75. An León agus an Fear.

Bhí an fear ag fiach. Bhí sé ag leagadh na mbeithíoch allta go tiubh leis na saighdibh. Bhí sceón iontu agus iad ag teitheadh uaidh isteach i ndiamhraibh na coille.

“Téanam,” arsan león, “agus troidimís é. Táim féin, nú éinne agaibhse, chómh láidir le deichniúr dá shaghas. Tugaimís aghaidh air!”

Ní thiocfadh éinne acu leis. B’éigean do teacht in’ aonar. Ní raibh sé ach tagaithe i radharc an fhiagaí nuair a ghluais saighead chuige. Chuaigh an saighead isteach ’na chliathán idir dhá easna agus thit sé. Bhí an mada rua ag féachaint air ag titim.

“Ó! a rí,” arsan mada rua, “cad a leag thu? Níor mheasas go raibh neart ar bith a dh’fhéadfadh an leagadh san do bhaint asat!”

“Níor mheasas féin é ach chómh beag,” arsan león. “An fear san thall a dhein é. Ach ní le neart a chuirp a dhein sé é. Lena ghliocas is ea ’ dhein sé é. Dá bhfaighinnse greim air ba gheárr an mhoíll orm an t-anam a bhaint as. Ach cad é an mhaith san? Mura bhfuil neart cuirp aige tá neart íntleachta aige. D’fhág san mise tréith.” Agus d’imigh an t-anam as.

An Múineadh.

Is neamhní neart cuirp seochas neart aigne.

Méadaíthear neart na haigne le foghlaim. Neart don aigne is ea eólas, fé mar is neart don cholainn bia.

Foclóirín

cliathán: “side, flank”, pronounced /klʹi:’hɑ:n/.
diamhair: “darkness, secluded place, recess”. Especially used in the plural: i ndiamhraibh na coille, “in the recesses of the wood”. Diamhair and diamhra are possibly pronounced /dʹiəvirʹ, dʹiəvərə/.
íntleacht: “intellect, intelligence”, pronounced /i:ntʹilʹəxt/.
leagadh: “knocking down, felling”, or leagan in the CO. Leagadh a bhaint as duine, “to cause someone to fall, bring someone down”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s