71. An Madra sa Mhainséar.

Bhí an madra ’na luí sa mhainséar. Tháinig an capall chun an fhéir a dh’ithe. Chrom an madra ar bheith ag amhastraigh ar an gcapall agus ní leogfadh sé dho an féar a dh’ithe.

“Greadadh chút, a rud dhrochmhiotalaigh!” arsan capall leis. “Ní fhéadfá féin an féar a dh’ithe, agus ní leogfá dhómhsa é ’ dh’ithe!”

An Múineadh.

Tá aicme daoine sa tsaol agus deinid siad díreach mar a dhein an madra úd a bhí sa mhainséar. An rud ná féadfaidís féin aon úsáid a dhéanamh de b’fheárr leó é ’ chimeád díomhaoin ná a thairbhe ’ bheith ag éinne eile. Tá daoine eile agus is amhlaidh a bheadh áthas an domhain orthu a bheith ar a gcumas tairbhe ’ dhéanamh do dhuine eile. Ní hé amháin an rud ná beadh aon ghnó acu féin de ba mhaith leó a thabhairt don té ’na mbeadh gá aige leis, ach an rud ’na mbeadh gnó acu féin de do leogfaidís orthu ná beadh i dtreó go bhféadfaidis an tairbhe ’ dhéanamh don chómharsain.

Foclóirín

amhastraím, amhastrach: “to bark”. Pronounced /austə’ri:mʹ, austərəx/. Note that as a feminine verbal noun ending in -ach, amhastrach becomes ag amhastraigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
mainséar: “manger”, pronounced /main’ʃe:r/.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s