51. An Bochtán agus a Chuid Óir.

Bhí fear saibhir sanntach ann uair agus bhí árd-dhúil in ór aige. Bhí feirm mhór saor aige. Dhíol sé an fheirm agus fuair sé mórán óir uirthi. Do leigh sé an t-ór i dtreó gur dhein sé aon chnapóg amháin de. Ansan dhein sé poll sa talamh in áit uaigneach agus chuir sé an chnapóg mhór óir síos sa pholl. Thagadh sé gach aon lá chun na háite ag féachaint ar an gcnapóig óir. Ba mhór an sásamh aigne leis an chnapog a dh’fheiscint lena shúilibh.

Chonaic bithiúnach é ag dul gach aon lá chun na háite.

“Dar fia,” arsan bithiúnach, in’ aigne féin, “ach tá rud éigin i bhfolach aige siúd san áit úd. Ní mór dhom ’ fháil amach cad é an rud é.”

Do lean an bithiúnach é i ganfhios do. Chonaic sé ag oscailt an phuíll é agus ag féachaint ar rud éigin a bhí thios sa pholl. Chómh luath agus ’ bhi sé imithe tháinig an bithiúnach agus d’oscail sé an poll. Do rug sé leis an chnapóg óir.

“Is mór an trua an t-ór so ’ bheith díomhaoin anso,” ar seisean.

Amáireach a bhí chúinn tháinig an fear arís chun an phuíll, mar ba ghnáth. D’oscail sé an poll. Bhí an chnapóg imithe! Bhuail sé a dhá bhais agus chas sé an dá olagón déag. D’airigh cómharsa é.

“Cad é sin ort, airiú?” arsan chómharsa leis.

“Ó!” ar seisean, “táim creachta, táim creachta, táim creachta!” Agus d’inis sé dho i dtaobh na cnapoige.

“Neósfadsa dhuit cad a dhéanfair,” arsan chómharsa. “Aimsigh cloch mhaith mhór, chómh mór leis an gcnapóig óir a bhí agat. Cuir an chloch síos sa pholl san, agus abair leat féin gurb í an chnapóg óir í. Beidh oiread tairbhe agat as an gcloich agus ’ bhí agat as an ór.”

An Múineadh.

Níl éinne is dealú ná an bochtán saibhir. Bíonn tart air agus bíonn ocras air agus bíonn fuacht air, agus bíonn eagla na mbithiúnach air. Agus ní bhíonn trua ag éinne dho. Ní bhíonn blúire de bhárr an tsaibhris aige, ar an saol so ná ar an saol eile.

Foclóirín

bochtán: “pauper”, but probably used in its secondary sense here of “miser”.
casaim, casadh: “to twist”, but also “to raise a song or lament”. Olagón a chasadh, “to lament aloud”. I don’t know what the 12 laments were; maybe they were a traditional expression of grief.
dealbh: “poor”, with the comparative dealbha here edited as dealú.
fuacht: “cold”, the noun. Fuacht a bheith ort seems to mean “to be cold” here, but Ó Dónaill’s dictionary shows it means “to feel the cold”. Further research required here.
leighim, leigheadh: “to melt”, or leáim, leá in the CO. Pronounced /lʹəimʹ, lʹəi/. The preterite leigh is pronounced /lʹegʹ/.
saor: “free”. I’m not sure of the exact meaning, but Dinneen has fearann saor, “free land, landed estate”, and I think saor here may mean “held in freehold, with no landlord” here.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s