45. An Mada Rua Maol.

Do rugadh ar mhada rua in innill lá, agus d’fhág sé a eireaball ann. Bhí sé ansan ag imeacht i measc a chómharsan gan giob den eireaball air, agus is é a bhí go cráite. Bhíodh ceist agus náire agus céann fé air nuair ’ chíodh sé an chuid eile agus na scuaba breátha troma ag titim agus ag luascadh laistiar díobh, agus a dheireadh féin gan toínte air, an fear bocht!

Tháinig ana-mhisneach do nuair ’ airigh sé an fógra ón bhfrog úd do leighisfeadh an saol, dar leis, ach nuair a chonaic sé cad é an saghas an frog do thit an lug ar an lag arís aige.

Fé dheireadh chuímhnigh sé ar sheift a chuirfeadh é, dar leis féin, ó bheith ’na shampla shaolta imeasc a chómharsan. Chuir sé scéala amach gur mhaith leis a chómharsain go léir do theacht chuige ar aon láthair, i lios áirithe a bhí i lár coille. Thánadar. Ní raibh blúire cuinne acu leis an ngnó a bhí aige dhíobh.

Tháinig sé in áirde ar thúrtóig a bhí i lár an leasa agus do labhair sé leó ar an gcuma so.

“Féach!” ar seisean, “a mhadraí rua,” tá ní ag déanamh mearathaill dom le fada agus measaim nách ceart dom é ’ chimeád níos sia ar m’aigne gan cur os úr gcómhair. Is mó cúntúirt agus is mó iomárd a bhíonn os cionn an mhada ruaidh ó mhaidin go hoíche agus ó Luan go Satharn. Bíonn an fiach ’na dhiaidh, agus bíonn fear na ngéann ’na dhiaidh, agus bíonn fear na gcearc ’na dhiaidh, agus is deocair do dul uathu go léir. Ba dhó’ liom gur cheart do na madraíbh rua, an chéad ní ná a chéile, an rud is mó ’ thabharfadh cúnamh chun beirthe orthu é ’ chaitheamh uathu. Ba dhó’ liom gur mhaith an chiall dóibh é. Ní dó’ liom go bhfuil ciall is feárr ná é. Do stad sé agus d’fhéach sé ’na thímpall orthu. Ní fheadradar ó thalamh an domhain cad é an fuadar a bhí fé, nú cad air go raibh sé ag teacht. D’fhéachadar air, agus d’fhéachadar ar a chéile. Níor labhair éinne acu.

“Tá,” ar seisean, “adharca ar an bhfia, agus bíodh gur cúnamh cosanta dho iad, is feárr ná san de chúnamh chun beirthe air iad. Tá ualach iontu agus tá greim maith le fáil orthu. Tá eireaball ar an bhfranncach agus má théann leis imeacht ón stáca agus a cheann do shá i bpoll, is minic go bhfanann an t-eireaball lasmu’ den pholl, agus go mbeirtear air, agus go dtairrigthear an franncach amach as an bpoll agus go mbuailtear buille dá cheann ar an gcloich, rud nárbh fhéidir a dhéanamh muna mbeadh an t-eireaball. Níl adharc ná eireaball ar ghiorrae, agus tá a rian air, téann sé as choíche go dtí go mbeirtear ar chabhail air. Tá sé buailte isteach im aigne, agus deirim go láidir é, gur mó mada rua maith atá ite ag gadharaibh le bliain, agus do bheadh anso beó ’nár measc inniu, muna mbeadh an t-eireaball. Bhíodh na nithe seo ag teacht im aigne go minic i bhfad sular baineadh an t-eireaball díom féin, ach ó scaras leis an ualach is ea ’ thuigim an scéal i gceart. Deirim gan amhras aon mhada rua do bhainfeadh an t-eireaball de féin gur luas reatha dho é, gur scarúint le hualach dho é, gur chúmpórd suite dho é, gur laighead ar a chúntúirt ó ghadharaibh é, agus gurbh fhaid ar a shaol é. Is chuige ’ thugas anso sibh chun na nithe sin do chur os úr gcómhair. Aon mhada rua gur maith leis saol fada, saol suairc cúmpórdach do bheith aige chómhairleóinn dho an t-ualach eireabaill sin do bhaint de féin láithreach. Is dómhsa is ceart an chómhairle sin do thabhairt uaim mar tá fios dá thaobh an scéil agam ó baineadh an t-eireaball díom féin. Ní raibh ’ fhios agam riamh i gceart cad a bhain le cúmpórd ná le héascacht siúil, ná le sástacht aigne, go dtí gur baineadh an t-ualach san díom. Cheapas gur cheart dom an scéal d’ínsint díbhse.”

Do stad sé. D’éirigh seana-mhada rua thall agus chuir sé casachtach bheag as. D’fhéach sé ’na thímpall agus sult ’na shúilibh. “Is amlaidh mar atá an scéal agamsa,” ar seisean. “Tá an tseanascuab so le fada laistiar orm,” agus d’fhéach sé siar uirthi, “agus níor bhain aon ghadhar oiread agus ribe fós aisti. Is dó’ liom gur mór an fhothain í sa dúluachair. Ba dhó’ liom dá mbainfí dhíom í gurbh amhlaidh a bheadh gach éinne ag féachaint orm a d’iarraidh a dhéanamh amach ceoca mada rua me nú banbh muice. Má ráiníonn, i bhfad uainn an t-olc! trap nú inneall nú fiacal gadhair dhá bhaint díom, is mór an sásamh aigne liom ’ fhios do bheith agam uaitse go bhfuil na maitheasaí úd go léir im chóir. Go dtí san is dó’ liom go ndéanfad seift ar chur suas lena hualach.”

Níor leogadh a thuilleadh cainnte as, d’éirigh a leithéid sin d’uaill gháirí mórthímpall an leasa.

An Múineadh.

Má bhíonn dálta an mada ruaidh mhaoil ort ná bhí a d’iarraidh daoine eile ’ dhéanamh chómh dona leat féin. Táid daoine agus is beag ná gur chuma leó cad é an donas a bheadh orthu féin ach go mbeadh donas chómh mór leis ar dhuine éigin eile. Seachain iad. Ní maith an earra iad.

Foclóirín

banbh muice: “piglet”.
cabhail: “body, torso”, pronounced /kaulʹ/.
casachtach: “act of coughing; cough”.
dálta: “circumstances”. This word is, etymologically at least, a plural noun, derived from dáil, “meeting, assembly”. Pronounced /dɑ:lhə/. Dálta duine a bheith ort, “to be just like someone”.
deireadh: “end”, or here, “hindparts”.
dúluachair: “midwinter, the depth of winter”, traditionally referring to the period between Christmas and St. Bríd’s day (February 1st). This word is attested as masculine in Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne, where Amhlaoibh Ó Loingsigh has an dúluachra in the genitive, and other speakers an dúluachraidh. The word derives from luachair, “light, frost”, given as feminine in Dinneen’s dictionary, but this word may have been distinguished from luachair, “reed”, in WM Irish by assigning it to the masculine gender. Further research required.
earra: “article, thing”, also used to refer to people. Ní maith an earra iad, “they are not a good sort”. Note that earra is feminine in PUL’s works, but masculine in the CO. PUL used the spelling ara. Pronounced /ɑrə/.
éascacht: “ease, facility”, or éascaíocht in the CO. Pronounced /e:skəxt/.
fothain: “shelter”.
franncach: “rat”, or francach in the CO. Pronounced /frauŋkəx/.
gé: “goose”. An archaic genitive plural géann is used here; fear na ngéanna, “the goose-owner”, would also be correct. Note the pronunciation of genitive plural, /gʹe:n/.
giob: “bit, scrap”.
iomárd: “affliction, misfortune”, pronounced /ə’mɑ:rd/.
lios: “enclosure, garth”.
lug: “something small”, an obscure word which is the origin of the comparative (originally spelt lúgha). Do thit an lug ar an lag arís aige, “he lost heart again”, literally “the small fell on the weak, i.e., smallness had no other support but weakness in him; he collapsed in dismay”.
mearathall: “confusion”, or mearbhall in the CO. Pronounced /mʹarəhəl/.
rian: “sign, mark”. Tá a rian air, “it is clear, it seems obvious”.
sampla saolta: “a public example”, i.e., an object of derision.
Satharn: “Saturday”, pronounced /sɑhərən/.
scéala: “news”, but scéala do chur amach, “to send out word”.
stáca: “stack”, possibly referring here to a stack or rick of corn where a rat might lurk.
tagaim, teacht: “to come”, but teach ar, “to get at, to drive at something”. Ní fheadradar cad air go raibh sé ag teacht, “they didn’t know what he was driving at”.
tairrigim, tarrac: “to pull”, or tarraingím, tarraingt in the CO. Pronounced /tarʹigʹimʹ, tɑrək/. PUL used the spelling tarangthar for the present-tense autonomous in the original, but this is edited here as tairrigthear here, where the CO has tarraingítear. I am assuming a pronunciation of /tarʹigʹəhər/, but further research is required; it may be PUL had a broad r in this word.
téim, dul: “to go”. Dul le, “to happen to”: má théann leis imeacht ón stáca, “if it happens to leave the haystack”.
toínte: “thread, stitch”. Gan toínte air, “without a stitch of clothing on him”, or here, “without a scrap of covering”.
uaill: “howl”.
ualach: “load, burden”. Tá ualach iontu, possibly meaning “they’re very heavy”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s