41. An Gadhar agus an Machtíre.

Bhí gadhar ag válcaeireacht do féin oíche bhreá spéir ghealaí. Do casadh machtíre air. Bhí an gadhar go cothaithe láidir sleamhain. Bhí an machtíre go caol agus go lom agus go hocrach.

“Is mór an iúnadh liom,” arsan machtíre, “tusa chómh beathaithe agus mise chómh lom. Is treise agus is feárr chun fiaigh me ná thu, agus féach, is feárr a chothaíonn tusa thu féin ná mar ’ fhéadaimse me féin do chothú. Conas a dheineann tú é?”

“Níl bac ortsa thu féin do chothú chómh maith agus ’ chothaímse me féin ach go ndéanfair an gnó a dheinim,” arsan gadhar.

“Cad é an saghas gnótha é?” arsan machtíre. “Ní dheallraíonn sé gur gnó róchruaidh é. Ní fhéachann tú mar ’ fhéachfadh gadhar a bheadh marbh ó obair.”

“Neósfadsa dhuit cad é an gnó é,” arsan gadhar. “Bíonn orm an tigh d’fhaire istoíche agus na bithiúnaigh do dhíbirt.”

“An mbíonn a thuilleadh?” arsan machtíre.

“Ní bhíonn a thuilleadh,” arsan gadhar, agus rud is feárr ná san, níl aon ghnó is feárr a thaithneann liom ná é.”

“An daighe,” arsan machtíre, “is breá bog a thuilleann tú do bheatha, agus mise ag scuabadh na gcnuc ar feadh cheithre n-uaire fichid b’fhéidir, go minic, sula bhfaighim lán mo bhéil de bhia.”

“Níl éinne dhá iarraidh ort,” arsan gadhar.

“Ar mhiste dhom dul in éineacht leatsa anois,” arsan machtíre, “agus déanfad an obair a dheineann tusa?”

“Téanam ort,” arsan gadhar.

Bhí an bheirt ag sodar le cois a chéile, ag déanamh ar an dtigh ’nar bhain an gadhar leis. Féachaint dá dtug an machtíre ar mhuineál an ghadhair chonaic sé rud éigin.

“Cad é an rian é sin a chím ar do mhuineál?” ar seisean leis an ngadhar.

“Ach! ní fiú biorán is é sin,” arsan gadhar. “Níl ann san ach rian an tslabhra a bhíonn orm i gcaitheamh an lae. Gadhar drochmhiotalach is ea me, agus caitear me ’ cheangal i gcaitheamh an lae le heagla dá dtigeadh aon chómharsa isteach go mbéarfainn air.”

“Agus a’ mbíonn slabhra ar do mhuineál i gcaitheamh an lae?” arsan machtíre agus iúnadh air.

“Bíonn,” arsan gadhar, “ach nuair ’ bheadh taithí agat air ní churfá suím ar bith ann.”

“Ambasa, a mhic ó,” arsan machtíre, “do chuirfinnse suím ann. Dá gceangaltí mar sin me do bhrisfinn an ceangal nú thachtfainn me féin. Níor cuireadh aon cheangal riamh orm agus ní curfar choíche. Is feárr liom mo chothú féin dá olcas é agus cead mo chos, trí chnucaibh agus trí choílltibh, ná do chothúsa dá fheabhas é, agus do shlabhra. Go dtéir slán!” Do léim sé thar chlaí agus chuir sé an réidh ó thuaidh de.

An Múineadh.

Is mairg a dhíolfadh é féin ar a n-íosfadh sé.

Ní fhuiligeann saor aicme slabhra.

Foclóirín

an daighe: “indeed! really!”, pronounced /ən dəi/. Daighe refers to the Dagda, a powerful god in Irish mythology.
beirim, breith: “to bear, carry”, with many subsidiary meanings. Beireann an madra ar dhuine, “the dog bits someone” (see Ó Dónaill’s dictionary).
biorán: “pin”, pronounced /brʹa:n/. Ní fiú biorán agus é, “it’s worthless, it’s nothing”.
ceanglaim, ceangal: “to bind, tie”, or ceanglaím, ceangal in the CO.
cruaidh: crua in the CO, “hard, severe”. Pronounced /kruəgʹ/ in WM Irish.
deallraím, deallramh: “to appear”, dealraím, dealramh. Pronounced /dʹau’ri:mʹ, dʹaurəv/.
drochmhiotalach: “vicious”, of a dog. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne confirms the pronunciation with a broad t, /dro-vʹitələx/, although PUL’s use of miteal for miotal in his novel Niamh raises some questions. Miotal means “mettle, spirit”, as well as “metal”, and so miotalach means “mettlesome, spirited”.
fiach: “hunt, hunting”, with fiaigh in the genitive.
marbh: “dead”. Marbh ó obair, not given in dictionaries, but probably “exhausted by work”.
réidh: “moorland”, or in the CO. Pronounced /re:gʹ/.
sodar: “to trot”.
tachtaim, tachtadh: “to choke, strangle”.
válcaeireacht: “walking, strolling”, pronounced /vɑ:l’ke:rʹəxt/ according to IWM. Spelt bhálcaéracht in the original; it is unclear if PUL had a broad r in this word.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s