58. An Sealgaire agus an Lon Dubh.

Bhí an sealgaire ag cur baoite ar an líon chun beirthe ar éanaibh. Chonaic an lon dubh é.

“Cad ’tá agat dá dhéanamh ansan?” arsan lon dubh.

“Cathair a theastaíonn uaim a dhéanamh ann,” arsan sealgaire, agus d’imigh sé.

Ní raibh aon drochiúntaoibh ag an lon dubh as an gcathair nua, dar leis. Tháinig sé chun an bhaoite agus do rugadh air sa líon. Is amhlaidh a bhí an sealgaire i bhfolach. Do rith sé chun na háite ’na raibh beirthe ar an éan sa líon.

“Á!” arsan lon, “más é seo saghas cathrach a cheapann tú a dhéanamh ní thiocfaidh puínn daoine chun cónaithe id chathair chút.”

An Múineadh.

An rí a dhéanfaidh an feall beidh a chathair gan daoine aige lá éigin.

Is féidir bob a bhualadh ar an bpoiblíocht uair nú dhó, ach má leanann an duine gasta ar bheith dhá mbualadh ar gach éinne ní fada go seachantar é. Fanaid na daoine uaidh. Fágtar in’ aonar é. Ní chreideann éinne focal uaidh. Bíonn saol uaigneach aige. Ansan cad é an tairbhe dho an ghastacht go léir?

Foclóirín

baoite: “bait”, as used in angling or hunting.
seachnaim, seachaint: “to avoid”, or seachnaím, seachaint in the CO. The present autonomous form seachantar found here clearly shows this verb in the first conjugation in PUL’s works; the CO would have seachnaítear.

Advertisements

One thought on “58. An Sealgaire agus an Lon Dubh.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s