná fuil aithne againn air?” “As a mheabhair atá sé.” Tá a mheabhair ag leathadh air agus ní haon iúnadh san. Féach an cor atá air, agus an fhéachaint bhuile atá ’na shúilibh.” D’imíodar uaidh agus thugadar aghaidh siar arís ar chathair Ierúsaleim. Nuair a chuadar abhaile d’ínseadar do sna huaislibh i gcathair Ierúsaleim cad é an saghas an duine buile a bhí ag baisteadh na ndaoine thoir in aice Bhetánia, ar bruach abhann Iórdain, agus ag cur na ndaoine chómh mór as a meabhair agus ’ bhí sé féin, le fiantas na cainnte a dheineadh sé.

Do bhreithnigh na huaisle agus na daoine léannta an scéal nuair a hínseadh dóibh é. B’fhéidir go nduairt duine de sna huaislibh sin, as a mhachnamh, agus as a bhreithniú:—

“De réir na dtargaireachtaí go léir, a uaisle, tá an t-am ann chun an Mhessiah do theacht. Is eól don uile dhuine san a bheith amhlaidh. Tá ’ fhios ag an nduine buile úd thoir ar bhruach abhann Iórdain san a bheith amhlaidh. Dhein sé an iomad machnaimh ar an Messiah. Do chuir an machnamh as a mheabhair é. Ansan le neart an mheascáin mearaí a tháinig air do buaileadh isteach in’ aigne gurbh é féin an Messiah. Titeann nithe den tsórd san amach uaireanta, mar is eól dúinn go léir.”

“Tá san maith go leór, a uasail,” arsa duine de sna teachtairíbh, mar a mheasaim, “ach dá mbeithá ag féachaint air nuair ’ fhiafraíos-sa dhe, lom díreach, arbh é an Messiah é ní déarfá gur mheas sé gurbh é. Ní fheaca riamh diúltú chómh dian, chómh seasmhach. Ní fheaca riamh iúnadh agus alltacht ar dhuine chómh mór leis an iúnadh agus leis an alltacht a bhí air mar gheall ar éinne dhá mheas gurbh é féinig an Messiah, ní hea ach a rá go gcuímhneódh éinne ar a leithéid de cheist a chur chuige.”

“Cé hé an fear so adeir sé atá ag teacht ’na dhiaidh, agus go bhfuil tosach aige air féinig, agus nách fiú é go leogfí dho iall bróige an fhir sin do scaoileadh?” arsa duine éigin eile, mar ’ mheasaim.

“D’airíos-sa,” arsa duine eile, mar ’ mheasaim, “go bhfeacthas fear ag teacht chun na habhann, i dteannta na nGaililéach, agus gur iarr an fear san ar an nduine buile é ’ bhaisteadh, agus gur éirigh aighneas eatarthu, agus go nduairt an duine buile: ‘Is agatsa atá mise do bhaisteadh ar dtúis,’ nú focal éigin mar sin; ach sa deireadh gur bhaist an duine buile an fear ó Ghaililí, agus chómh luath agus ’ tháinig an Gaililéach aníos as an uisce gur airigh na daoine tóirthneach.”

Measaim gur deineadh a lán aighnis den tsórd san nuair a tháinig na teachtairí thar n-ais ón abhainn, agus gurbh é deireadh an aighnis go ndúradar go léir ná raibh in Eóin ach duine buile agus gur fhágadar mar sin an scéal.

Ach an fhaid a bhí an t-aighneas san ar siúl sa tSanhedrim, i gcathair Ierúsaleim, bhí gnó eile ar siúl lastoir ar bruach Iórdain. An lá tar éis an lae a bhí teachtairí an tSanhedrim ann, do thárla go raibh Íosa ann agus é ag siúl, fé mar a bheadh sé ag teacht tar n-ais ón áit ’nar chuir an t-áirseóir na cathanna air. Do chonaic Eóin é. Chómh luath agus ’ chonaic sé é do labhair sé “Féach Uan Dé! ar seisean. “Féach,” ar seisean, “an tÉ a thógann peacaí an domhain!” D’airigh na Iúdaígh a bhí ’na thímpall an focal “Uan Dé,” agus chuímhníodar ar an bhfocal aduairt Isáias sa targaireacht a dhein sé ar pháis Chríost Mic Dé: “Seólfar É ar nós caeireach, chun an bháis, agus ar nós an uain i láthair na mbearbóirí, beidh sé ciúin” (Isáias liii. 7).

“Féach,” arsa Eóin, “sin é an tÉ go nduartsa ’na thaobh, ‘tá fear ag teacht im dhiaidh agus do cuireadh os mo chionn é, mar bhí tosach aige orm,’ agus níor aithníos é; agus fós do thánag ag tabhairt baiste an uisce dhíbhse, ionas go ndéanfí Eisean do thaispeánadh in Israél.”

D’airigh na daoine go léir a bhí ann an chainnt sin. Do thaispeáin Eóin an Slánaitheóir dóibh, d’innis an chainnt dóibh go soiléir gurbh é sin an tÉ úd go raibh na bóithre cama le díriú dho; an tÉ úd nárbh fhiú Eóin go leogfí dho iall a bhróige do scaoileadh. D’airíodar go léir an chainnt ach níor chorraigh éinne chun an tSlánaitheóra do leanúint. Ní duairt Eóin leó: “Imídh agus leanaidh É. Tá mo ghnósa déanta.” Ní duairt. D’fhág sé fé Íosa féinig iad a tharrac chuige le neart a ghrásta.

La ’rna mháireach a bhí chúinn bhí Eóin agus beirt dá dheisceabail ’na seasamh agus do shiúlaigh Íosa thórsu. Do labhair Eóin, “féach Uan Dé!” ar seisean. Chómh luath agus d’airigh an bheirt deisceabal an focal san d’fhágadar Eóin agus d’imíodar i ndiaidh Íosa. D’iompaigh Íosa agus chonaic sé iad ag teacht ’na dhiaidh. “Cé hé atá uaibh?” ar seisean leó. “Cá mbíonn tu id chónaí, a Rabbí?” ar siad san. Tagaidh agus feicidh,” ar seisean. Agus d’imíodar leis agus chonacadar an áit ’na raibh sé ’na chónaí.

Bhí sé ’na chónaí i gceann de sna bothaibh beaga a bhí an uair sin ar bruach abhann Iórdain. Ní dócha go raibh sa bhoth ach scailp déanta de ghéagaibh crann, mar dhíon ón ngréin i gcaitheamh an lae agus ón spéir i gcaitheamh na hoíche. Bhí craínn giúise ann go tiubh agus craínn failme, agus dheineadh duine scailp de sna géagaibh a bhíodh ar na crannaibh sin, agus ansan do leathadh an duine ar an dtalamh, fén scailp sin, a shúsa bhreá bhog ramhar, nú a bhrat a bhíodh déanta de sheithe nú de chlúmh camaill, agus shíneadh sé ar an súsa, nú ar an seithe, agus chodladh sé an oíche go sámh, agus d’éiríodh sé ar maidin go haibidh agus go hanamúil agus go dea-shláinteach. I mboth éigin den tsórd san is ea ’ bhí an Slánaitheóir ’na chónaí nuair aduairt sé leis an mbeirt úd dul leis agus an áit a dh’fheiscint. Bhí sé tímpall a ceathair a’ chlog um thráthnóna nuair a shroiseadar an both agus d’fhan an bheirt i bhfochair Íosa agus “thugadar an chuid eile den lá ’na theannta.”

Ní ínseann an Soíscéalaí cad air go rabhadar ag cainnt i gcaitheamh an lae as san go hoíche. D’fhéadfadh sé an uile fhocal dá gcainnt agus dá gcómhrá a dh’ínsint, dá mba mhaith leis é, mar bhí sé féin ar dhuine den bheirt. Eóin eile ab ea é, Eóin Soíscéalaí. Bhí sé ag gabháil le hEóin Baiste go dtí gur thaispeáin Eóin Baiste dho “Uan Dé,” ansan d’fhág sé Eóin Baiste ’na dhiaidh, an rud a theastaigh ó Eóin Baiste, agus do lean sé Uan Dé. Níor thug sé, sa tSoíscéal a scríbh sé, aon chúntas ar an aoibhneas a bhí ag an Slánaitheóir á chur ar an mbeirt i gcaitheamh an tráthnóna san. Ní ínseann sé sa tSoíscéal go raibh sé féin ar dhuine den bheirt; ach bhí. Bhí an úmhlaíocht ann. Níor mhaith leis bheith ag trácht air féin. B’fhéidir gur thuig sé nár bheag de chúntas ar an aoibhneas a cuireadh ar an mbeirt a dh’ínsint gur chaitheadar an tráthnóna i bhfochair Íosa; nárbh fhéidir d’aon tsaghas tuarascbhála ar aoibhneas dul thairis sin.

Aindréas ab ainm don duine eile den bheirt. B’iad san an chéad bheirt de dheisceabalaibh Íosa. Iascaire ab ea é, agus is ar loch Genesareit, a dh’fhág sé a bhád ’na dhiaidh an uair sin, agus tháinig sé, mar chách, chun go n-aireódh sé Eóin Baiste ag seanmóin agus chun go mbaistfí é. Bhí driotháir aige gurbh ainm do Símón. Bhí sé sin, leis, tar éis a bháid d’fhágáilt ’na dhiaidh in imeall locha Genesareit agus teacht, mar chách, chun éisteacht leis an seanmónaí agus chun baiste ’ ghlacadh. Ag siúl i measc na ndaoine dho do bhuail Aindréas uime. “Do fuaramair an Messiah,” arsa Aindréas, “tair liom go bhfeicir é.” Thánadar ag triall ar Íosa. Do labhair Íosa le Símón. “Is tusa Símón mac Ióna,” ar seisean, “Ní Símón a tabharfar ort ’na dhiaidh so mar ainm ach Céphas.” Is é brí atá leis an bhfocal Eabhraise “Iónas” ná “colúr,” agus leis an bhfocal “Céphas” ná “carraig.” Dá bhrí sin dob ionann cainnt an tSlánaitheóra agus dá n-abradh sé, as Gaelainn, “Is tusa Símón mac an cholúir. Ní Símón ná colúr, áfach, a tabharfar ort feasta ach Carraig.”

Bhí triúr deisceabal ag Críost um an dtaca san, Eóin Soíscéalaí agus an bheirt driothár, Aindréas agus Símón. Amáireach a bhí chúinn, nuair a bhí an Slánaitheóir ag gluaiseacht chun dul thar n-ais go Gaililí, do casadh air fear dárbh ainm Pilib, fear ó Bhetsáida, an áit ’na raibh an bheirt driothár, Aindréas agus Símón ’na gcónaí. “Lean mise,” arsan Slánaitheóir le Pilib; an túisce ’nar airigh Pilib an focal do lean sé an Slánaitheóir, gan oiread agus focal do rá. Bhí ceathrar deisceabal ag an Slánaitheóir ansan.

Bhíodar ag dul ó thuaidh go Gaililí. Bhí dhá bhóthar ó thuaidh, bóthar ó thuaidh fan na habhann, bóthar fada, bóthar a bhí ag casadh agus ag lúbadh de réir mar a bhí an abha ag casadh agus ag lúbadh. Bhí bóthar eile acu le gabháil dá mba mhian leó é, bóthar ó thuaidh díreach trí thír Shamaría. Cóngar mór ab ea an bóthar san, ach bhíodh sé cúntúrthach uaireanta mar gheall ar an mioscais a bhí ag na Samaratánachaibh agus ag na Iúdaígh dá chéile. Ní bhíodh an mhioscais róghéar ach nuair a bhíodh féile éigin leis na Iúdaígh ar siúl. Ní raibh aon fhéile ar siúl an uair sin agus do ghoibh an Slánaitheóir agus a cheathrar deisceabal an cóngar ó thuaidh ó Iericó go dtí Cana. Tháinig an chuallacht bheag go hárdaibh Ephraim agus bhíodar ag gabháil trí Bhetel, an áit ’na raibh Iácób ’na chodladh, na céadta blian roimis sin, nuair a chonaic sé, in aisling, an dréimire, agus na haingil ag dul suas agus ag teacht anuas, as na flaithis, ar an ndréimire sin. Chonaic an chuallacht Iúdach áirithe agus é ’na shuí ag bun craínn fígí. Bhí aithne ag Pilib air. Bhí caradas eatarthu. Ghlaeigh Pilib air:—

“A Natanaeil,” arsa Pilib, “Tá an Messiah fachta againn, an Messiah atá i dtargaireacht ó Mhaois agus ó sna fáidhíbh; Íosa, Mac Ióseph ó Nasaret is é é.”

“Ó Nasaret!” arsa Natanael, agus chuímhnigh sé láithreach ar Bhetlehem, gur i mBetlehem a béarfí an Messiah. “Ó Nasaret!” ar seisean arís, “An féidir aon ní fónta do theacht a Nasaret?” ar seisean. Níor dhein Pilib aon argóint i dtaobh an scéil, ní duairt sé ach, “tair go bhfeicir é.” Tháinig sé. Chómh luath agus ’ chonaic an Slánaitheóir é duairt sé an chainnt seo:—

“Féach an fíor-Israélíteach! an fear atá gan feall ann!”

“Conas ’ aithníonn tú me?” arsa Natanael. “Sarar ghlaeigh Pilib ort,” arsan Slánaitheóir, “nuair a bhís fén gcrann fígí, bhíos-sa ag féachaint ort.”

“A mháistir,” arsa Natanael, “is tu Mac Dé! Is tusa rí Israéil!”

Ní haon iúnadh linne, pé rud a thit amach fén gcrann go raibh an Slánaitheóir ag féachaint air. Ní heól dúinn, ná d’aon duine beó, ach don tSlánaitheóir agus do Natanael féinig, cad é an ní é. Tá deimhne againn ar an méid seo, áfach, ón bhfocal aduairt an Slánaitheóir, nárbh aon rud é gur gá do Natanael aon náire ’ bheith air ’na thaobh.

Ach do chuir focal an tSlánaitheóra iúnadh a chroí ar Natanael. Bhí ’ fhios aige ná raibh ach Dia amháin gurbh fhéidir do ’ fhios a bheith aige cad a thit amach fén gcrann. Chuir san ’ fhéachaint air an chainnt a rá, “Is tu Mac Dé.”

Ní foláir dúinn, áfach, a thuiscint nách ag cuímhneamh ar rúndiamhar na Tríonóide a bhí Natanael an uair sin. Bhí sé ag cuímhneamh ar an bhfocal a bhíodh i mbéalaibh na nIsraélíteach i gcónaí i dtaobh an Mhessiah, .i. “Mac Dé, Rí Israéil.”

Dá ndeineadh na Iúdaígh machnamh i gceart ar ráitibh an Bhíobla do chífidís go dtaispeánaid na ráite sin trí pearsana a bheith i nDia, agus gur phearsa de sna pearsanaibh sin an Messiah. Níor dheineadar an machnamh san. Nuair a thugaidís “Mac Dé” ar dhuine éigin oirirc do thuigidís leis sin gur dhuine é a bhí taithneamhach i láthair Dé, agus gurbh ionúin le Dia é, fé mar is ionúin mac len’ athair. Níor tháinig aon phioc dá chuímhneamh chúthu gurbh fhéidir an duine oirirc sin a bheith ’na Dhia agus cómhacht Dé agus nádúr Dé a bheith aige. Dá bhrí sin nuair aduairt an Slánaitheóir leó “go raibh cómhacht Dé aige;” “gurbh ionann é féin agus an tAthair” “Go raibh sé ’na Dhia”; d’éiríodar ar buile agus chuireadar diamhasla ’na leith. Bhí ’ fhios acu go raibh sé ’na dhuine, mar aon duine eile. Níor shéan sé féin riamh go raibh sé ’na dhuine, mar dob fhíor é. Ach d’oibrigh sé, os cómhair a súl, cómhachta, nárbh fhéidir d’éinne a dh’oibriú mara mbeadh cómhacht Dé aige, nú an chuid ba lú dhe, mara mbeadh cómhacht ó Dhia aige. Nuair ’ airigh Natanael an focal úd, “Nuair a bhís féin gcrann fígí do bhíos-sa ag féachaint ort,” do thuig sé gurbh amhlaidh a thug Dia an cumas radhairc sin do agus dá dheascaibh sin is ea aduairt sé “Is tu Mac Dé.” Dá mb’é an Messiah féin é, bhí a lán de sna Iúdaígh agus, bíodh gur thuigeadar go mbeadh cómhacht móra aige ó Dhia, níor mheasadar go mbeadh sé féinig ’na Dhia. Bhí a n-aigne chómh daingean san acu ar gan a bheith ann ach aon Dia amháin, i gcoinnibh na bpágánach go mbíodh na slóite déithe acu, nár chuímhníodar in aon chor ar nádúr Dé a bheith dochuimsithe agus an Tríonóid ró-Naofa ’ bheith ’na rúndiamhar, os cionn cumais tuisceana an duine.

Ach d’fhreagair Críos an focal aduairt Natanael agus duairt sé:—

“Creideann tú, a Natanaeil, toisc go nduart leat go rabhas ag féachaint ort agus tu fén gcrann fígí. Chífir nithe is mó ná san: chífidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”

Do chonaic Iácób, in aisling, mórán aimsire roimis sin, an dréimire, agus na haingil ag dul an dréimire suas agus ag teacht an dréimire anuas, san áit sin díreach ’na raibh Críost agus Natanael ag cainnt an uair sin. Do fíoradh aisling Iácóib, agus do fíoradh focal an tSlánaitheóra nuair a cuireadh eaglais Chríost ar bun. Do chuir “Mac an Duine” an eaglais ar bun suas le dhá mhíle blian ó shin, agus táid na flaithis ar oscailt riamh ó shin, agus na haingil ag dul suas agus ag teacht anuas dréimire na sácraimíntí, ag tabhairt na ngrást anuas ar na Críostaithibh, anuas ar an Eaglais, “anuas ar Mhac an Duine” atá ’na chónaí san Eaglais sin a chuir sé féin ar bun. Ní gan fáth a chuir an Slánaitheóir an deimhniú dúbalta úd ar a chainnt nuair aduairt sé an focal san le Natanael an lá san, ansúd san áit ’na bhfeacaigh Iácób an dréimire úd agus na flaithis ar oscailt lastuas de. “Go deimhin deimhin adeirim libh,” ar seisean, “chífidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine” (Eóin i. 51).

Foclóirín

Aindreás: St. Andrew, a fisherman and brother of St. Peter, the pair being the first of the disciples called by Jesus.
amáireach: “tomorrow”, or amárach in the CO. Amáireach a bhí chúinn, “the following day”.
argóint: “argument”, pronounced /ɑrə’go:ntʹ/.
árrachtaí: “monster, ravening beast”, or arracht in the CO. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows this word is also used in the opposite meaning of “a good-for-nothing, puny person”, which may be sense intended here.
bearbóir: “barber, shearer”, pronounced /bʹarə’bo:rʹ/. In the meaning of “shearer”, this would be bearrthóir in the CO.
Betánia: Bethany beyond the Jordan, on the Jordan River above the Dead Sea, where John the Baptist baptised Jesus.
Betsáida: Bethsaida, a village or place on the northern shore of the Lake of Galilee. The exact location has not been identified by scholars.
both: “booth, hut”. Note the dative plural bothaibh here: Ó Dónaill’s dictionary gives bothanna as the nominative plural, but indicates that botha is a variant (in other words, the traditionally correct form).
Cana: Cana in Galilee, where Jesus performed his first miracle at a wedding. The location has not been positively identified by scholars.
Céphas: Cephas, meaning “rock” in Aramaic—PUL states the word is Hebrew here—an appellation given by Jesus to Simon Peter, and the origin of the name of Peter, the Greek translation of Cephas.
cóngar: “shortcut”.
cur thrí chéile: “confusion”.
diamhasla: “blasphemy”.
dochuimsithe: this word is given in Ó Dónaill’s dictionary as “boundless, illimitable”, but Dinneen has “incomprehensible”, which may be more the sense here.
Eabhrais: “Hebrew language”, pronounced /ɑvəriʃ/.
Eóin Soíscéalaí: St. John the Evangelist.
Ephraim: Ephraim, one of the tribes of Israel, which held territory in what later became Samaria.
failm: “palm”, or pailm in the CO. Pronounced /falʹimʹ/.
faire go deó!: “alas! the shame of it!”
fiantas: “nonsense”, or fiántas in the CO. This word was traditionally written fiadhantas; the síneadh fada in the CO seems unjustifiable.
fíge: “fig”, or fige in the CO. Crann fígí here means “fig tree”—which is also the form used in the CO—but PUL uses crann fíge in his translation of the Gospels.
Gaililéach: Galilean.
glao: “call”, feminine here, but masculine in the CO.
go deimhin deimhin: “verily, verily”, an emphatic phrase found in the New Testament.
Iónas: Jonah, a Hebrew name meaning “dove”. PUL gives both Iónas and Ióna as the name of Simon Peter’s father, Jonah.
ionúin: “dear, beloved”.
Israélíteach: “Israelite”, or Iosraeilíteach in the CO.
leamh: “insipid, uninteresting”.
leathaim, leathadh: “to spread”, but also, as shown in Ó Dónaill’s dictionary, “to become confused, indistinct”. Tá a mheabhair ag leathadh air, “he’s getting confused, losing his mind”.
leathlomrachta: “half-naked”, pronounced /lʹah-lomərəxtə/, leathnocht in the CO.
Loch Genesareit: Lake Gennesaret, or the Lake of Gennesaret, also called the Sea of Tiberias or the Sea of Galilee, in north-eastern Israel.
mearathall: “confusion”, or mearbhall. Pronounced /mʹarəhəl/ in WM Irish.
meascán mearaí: “bewilderment”.
millim, milleadh: “to destroy”, but also “to puzzle, confuse”. Note the long vowel in the preterite: do mhíll sé.
Natanael: Nathanael or Nathaniel, one of the 12 apostles of Jesus, usually identified with St. Bartholomew. The vocative is given in the original as a Natanael!, but edited here as a Natanaeil!
págánach: “pagan (adj)”, or págánta in the CO.
Pilib: St. Philip, one of Jesus’ disciples.
rá: “saying, utterance”, with ráite in the plural.
Rabbí: Rabbi, the form of address of a Jewish religious teacher, originally meaning “my master” in Hebrew. The CO has concocted the form raibí.
ramhar: “fat”, but also “thick” of cloth. Spelt reamhar in the original.
rúndiamhar: “mystery”, or rúndiamhair in the CO. Pronounced /ru:n-dʹiəvər/.
sácraimínt: “sacrament”. The Letiriú Shímplí version of PUL’s An Teagasg Críostaidhe points to a pronunciation of /sɑkri’mʹi:ntʹ/, although the original text here has sácramintí, with a long a, and An Teagasg Críostaidhe has both sacramínt and sácramínt. The pronunciation may be /sɑ:kri’mʹi:ntʹ/. There is no epenthetic vowel here, probably because the word is known in its English/Latin versions too.
Samaratánach: Samaritan, a native of Samaria. The Samaritans claimed to be descendants of Ephraim and Manasseh, sons of Joseph (founder of one of the 12 tribes of Israel), who escaped the deportation of the Israelites to Assyria in 722 BC.
Sanhedrim (an tSanhedrim): the Sanhedrim, the 71-member supreme court of Israel. This regularly appears as an tSanhedrim in the nominative here, as if feminine, but then we have teachtairí an tSanhedrim here also, as if masculine.
scailp: “den, hut”.
seanmónaí: “preacher”, or seanmóirí in the CO. Pronounced /ʃanə’mo:ni:/.
seasmhach: “steadfirst, firm, staunch”, pronounced /ʃasəvəx/.
Símón mac Ióna: St. Peter, originally called Simon, son of Jonah. Simon was a fisherman and the brother of St. Andrew, the pair being the first of the disciples called by Jesus.
sroisim, sroisiúint: “to reach”, or sroichim, sroicheadh in the CO. IWM and CFBB confirm the WM pronunciation is /sroʃimʹ, sro’ʃu:ntʹ/.
suas le: “close to, approximately”.
súsa: “rug”.
tagaim, teacht: “to come”. Note that PUL used the classical spelling tar in the imperative, a spelling that is adopted in the CO, but this has been edited here as tair, to give the WM pronunciation, /tɑrʹ/.
tóirthneach: “thunder”, or toirneach in the CO. Pronounced /to:rhnʹəx/. PUL commented in his Notes on Irish Words and Usages (p107) that he had never heard this word pronounced without its medial –th-.
Tríonóid: “Trinity”.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Críost Mac Dé. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s