Críost Mac Dé 7

Caibideal a Seacht.

Eóin Baiste.

Cnuic agus sléibhte is ea an tír ar fad laisteas de chathair Ierúsaleim. Talamh ana-bhocht atá in sna gleanntaibh idir na cnuic sin. Cnapóga móra cailce is ea na cnuic, agus dá bhrí sin ní cré is mó atá in sna gleanntaibh ach cailc bhrúite. Ní fhásann puínn glasraí ar an gcailc bhrúite sin. Ní feictear uirthi ach paistí beaga de rud éigin i bhfuirm fraoigh anso agus ansúd, agus ansan, an chailc bhrúite ar leathadh amach fé sholas na gréine agus í ag taithneamh mar a bheadh sneachta, ag caochadh an té ’ bheadh ag féachaint ’na thímpall ar an dtír.

Toisc gan a bheith in sna cnucaibh ach cnapóga móra cailce bíd na cnuic lán de phluaisibh móra doimhne leathana. Bíonn an chailc tirim, agus dá bhrí sin bíd na pluaiseanna tirim, i dtreó go bhfaighfí orthu, uaireanta, pluais bhreá leathan árd ’na bhféadfadh duine cónaí ’ dhéanamh maith go leór.

Tá pluais acu san tamall siar ó chathair Ierúsaleim, in aice leis an mbaile mbeag ar a dtugtar Ain Carim. Pluais mhaith mhór is ea í agus ní rófhuiriste dul isteach inti, tá an áit chómh hachrannach san ag á béal. Tá le feiscint istigh sa phluais sin cloch mhór leathan, i bhfuirm bínse, agus d’fhéadfadh duine é féin do shíneadh ar an gcloich sin agus bheith ar a shuaimhneas ar feadh tamaill. Tá roinnt sceach ag fás amu’ tímpall ar bhéal na pluaise, agus tá sruth beag fíoruisce ag teacht amach a taobh an chnuic tamall beag ó bhéal na pluaise, agus an t-uisce ag titim síos isteach i gclais bheag atá sa charraig mar a bheadh cupán.

Tá sé ’na sheanchas béil i measc na ndaoine sa tír sin gur sa phluais sin a bhí Eóin mac Sacarí ’na chónaí ó fhág sé tigh a mhuíntire go dtí go raibh sé deich mbliana fichid d’aois. Agus “díthreabh Eóin,” an ainm atá ar an dtalamh uaigneach fiain atá mórthímpall na háite ’na bhfuil an phluais. Is dó’ leis na daoine gur istigh sa phluais sin a rugadh Eóin. Is fíor ná fuil aon bhunús leis an samhlú san, ach taispeánann sé ainm Eóin, agus a phearsa, agus a chónaí sa phluais, a bheith ana-shoiléir i gcuímhne agus in aigne na ndaoine.

Is eól, áfach, nár chaith Eóin istigh sa phluais sin ach cuid dá dheich mbliana fichid, agus b’fhéidir, cuid bheag. Tuigid lucht eólais go raibh aigne láidir aige agus gurbh fhear ana-chruaidh ana-dhea-shláinteach é, agus ná fanadh sé in aon áit amháin puínn aimsire ach é ag imeacht ó áit go háit. Théadh sé soir go bruach na mara Mairbhe, mar ar thit an tine ó neamh anuas ar chathrachaibh Shodoim agus Ghomorrha, ag loscadh na ndaoine, bhíodar chómh holc san i láthair Dé. Chíodh sé an talamh ar bruach na Mara Mairbhe sin agus gan ann ach an luaithreach, fé mar ’ bheadh rian na tine fós féin air. Mhothaíodh sé, nuair a luíodh an brothall ar uisce na Mara Mairbhe sin, an balaithe bréan a bhíodh ag éirí as, balaithe na tine bréine ruíbhe do thit as an spéir ar an áit an lá uathásach úd fadó. Théadh sé ó thuaidh fan bhruach na mara san go dtí an áit ’na ritheann uisce abhann Iórdain isteach inti. Chíodh sé an áit ’nar cimeádadh siar uisce na habhann san agus ’nar fágadh leaba na habhann tirim an fhaid a bhí clann Israéil ag teacht thar abhainn anoir nuair a bhíodar ag teacht isteach sa talamh naofa. Théadh sé as san siar go dtí cathair Ierichó ná raibh i bhfad siar ón áit, agus chíodh sé an chathair sin Ierichó, agus chuímhníodh sé ar conas mar a thit fallaí árda láidre na cathrach san chun tailimh anuas, le fuaim na dtrúmpaí beannaithe, gan éinne ag baint leó ná ag bualadh aon bhuille orthu, gan dhá leagadh ach fearg Dé, mar gheall ar léanmhaireacht peacaí na ndaoine. Théadh sé tamall eile ó thuaidh fan na habhann. Thagadh sé chun na háite ’na raibh Elias agus Eliséas ag siúl le cois a chéile agus ag cainnt lena chéile go dtí gur tháinig an carbad tine agus gur tógadh Elias isteach sa charbad agus gur chaith sé a bhrat chun Eliséais, agus gur tógadh suas go neamh é féin.

Bhíodh na pluaiseanna aige ins gach aon bhall. Ní bhíodh de chlúdach air ach seithe fan choím air agus crios leathair, agus brat déanta de chlúmh camall aniar ar a shlinneánaibh. Ní bhíodh de bhia aige ach torthaí na gcrann agus lócaistí agus an mhil a dheineadh na beacha i bpollaibh na gcarraigreach. Ach, ar nóin, thugadh Dia aire dho.

I gcaitheamh na haimsire sin go léir bhí an Sprid Naomh ag líonadh a chroí den eólas agus de sna smaointibh a bhí riachtanach chun é ’ dh’ollmhú i gcómhair na hoibre a bhí ceapaithe dho le déanamh. An bheatha uaigneach i measc na gcnuc; an t-eólas a bhí aige as an scríbhinn diaga ar na nithibh a thit amach in sna haimsiribh roimis sin in sna háiteannaibh a bhí aige á shiúl an uair sin; an bhaint a bhí ag na sean-nithibh sin leis an Messiah a bhí le teacht; na focail a labhair na fáidhí go léir i dtaobh an Mhessiah sin; ’na theannta san, an solas a chimeád an Sprid Naomh ar lasadh dho istigh in’ aigne, agus an stiúrú a bhí ag an Sprid Naomh á dhéanamh ar a smaointibh agus ar a mhachnamh; do dhein san go léir ollmhú air i gcómhair na hoibre. Bhí an t-ollmhú fada, ach níor mhór san, mar obair ana-mhór ab ea an obair a bhí le déanamh. Tháinig as an ollmhú san go raibh a chroí lán de neart, agus go raibh a aigne lán de sholas, agus go raibh a thuiscint lán de chruinneas, agus go raibh an neart san, agus an solas san, agus an cruinneas tuisceana san le feiscint go soiléir ’na shúilibh agus ’na ghnúis, agus gur chuireadar fuinneamh agus lúth agus anamúlacht ’na shiúl, agus daingneacht ’na sheasamh, agus tathac ’na chainnt, agus uchtach ’na chliabh.

Fé dheireadh tháinig an t-am do chun na hoibre ’ thosnú:—

“Sa cúigiú bliain déag d’ímpireacht Thibériuis Caesar, nuair a bhí Pontius Pílát in’ uachtarán ar Iúdéa, agus Héród ’na thetrarc ar Ghaililí, agus a dhriotháir Pilib ’na thetrarc ar Itúréa agus ar chrích Thraconítis, agus Lisanias ’na thetrarch ar Abilína; in aimsir an dá Árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Shacariais sa bhfásach, agus tháinig sé ar fuaid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain, ag fógairt baiste chun aithrí agus chun maithiúnachais peacaí, mar atá scríofa i leabhar na bhfocal aduairt Isáias fáidh: ‘Guth duine ag glaoch sa bhfásach: deinidh slí an Tiarna d’ollmhú; deinidh a bhóithre do dhíriú dho: líonfar gach gleann agus ísleófar gach sliabh agus gach cnuc, agus beidh gach cam ’na dhíreach agus gach garbh ’na shlí réidh, agus chífidh gach feóil an slánú a dhéanfaidh Dia.”

Sin mar a dh’ínseann an Soíscéalaí, Lúcás Naofa, conas a chuir an Sprid Naomh ’ fhéachaint ar Eóin an obair a bhí aige le déanamh do thosnú. “Baiste chun aithrí” a thugann sé ar an obair. Bhí an Messiah chun na ndaoine do shaoradh óna bpeacaíbh. Ní féidir peacaí do mhaitheamh in aon chor, ná aon duine do “shaoradh óna pheacaíbh” gan dólás a bheith ar an nduine mar gheall ar na peacaíbh. Dá bhrí sin, is é céad ghnó a bhí ag Eóin le déanamh, ag ollmhú na ndaoine chun go saorfí óna bpeacaíbh iad, ná iad do spreagadh chun aithrí. Bhí seanathaithí ag na Iúdaígh ar gach sórd íonú le huisce, ní lámh roim bia ’ chaitheamh, agus a lán deismireachtaí den tsórd san. Níor dheocair glanadh na colla le huisce do chur ’na luí ar a n-aigne, ’na chómhartha ar ghlanadh an anama le deóraibh aithrí.

Chómh luath agus a thosnaigh Eóin ar sheanmóin do thosnaigh na daoine ar chruinniú chuige. Chuir neamhchoitiantacht a phearsan agus uathásacht a chainnte iúnadh agus alltacht orthu go léir. Nuair a bhíodh daoine tar éis teacht ag triall air agus éisteacht lena sheanmóin, agus go mbaisteadh sé iad agus go n-imídís uaidh abhaile, d’ínsidís do dhaoinibh eile an scéal. Thagadh na daoine eile sin chun go n-aireóidís a chainnt. Nuair a thagaidís sin agus chídís é agus d’airídís a ghlór agus a chainnt, d’admhaídís nár thug an tuarascbháil a fuaradar air aon eólas dóibh ar cad é an saghas é go dtí go bhfeacaigh a súile féin é agus go raibh a gcluasa féinig ag éisteacht le fuaim agus fuinneamh agus le faobhar a chainnte.

Ar bruach abhann Iórdain is ea is mó a bhíodh sé ag déanamh na hoibre, san áit ’nar innis seanchas béil na ndaoine Elias agus Eliséas a bheith ag siúl le cois a chéile sarar tógadh suas Elias. Chuir san na daoine ag cuímhneamh ar Elias, agus dhá thabhairt fé ndeara go raibh cosúlacht mhór idir an Elias a bhí ’na n-aigne agus an fear lom, láidir, leathnochtaithe sin a bhí ansan ag cainnt leó agus ag cur an phíoparnaigh ’na gcluasaibh le faobhar a ghutha, agus ag cur an chreatháin ’na gcroithibh le scannrúlacht na bhfírinní a bhí aige á chur os a gcómhair.

Nuair a bhídís tamall ag éisteacht leis chuímnídís ar an gcainnt atá i bhfilíocht Ecclesiasticuis, an tuarascbháil atá sa bhfilíocht san ar an gcéad Elias úd, mar seo:—

“Agus d’éirigh Elias fáidh, mar ’ bheadh tine,
Agus bhí a chainnt mar ’ bheadh lasair thine,
Agus thug sé gorta anuas orthu,
Agus do deineadh buíon shuarach den mhuíntir
A bhíodh dhá chrá lena bhformad,
Óir níor fhéadadar aitheanta an Tiarna a dh’fholag.
Le briathar an Tiarna do dhún sé an spéir,
Agus thug sé tine anuas as an spéir trí huaire.
Ar an gcuma san do móradh Elias le hoibreachaibh iúntacha,
Agus cé ’ fhéadfaidh maíomh mar thusa!
Thusa do thóg an marbh aníos ó ghreim an bháis,
Le briathar an Tiarna Dia!
Thusa do leag ar lár na ríthe móra,
Agus do bhris gan dua a gcómhachta,
Agus do dhíbir as a leapachaibh lucht glóire.
Thusa do chlois breitheanna i Síon,
Agus breitheanna cosnaimh i Hóréb.
Thusa do chuir ungadh chun aithrí ar ríthibh,
Agus a dhein fáidhí chun iad a bheith id dhiaidh.
Thusa do glacadh isteach sa lasair ghuarnain,
Agus i gcarbad na n-eachra tine.
Thusa atá scríofa i mbreitheannaibh na haimsire,
Chun feirge an Tiarna do mhaolú,
Chun croí an athar do chasadh ar an mac,
Chun na dtreabh so Iácóib do chur ar a mbonnaibh arís.
Is aoibhinn don mhuíntir a fuair radharc ortsa,
Agus go bhfuil orthu solas do ghrá dhóibh.”

Bhí an moladh san ar Elias i mbéalaibh na ndaoine go léir an uair sin. Chonaic an uile dhuine gur mhar a chéile an tElias a fuair an moladh san agus an fear a bhí ansúd os a gcómhair. An mhuíntir a bhíodh ag éisteacht leis ar feadh tamaill, agus a bhaisteadh sé nuair a bhídís ollamh chuige, théidís abhaile nuair a bhíodh an baiste fálta acu, agus ní bhíodh de phort acu sa bhaile ach dhá ínsint cad é an deallramh a bhí ag Eóin leis an Elias úd a fuair an moladh sa bhfilíocht naofa.

Is é rud a tháinig as an gcainnt sin agus as an ndeallramh san ná gur thosnaigh daoine ar a rá gurbh é duine Eóin mar Sacarí ná Elias féinig tagaithe ar an saol arís. Fé mar a thosnaigh na slóite daoine a bhí ag teacht ar mhéadú, do thosnaigh an focal san ar bheith dá rá níba mhinicí agus níba dheimhnithí. Gach aon chuallacht daoine a théadh abhaile tar éis tamaill a thabhairt ag éisteacht le húrlabhra Eóin, agus tar éis é dhá mbaisteadh chun aithrí in uisce abhann Iórdain, dheinidís deimhniú sa mbreis do sna daoine sa bhaile gurbh é Elias é gan amhras ar bith. Fé mar a hairítí an deimhniú san agus é ag dul i méid, do thosnaigh uaisle móra ar theacht. Bhíodh an t-eólas ní b’fheárr ag na huaslibh móra san ar an scríbhinn diaga agus ar na targaireachtaíbh, agus ar an dtuarascbháil a bhí ar Elias i leabhar Ecclesiasticuis. Thánadar agus chonacadar Eóin agus d’éisteadar lena ghlór agus bhíodar ag féachaint sa ghnúis air, agus in sna súilibh air. Do chuir borradh agus aoirde agus neart agus ceól an ghutha a bhí ag teacht as a chliabh agus óna chroí an píoparnach úd ’na gcluasaibh agus an creathán úd ’na gcroithibh, agus do buaileadh isteach ’na n-aigne go daingean gurbh é Elias é gan dabht ar domhan. Dheineadar san an aithrí agus do bhaist Eóin iad, chun na haithrí, agus chuadar abhaile, cuid acu siar chun cathrach Ierúsaleim agus cuid acu thar Iórdan soir.

Ag áth éigin d’áthannaibh na habhann is ea ’ bhíodh Eóin an chuid ba mhó dá aimsir, ag seanmóin agus ag baisteadh. Bhí a lán de shliocht Israéil lastoir den abhainn. D’fhanadar ar an dtaobh thoir den abhainn an chéad lá úd nuair a tháinig an pobal go léir treasna na habhann anoir chun na tíre naofa do shealbhú. Bhí an talamh ar an dtaobh thoir go maith agus thaithn sé le cuid acu. B’éigean dóibh áfach teacht anoir nuair a bhí an pobal go léir ag teacht anoir, chun na gcathanna do throid, ach do leogadh dóibh dul soir arís nuair a bhí an troid déanta, agus an talamh thoir d’áitreabh. Nuair ’ airigh sliocht na ndaoine sin an baiste chun aithrí ’ bheith dá dhéanamh san abhainn chromadar ar theacht chun na habhann agus ar bheith ag éisteacht le húrlabhra an fhir uathásaigh go raibh gach éinne ag trácht air agus gach éinne dhá rá gurbh é Elias é. Bhíodar san chómh deimhnitheach le cách gurbh é Elias é.

D’airigh uaisle cathrach Ierúsaleim an chainnt a bhí ar siúl, gach éinne dhá rá go raibh Elias tagaithe arís. D’airigh na Fairisínigh an chainnt, d’airigh na Sadducínigh an chainnt. An fhaid ná raibh ag rá na cainnte ach amháin daoine bochta gan léann níor chuir na huaisle, na Fairisínigh, na Sadducínigh, ná aon aicme eile den tsórd san, aon tsuím sa chainnt. Ach nuair a bhí gach éinne ag rá na cainnte, idir uasal agus íseal dá bhfeacaigh é agus dár airigh é, dhá rá gurbh é Elias é gan aon dabht, níorbh fhéidir d’Fhairisíneach ná do Shadducíneach neamhshuím do chur sa scéal a thuilleadh. Do ghluais cuid acu soir chun go bhfeicfidís é lena súilibh féinig agus go n-aireódís a chainnt lena gcluasaibh féinig.

Thánadar ’na láthair. Chonacadar é. Chonacadar an fear lom, láidir, neamheaglach, agus an seithe casta fan choím air, agus an brat, a bhí déanta de chlúmh an chamaill, aniar ar a shlinneánaibh aige. Chonacadar é, agus d’fhéach sé orthu, d’fhéach sé orthu amach as na súilibh tine úd agus do chritheadar. Do labhair sé leó, agus tháinig tuilleadh creatháin orthu. “Ó!” ar seisean, agus chuir an t-“Ó!” san píoparnach ’na gcluasaibh, “Ó!” ar seisean, “a shíolrach na n-aithreach nímhe! Cé ’ mhúin díbhse conas dul ón ndíbheirg atá ag teacht!” Mheasadar, b’fhéidir, gur “Míle fáilte rómhaibh, a uaisle!” adéarfadh sé. Sin mar a labharthí leó thiar i gcathair Ierúsaleim nuair a bhíodh daoine bochta dhá gcaitheamh féin ar an dtalamh ag úmhlú dhóibh. “A shíolrach na n-aithreach nímhe!” ar seisean, agus an pobal go léir, na mílte daoine, ag éisteacht lena chainnt. Ní bhfuair na Fairisínigh ná na Sadducínigh a leithéid d’easonóir riamh. Ach féach, ní duairt sé leó: “Scriosaidh as mo radharc nú tabharfad tine anuas as na flaithis agus loiscfead sibh in úr luaithrigh mar a dhein Elias le fearaibh armtha an rí!” Ní duairt sé aon ní dhá shórd. Chrom sé láithreach ar a ghnó féinig a dhéanamh, ar an ollmú ’ dhéanamh don tSlánaitheóir. “Deinidh aithrí!” ar seisean, “ach más maith libh an aithrí ’ bheith tairbheach deinidh go torthúil í. Bíodh toradh ar an aithrí agaibh toradh diongbhálta, diongbháil na haithrí de thoradh.”

I dteannta gach dearúd eile dá raibh ar na Iúdaígh an uair sin bhí sé daingean ’na n-aigne, ó b’iad sliocht Ábrahaim iad nár bhaol dóibh fearg Dé mar ná fágfadh Dia Ábraham gan sliocht air. Duairt Eóin leó gan codladh ar an gcluais sin; mara ndeinidís an aithrí go dtiocfadh díbheirg Dé orthu agus go ndísceódh an díbheirg sin iad go léir, agus ná fágfadh san Ábraham gan sliocht air, mar go bhféadfadh Dia daoine ’ dhéanamh de sna clochaibh a bhí ansúd fé chosaibh an phobail agus iad a thabhairt mar sliocht d’Ábraham.

Nuair a bhí an focal cruaidh ráite aige leis na huaislibh do labhair sé leis an bpobal go léir agus duairt sé leó: “Tá faobhar na tua curtha ar phréimh gach craínn, agus gach aon chrann ná tabharfaidh toradh fónta geárrfar é agus curfar sa tine é.” Ansan thosnaigh na daoine ar é ’ cheistiú, “Agus cad ’tá againn le déanamh?” ar siad. Duairt sé leó, “An té go bhfuil dhá chasóig aige tugadh sé don té ná fuil aige agus an té go bhfuil bia aige deineadh sé mar an gcéanna.” Agus tháinig poibleacánaigh chuige chun go mbaistfí iad agus, “A Mháistir,” ar siad, “cad ’tá againne le déanamh?”Aicme a bhí go mór fé dhrochmheas ab ea na poibleacánaigh. Ba chosúil iad leis na prócadóiríbh a bhíodh anso in Éirinn againn tamaill ó shin, agus a bhíodh ag bailiú deachún do sna ministríbh Gallda. Cheannaídís an deachú ón ministir agus thugaidís airgead áirithe dho. Ansan do bhainidís a dhá oiread san amach i mbailiú an airgid ó sna daoine. Ar an gcuma gcéanna, amu’ in sna tíorthaibh a bhíodh tabhartha féna smacht ag na Rómhánaigh, thugadh na Rómhánaigh do phrócadóiríbh áirithe a dhíoladh as, ceart chun na cánach a bhailiú. Ansan do bhailíodh na prócadóirí sin, ón bpoiblíocht le héigin, níos mó go mór ná mar a bhíodh díolta acu féin as an gceart chun na cánach. Do thuigeadh an phoiblíocht an éagóir sin agus bhíodh fuath fíochmhar acu do sna prócadóiríbh, nú do sna poibleacánachaibh, óir sin é an ainm a thugaidís orthu. “Cad ’tá againne le déanamh?” ar siad le hEóin. Níor thaispeáin sé fuath ná fearg dóibh. Do labhair sé leó go cneasta, ach d’innis sé an fhírinne dhóibh. “Ná bainidh amach níos mó ná mar atá ceapaithe dhíbh,” ar seisean. Nuair ’ cheannaídís an ceart chun na cánach a bhailiú do lamháltí dhóibh suím éigin den cháin, dóibh féinig, mar dhíolaíocht as an mbailiú. Duairt Eóin leó gan níba mhó ná an méid sin a bhaint amach agus go mbeadh an scéal go maith acu.

“Agus cad ’tá againne le déanamh?” arsa saighdiúirí éigin a bhí ann. “Ná deinidh lámh láidir ar éinne,” ar seisean leó, “agus ná deinidh cúlchainnt ar éinne, agus bídh sásta lenúr dtuarastal.”

Mar adúradh, bhí an focal ag imeacht ó bhéal go béal, agus ag neartú fé mar a bhí sé ag imeacht, gurbh é Elias é. Ansan tháinig athrú i neart ar an bhfocal san féinig. Thosnaigh daoine ar a rá gurbh é an Messiah é, gurbh é an Slánaitheóir a bhí geallta é, gurbh é an Críost é. Thug sé fé ndeara an chainnt sin a bheith ar siúl. Chuir sé cosc leis an gcainnt sin láithreach. Duairt sé leó go raibh an Críost gan teacht fós, ach go raibh sé ag teacht. “Táimse úr mbaisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tiocfaidh duine is treise ná me, duine nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do scaoileadh, agus baistfidh sé sin sibh leis an Sprid Naomh agus le tine.”

Ní duairt sé aon rud nuair a bhí an chainnt ar siúl dhá rá gurbh é Elias é. Bhí ’ fhios aige go raibh fírinne áirithe sa chainnt sin, go raibh an chainnt fíor ar shlí. Ach chómh luath agus adúradh gurbh é an Slánaitheóir é bhain sé an ceann den scéal tapaidh go leór dóibh; “Duine ag teacht im dhiaidh agus is treise é ná me, . . . Ní fiú me go scaoilfinn iall a bhróige dho . . . Baiste le huisce mo bhaistese . . . Baiste leis an Sprid Naomh agus le tine an baiste a dhéanfaidh sé siúd.”

Do chomáin Eóin leis ag déanamh an bhaiste le huisce agus ag teagasc na ndaoine. Fé dheireadh tháinig an tÉ a bhí chun an bhaiste ’ dhéanamh leis an Sprid Naomh agus le tine. Deir lucht eólais ná raibh ach trí mhí ó thosnaigh Eóin ar an mbaiste ’ dhéanamh sa Iórdan go dtí gur tháinig mar aon duine eile den phobal, an tÉ sin a bhí chun baiste ’ dhéanamh leis an Sprid Naomh agus le tine. Dheallródh an scéal ná raibh aithne súl ag an mbeirt ar a chéile. Bhí a shaol go dtí san caite ag an Slánaitheóir i nGaililí. Níor casadh ar a chéile iad go dtí an lá ’nar tháinig Íosa go dtí an Iórdan i measc an phobail. Deir Eóin féin ná raibh aon aithne súl aige air. Deir sé an chainnt dhá uair. “Ach níor aithníos-sa É,” agus arís, “Níor aithníos-sa É, ach an té a chuir uaidh me ag déanamh an bhaiste in uisce duairt sé liom: ‘An tÉ go bhfeicfir an Sprid Naomh ag teacht anuas air agus ag fanúint air, is é sin a dheineann baiste sa Sprid Naomh.’” (Eóin i. 31-33.) Chonaic Eóin É agus d’aithin sé láithreach É. Níor ghá dho fanúint le teacht an Sprid Naoimh anuas air. Chonaic sé chuige é agus pobal mór de mhuíntir Ghaililí in éineacht leis, agus é ar a measc mar aon fhear eile den phobal. Ach d’aithin Eóin é go maith.

Bhí sé in aigne Eóin i gcónaí ná raibh ann féin ach fógarthóir don tSlánaitheóir, agus nuair a thiocfadh an Slánaitheóir go mbeadh gnó an fhógarthóra déanta. Ach tháinig Íosa agus d’iarr sé ar Eóin é ’ bhaisteadh. Tháinig tocht ar Eóin. “Ó!” ar seisean, “is amhlaidh is ceart duitse mise ’ bhaisteadh!” Agus bhí sé ag cur ’na choinnibh, agus duairt Íosa leis: “Scaoil liom sa ní seo, óir seo mar is ceart dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh.”

D’úmhlaigh Íosa Críost é féin mar aon duine eile den phobal. Do ghlac sé an baiste chun aithrí ó láimh Eóin mar a ghlac gach duine eile den phobal, bíodh ná raibh aon ghá le haithrí aige. Do naomhaigh sé, leis an úmhlú san aithrí na ndaoine. Do chuir mórluacht na páise, a bhí le teacht, toradh fíoraontachta ar an aithrí, toradh fíoraontachta nárbh fhéidir a bheith ar aithrí na ndaoine mara mbeadh an Slánaitheóir do dhul isteach san aithrí, dhá naomhú. Nuair a chuaigh an Slánaitheóir isteach san aithrí do beachtaíodh toradh na haithrí. Do beachtaíodh, nú do cómhlíonadh, an fhíoraontacht, ’sé sin, fíoraontacht na ndaoine, ’sé sin, fíoraontacht na cine daonna, ’sé sin “gach fíoraontacht,” ’sé sin, omnem justitiam (Mait. iii. 14.)

Ansan do bhaist Eóin Íosa díreach ar nós aon duine eile den phobal, agus chómh luath agus ’ tháinig Íosa aníos as an uisce do hoscladh an spéir os a chionn agus tháinig an Sprid Naomh anuas air, i riocht colúir, agus d’fhan sé air, agus lena línn sin tháinig an guth anuas as an spéir “Is tusa mo mhac ionúin. Is ort atá mo ghreann.”

Chíd lucht diachta sa méid sin cainnte áireamh ar thrí pearsanaibh na Tríonóide, gach pearsa fé leith, gan ionantas; an tAthair Síoraí ag labhairt thuas, Críost Mac Dé, a gineadh go síoraí ón Athair, agus é ’na dhuine, laistíos, agus an Sprid Naomh ag teacht anuas. Ní hionann an té do labhair thuas agus an té lenar labhradh thíos. Ní hionann an té a tháinig anuas agus an té a dh’fhan thuas agus do labhair thuas, agus ní hionann éinne dhíobh san agus an té a bhí thíos, ’na dhuine. Bhí an tAthair Síoraí thuas, tháinig an Sprid Naomh anuas. Bhí an Mac, Críost Mac Dé, thíos agus é ’na dhuine. Sin iad trí pearsana na Tríonóide, an tAthair agus an Mac agus an Sprid Naomh, gach pearsa acu fé leith, agus gur neamhionann an tAthair agus an Mac, an tAthair agus an Sprid Naomh, an Mac agus an Sprid Naomh. Is trí pearsana fé leith iad in aon Dia amháin.

Deir an Soíscéal gur “fhan” an Sprid Naomh ar Íosa nuair a bhaist Eóin é. Agus deir Lúcás go raibh Íosa “lán den Sprid Naomh,” agus gur “sheól an Sprid Naomh amach sa bhfásach é ar feadh daichead lá,” agus gur “cuireadh cath air ón annsprid,” agus “nár ith sé bia ar feadh na haimsire sin.” Nuair a bhí an daichead lá caite tháinig ocras air. Ansan duairt an diabhal leis: “más tu Mac Dé abair leis an gcloich sin arán a dhéanamh di.” Agus duairt Íosa: “Ní har arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach briathar a thagann ó Dhia.”

Bhí ’ fhios ag an áirseóir go raibh cómhachta móra éigin ag Íosa, ach ní raibh deimhne aige ar gurbh é Mac Dé é. Dá ndeineadh Íosa an mhíorúilt bheadh, dar leis, an deimhne sin aige. Fuair sé an freagra a gheóbhadh sé ó aon duine a bheadh ciallmhar, tuisceanach, muiníneach as Dia, agus sásta le toil Dé. D’fhág an freagra san é gan aon phioc den eólas a bhí uaidh.

Ansan do rug an t-áirseóir leis é isteach i gcathair Ierúsaleim agus chuir sé ’na sheasamh é ar spuaic an teampaill agus duairt sé leis: “Más tu Mac Dé caith thu féin le fánaidh, óir tá scríofa; gur thug sé órdú dá aingealaibh tu ’ thabhairt saor, agus go ndéanfaidís thu ’ ghabháil ’na nglacaibh sara mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche.” Fuair sé, arís, freagra a bhí ciallmhar fírinneach, oiriúnach d’aon duine le tabhairt, ach níor thug an freagra san do, ach chómh beag leis an gcéad fhreagra, an deimhne a bhí uaidh. D’fhéadfadh aon duine ciallmhar a rá “Peoca is me Mac Dé nú nách me ní ceart dom fromadh ’ dhéanamh ar mo Thiarna Dia; me féin do chaitheamh le fánaidh síos ansan gan ghá gan riachtanas.”

Ansan do rug an t-áirseóir leis é go dtí mullach cnuic aoird agus thaispeáin sé dho, in aon phúnc amháin aimsire, ríochta an domhain go léir, agus duairt sé leis: “Tabharfadsa dhuitse na cómhachta san uile go léir, agus a ngradam, óir do tugadh dom iad, agus tugaim iad dom rogha duine; dá bhrí sin, má dheineann tú mise ’ dh’adhradh ansan os mo chómhair, is leat iad go léir.” Do thuig an t-áirseóir dá mba ná beadh in Íosa ach duine gur dheocair do gan na cómhachta móra go léir sin agus an gradam san go léir do ghlacadh. Dá nglacadh sé iad bhí buaite ag an áirseóir air. Dá n-abradh sé, “Is liom féin cheana iad” bheadh an deimhne tabhartha uaidh aige. Ní duairt sé ach an focal ba cheart d’aon duine a rá i dtaobh Dé, agus a rá go feargach: “Tá scríofa: adharfaidh tú do Thiarna Dia agus déanfair seirbhís do san amháin.” D’fhág an tríú freagra an t-áirseóir gan eólas, chómh maith leis an dá fhreagra eile, agus d’imigh sé. Bhí buaite air glan, agus ní raibh aon phioc dá fhios aige ná gur ag duine a bhí buaite air. D’imigh sé, ach níor imigh sé ach go ceann tamaill. Bhí sé ceapaithe ar lá eile ’ bheith aige uair éigin.

Deintear a lán ceistiúcháin i dtaobh an chatha san a leogadh don áirseóir a chur ar Chríost. “Cad chuige an cath?” “Cad a bhí beirthe le bua an chatha?” “Cad é an iúnadh Dia na Glóire do bhuachtaint ar an áirseóir?”

Ar dtúis, “Cad chuige an cath?” Is mó cúis ná tuigimídne a bhí leis an gcath ach bhí roinnt cúiseanna a thuigimíd go maith leis an gcath. Thaispeáin an cath san dúinne conas is ceart dúinn cathanna dá shaghas a throid nuair a chuireann an t-áirseóir orainn iad. Bhí a chúis féin ag an áirseóir leis an gcath. Bhí ’ fhios aige go raibh duine le teacht ar shliocht na mná úd, agus go mbrúfadh sé a cheann féin. Bhí ’ fhios aige, as na targaireachtaíbh gurb é Mac Dé ’na dhuine, a dhéanfadh an brú san. Theastaigh uaidh ’ fhios a bheith aige arbh é an duine seo a bhí daichead lá gan bhia sa bhfásach é sin. Níor dheimhniú dho air, an daicheadh lá gan bhia. Bhí Maois daichead lá gan bhia ar an gcnuc agus níorbh é Mac Dé é.

Bhí an ní céanna fíor i dtaobh Eliais agus níorbh é Mac Dé é. B’fhéidir nárbh é Mac Dé an duine seo ach chómh beag. Theastaigh ón áirseóir deimhne ’ dh’fháil ar an scéal. Chonaic sé an t-ocras ar an nduine. Chuir sé an mhíorúilt os a chómhair. “Más tu Mac Dé órdaigh arán a dhéanamh den chloich sin.” Fuair sé freagra, ach ní bhfuair sé an deimhne a bhí uaidh. “Peoca is me Mac Dé nú nách me ní gá arán a dhéanamh den chloich sin óir ní har arán amháin a mhaireann an duine ach ar an uile bhriathar a thagann ó bhéal Dé.” Ní raibh sa chainnt sin ach an chainnt adéarfadh Maois, nú Elias, nú aon duine fíoraonta eile do thuigfeadh cad ba cheart do a rá sa chás. Múineann an chainnt sin dúinne cad is ceart dúinn a chuímhneamh agus a rá ’na leithéid eile de chás. Bhí an gá san leis an méid sin den chath.

Ach ní raibh an deimhne a bhí uaidh fálta ag an áirseóir agus cheap sé go ndéanfadh sé iarracht eile ar an ndeimhne ’ dh’fháil. Mhachnaimh sé ar an gcuma so: “Más duine é, agus ná fuil sé ach dhá leogaint air gurb é Mac Dé é beidh ’ fhios san agam mar seo.” Ansan do rug sé leis suas é agus chuir sé ’na sheasamh ar spuaic an teampaill é, ansan, “más tu Mac Dé,” ar seisean, “caith thu féin síos, óir tá scríofa, tá órdú tabhartha ag Dia dá aingealaibh thu ’ ghlacadh ar a mbasaibh le heagla go mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche.” “Agus,” ansan t-áirseóir in’ aigne féinig, “Más é Mac Dé é agus go nglacfaid na haingil ar a mbasaibh é ní marófar é agus beidh deimhne agam ar gurb é Mac Dé é. Agus mara bhfuil sé ach dhá leogaint air gurb é Mac Dé é marófar é agus beidh deimhne agam ar an dtaobh eile den scéal, agus beidh díoltas déanta agam air.” I lár an mhachnaimh do tháinig an freagra: “Tá súd scríofa gan amhras, ach tá rud eile scríofa, leis. Tá scríofa ‘ná dein fromadh ar do Thiarna Dia.’” Sin é díreach an freagra ’ thabharfadh Maois air nú Elias, nú Ábraham, nú éinne eile de sna daoinibh naofa úd go raibh aithne mhaith aige orthu go léir. Agus múineann an freagra san dúinne nách mar a chéile in aon chor, muinín as ár dTiarna Dia, agus, fromadh ar ár dTiarna Dia, ní is gá dhúinn go minic a bheith ar eólas againn. Tugann an freagra eólas dúinne, agus d’fhág an freagra an t-áirseóir gan aon phioc den eólas a bhí uaidh. Tabhair fé ndeara an dá fhreagra san. Do hínseadh an fhírinne ins gach freagra dhíobh, ach is go breá, réidh, ceannsa, do hínseadh an fhírinne iontu. Ní raibh aon fhearg iontu. Ach sa tríú hiarracht a thug an t-áirseóir fén nduine d’iarr sé air, lom díreach, iompáil i gcoinnibh an Tiarna Dia agus an onóir atá ag dul don Tiarna Dia a thabhairt don áirseóir. Ansan do tháinig an fhearg. “Glan as mo radharc, a namhaid mhallaithe!” Díreach mar adéarfadh Maois, nú Elias, nú aon duine naofa eile dhíobh súd go raibh seanaithne ag an annsprid orthu le fada dh’aimsir. Bhí buaite glan air, ach is é Críost Mac Dé, ’na dhuine, do bhuaigh air.

“Is é Críost Mac Dé, ’na dhuine do bhuaigh air, ach ná raibh cómhacht Dé ag Críost Mac Dé, ’na dhuine?”

Bhí gan amhras, ach bhí cómhacht an duine, leis, aige, agus aigne an duine agus tuiscint an duine, agus toil an duine, agus do bhuaigh an chómhacht daonna san, agus an aigne dhaonna san, agus an tuiscint daonna san, agus an toil dhaonna san, ar íntleacht an áirseóra. Agus bhí ’ fhios ag an áirseóir, istigh ’na chroí féinig, go raibh buaite ag an nduine sin air, agus i ndeireadh an aighnis ní raibh ’ fhios aige ceoca ab é Mac Dé é nú nárbh é.

“Ná duairt sé leis an áirseóir, ‘Imigh a Shátain’? Nár thug san le tuiscint don áirseóir gurbh é Mac Dé é?”

Níor thug. D’fhéadfadh Maois, nú Elias, nú aon duine naofa eile acu, an chainnt sin do chaitheamh leis an ndiabhal, agus ní thaispeánfadh san gurbh é Mac Dé Maois, nú Elias, nú éinne eile do chaithfeadh an chainnt sin leis an ndiabhal. Ní chiallaíonn “Sátan” ach namhaid, nú áirseóir, nú adversarius, nú éinne ’ bheadh ag cur i gcoinnibh dhuine.

Nuair a bhí an cath críochnaithe d’imigh an annsprid, agus ansan tháinig na haingil agus dheineadar friothálamh ar Chríost.

Is féidir a thuiscint as san nárbh é toil Chríost úsáid a dhéanamh de chómhacht Dé sa chath, bíodh go raibh an chómhacht san aige. Do mhúin Críost dúinn, ar an gcuma san, trí buillí aitheasca maithe lenar féidir dúinn, le cúnamh ó ghrásta Dé, buachtaint ar an áirseóir i dtrí cathannaibh, na trí cathanna is gnáth leis an áirseóir a chur ar an gCríostaí. Cuireann sé an chéad chath acu san ar an nduine nuair a spriocann sé an duine chun dúil rómhór do chur i mbia agus i ndigh agus in sna nithibh eile atá riachtanach don cholainn. Más é toil Dé na nithe sin a bheith in easnamh orainn múineann an freagra úd a thug Críost ar an áirseóir dúinn “nách ar arán amháin a mhaireann an duine ach ar an uile fhocal dá dtagann ó bhéal Dé.” Cad é an tairbhe ’ dhéanfadh arán do dhuine mara dtugadh toil Dé, “briathar Dé,” sláinte don duine chun an aráin do dhul chun sochair do?

Cuireann an t-áirseóir cath eile acu san orainn nuair a spriocann sé sinn chun dul isteach i gcúntúirt achomair an pheaca. Deir sé linn, mar aduairt sé leis an Slánaitheóir, “caith thu féin le fánaidh, níl baol ort, is Críostaí fónta thu, tabharfaidh grásta Dé saor thu,” ach deir an freagra a thug Críost air, deir sé linn: “Seachain! ná dein fromadh ar do Thiarna Dia; ná caith thu féin le fánaidh. Fan amach as an gcúntúirt. Seachain an drochtheangmhálaí.”

Cuireann an t-áirseóir an tríú cath orainn nuair a spriocann sé sinn chun iompáil ó Dhia trí dhúil i saibhreas saolta. Cuireann sé os cómhair ár n-aigne an t-aoibhneas agus an suairceas saolta is féidir a dh’fháil le saibhreas. Cuireann sé ’na luí ar ár n-aigne nách féidir d’éinne bheith saibhir choíche mara ndeinidh sé a dhícheall, chómh fada agus a leogfaidh dlí na ríochta dho é, ar airgead a mhealladh a póca an fhir thall isteach ’na phóca féinig, gan bac don seachtú aithne, don aithne adeir “ná dein guid.” Ach deir an tríú freagra úd a thug Críost air: “Bíodh grá agat do Dhia os cionn gach uile ní, agus bíodh grá agat dod chómharsain mar thu féin ar son Dé.”

Do bhuaigh Críost Mac Dé na trí cathanna. Do bhuaigh sé iad ’na dhuine. Leis sin do chuir sé in úil do Chríostaithibh conas na cathanna céanna do bhuachtaint leis an gcúnamh atá le fáil ag an uile Chríostaí ó ghrásta Dé. Do bhuaigh Críost Mac Dé na cathanna ’na dhuine le cúnamh ó ghrásta Dé díreach mar is toil leis Críostaithe dhá mbuachtaint. Go dtugaidh Críost Mac Dé, trí ímpí na Maighdine Muire, a ghrásta go líonmhar dúinn go léir chun na gcathanna san do throid mar a throid seisean iad, agus chun iad do bhuachtaint mar a bhuaigh sé iad! Amen!

Nóta

Dá nglacadh sé iad bhí buaite ag an áirseóir air: the use of bhí instead of bheadh is emphatic.

Foclóirín

abha: “river”. The genitive is abhann and the dative abhainn, but the dative has replaced the nominative in the CO. Pronounced /au/, /aun/ and /auŋʹ/.
Abilína: Abilene, a region in modern Syria ruled by Lysanias in the first century AD.
Ábraham: Abraham, the ancestor of the Jewish race.
achrannach: “rocky, difficult (of terrain)”, pronounced /ɑxərənəx/.
aimsir: “time”. This word is not normally found in the plural, although Dinneen lists aimseara as the plural. In sna haimsiribh roimis sin, “in earlier times”.
Ain Carim: Ain Karim or Ein Karem, originally a village, now part of Jerusalem, traditionally said to be the birthplace of St. John the Baptist.
aitheasc: “move, reply, response”. Trí buillí aitheasca appears to have the genitive singular, which would be aithisc in the CO. “Three responses, three moves, three ways of dealing with something”. Ó Dónaill’s dictionary claims the plural would be aithisc, but PUL’s usage here, with buillí, may indicate that a plural is not usually used; Dinneen had no plural.
anamúlacht: “liveliness”.
Annas: Annas, also known as Ananus, high priest of Judaea 6 AD – 15 AD. He was deposed by the Romans in 15 AD, but remained influential in priestly circles through his son-in-law, Caiaphas.
ar nóin: “of course, no doubht”, dar ndóigh in the CO. Ar nóin is derived from dóin, given in PSD1927 as a corruption of dóigh (transcribed where found here as dó’).
áth: “ford”, a place to cross a river. PUL is on record as stating that this word had an unmistakable nasal vowel in it, but nasal vowels are not a noted feature of WM Irish today.
baiste: “baptism, baptismal”. Eóin Baiste, John the Baptist. In Dinneen’s dictionary, baiste is an adjective meaning “baptismal”, whereas in Ó Dónaill’s dictionary it is a variant of the word baisteadh meaning “baptism”. It is probably to be interpreted as an adjective that derives from the genitive singular of the noun, baistidh, although the spelling Eóin Baistidh is not found. Because the spelling baistidh is somewhat awkward in that it could imply a final slender g in Munster Irish, I have decided to edit this word as baiste (with baiste also in the genitive), with baisteadh only used as a verbal noun.
beach: “bee”.
bínse: “bench”.
borraim, borradh: “to increase”. Borradh an ghutha, possibly “the crescendo of the voice”.
breis: “increase, addition”. Note that this word is normally eclipsed by sa, sa mbreis, “in addition”.
brothall: “heat of the day”.
buaim, buachtaint: “to win, gain a victory, be victorious over”, or buaim, buachan in the CO.
Caiphas: Joseph, son of Caiaphas, normally known simply as Caiaphas, appointed Jewish high priest by the Romans in 18 AD, before being removed from the position by the Romans in 36 AD after the end of Pontius Pilate’s governorship. He was the son-in-law of Annas.
carbad: “chariot”, pronounced /kɑrəbəd/.
carraig: “rock”, with carraigreacha in the plural where the CO has carraigeacha, and carraigreach in the genitive plural.
cath: “temptation”. The CO often uses a cognate word, cathú.
clais: “trench, furrow”.
cloisim, clos: “to hear”, or cloisim, cloisteáil in the CO. Airím, aireachtaint is used by preference in WM, but PUL occasionally uses this verb too. Note that PUL has do chlois in the preterite, as if a regular verb, rather than the historically correct do chuala.
clúmh: “fur”.
cómhacht: “might, power, authority”, or cumhacht in the CO. Note the plural cómhachta, where the CO has cumhachtaí.
cómharsa: “neighbour”. PUL has cómharsain in the plural, where the CO has comharsana. PUL’s form is the historical nominative plural; the CO form is the historical vocative plural. Note the dative singular, cómharsain.
cúm: “waist”, or com in the CO, with coím in the genitive. Fan choím, “around his waist”.
cupán: “cup”, or cupa in the CO.
daingneacht: “strength, firmness”. This would be daingne in the CO, a word that is also used by PUL. It seems PUL uses abstract nouns forms like comparative adjectives in some contexts (after , “however”), but uses forms in -acht in other contexts.
deachú: “tenth part, tithe”, with deachún in the genitive. PUL uses deichiú in his Sgéalaídheachta as an mBíobla Naomhtha, but deachú, used here, is the historically correct from.
deallramh: “look, appearance, resemblance”, or dealramh in the CO. Pronounced /dʹaurəv/.
deimhnitheach: “certain, definite”, or deimhneach in the CO.
deismireacht: “incantation”. Probably referring here to the almost superstitious way that ritualistic cleansing was practised by the Jews.
diacht: “divinity”. Lucht diachta, “theologians”. Both diacht and diagacht are found in PUL’s works. The CO has diagacht.
díbheirg: “wrath, vengeance”. Pronounced /dʹi:’vʹerʹigʹ/.
diongbháil: “merit, worth”. Pronounced /dʹiŋə’vɑ:lʹ/. Diongbháil na haithrí, “worthy of repentance”.
diongbhálta: “definite, certain, confirmed; worthy, fitting”, or diongbháilte in the CO. Pronounced /dʹiŋə’vɑ:lhə/.
díthreabh: “wilderness, retreat (as in a place inhabited by a hermit)”.
doimhinn: “deep”, domhain in the CO. Pronounced /dəiŋʹ/, with the comparative, doimhne, pronounced /deŋʹi/.
drochtheangmhálaí: “bad associate”. Seachain an drochtheangmhálaí, “avoid bad company”.
eachra: “horses”, pronounced /ɑxərə/. This is a collective word, used in the singular with a plural meaning. However, these grammatically singular collective words seem to be used in the genitive plural (not genitive singular) in PUL’s works: i gcarbad na n-eachra tine, “in the chariot of the fiery steeds”. See also fé fhórlámhas na n-uathadh, “under the dominion of the few” in PUL’s Catilína, where uathadh is a grammatically singular collective word meaning “the few”.
Ecclesiasticus: a deuterocanonical work included in the Roman Catholic Old Testament, also known the Wisdom of Sirach. The poem given here is from Ecclesiasticus 48.
Elias: Elias or Elijah, an Old Testament prophet often compared with St. John the Baptist. The ministry of John the Baptist is seen by the Christian church as the fulfilment of the prophecy relating to the return of Elijah in the book of Malachi. Elijah was described in the Old Testament (2 Kings 2) as ascending to heaven in a chariot of fire.
Eliséas: Elisha, an Old Testament prophet, to whom Elijah threw his mantle as he ascended into heaven.
fána: “slope”, with fánaidh in the dative. Le fánaidh, “down, downwards”.
fíoruisce: “spring-water”.
fógarthóir: “proclaimer, announcer”, or fógróir in the CO.
fraoch: “heather”.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in the CO. Friothálamh also corresponds to the related the CO noun, friotháileamh, “reception, entertainment of guests”. Friothálamh a dhéanamh ar dhuine, “to minister to someone”.
fromadh: “trying, testing, proving”, or promhadh in the CO. The original text had fromadh here, but fromhadh is used in PUL’s gospels. More research required here.
glac: “clutch, grasp”.
Gomorrha: Gomorrah, a city near the Dead Sea mentioned in the Old Testament as destroyed by God for its immorality.
guarnán: “whirl”, or guairneán in the CO. Lasair ghuarnain, “whirlwind of fire”. More research is required here, as Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has guairneán, as in the CO. Also the original text here has ghuarnain in the genitive, showing no long vowel.
Hóréb: Mount Horeb, the mountain where God gave Moses the 10 commandments. Horeb may have been the same location as Mount Sinai, although scholarly opinions differ.
iall: “thong, strap”. Iall bróige, “bootlace”.
Ierichó: Jericho, found earlier in this work as Iericó.
ímpí: “intercession”.
ionantas: “sameness, identity”, or ionannas in the CO.
Iórdan: the River Jordan.
Itúréa: Ituraea, an area to the north of Galilee ruled by Philip the Tetrarch.
lamhálaim, lamháil: “to grant, allow”, e.g. the granting of a sum of money to someone.
leabaidh: “bed”, or leaba in the CO. The traditional dative has replaced the nominative in Cork Irish. Pronounced /lʹabigʹ/. Leaba na habhann, “the river bed”, is worth noting here. It may be that more metaphorical usages should have leaba in the nominative.
leagaim: “to knock down, fell”. The verbal noun here is leagadh, where leagan stands in the CO.
léanmhaireacht: “dreadfulness”, a word not given in dictionaries.
leathnochtaithe: “half-naked”, or leathnocht in the CO.
leogaim, leogaint: “to let, allow”, ligim, ligean in the CO.
Lisanias: Lysanias, named in Luke’s Gospel as the ruler of Abilene when St. John the Baptist began his ministry.
lócaiste: “locust”.
maithiúnachas: “forgiveness, remission”, or maithiúnas in the CO.
minic: “often”. Note the comparative here, minicí, where the CO has minice.
mórluacht: “great value, efficacy”.
neamhionann: “not the same, different”.
ollamh: “ready”, or ullamh in the CO.
paiste: “a patch or stretch of something”.
Pilib: Philip the Tetrarch, sometimes referred to as Herod Philip II, son of Herod the Great and tetrarch of the north-eastern part of Palestine. Died in 34 AD.
píoparnach: “piping, wheezing; the ringing of a harsh sound”; píopáil in the CO. This word is masculine here, but given as feminine in Dinneen’s dictionary. Ag cur an phíoparnaigh ’na gcluasaibh le faobhar a ghutha, “making their ears ring with the power of his voice”.
Pontius Pílát: Pontius Pilate, or Pontius Pilatus, Roman governor of Judaea 26 AD – 36 AD.
poibleacánach: “publican, tax-collector”.
port: “tune”. Rud do bheith de phort agat, “to keep harping on about something”.
préamh: “root”, or fréamh in the CO.
prócadóir: “proctor”, an officer of the church of some kind, represented here as collecting tithes for the Established Church.
réidh: “smooth, even”. Pronounced /re:gʹ/.
rí: “king”. Note PUL’s use of ríthe, rather than the more common WM forms, rithe or rite, as the plural.
ríocht: “kingdom”, with ríochta in the plural, where the CO has ríochtaí.
ruibh: “sulphur, brimstone”. I am unclear how the genitive is pronounced; maybe as /ri:/, which explains the editing here with a síneadh fada as ruíbhe.
Sacarí: Zechariah, the father of St. John the Baptist, more generally referred to as Sacarias in this text.
Sátan: Satan, referring to the Devil, but also meaning “adversary” in Hebrew.
scannrúlacht: “frightfulness”, or scanrúlacht in the CO. Pronounced /skau’ru:ləxt/.
seachtú: “seventh”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here (an seachtú aithne, “the seventh commandment”). In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have found in PUL’s works of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
seanmóin: “to preach”, or seanmóir in the CO.
seirbhís: “service”, pronounced /ʃerʹi’vʹi:ʃ/.
seithe: “skin, hide”. This is masculine here, but feminine in the CO.
Síon: Zion, the original name of a mountain near Jerusalem where a Jebusite fortress stood that was conquered by King David. Zion later came to be used as a synonym for Jerusalem.
Sodom: Sodom, a city near the Dead Sea mentioned in the Old Testament as destroyed by God for its immorality.
spreagaim, spreagadh: “to incite, inspire”. PUL usually used spriocaim, spriocadh (which means “to fix, arrange” in the CO) in the sense of “inspire”, reserving spreagadh for usages such as ceól a spreagadh suas, “to play music with verve”. However, counterexamples exist, as is seen here.
spuaic: “steeple, pinnacle”.
sruth: “stream”.
tathac: “solidity, substance, body, weightiness”, or tathag in the CO. Possibly, “gravitas”.
téim, dul: “to go”. Rud atá ag dul do, “something due to him”.
tetrarc: “tetrarch”, king of a fourth part of a kingdom.
Tibérius Caesar: Tiberius Caesar, Roman emperor 14 AD – 37 AD.
tirim: “dry”, pronounced /trʹimʹ/.
tosnaím, tosnú: “to begin”, or tosaím, tosú in the CO.
Traconítis: Trachonitis, an area ruled by Philip the Tetrarch that now falls within modern Syria.
trúmpa: “trumpet”.
uchtach: “spirit, vigour; the delivery of a speech”. Pronounced /əx’tɑx/.
ungadh: “ointment”. Ungadh ’ chur ar dhuine, “to anoint someone”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s