21. An León, an Beithir, is an Mada Rua.

Do mhairbh fiagaí eilit óg. Tháinig león, agus beithir in éineacht ar an eilit & do theith an fiagaí. Cheap an león an fheóil do bheith aige. Cheap an beithir í ’ bheith aige féin. D’iompaíodar ar a chéile agus throideadar go fíochmhar. Throideadar go rabhadar tnáite. I ndeireadh an chatha bhíodar sínte agus gan iontu corraí, agus an eilit mharbh eatarthu. Ansan do tháinig an mada rua agus d’árdaigh sé leis an fheóil os cómhair a súl agus gan iontu oiread agus dranntú chuige.

“Is trua nár roinneamair an fheóil!” ar siad.

An Múineadh.

“Díng den leamhán a scoileann í féin.”

“Lámh láidir agus lámh láidir eile:— Eatarthu féin is feárr é.”

“Nuair ’ throidid na fathaigh is rí an t-abhac.”

Foclóirín

abhac: “dwarf”, pronounced /auk/.
beithir: “bear”, listed as a literary word in Ó Dónaill’s dictionary (the CO prefers béar). This word is apparently masculine here, but generally feminine according to most dictionaries.
díng: “wedge”. Díng den leamhán a scoileann í féin, “it takes a wedge of its own timber to split an elm; dog eat dog; shooting yourself in the foot”.
eilit: “hind, doe”.
fathach: “giant”, pronounced /fɑhəx/.
fiagaí: “huntsman, hunter”.
Lámh láidir agus lámh láidir eile: Eatarthu féin is feárr é: possibly “a compromise between two extremes is best”.
leamhán: “elm tree”, probably pronounced /lʹi’vɑ:n/.
scoilim, scoltadh: “to split, cleave”, or scoiltim, scoilteadh in the CO. Often spelt without the historical t (sgoiltim). Possibly pronounced either with or without the devoicing of the l: /skolʹhimʹ~skolʹimʹ, skolhə/.
tnáite: “worn-out, exhausted”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s