59. An Gadhar Drochmhiotalach.

Bhí gadhar ann agus bhí sé ana-dhrochmhiotalach. Ní fhéadadh aon chómharsa teacht chun an tí leis, thagadh a leithéid de chochall air chúthu, agus é i riocht iad do stracadh as a chéile dá bhfaigheadh sé greim orthu. B’éigean d’fhear an tí bloc maith mór adhmaid do cheangal féna bhráid, ar a mhuineál, mar chosc air. Nuair a fuair sé an rud breá mór ceangailte mar sin, suas féna bhráid, is amhlaidh a cheap sé gur mar chómhartha uaisleachta agus onóra do cuireadh air é. Tháinig árdmheas aige air féin láithreach, agus is ar éigin ’ fhéachfadh sé in aon chor ar aon ghadhar eile, bhí sé chómh mór san os a gcionn, dar leis. Chonaic an chuid eile an mór is fiú go léir, agus bhí ana-spórt acu air. Bhí ’ fhios acu go maith cad chuige an bloc. Fé dheireadh do labhair seanaghadhar ciallmhar a bhí ann le madra an bhluic.

“Féach,” ar seisean, “ná bí ag magadh fút féin. Ní dea-chlú a thugann an bloc san duit, ach drochainm. In ionad an mhór is fiú is amhlaidh ba cheart duit náire ’ bheith ort. Tá a bhfuil de ghadhraibh sa chómharsanacht ag steallamhagadh fút!”

“Tuigim iad go maith,” arsan gadhar an bhluic, “agus tuigim thusa. Éad, lán úr gcínn d’éad, atá ar gach gadhar agaibh nuair ná fuil bloc mar é seo féna bhráid féin aige.”

An Múineadh.

Is mór an trua an té ná haithníonn an fear thall ag magadh fé; ach níl aon trua ar an dtalamh so is mó ná an té ná haithníonn é féin ag magadh fé féin.

Tá a lán daoine sa tsaol agus tá dáltha an ghadhair úd an bhluic orthu, go cruínn díreach. An rud is náire dhóibh, is dó’ leó gur onóir dóibh é; agus an rud dob onóir dóibh, is dó’ leó gur náire ’ gheóbhaidís dá bhárr. Agus, donas an scéil ar fad, ní haon mhaith cómhairle a leasa ’ thabhairt dóibh!

Is trua ná féachaimíd orainn féin amach as súil duine eile!

“An té ná múineann Dia ní mhúinid daoine é.”

Foclóirín

brá: “neck, throat; front of the neck”, or bráid in the CO where the dative has replaced the nominative. I can’t find a reference in PUL with brá in the nominative, but at any rate brá is the historical nominative.
cochall: “a cock’s hackles”, and by extension a reference to fighting/getting angry with people. Tháinig cochall air chuige, “he flew into a range against him”.
ionad: “place”. PUL here used the form that has been adopted in the CO, although elsewhere he generally uses inead. In ionad ruda, “instead of something”.
mór is fiú: “pomposity, self-esteem, conceit”.
steallamhagadh: “mocking, jeering”, or steallmhagadh in the CO.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s