36. An Corcán agus an Crúsca.

Bhí corcán agus crúsca ar bruach abhann. Tháinig an tuile agus do rug sí chun siúil iad araon. “Ó!” arsan crúsca, “cad ’ dhéanfad! Buailfar i gcoinnibh na gcloch mé agus brisfar me!”

“Ná bíodh ceist ort,” arsan corcán, “níl baol ort. Tabharfadsa aire dhuit.”

“Ó! fan uaim amach!” arsan crúsca. “Is measa dhom tusa chúm ná na clocha féin. Má buailtear i gcoinnibh a chéile sinn is mise do brisfar agus níl aon bhaol ortsa. Fan uaim amach adeirim leat!”

An Múineadh.

Más crúsca thu seachain an corcán.

Peoca crúsca nú corcán tu seachain an drochtheangmhálaí.

Ná dein caradas munab é do leas é.

Foclóirín

peoca: “whether”, from pé acu, or pé’cu. Pronounced /pʹukə/.
teangmhálaí: “a person one comes across”, or teagmhálaí in the CO. Pronounced /tʹaŋə’vɑ:li:/. Drochtheangmhálaí, “bad associate”.
tuile: “flood, downpour”.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s