62. An Frog agus an Bhó.

Ag gabháil trí bheárnain fhliuch di do chuir an bhó a cos ar áit ’na raibh froganna óga, agus shatail sí ar cheann acu agus mhairbh sí é. Tháinig mathair na bhfrogranna óga abhaile.

“Cad a mhairbh úr ndriotháir?” ar sise leis an gcuid eile acu.

“Ó, a mham,” ar siad, “an t-ainmhí ba mhó dá bhfeacamair riamh táinig sé agus chuir sé a chos ar ár ndriotháir agus mhairbh sé é.”

“An raibh sé chómh mór so?” ar sise, dhá líonadh féin le gaoith agus dhá hat féin suas.

“Ach!” ar siad, “ba mhó go mór é ná san.”

“An raibh sé chómh mór so?” ar sise, agus do shúigh sé tuilleadh gaoithe isteach.

“Ach, a mham,” ar siad, “dá mbeifá ag sú gaoithe isteach go deó ní bheifá chómh mór leis siúd!”

“An raibh sé chómh mór so?” ar sise, “agus do shúigh sí tuilleadh gaoithe isteach. Shúigh sí an iomad den ghaoith isteach an uair sin, agus do scoilt uirthi, agus thit an t-anam aisti.

An Múineadh.

Ná bíse suas is anuas le daoine atá níos mó agus níos saibhre ná thu féin, nú scoiltfidh ort. Níl an gustal agat chuige agus is amhlaidh a beifar ag magadh fút. Déarfar gur ag rith i ndiaidh na huaisleachta a bheir. Déanfair éagóir ort féin. Brisfar thu. Scoiltfidh ort. Ansan ní bheidh trua thíos ná thuas duit.

Foclóirín

ataím, at: “to swell”. Dhá hat féin suas, “puffing herself up”.
suas is anuas: Dinneen shows dul suas is anuas le duine means “to contend on terms of equality with someone”; bheith suas is anuas le duine here means the same thing.
scoilim, scoltadh: “to split, cleave”, or scoiltim, scoilteadh in the CO. Often spelt without the historical t (sgoiltim). Possibly pronounced either with or without the devoicing of the l: /skolʹhimʹ~skolʹimʹ, skolhə/. Scoilteann/scoileann orm, “I burst”.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s