An Teagasc Críostaí ceachtanna 1-4

An Teagasc Críostaí

Ceacht a haon.

Ceist. Cé ’ dhein an domhan?
Freagra. Dia.
C. Cé hé Dia?
F. Cruthaitheóir agus árdthiarna neimhe agus talún, rómhaith agus ró-iomlán.
C. Cá bhfuil Dia?
F. Tá sé ins gach uile áit.
C. Má tá Dia ins gach uile áit cad fá ná feicimíd é?
F. De bhrí gur fíorsprid é agus ná fuil colann aige.
C. An bhfeiceann Dia gach uile ní?
F. Chíonn.
C. An bhfuil fios gach uile ní ag Dia?
F. Tá.
C. An féidir le Dia gach uile ní do dhéanamh?
F. Is féidir.
C. Cad fá gur chruthaigh Dia sinn?
F. Chun aithne do chur air agus é ghráú ar an dtalamh so, agus chun séan síoraí do shealbhú ’na dhiadh so ar neamh.
C. Cad a thuigeann tú le neamh?
F. Ríocht glóire Dé.
C. Conas is féidir dúinn Dia d’aithint ar an dtalamh so?
F. Leis na fírinní a mhúin Sé dhúinn d’fhoghlaim.
C. Cá bhfaigheam na fírinní seo?
F. Táid go háirithe in sa Chré.

Ceacht a dó.

C. Abair an Chré.
F. “Creidim i nDia, &c.”
C. Cé ’ dhein an Chré?
F. An dá aspal déag.
C. Cad d’admhaímíd sa Chré?
F. Na cínn-rúndiamhra agus alta riachtanacha eile.
C. Abair na cínn-rúndiamhra.
F. Aondacht agus Tríonóid Dé, Ioncholladh, bás agus aiséirí ár Slánaitheóra.
C. Cad fá go dtugtar cínn rúndiamhra orthu san?
F. De bhrí nách féidir éinne a thagann chun blianta na tuisceana do bheith sábhálta gan fios bunúsach do bheith aige orthu agus iad do chreidiúint.
C. Cad a chiallaíonn Aondacht Dé?
F. Ná fuil ann ach aon Dia amháin.
C. Cad a thuigeann tú leis an dTríonóid?
F. Tuigim, in san aon Dia amháin sin go bhfuil trí pearsana diaga.
C. Cá mhéid Dia ann mar sin?
F. Níl ach aon Dia amháin. Ní féidir níos mó do bheith.
C. Cá mhéid pearsa i nDia?
F. Táid trí pearsana i nDia.
C. Cé hiad na trí pearsana iad san?
F. An tAthair, agus an Mac agus an Sprid Naomh.
C. An bhfuil an tAthair ’na Dhia?
F. Tá an tAthair ’na Dhia.
C. An bhfuil an Mac ’na Dhia?
F. Tá an Mac ’na Dhia.
C. An bhfuil an Sprid Naomh ’na Dhia?
F. Tá an Sprid Naomh ’na Dhia.
C. Ná fuil trí déithe ann mar sin?
F. Níl. De bhrí ná fuil ach aon nádúr amháin diaga in sna trí pearsanaibh diaga san níl iontu ach Dia amháin.
C. An bhfuil aon phearsa de sna pearsanaibh diaga so níos eagnaí, níos sine ná níos mó cómhachta ná ’ chéile?
F. Níl, óir táid uile iomlán gan teóra.

Ceacht a trí.

C. Cad a chiallaíonn Ioncholladh?
F. Gur ghlac Mac Dé colann daonna chun sinne d’fhuascailt agus do shábháil.
C. Cad a thuigeann tú le colann daonna do ghlacadh?
F. Nádúr an duine do ghlacadh, ’sé sin corp agus anam mar atá againne.
C. Conas d’ainmníonn tú Mac Dé ionchollaithe?
F. Íosa Críost, Fuasclóir agus Slánaitheóir an domhain.
C. Cé hé Íosa Críost?
F. Mac Dé, an dara Pearsa den Tríonóid rónaofa, do ghlac colann daonna.
C. Cár ghlac sé corp agus anam mar atá againne?
F. I mbroínn na Maighdine Glórmhaire Muire.
C. Conas sin?
F. Ghoibh sí é ón Sprid Naomh.
C. Cá mhéid nádúr in Íosa Críost?
F. Dhá nádúr, nádúr diaga agus nádúr daonna.
C. Cad ’tá ceangailte orainn a chreidiúint i dtaobh Íosa Críost?
F. Go bhfuil sé in’ fhíor-Dhia agus in’ fhíordhuine.
C. Cá bhfuil Íosa Críost anois?
F. Sa mhéid gur Dia é tá sé ins gach uile áit, agus sa mhéid gur duine é tá sé ar neamh amháin agus i naomh-Shacraimínt na haltórach.
C. Cad fá gur ghlac Mac Dé colann daonna?
F. Chun báis d’fhulag ar ár son.
C. Cad fá gur fhuilig Críost bás ar ár son?
F. Chun cirt Dé do shásamh agus chun sinne do shábháil ó ifreann agus ó chómhachtaibh an diabhail.
C. Cad fá go rabhamairne i gcómhachtaibh an diabhail?
F. De bhrí gur gineadh sinn i bpeaca.
C. Conas a thárla gur gineadh sinn i bpeaca?
F. De bhrí go ndeárna ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair easúmhlaíocht in aghaidh Dé.
C. Cé ’ chuir cath orthu chun easúmhlaíochta do dhéanamh in aghaidh Dé?
F. An diabhal.
C. Cad a thuigeann tú leis an ndiabhal?
F. Aon de na haingealaibh a dhíbir Dia as na flaitheasaibh.
C. Cad a thuigeann tú le haingealaibh?
F. Spridí glana a cruthaíodh chun Dia do adhradh ar neamh.
C. Cad fá gur díbreadh aingil as na flaitheasaibh?
F. De bhrí gur dheineadar méirleachas in aghaidh Dé.
C. An bhfuil aon chúram eile ar an haingealaibh ach Dia d’adhradh?
F. Tá. Chuir Dia uaidh go minic iad mar theachtairí chun daoine, agus táid ceapaithe chun bheith dár gcuímhdeacht.
C. Cad é an pionós a chuir Dia ar na haingealaibh a dhíbir sé as na flaitheasaibh?
F. Dhaor sé chun ifrinn iad.
C. Cad a thuigeann tú le hifreann?
F. Áit ’na bhfuil pianta síoraí.
C. An bhfuil aon dream eile daor chun ifrinn ach na diabhail?
F. Tá, na daoine a gheibheann bás ’na namhdaibh ag Dia.
C. Cad é an luacht-saothair a thug Dia do na haingealaibh d’fhan dílis?
F. Shocraigh sé iad go síoraí i nglóire.

Ceacht a ceathair.

C. Cad é an pionós a chuir Dia ar ár gcéad athair agus ar ár gcéad mháthair?
F. Dhaor sé chun báis iad.
C. Ar chuir sé aon phionós eile orthu?
F. Do chuir. Bhain sé dhíobh gach teideal dá raibh acu chun flaithis Dé, agus mórán eile tabharthaisí dár bronnadh orthu.
C. Ar daoradh sinne mar a daoradh ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair?
F. Do daoradh, de bhrí gur thánamair ar an saol so ciontach sa pheaca chéanna.
C. Conas ’ ainmnítear an peaca san.
F. Peaca an tsínsir.
C. Conas a gheibhimíd maithiúnachas i bpeaca an tsínsir?
F. Trí mhórluacht bháis Chríost do dhul chun sochair dúinn sa bhaisteadh.
C. Ar ghlac Mac Dé colann daonna gan mhoíll tar éis an pheaca a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair?
F. Níor ghlac, go dtí tímpall cheithre mhíle blian ’na dhiaidh.
C. Cad é an lá a rugadh Íosa Críost?
F. Lá Nollag.
C. An fada a mhair sé ar an dtalamh so?
F. Tímpall trí mblian ndéag ar fhichid.
C. Conas a chríochnaigh sé a bheatha?
F. Fuair sé bás tárnálta ar chrois.
C. Cad é an lá a fuair Críost bás?
F. Aoine an Chéasta.
C. Cá bhfuair sé bás?
F. Ar chnuc Chalbherí.
C. Cá ndeigh anam Chríost tar éis a bháis?
F. Chuaigh sé síos go hifreann.
C. An ndeigh a anam go hifreann na ndamanta?
F. Ní dheigh, ach go hinead suaimhnis ar a dtugtar Limbó.
C. Cé hiad a bhí i Limbó?
F. Anamnacha na bhfíoraon a fuair bás roim Chríost.
C. Cad fá nár leogadh go flaitheas Dé iad gan mhoíll tar éis a mbáis?
F. De bhrí go raibh flaitheas Dé dúnta in aghaidh gach uile dhuine chun gur oscail Críost lena bhás é.
C. Cá raibh corp Chríost an fhaid a bhí a anam i Limbó.
F. Bhí sé san uaigh.
C. An fada d’fhan corp Chríost san uaigh?
F. Cuid de thrí lá.
C. Cad d’imigh ar chorp Chríost an tríú lá?
F. Do thóg sé é féin go glórmhar agus go domharaitheach ó mharaíbh.
C. Cad é an lá d’éirigh Críost ó bhás?
F. Domhnach Cásca.

Foclóirín

alt: “article”, with alta in the plural here, where the CO has ailt. Pronounced /ɑhl, ɑlhə/.
aondacht: “unity”.
ceann-rúndiamhar: “chief mystery of faith”.
cómhacht: “power”, or cumhacht in the CO. Pronounced /ko:xt/. In níos mó cómhachta, cómhachta may be plural (corresponding to cumhachtaí in the CO), “greater in terms of his powers”, as these constructions where comparatives govern nouns take the nominative (and not the genitive).
cuímhdeacht: “to accompany” or coimhdeacht in the CO. The Letiriú Shímplí here points to a pronunciation of /ki:dʹəxt/, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has /ki:nlʹəxt/. Aingeal cuímhdeachta, “guardian angel”.
deinim, déanamh: “to do”, or déanaim, déanamh in the CO. Note the use of the past-tense dependent form deárna here. Go ndeárna would normally be gur dhein in WM Irish, although the use of dearna is prescribed in the CO.
domharaitheach: “immortal”, or do-mharaithe in the CO. Pronounced /do-vɑrəhəx/. The CO form reflects the traditional form do-mharbhtha, derived from the past participle of the verb marú.
dream: “crowd, group of people”. IWM indicates the initial consonants are broad, /draum/.
fíorsprid: “pure spirit”.
fuasclóir: “redeemer, deliverer”, or fuascailteoir in the CO. Pronounced /fuəskə’lo:rʹ/.
ginim, giniúint: “to beget, give birth to”. Often used in the autonomous: do gineadh sinn i bpeaca, “we were born in sin”. Gineadh is transcribed geneag in the Letiriú Shímplí edition, so more research on the pronunciation required here.
iomlán: “complete”. Ró-iomlán, “infinitely perfect”. Pronounced /umə’lɑ:n/.
Limbó: Limbo, a region of the underworld distinct from the Hell of the damned. This word is spelt liombó in the CO, but it is not really an Irish word and better spelt the way PUL spelt it here. As a foreign word the mb combination in the middle of the word does not indicate eclipsis, /lʹim’bo:/.
luacht-saothair: “reward”, a variant of luach-saothair.
méirleachas: “rebellion”, or meirleachas in the CO. The vowel before medial rl is generally lengthened in WM Irish, /mʹe:rlʹəxəs/.
mórluacht: “great value, efficacy”, one of the many words in the Irish language not listed in Ó Dónaill’s dictionary. The definition “great value, efficacy” is given in the foclóirín to the Catechism. Trí mhórluacht bháis Chríost do dhul chun sochair dúinn sa bhaisteadh, “through benefiting from the efficacy of the death of Christ by means of baptism”. Mórluacht is listed in the Catechism as a feminine noun, suggesting that luacht with a final t may be feminine too, although luach is masculine.
neamh: “heaven”. Note that the genitive is neimhe here, as confirmed in the foclóirín to the Catechism, and yet Shán Ó Cuív’s Letiriú Shímplí version consistently transcribes the genitive as neav. Given that Dinneen shows neamh is sometimes masculine, it may be that Ó Cuív believed neamh was often masculine in Cork Irish.
sábhálaim, sábháil: “to save”. Note the past participle here, sábhálta, /sɑ:’vɑ:lhə/, where sábháilte occurs in the CO. These participles are generally -lta in traditional Cork Irish.
sacraimínt: “sacrament”. The Letiriú Shímplí points to a pronunciation of /sɑkri’mʹi:ntʹ/, although the original text has both sacramínt and sácramínt. This word is masculine here, but feminine in the CO. There is no epenthetic vowel here, probably because the word is known in its English/Latin versions too.
séan: “good luck; happiness”. Séan síoraí, “eternal happiness”.
sínsear: “ancestor”, or sinsear in the CO. This word was traditionally spelt sinnsear, and had a long /i:/ in WM Irish. The singular form can have collective meaning, “ancestors”. Peaca an tsínsir, “original sin”.
sochar: “advantage, benefit”.
tárnálaim, tárnáil: “to nail”, or tairneálaim, tairneáil in the CO. Although the noun traditionally spelt tairnge, “nail”, is pronounced /tɑriŋʹi/ in WM Irish, as shown in IWM, the verb traditionally spelt tairngeálaim, tairgneail is pronounced /tɑ:r’nɑ:limʹ, tɑ:r’nɑ:lʹ/, as shown in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne. The past participle is tárnálta, as opposed to the tairneáilte of the CO, pronounced /tɑ:r’nɑ:lhə/.
uaigh: “grave”, pronounced /uəgʹ/.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Teagasc Críostaí, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s