54. An Cat agus na Luchaidh.

Bhí muíntir an tí ciapaithe ag luchaidh. Do sholáthraíodar cat. Cat maith ab ea é. Ní raibh aon oíche ná hitheadh sé cuid mhaith de sna luchaidh. Nuair a thuig na luchaidh go raibh an dísciú dhá dhéanamh orthu chuadar i gcómhairle, féachaint cad ba cheart a dhéanamh. Do socraíodh ar gan aon luch do theacht ní b’ísle ná an clár uachtarach aon oíche feasta. Ní raibh ar chumas an chait dul chómh hárd leis an gclár uachtaraigh, agus níor fhéad sé breith ar a thuilleadh de sna luchaidh. Bhí ocras air. Chuímhnigh sé ar sheift. Bhí bacán i gceann de sna clárachaibh íochtaracha. Do cheangail sé a chosa deiridh sa bhacán, agus do leog sé dá cheann agus dá chabhail ’ bheith ar sileadh síos i dtreo gur dhó’ le duine go raibh sé marbh agus go raibh sé ar crochadh as a chosaibh deiridh. Chonaic na luchaidh é.

“Ó,” ar siad, “tá sé marbh! Tá sé marbh! Téanam síos anois ar na clárachaibh eile go n-itheam ár ndóthain.”

“Fanaidh go fóill,” arsan seanaluch a bhí orthu, agus d’fhéach sí síos ar an gcat agus é ar crochadh as an mbacán.

“Taíonn tú ansan, a ropaire!” ar sise. “Má taíonn tú marbh is maith an scéal é. Ní fheadar ’en domhan. B’fhéidir go bhfuileann tú marbh, ach im thaobhsa dhe dá mbeifá chómh marbh le hArt ní bheadh aon iúntaoibh agam asat. Ní bheadh aon iúntaoibh agam asat dá mba ná beadh ann ach do chroiceann agus é stopaithe le tuí, féach!”

Do léim cuid de sna luchaidh óga síos. Bhí an t-ocras orthu agus bhí an bia ar na clárachaibh íochtaracha. D’fhan an cat mar a raibh aige go dtí go raibh cuid mhaith acu thíos. Ansan do scaoil sé uaidh an bacán agus ar leagadh na súl bhí leathdosaen acu marbh aige.

An Múineadh.

“Ná bíodh iúntaoibh agat a’ cois deiridh an chapaill bháin go dtí go bhfeicfir ag imeacht í ar ghualainn an mhadra.”

Ná bíodh aon iúntaoibh choíche agat as do namhaid bhunaidh, pé cor a thabharfaidh sé dho féin.

Foclóirín

ag: “at”. Mar a raibh aige, “where he was”, an idiomatic variation of mar a raibh sé.
bacán: “hook, peg”.
bunaidh: “essential, basic”, an adjective derived from the genitive singular of bunadh, “origin”; pronounced /bunigʹ/. Namhaid bhunaidh, “inveterate enemy”.
chómh marbh le hArt: “as dead as Art Mac Cuínn (a legendary high king of Ireland); stone-dead”.
clár: normally “table, board”. I can’t work out the precise meaning of clár uachtarach here; maybe it just means a surface that is higher on something, without specifying whether it is the surface of a table or cupboard or something else?
cor: “throw, cast”. Cor a thabhairt do dhuine, “to treat someone in a certain way, to do something to someone”. Pé cor a thabharfaidh sé dho féin, “whatever happens to him, whatever he does to himself”.
féachaim, féachaint: “to look”. Féach, “mind you”, as an interjection.
leagaim, leagadh: “to knock down, fell”, or leagaim, leagan in the CO. Ar leagadh na súl, “in a twinkling”.
leathdosaen: “half a dozen”, or leathdhosaen in the CO. IWM confirms the pronunciation is /lʹah-tə’se:n/.
stopaim, stopadh: “to stop; stop up, stuff up with something”. Stopaithe le tuí, “stuffed with straw”. Spelt stupaithe in the original, Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows the pronunciation of these forms is with /u/, /stupimʹ, stupə, stupihi/.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s