29. An Mada Rua agus an Machtíre.

Bhailigh machtíre stór mór i bpluais, agus ansan cheap sé fanúint sa phluais ar a shástacht an fhaid a leanfadh an lón. D’airigh an mada rua an scéal. Tháinig sé chun na pluaise. Bhí an doras dúnta. Ghaeigh sé. “Ó! imigh leat féin,” arsan machtíre. “Táim gan bheith ar fónamh.”

“Tuigim!” arsan mada rua. “Doicheall atá air. Ach beadsa suas leis.”

D’imigh sé agus do scéidh sé ar an machtíre. D’inis sé don aeire go raibh drochbheithíoch éigin sa phluais. Tháinig an t-aeire agus píce aige agus mhairbh sé an machtíre.

Ansan do chuaigh an mada rua chun cónaithe sa phluais agus bhí soláthar an mhachtíre aige agus bhí sé ar a shástacht.

Ní rófhada a bhí. Ba gheárr gur tháinig an t-aeire céanna chun na pluaise arís, féachaint an raibh aon mhactíre eile ann. D’fhéach sé isteach. Chonaic sé an rud beó istigh agus ní túisce ’ chonaic ná sháigh sé an píce ann, agus do mhairbh sé an mada rua. Sin mar ’ imigh ar an mada rua de bhárr a ghliocais.

An Múineadh.

Filleann an feall ar an bhfeallaire.

Foclóirín 

gliocas: “cleverness”, or gliceas in the CO.
rud: “thing”, pronounced /rod/. An rud, despite being definite, sometimes corresponds more closly to “something” in English.
scéim, scéith: “to spew, vomit”, with ar, “to inform on”, sceithim, sceitheadh in the CO. The preterite scéidh is pronounced /ʃkʹe:gʹ/.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s