Críost Mac Dé 6

Caibideal a Sé.

Críost Mac Dé agus Dochtúirí na Dlí.

Ní thugann an Soíscéal aon chúntas dúinn ar conas a chaith Críost Mac Dé a shaol ón lá a rug a mhuíntir leó ó thuaidh go Nasaret é chun cónaithe, go dtí go raibh sé tímpall dhá bhliain déag d’aois. Ní deir an Soíscéal ’na thaobh, i gcaitheamh an dá bhliain déag san ach an méid seo focal: “Agus d’fhás an mac, agus do neartaigh sé, agus bhí grásta Dé ann.” (Lúc. II. 40.)

Deirtear gur ghleann beag ana-dheas gurbh ea an gleann beag ’na raibh Nasaret suite an uair sin; ná raibh aon áit i dtír Phalestín ba dheise ná é. Bhí an baile beag suite ar chliathán cnucáin ar an dtaobh thoir de, agus mar ’ bheadh fáinne de chnucánaibh eile mórthímpall ar an gcnucán san, lasmu’ den bhaile bheag, ar an dtaobh thoir, agus iad clúdaithe le coílltibh, agus Machaire Esdrelóin ar leathadh uathu san soir, agus an machaire sin go breá glas, féarmhar, saibhir. Lastoir den mhachaire sin bhí, mar atá fós, an loch ar a dtugtar loch, nú muir, Thibériais. Laistiar den chnuc ar a raibh Nasaret suite bhí an cnuc álainn úd ar a dtugtí Cnuc Chármeil, an cnuc ba bhreátha dá raibh le feiscint in aon áit an uair sin; agus laistiar den chnuc san, an fharraige mhór, an Mhuir Torriann. Nuair a bhíodh an ghaoth aniar, agus ba mhinic sin, bhíodh sí ag séideadh isteach ón bhfarraige sin agus ag tabhairt sláinte do gach aon rud beó, agus do gach aon tsaghas fáis dá raibh ag teacht tríd an dtalamh. Gaoth na farraige aniar agus solas na gréine anoir, agus iad ag obair i dteannta ’ chéile, chuiridís maise ar choílltibh, agus ar ghlasraíbh, agus ar bhláthannaibh, agus ar bheithíochaibh agus ar dhaoinibh. Do dtugtí fé ndeara gur rug mná Nasareit bua i mbreáthacht agus i ndathúlacht, agus i maisiúleacht pearsan, ar mhnáibh Phalestín eile go léir. Agus deirtí gurbh í Muire Mháthair, nuair a bhí sí ’na cónaí ’na measc, do bhronn orthu an bua maisiúlachta san. San áit álainn sin is ea do chaith an Slánaitheóir a shaol go dtí go raibh sé dhá bhliain déag d’aois.

Deir Lúcás Naofa sa tSoíscéal go dtéadh a mhuíntir ó dheas go Ierúsalem gach aon bhliain, uim fhéile na cásca. “Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag do chuadar suas go Ierúsalem de réir ghnáis na féile. Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad ag filleadh d’fhan an Mac, Íosa, in Ierúsalem ’na ndiaidh, agus ní raibh ’ fhios san ag á mhuíntir: cheapadar go raibh sé i measc na ndaoine, agus thánadar siúl aon lae ar aghaidh, agus bhíodar dhá lorg i measc a ngaolta agus a lucht aithne, ach ní bhfuaradar é, agus d’fhilleadar go Ierúsalem, dhá lorg. Agus do thárla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampall, ’na shuí i measc na n-ollamh, ag éisteacht leó, agus dhá gceistiú. Agus bhí iúnadh ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraíbh a thugadh sé. Agus bhí iúnadh orthu san nuair a chonacadar é. Agus duairt a Mháthair leis: ‘A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach, bhí t’athair agus mise go buartha ar do lorg.’ Agus duairt sé leó: ‘Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh ’ fhios agaibh nách foláir me ’ bheith in sna nithibh a bhaineann le m’athair.’ Agus níor thuigeadar san an focal a labhair sé leó. Agus d’fhíll sé anuas leó, agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh.”

Sin mar a dh’ínseann an Soíscéalaí Lúcás, an scéal san, agus níorbh fhéidir d’éinne an scéal a chur síos i bhfoclaibh níba shoiléire ná níba chruinne. Ach is féidir machnamh a dhéanamh ar bhrí an scéil, agus ar nithibh áirithe do bhain leis an scéal.

Ar dtúis, is féidir a dh’fhiafraí cad ’na thaobh do dul isteach sa teampall. Gan amhras níorbh aon iúnadh é ’ dhul isteach ann an chéad uair a tháinig sé aduaidh ann ó Nasaret. B’é teampall a Athar é, an t-aon áit amháin sa domhan, an uair sin, ’na raibh aon chuid den chine daonna ag tabhairt onóra don Athair Síoraí, agus b’é féin Mac Síoraí an Athar Síoraí, agus bhí sé ar an saol chun na cine daonna do shaoradh ó fheirg an Athar Síoraí. Cá dtabharfadh sé aghaidh chun na hoibre sin do thosnú ach ar theampall an Athar Síoraí? Thug sé aghaidh ar an dteampall san agus thosnaigh sé an obair. Conas a thosnaigh sé an obair? Seo mar a thosnaigh sé an obair. Na daoine sin go raibh sé ’na shuí ’na measc cérbh iad féin? Dochtúirí na dlí, dochtúirí dlí Mhaoise. Cad iad na ceisteanna a bhí aige á chur chúthu? Agus cad iad na ceisteanna a bhí aige á fhreagairt dóibh? Ní ínstear dúinn cad iad na ceisteanna iad, ná cad iad na freagraí a bhí aige á thabhairt orthu. Ach is féidir tuairim láidir a thabhairt gur bhain idir cheisteanna agus freagraí le “gnó a Athar Síoraí;” le saoradh na cine daonna ó fheirg an Athar Síoraí. Go raibh sé ag scrúdú na bhfáidhí dhóibh, agus dhá scrúdú dhóibh ar shlí a chuirfeadh, dá mb’fhéidir é, amach as a n-aigne an dearúd a bhí orthu i dtaobh an Mhessiah; ar shlí a thaispeánfadh dóibh nách ’na rí chómhachtach, agus slóite armála aige, a bhí sé le teacht, ach ar a mhalairt sin ar fad de shlí. Gan amhras, leis, an fhaid a bhí an ceistiúchán agus na freagraí ar siúl, bhí grásta Dé go líonmhar ag an Slánaitheóir á thabhairt do sna dochtúiríbh sin chun na fírinne úd do thuiscint agus do ghlacadh. B’fhéidir gur ghlac cuid acu an fhírinne. Níl aon phioc dá fhios san againn. Ní hínstear dúinn gur ghlacadar ná nár ghlacadar. Ní ínstear dúinn aon ní ach amháin an méid a dh’innis sé féinig dúinn, ’sé sin “Nárbh fholáir do ’ bheith in sna nithibh a bhain len’ Athair.”

Gan amhras grásta uathásach do sna dochtúiríbh úd ab ea an chuaird sin a thug an Slánaitheóir orthu an uair sin agus an trí lá san a thug sé ’na bhfochair dhá gceistú agus ag freagairt ceisteanna dhóibh. Is léir gur chuaigh sé ana-dhian orthu chun a súl a dh’oscailt dóibh, mar do “chuir a ghuntacht” árdiúnadh orthu. Tá nithe sa chuaird sin nách féidir dúinne a thuiscint, nithe ná thuig Muire Mháthair ná Naomh Ióseph féinig.

Do thuigeadar san go maith, áfach, an bhuairt a bhí orthu féin nuair a bhíodar ar a lorg, agus nuair a bhí ag teip orthu é ’ dh’fháil. Áit chúntúrthach ab ea an chathair an uair sin. Bhí ímpire na Rómhánach, Augustus, tar éis an tíoránaigh Archelaus do dhíbirt as an ríocht, agus tar éis na tíre do chur fé smacht na Rómha féin, agus tar éis árdú cíosa do chur ar na daoine. Bhí na daoine tar éis éiri i gceannairc i gcoinnibh na Rómhánach agus bhí an chathair ’na círéip. Lasmu’ den cathair, ar fuaid na dútha, bhí lucht foghla ag gluaiseacht ’na mbuínibh, agus scannradh curtha acu ar dhaoinibh a bhí síochánta réidh, dúilmhar i socracht, gan aon dúil in achrann. Drochghníomhartha dá ndéanamh go tiubh agus gan aon dlí á chur i bhfeidhm. Lucht na ndrochghníomh a dhéanamh dhá chur ’na luí ar an bpoiblíocht gur ar mhaithe leis an dtír a bhíodar ag obair.

Níorbh iúnadh scannradh agus critheagla ar Mhuire Mháthair agus ar Naomh Ióseph nuair a bhíodar tagaithe chómh fada ó thuaidh ó chathair Ierúsaleim leis an mbaile ar a dtugtí Beerot, agus iad ag dul abhaile agus gan aon tuairisc acu ar Íosa. Bhí an chathair cúntúrthach agus bhí an tír mórthímpall cúntúrthach, agus bhí an bóthar ó thuaidh cúntúrthach.

Bhí dhá chúntúirt ag baint leis an mbóthar ó thuaidh, an chúntúirt a bhí ag baint leis an ndúthaigh an uair sin, agus cúntúirt eile do bhain leis an mbóthar san féinig. Bhí an bóthar san ag gabháil trí chathair Samaría, agus bhí muíntir Shamaría agus an chuid eile de sna Iúdaígh i gcoinnibh a chéile go fíochmhar agus do mioscaiseach.

Mórán aimsire roimis sin do thit muíntir Shamaría agus muíntir Ierúsaleim amach lena chéile. Tar éis bháis do Sholomon do dhein dhá ríocht de chlaínn Israéil. Bhí Ierobóam ’na rí ar deich treabhaibh agus Mac Sholomoin ’na rí ar an dá threibh eile. Bhí eagla ar Ierobóam dá mbeadh na daoine a bhí féna láimh féinig ag dul go Ierúsalem chun íbirtí ’ dhéanamh go n-iompóidís uaidh i ndiaidh ’ chéile. Chuir sé suas altóracha dhóibh féin agus chuir sé gamhna óir ar na haltórachaibh sin agus mheall sé na daoine chun na ngamhan óir sin d’adhradh. Níor dheocair do iad a mhealladh chuige sin. Is eól do gach éinne a ghiorracht a bhíodar go léir tagaithe amach as an Éigipt nuair a chuireadar suas gamhain óir dóibh féin chun bheith dhá adhradh.

Nuair a bhí na gamhna óir curtha suas agus na daoine dhá n-adhradh, i mBetel, agus lastuaidh arís sa bhaile ar a dtugtí Dan, bhíodh daoine naofa do bhain leis an ríocht san ag fágaint na ngamhan ’na ndiaidh agus ag imeacht ó dheas go Ierúsalem chun gnó Dé ’ dhéanamh ann mar ba cheart. Ansan bhíodh lucht na ngamhan a dh’adhradh ag teacht ar na bóithribh roimis na daoine naofa san dhá dtabhairt thar n-ais ar éigin, nú dhá marú dá mba ná tiocfaidís thar n-ais.

I gcathair Shamaría is ea ’ bhí an neart ba threise de lucht na ngamhan a dh’adhradh. An chuid de sna daoine naofa a bhíodh lastuaidh den chathair sin is tríd an gcathair a caithidís gabháil ag dul ó dheas dóibh, nú tímpall fada do ghabháil, nú gan dul ó dheas in aon chor.

Ríocht Iúda a tugtí ar an gcuid de chlaínn Israéil a bhí fé shliocht Sholomoin, agus ríocht Israéil a tugtí ar an gcuid díobh a bhí fé shliocht Ierobóaim. Do lean muíntir ríochta Israéil ag déanamh na n-olc san, .i. an dá olc, .i. ag adhradh na ngamhan agus ag cosc daoine eile ar Dhia d’adhradh mar ba chóir. Chuir Dia fáidhí chúthu go minic ag tabhairt cómhairle a leasa dhóibh. Níor chuireadar aon tsuím sa chómhairle. Ag magadh fé sna fáidhíbh a bhídís, nú ag tabhairt tarcaisne dhóibh, nú dhá gcur chun báis. Fé dheireadh tháinig fearg Dé orthu. Duairt na fáidhí leó go minic go mbéarfí chun siúil iad i mbraighdineas. Ná fágfadh Dia sa tír naofa iad mar go rabhadar iompaithe amach ró-olc ar fad; go rabhadar níba mheasa os cómhair Dé an uair sin ná na drochdhaoine úd a dhíbir Dia as an dtír sin chun slí ’ dhéanamh do chlaínn Israéil. B’é toil Dé gur éirigh cómhacht láidir lastoir díobh, i dtír na nAssuiriánach, agus go dtáinig slóite líonmhara anoir, fé Shalmanasar ar dtúis, agus ansan fé Thargon. Do tógadh cathair Shamaría tar éis imdhruidim trí mblian. Ansan do leath an namhaid iad féin amach ar an dtaobh theas de thír ríochta Israéil agus chomáineadar rómpu amach na daoine go léir, i dtreó nár fágadh éinne sa tír ná i gcathair Shamaría, ná in aon chathair eile i ríocht Israéil, gan comáint chun siúil, soir go Babilóin nú chun áite éigin eile lastoir.

Ansan bhí Samaría agus an tír mórthímpall uirthi folamh ó dhaoine. Bhí an dúthaigh ag titim fé sheilbh na mbeithíoch allta. Nuair a chonaic rí na nAssuiriánach an cor a bhí ar an dtír agus ar an gcathair, do chruinnigh sé slóite daoine iasachta, slóite págánach, ó Bhabilóin agus ó thíorthaibh eile lastoir, agus chuir sé siar iad chun na háite thiar a dh’áitreabh. Pé dríodar a dh’fhan thiar, i ndiaidh na scuaibe, de shliocht Israéil chuireadar aithne ar na págánaigh iasachta. Do mheasc an dá aicme ar a chéile, i gnóthaíbh talún agus i gcleamhnaistíbh. Is iad sliocht na gcleamhnaistí sin a bhí i Samaría nuair a tháinig Muire Mháthair agus Naomh Ióseph agus Críost Mac Dé go Ierúsalem an Cháisc úd. B’éigean dóibh gabháil trí chathair Shamaría ag teacht aduaidh dóibh agus bhí orthu gabháil tríd an gcathair gcéanna ag dul ó thuaidh dóibh arís go dtí Nasaret. Dá bhrí sin bhí cathair Ierúsaleim cúntúrthach, agus bhí an bóthar ó thuaidh cúntúrthach, go mór mór an áit den bhóthar ar a raibh Samaría. Níorbh iúnadh brón agus buairt ar Mhuire Mháthair agus ar Naomh Ióseph nuair a fuaradar an Mac in easnamh orthu tar éis iad a dhul siúl lae as an gcathair. Agus ansan, níorbh iúnadh buaireamh aigne orthu ag dul ó thuaidh abhaile dhóibh, agus an tír go léir chómh cúntúrthach agus an bóthar chómh cúntúrthach, agus orthu gabháil trí Shamaría ó thuaidh.

Do cheadaigh Críost Mac Dé an buaireamh aigne sin go léir do theacht orthu toisc an dúil a bheith aige gnó a Athar do dhéanamh ar son na ndochtúirí úd a bhí sa teampall agus iad amú ar fad i dtaobh an chuma ’na dtiocfadh an Messiah. Tháinig lá, ’na dhiaidh san, agus do shil sé deóra go faíoch os cionn na cathrach san Ierúsaleim, toisc nár deineadh dá chainnt agus dá ghuntacht an lá san ach iúnadh. Do deineadh iúnadh dá chainnt ach níor glacadh a chómhairle. Dob aimhleasta an aicme iad na dochtúirí úd, agus ba sheasmhach ar bhóthar a n-aimhleasa, agus a rá gur theip ar Chríost Mhac Dé féin iad a dh’iompáil ar a leas bíodh gur chaith sé trí lá ag gabháil dóibh, ag nochtadh na fírinne dhóibh, agus ag tabhairt a ghrásta dhóibh go flúirseach. D’fhan sé ar feadh trí lá ag gabháil dóibh ag taispeáint cainnteanna na bhfáidhí dhóibh, na cainnteanna ’na dtráctaid na fáidhí ar na piantaibh a bhí ag an Messiah le folag, ar an séanadh agus ar an dtarcaisne a bhí aige le folag, ar an mbás a bhí aige le folag. D’fhan sé ar feadh trí lá ag gabháil dóibh ar an gcuma san agus ’ fhios aige go raibh a Mháthair bheannaithe agus Naomh Ióseph ag siúl na cathrach i gcaitheamh na haimsire sin agus iad go dúbhach agus go croíbhriste ar a lorg. Tháinig Muire Mháthair agus Naomh Ióseph. Bhí an t-aighneas ar siúl; na dochtúirí go léir ansúd agus iad caochta aige lena ghéarchúis agus lena ghuntacht agus leis an eólas a bhí aige ar na fáidhíbh agus ar bhrí na cainnte aduairt na fáidhí, eólas ná raibh acu féin riamh agus nár chuímhníodar riamh air. Bhíodar caoch aige, gan focal eile le rá acu, nuair a tháinig Muire Mháthair agus Naomh Ióseph isteach sa teampall agus do labhair Muire Mháthair an focal. D’airigh na dochtúirí an focal “. . . . Mise agus t’athair ad lorg. . . . .” D’airíodar an freagra, “. . . . nárbh fholáir dómhsa bheith sa ghnó a bhaineann le m’athair.” D’airigh na dochtúirí an trácht ar an dá athair. D’airíodar conas mar a thug sé gnó a Athar ar an aighneas a bhí aige á dhéanamh leó san i gcaitheamh an trí lá. Bhí ’ fhios acu go maith gur ar an Athair Síoraí a thrácht sé nuair a thug sé “gnó m’Athar” ar an aighneas a bhí aige á dhéanamh leó san. D’airíodar gach aon fhocal. Má airíodar níor labhradar, d’fhanadar go dúr agus go béaldúnta. Thug sé uain dóibh ar a fhiafraí dhe cad ’na thaobh do gnó a Athar a thabhairt ar an aighneas a bhí aige á dhéanamh leó san. Níor labhair aon duine acu. Níor theastaigh uathu a thuilleadh cainnte d’aireachtaint uaidh i dtaobh an Mhessiah ná tiocfadh in’ “Árdrí ar shlóitibh ag tabhairt cómhachta os cionn an domhain do chlaínn Israéil.” Níor labhair éinne acu. Níor labhair seisean a thuilleadh. Do bhuail sé uathu doras an teampaill amach agus d’fhág sé ansan iad. Agus d’imigh sé féin agus Muire Mháthair agus Naomh Ióseph ó thuaidh go Nasaret, “agus bhí sé úmhal dóibh. Agus do chimeád a Mháthair na focail sin go léir ’na croí féin. Agus do chuaigh Íosa ar aghaidh in eagna agus in aois, agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.” (Lúc. ii. 52.) Ciallaíonn an chainnt, de réir mar a mhíníd lucht eólais í, gurbh é toil ár Slánaitheóra, moladh agus baochas leis, dlí nádúra na daonnachta a bhí aige do chómhlíonadh go hiomlán agus dul ar aghaidh ó bheith ’na leanbh go dtí bheith in’ ógánach, agus go dtí bheith in’ fhear. Gan amhras is fíor gur ghlac sé nádúr daonna ar chuma fé leith. Do ghlac sé colann daonna i mbroínn na Maighdine Muire, le hoibriú ón Sprid Naomh. ’Sé sin do ghlac sé corp agus anam mar atá againne. Do chruthaigh Dia an t-anam mar a cruthaítear gach aon anam daonna, agus fuair sé a chorp, a chuid fola agus feóla, le hoibriú ón Sprid Naomh, óna Mháthair , ón Maighdin Muire, gan athair saolta. Ansan, do chaith sé naoi mí i mbroínn na Maighdine. Ansan do rugadh é; do tháinig sé ar an saol, ó bhroínn na Maighdine, gan dochar dá maighdineas. Ansan d’fhás sé ar nós aon linbh eile. Ansan, d’éirigh sé suas mar ’ éireódh aon leanbh eile, agus thug na cómharsain fé ndeara gur “chuaigh sé ar aghaidh in eagna agus in aois agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.” B’é an tarna Pearsa den Tríonóid ró-Naofa é. Bhí sé ’na Dhia go fíor agus bhí sé ’na dhuine go fíor. B’é Mac Dé é ’na Dhia agus ’na dhuine. B’é Críost Mac Dé é, agus b’é Críost Mac na Maighdine Muire é. Agus bhí an Mhaighdean Mhuire ’na máthair ag Críost Mac Dé. Agus bhí Críost Mac Dé ’na chónaí i Nasaret, i bhfochair na Maighdine Muire agus Naoimh Ióseiph, ag obair ar chéird Naoimh Ióseiph, ar chéird siúineára, ag tuilleamh a bheatha ar nós aon duine eile dá raibh san áit.

Níorbh é toil Dé a thuilleadh cúntais a thabhairt dúinn ar an gcuma ’nar chaith sé na blianta ó aois a dhá bhlian déag go dtí gur thosnaigh sé ar an Soíscéal do chraobhscaoileadh agus ar an eaglais do chur ar bun, agus ar a chómhacht a thaispeáint.

Nótaí

Tímpall dhá bhliain déag d’aois: “around twelve years old”. The expected genitive dual, dhá bhlian, is not given here, probably because of the influence of the following slender d. Compare obair dhá bhlian in PUL’s Mo Sgéal Féin and ó aois a dhá bhlian déag at the end of this chapter. The nominative and dative dual is formed like the dative singular (dhá bhuín), although the correct dative is often not given in dual contexts in PUL’s works. The genitive dual, however, is generally formed like the genitive plural. This in turn is often identical to the nominative singular, or nearly so, but with a broadened ending (bliain/blian, glúin/glún, súil/súl). See os cionn a dhá shúl in PUL’s Niamh. However, it is worth adding that the more recent “weak” plural endings of nouns are not used in the genitive dual: bunús an dá leitir is found in PUL’s Niamh; leitreacha would not be found in the genitive dual. Consequently, other than in the fifth declension (where the genitive plural and thus genitive dual is identical to the genitive singular), the genitive dual form should either be the nominative singular or a broadened version thereof.

Ní ínstear: both ní ínstear and ní hínstear are found in this chapter. It is grammatically correct for h-prefixation to be used before an autonomous form starting with a vowel, but the diversity of theoriginal text is preserved here.

An trí lá san: “those three days”. The singular article is correctly used with a plural noun viewed as a single whole.

Foclóirín

ag: “at”. Ad: the combination of ag, the particle governing the verbal noun, with a second person singular pronoun object. This would be do do in the CO (an extremely inauthentic form).
aimhleasta: “misguided, foolish”.
áitrím, áitreabh: “to inhabit”, or áitrím, áitriú in the CO. The CO has a noun áitreabh, meaning “habitation, dwelling”, but PUL clearly uses it as the verbal noun here. Dineen has áitreabhaim, and I have no attestation of the finite verb in PUL’s works as yet.
altóir: “altar”, with altóracha in the plural where the CO has altóirí. PUL uses altóiríbh in the dative plural in his editing of An Teagasg Críostaidhe, although that work contains some older forms, having been originally compiled in the mid-nineteenth century, and we see altórachaibh used here in the dative plural. Consequently, it seems altóracha is the dialectal form.
arís: “again”, but also “further” in various senses. Lastuaidh arís, “further to the north”. PUL used the spelling airís, indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/.
Assuiriánach: Assyrian, the name of a people whose kingdom was based in modern-day Iraq from the twenty-fifth to the seventh century BC. The CO has Aisiriach.
béaldúnta: “pursed-lipped”, a word not given in dictionaries.
Beerot: Beeroth, a town to the north of Jerusalem in ancient Israel. PUL surmises that Mary and Joseph got as far north as Beeroth before they noticed Jesus was missing, but the location is not given in Luke 2.
Betel: Bethel, a city on the southern border of the northern kingdom of Israel, where King Jeroboam set up a golden calf to be worshipped.
Cáisc: “Easter, or the Passover”. Féile na Cásca, “the Feast of the Passover”.
caochaim, caochadh: “to dazzle”.
ceannairc: “mutiny, revolt”.
ceistím, ceistiú: “to question”. This is found as duine cheistiú and ceistiú ar dhuine in PUL’s works.
círéip: “riot, uproar”, or círéib in the CO.
cleamhnas: “match, marriage”, with cleamhnaistí in the plural where the CO has cleamhnais.
Cnuc Chármeil: Mount Carmel in Northern Israel.
cómharsa: “neighbour”. PUL has cómharsain in the plural, where the CO has comharsana. PUL’s form is the historical nominative plural; the CO form is the historical vocative plural.
craobhscaoilim, craobhscaoileadh: “to propagate, broadcast; preach”.
croíbhriste: “heartbroken”.
Dan: Dan, a city on the northern border of the northern kingdom of Israel, where King Jeroboam set up a golden calf to be worshipped.
daonnacht: “humanity”.
deocair: “difficult”, or deacair in the CO.
dríodar: “dregs, remnants”.
dúbhach: “sorrowful, melancholy”.
dúilmhar: “covetous, desirous”. The spelling indicates that the v is broad (du:lʹ-vər); maybe this is always so with the ending -mhar.
faíoch: “loud, plaintive”.
fás: “growth”, but also “plant”.
gabhaim, gabháil: “to take; go” and a large range of other meanings. Pronounced /goumʹ, gvɑ:lʹ/. Gabháil do, “to work on, deal with, be occupied with, be on the case of”.
gamhain: “calf”, with gamhna in the nominative plural and gamhan in the genitive plural.
glasra: “vegetable, herb”, pronounced /glɑsərə/.
gnás: “custom, usage”. De réir ghnáis na féile, “in the customary manner of celebrating the festival”.
guntacht: “sharpness, incisiveness”, or gontacht in the CO.
Ierobóam: Jeroboam, king of the northern kingdom of Israel around 930-910 BC, following the rebellion of the northern tribes against Rehoboam, king of Judah.
imdhruidim, imdhruidim: “to besiege”. Dinneen has iomdhruidim, and it seems likely the first m is broad; possibly edit as iomdhruidim?
iompaím, iompáil: “to turn”, or iompaím, iompú in the CO. Pronounced /u:m’pi:mʹ, u:m’pɑ:lʹ/. Iompáil amach, “to turn out (a certain way)”.
Loch Thibériais (Muir Thibériais): the Sea of Tiberias, also known as the Sea of Galilee or the Lake of Gennesaret, in north-eastern Israel. The lake or sea is named after the city of Tiberias on its shores.
Machaire Esdrelóin: the Plain of Esdraelon, or Jezreel Valley, in Galilee.
maighdineas: “virginity”, or maighdeanas in the CO.
Muir Torriann (an Mhuir Torriann): the Tyrrhenian Sea, between Italy and Africa. The name Tyrrhenian derives from the Greek for “Etruscan”. Muir Thoirian in the CO. The Tyrrhenian Sea is part of the Mediterranean Sea and PUL seems to use the term to refer to the Mediterranean Sea itself here. The CO has an Mheánmhuir for the Mediterranean itself.
ollamh: “doctor, professor, doctor of the law, etc.”
pearsa: “person”, but often by extension “appearance, features, bearing”. Pearsa is ultimately derived, as with cognates in all European languages, from the ancient Etruscan phersu, “face mask”.
Salmanasar: Shalmaneser V, king of Assyria 727-722 BC, who began the deportation of the Israelites in captivity to Assyrian territory.
Solomon: king of ancient Israel, and son of King David. He was succeeded by his son Rehoboam, here referred to simply as Mac Sholomoin, during whose reign the kingdom of Israel become divided between the northern ten tribes (the kingdom of Israel) and the southern two tribes (the kingdom of Judah), which remained under Rehoboam’s rule.
Targon: apparently an error in the original for Sargon, i.e., Sargon II, king of Assyria 722-705 BC, who completed the conquest of Israel and the deportation of the Israelites to Assyrian territory.
tiubh: “rapid”, but also “plentiful, common, widespread”.
treibh: “tribe”. The historic dative has replaced the nominative in this word; accordingly the nominative plural is treabha, where the CO has treibheanna.
um: “about, around”. Often uim in WM Irish. Pronounced /um, imʹ/.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s