77. An Préachán agus an Sliogán.

Do fuair an préachán sliogán ’na raibh iasc istigh ann. Bhí sé a d’iarraidh an tsliogáin a dh’oscailt agus bhí ag teip air.

Tháinig préachán na gcearc ag triall air.

“Féach,” arsa préachán na gcearc leis, “dá mb’áil leat an sliogán san do thógailt leat suas san aer agus leogaint do titim uait anuas ar an lic seo anso, do brisfí é, agus ansan bheadh an t-iasc agat.”

“Is maith an cuímhneamh agat é,” arsan préachán eile. Thóg sé an sliogán ’na ghob agus siúd suas é. Nuair a bhí sé tamall maith suas tháinig sé cruínn os cionn na lice agus do scaoil sé uaidh an sliogán. Do thit an sliogán ar an lic agus do briseadh é. Do shnap préachán na gcearc an t-iasc leis agus d’imigh sé. Nuair a tháinig an préachán eile anuas ní raibh roimis ar an dtalamh ach dhá leath an tsliogáin agus iad araon folamh.

An Múineadh.

Ná glac ó dhuine ar bith cómhairle ar mhaithe leis féin.

Dhein préachán na gcearc a ghnó gasta go leór. Do rug sé leis an lán béil sin. Ní ritheann i bhfad, áfach, le daoine den tsórd san. Ní bheirid siad an tarna lán béil ach ó amadán éigin. Bíonn an t-amadán féin maith a dhóthain dóibh sa deireadh. Ansan bíonn gach éinne ag cimeád uathu amach agus ní bhíonn acu ach gorta agus uaigneas. B’fheárr an mhacántacht ó thosach.

Foclóirín

lán béil: “mouthful”.
sliogán: “shell”.
tarna: “second”, or dara in the CO.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s