92. An Buachaill agus an Machtíre.

Bhí an buachaill ag aeireacht na gcaorach. Cheap sé go mbeach spórt aige ar na daoine a bhí sa chómharsanacht. Do rith sé agus do liúigh sé; “Ó,” ar seisean, “an machtíre! an machtíre! ag marú na gcaorach!”

Do rith na daoine chun na háite ’na raibh na caoire. Ní raibh aon mhachtire ann, agus bhí ana-spórt ag an mbuachaill ar na daoine a tháinig.

Tamall ’na dhiaidh san dhein sé an rud céanna, agus bhí an spórt céanna aige.

Fé dheireadh tháinig an machtíre dáiríribh. Do rith an buachaill agus do liúigh sé, “Ó, an machtire! an machtíre!” ach níor cuireadh aon tsuím ann.

“Sport a theastaíonn uaidh a bheith aige orainn,” aduairt na daoine, “fé mar a bhí aige orainn seachtain ó shin.”

Do mhairbh an machtíre na caoire, mar ní raibh éinne chun iad do chosaint air.

An lá ’na dhiaidh san bhí duine iasacht ag gabháil an treó. Chonaic sé an buachaill ag gol.

“Cad ’tá air siúd?” ar seisean le duine de sna cómharsain.

“Tá,” arsan chómharsa, “gol an gháire a bhí aige seachtain ó shin.”

An Múineadh.

Má thugann tú mar bhéas duit féin bheith ag ínsint an éithigh ní creidfar an fhírinne uait.

Is féidir do dhuine déanamh gan a ghaolta, ach ní féidir do déanamh gan na cómharsain atá ’na thímpall. An té gur maith leis deá-chómharsanacht d’fháil ní foláir do dea-chómharsanacht a thabhairt uaidh.

Droch-chómharsanacht is ea bheith ag magadh agus ag fonóid fé dhaoine. Ní raibh an rath riamh ar a leithéid.

Ná deinse inniu gáire nách ceart duit a dhéanamh, le heagla go ndéanfá gol an gháire sin amáireach.

Foclóirín

aoraim, aeireacht: “to shepherd, herd”, or aoirím, aoireacht in the CO. Traditionally written aodharaim, aodhaireacht, the spelling change of the mid-twentieth century has produced a CO spelling of the verbal noun that yields the incorrect pronunciation for speakers of Munster Irish. Pronounced /e:rimʹ, e:rʹəxt/.
béas: “custom, habit”. Rud a thabhairt mar bhéas duit féin, “to get into a habit of doing something”.
déanamh gan: “to make do without”. Déanamh gan do ghaolta, “to make do without your relatives, without the support of your relatives”.
fonóid: “to mock, jeer, scoff”. Originally spelt fonomhaid, I am wondering if this word is pronounced /fo’nu:dʹ/ or /fə’no:dʹ/.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s