66. An tAthair Nímhe agus an Líomhán.

Chuaigh an t-athair nímhe isteach sa cheártain an fhaid a bhí an gabha amu’. Chimil sé leis an líomhán. Do ghortaigh an líomhán é. Thug sé snap ar an líomhán agus mheas sé na fiacla nímhe a chur tríd. Níor fhéad sé na fiacla ’ chur tríd an gcruaidh, ní nárbh ionadh, ach chimeád sé a ghreim agus bhí sé ag oibriú na bhfiacal.

Do scaoil an líomhán leis ar feadh tamaill. Ansan do labhair sé.

“Airiú, bíodh ciall agat,” ar seisean, “agus cuir uait an chogaint. Ná fuil ’ fhios agat go bhféadfainnse, dá mba mhaith liom é, na fiacla san a dh’ithe amach as do cheann!”

An Múineadh.

Ná bí ag casadh le rud a dhéanamh atá lasmu’ ar fad ded chumas. Ní dhéanfair ach t’fhiacla do mheilt agus do bhriseadh leis, agus sin a mbeidh dá bhárr agat.

Is beag má tá aon ní is mó a thuilleann drochmheas ná drochaigne ag casadh le díobháil a dhéanamh, agus gan ar a cumas é ’ dhéanamh.

Foclóirín

ceárta: “forge, workshop” with the traditional dative here ceártain, a form not found in the CO.
cimlím, cimilt: “to rub”, or cuimlím, cuimilt in the CO, which preserves the classical forms with a broad c. Cimilt le is normally “to touch”, with cimilt de “to rub against”, but cimilt le may mean “to rub against” in the context here? [See an áit ’nar chimil an órdóg den talamh in PUL’s Séadna.] Unless cimilt de is more of a purposeful rubbing, and cimilt le here means an accidental rubbing/being caught against something?
cruaidh: “steel”, or cruach in the CO. Pronounced /kruəgʹ/.
cuirim, cur: “to put”. Cuir uait, “stop that, leave it out”.
líomhán: “file” (the tool found in a workshop).

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s