Catilína 8

VIII.

Ach go deimhin is é an tÁdh do rialann gach ní, agus is minicí a dheineann an tÁdh gealadh nú dorchú ar gach ní de réir mar is áil leis féin ná de réir mar is ceart. Mar a mheasaimse, bhí imeachta na nAtaénach rafar réimiúil go leór, bíodh ná raibh a réim ná a rath chómh mór agus adeirtear, áfach. D’éirigh san áit sin scrí’neóirí éachtacha agus sin é an rud a chuir ’na luí ar an ndomhan go léir gníomhartha na nAtaénach a bheith chómh mór. Fuair na daoine a dhein na gníomhartha clú chómh hárd leis an moladh a dh’fhéad éirim mhór aigne do thabhairt ar na ghníomharthaibh. Ach ní raibh an cothrom scrí’neóirí sin riamh ag muíntir na Rómha; mar an té ba mhó éirim is é ba mhó a bhíodh sáite in obair. D’oibríodh gach éinne a chorp agus a aigne in éineacht. Gach fear dá fheabhas, ba thúisce leis obair a dhéanamh ná cainnt. Ba thúisce leis cách a bheith ag moladh a ghníomhartha ná é féin a bheith ag moladh gníomhartha chách.

Foclóirín 

Ataénach: “Athenian”, or Aithneach in the CO.
cothrom: “a sufficiency of something”. Cothrom scrí’neóirí, “an abundant supply, a sufficiency of writers”. Pronounced /korhəm/.
éachtach: “magnificent, wonderful”. Note that this word originally meant “death-dealing”.
imeacht: “going”, but in the plural imeachta (imeachtaí in the CO) means “proceedings, transactions, affairs”. Imeachta na nAtaénach, “the exploits of the Athenians”.
minic: “often, frequent” with the comparative here minicí, where the CO has minice.
réimiúil: “stately, imposing, glorious”.
rialaim, rialadh: “to rule, govern”, or rialaím, rialú in the CO.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Catilína, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s