Catilína 11

XI.

I dtosach bárra, áfach, ba mhó an imirt a dhein uaillmhian ar aigne daoine ná mar a dhein sainnt, mar is giorra do shubháilce an uaillmhian ná an tsainnt. Tá an dúil chéanna i mórchlú, in onóir, i gcómhacht, ag an nduine fónta agus ag an ndrochdhuine. Loirgeann an duine fónta iad sa tslí chóir. Loirgeann an drochdhuine iad le feall agus le calaois mar ní hí an tslí chóir atá ar eólas aige. Ach cuireann an tsainnt dúil in airgead, rud nár chuir aon duine ciallmhar riamh dúil ann. Tá i sainnt nimh éigin a lagaíonn corp agus aigne an duine. Tá sí gan aon teóra. Ní féidir í ’ shásamh. Ní chuireann easpa ná iomarca laighead uirthi. Ach nuair a ghoibh L. Sulla an stát chuige le neart arm do thosnaigh sé go maith agus do chríochnaigh sé go holc. Bhíodh gach éinne ag fuadach agus ag stracadh chuige. Chuireadh duine dúil i dtigh agus chuireadh duine eile dúil i bhfearann. An mhuíntir a rug bua ní raibh teóra leó ná iompar acu orthu féin. Dheineadar gníomhartha crua, gníomhartha gráinniúla, ar na daoine. Bhí an ní eile seo ag cur leis na holcaibh sin go léir. Do ghoibh L. Sulla fórlamhas ar an mórshlua thoir san Ásia, agus, i gcoinnibh nós ár sínsear, chun iad a dhéanamh dílis do féin, thug sé beatha róshuairc dóibh ann agus an iomad dá slí féin. Do maolaíodh an aigne mhileata in sna fearaibh le háilleacht na n-áiteanna, agus le méid an tsuaircis, agus le sáimhe. Ansúd is ea do thosnaigh slua na Rómhánach ar dtúis ar bheith ag suirí, agus ag ól, agus ag moladh íomhá, agus ag déanamh iúnadh d’árthaíbh greanta, agus dhá bhfuadach i bhfios agus i ganfhios; ar theampallaibh do robáil; ar gach ní, naofa nú a mhalairt, do thruailliú. Nuair a rug slua den tsórd san bua d’fhágadar gan aon rud an mhuíntir ar ar bhuadar. Dá mb’é an duine ciallmhar féin é baineann ádh ó neart a aigne. Ní baol, áfach, go bhféadfadh na cuirpigh úd úsáid mheasartha ’ dhéanamh de bhua.

Foclóirín 

calaois: “deceit, fraud”.
fearann: “land, parcel of land”.
gráinniúil: “abhorrent”, or gráiniúl in the CO. Pronounced /grɑ:’ŋʹu:lʹ/.
i bhfios: “openly”.
i ganfhios: “unbeknown, unawares”. Pronounced /ə’gɑnis/.
laighead: “smallness, fewness”, or laghad in the CO. Pronounced /li:d/ in WM Irish. Laighead a chur ar rud, “to reduce or abate something”.
loirgim, lorg: “to search, seek”, or lorgaím, lorg in the CO. The Letiriú Shímplí implies the verb is lorgaim /lorəgimʹ/, but the spelling in the original implies it is loirgim /lirʹigʹimʹ/. Further research required here.
mileata: míleata in the CO, “martial, warlike”, pronounced /mʹilʹətə/ according to the spelling in the original, but Osborn Bergin’s Letiriú Shímplí shows a pronunciation of /mʹi:lʹətə/. Further research required here.
stracaim, stracadh: “to tear”, or sracaim, sracadh in the CO. Ag stracadh chuige here appears to mean simply “to rob”.
subháilce: “virtue”, or suáilce in the CO. Pronounced /sə’vɑ:lkʹi/, according to the Letiriú Shímplí edition.
suirí: “wooing, courting”, here referring to sensuous, licentious behaviour sapping an army’s military prowess.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s