27. An Seanaphoc agus an Lao.

Bhí seanaphoc ann agus bhí sé amach i mblianta na tuisceana go maith, ach ba “ag dul in aois ag dul in olcas” do. Fé dheireadh bhí sé iompaithe amach chómh gairgeach san ná féadadh sé stad gan bheith coitianta ag spriúchadh agus ag adharcáil agus ag búirthigh, i dtreó go raibh an tréad go léir cráite ciapaithe aige. Bhí lao óg ag féachaint air lá agus ag éisteacht leis. Do dhein sí air suas agus do labhair sí leis. “Féach!” ar sise, “a leithéid seo. Táirse ana-láidir, ana-bhuacach ar fad. Táir teasaí, nímhneach, fíochmhar feargach. Bíonn scannradh orainn go léir rómhat. Ach ní túisce ’ chloistear glam gadhar nú géim adhairce ná siúd ar teitheadh thu an fhaidh ’ bhíonn sé id chosaibh.”

“A ’nín ó,” ar seisean, “is fíor do chainnt agus níl am mhilleadh ach nách féidir liom féin an ní sin do thuiscint. Tá neart agus misneach ionam, agus is minic a cheapaim im aigne aghaidh do thabhairt ar an gcéad thóir eile agus idir ghadhair agus daoine do mharú. Measaim an uair sin go maróinn a bhfuil de ghadhraibh in Éirinn, bíonn a leithéid sin de chrógacht agus de mhisneach croí ionam. Ach nuair ’ thagann an tóir ní fhanann a chuímhne sin agam. Gluaisid mo chosa uathu féin, ba dhó’ leat, agus scuabaid siad chun siúil me i dtreó go mbíonn iúnadh orm cá dtagann an fuinneamh go léir iontu.”

An Múineadh.

“Is treise dúchas ná oiliúint.”

“Briseann an dúchas trí shúilibh an chait.”

“An fhaid a mhairfir féin is ea ’ mhairfidh do bhéas.”

“Mar a mhairis riamh is ea ’ mhairfá choíche.”

“Ó thúis an chluiche go deireadh na scríbe.” (An Peacach & an Bás.)

Foclóirín

adharcálaim, adharcáil: “to gore, to attack with the horns”.
briseann an dúchas trí shúilibh an chait: “your inherited disposition shows through in the end”.
búirtheach: “act of bellowing”, or búireach in the CO. As a feminine verbal noun in -ch, this becomes ag búirthigh in the dative, pronounced /ə bu:rʹhigʹ/.
cloisim, clos: “to hear”, or cloisim, cloisteáil in the CO. Airím, aireachtaint is used by preference in WM, but PUL occasionally uses this verb too. Also note that cloistear is lenited here after the relative particle, where PUL usually uses the autonomous form unlenited in all tenses.
gairgeach: “gruff”, pronounced /girʹigʹəx/.
géim: “shout, roar, resonant sound”.
is treise dúchas ná oiliúint: “breed is more important than pasture; nature trumps nurture”.
poc: “stag, buck; a male deer or goat”.
scríb: “scratch; score”, or scríob in the CO. Scríb is listed as the nominative in the foclóirín to the early edition of Aesop, but PUL’s Niamh has an instance of scríob. Go deireadh na scríbe, “all the way, till the very end; till death”.
spriúchaim, spriúchadh: “to lash out, kick with the hind legs”, of an animal.
táim, bheith: “to be”. The archaic second-person singular form táir is found here, corresponding to tá tú in the CO.
tuiscint: “understanding”. I mblianta na tuisceana, “in the years of discretion”.

2 thoughts on “27. An Seanaphoc agus an Lao.

  1. Is fada an cairde do fuaris go d(t)i so,
    An fhad eile da bhfaidhfa aris e,
    Mar mhair tu riamh do mhairfa choidhche
    Da fhaid e an chluithe go deire do scribe.

    It is from Denn.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s