81. An Cág agus na Péacóga.

“Níl in sna cágaibh seo ach cábóga,” arsan cág. “B’fheárr liom go bhféadfainn imeacht uathu ar fad. Níl aon ní i bhfuirm uaisleachta ag baint leó. Bíonn náire orm nuair a chítear me ’na gcuideachtain. Ní mór dhom seift éigin a dhéanamh ar dhul leis na péacógaibh. Sin iad na héin atá uasal. Is róbheag an rud a dhéanfadh péacóg díom féin. Éan breá deallraitheach is ea me. Ní bheadh uaim ach na cleití.”

As san amach is ar éigin a labharfadh sé le héinne de sna cágaibh eile, bhí a leithéid sin de dhrochmheas aige orthu. Chrom sé ar bheith ag bailiú na gcleití a thiteadh a heireaballaibh na bpéacóg. Ar ball bhí oiread acu bailithe aige agus ’ dhéanfadh eireaball. Sháigh sé in’ eireaball féin iad, i dtreó gur dhó’ le duine gurb eireaball péacóige é. Siúd anonn é chun an tí mhóir, mar a raibh na péacóga ’na gcónaí.

“Móra dhíbh, a uaisle!” ar seisean.

D’fhéachadar air. Níor thug éinne acu freagra air.

“Cág! Cág! Cág!” ar siad go léir.

Do ritheadar chuige agus chromadar ar a gcleití do stathadh as an eireaball. Ansan do stathadar a chleití féin as, i dtreó gur gheárr ná raibh cleite in aon chor ann aige. Ansan do stathadar na cleití as a sciathánaibh. Ansan do stathadar an clúmh go léir de agus chomáineadar uathu é, agus fuil go tiubh air.

Tháinig sé abhaile ag triall ar na cágaibh eile. Chonacadar ag teacht é. Do ritheadar amach ’na choinnibh.

“Ná tair anso chúinne,” ar siad, “ag tabhairt náire dhúinn! Imigh thar n-ais ag triall ar na huaislibh. Níl aon ghnó anso agat. Imigh!”

Mheas sé gan imeacht, ach do ghobadar é agus do ghabhadar dá sciathánaibh air i dtreó go mb’éigean do imeacht agus tuilleadh fola air.

An Múineadh.

Nuair a tháinig Aesop go hÉirinn fuair sé Éire lán dá leithéid siúd, agus bhí seirithean mór air. Tá a malairt ag éirí suas in Éirinn le déanaí, áfach.

An té ná fanann sa chruith ’nar dúchas do ach a bhíonn ag rith i ndiaidh na huaisleachta, is amhlaidh a bhíonn an uaisleacht ag teitheadh uaidh agus an ísleacht ag magadh fé, agus iad araon bréan de.

Foclóirín

cág: “jackdaw”.
clúmh: “fur, down”.
cruth: “state, condition”. Apparently feminine in PUL’s works, as the dative is cruith here, whereas the CO word is masculine. However, cruth is also found in some of PUL’s works in the dative, so the gender may be unstable.
deallraitheach: “resplendent, handsome”, with the traditional ll preserved here, showing the diphthong. Pronounced /dʹaurəhəx/.
dúchas: “inherent or innate quality, natural bent”. Is dúchas do, “it is inherent to him”.
gobaim, gobadh: “to peck”.
péacóg: “peacock”.
seirithean: “indignation”, or seirfean. Pronounced /ʃerʹihən/.
téim, dul: “to go”. Dul le, “to go with, accompany”, but also, as probably here, “to take after, resemble”. Ní mór dhom seift éigin a dhéanamh ar dhul leis na péacógaibh, “I must think of a way to look more like the peacocks”.

This entry was posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents. Bookmark the permalink.

4 Responses to 81. An Cág agus na Péacóga.

  1. Seosamh says:

    a Dháibhí a chara
    Thank you for these reading selections.
    Do any of them have an accompanying audio reading by a native or fluent speaker?
    Go raibh maith agat

    Seosamh

  2. Gearóid Ó Laoi/Garry Lee says:

    I’m not from Muskerry but was brought up in Cork City with Irish which is Muskerry Irish and I spent years going to the Ardrang Gaoluinne in Ballyvourney and I could do it pretty well if necessary.

  3. Daithi says:

    I agree, but think “dul leis” could also mean “to be associated with”. By the way, go raibh maith agat as an sar obair ata a dheanamh agat!

  4. admin says:

    Seosamh, the problem is always to find a speaker – Gearóid has offered to do it, but I am not in Ireland right now, and recording anything requires going to Ireland with recording equipment.

Leave a reply to Seosamh Cancel reply