Let Ye Spake Engilish and Be Dacent!

My audio file of this can be listed to here. I am a learner and the audio is only for fun, for speaking practice. Feedback, including errors, welcome.

LET YE SPAKE ENGILISH AND BE DACENT.”

ón Athair Peadar Ó Laeire.

A Dhaoine,

Táim chun cómhairle úr leasa ’ thabhairt díbh. Chím go bhfuil ana-dhúil agaibh sa tseanachainnt sin a fuarabhair ónúr sínsear. Níl aon mhaith sa tseanachainnt sin. Níl aon mheas anois ar aon duine ná labhrann an Béarla breá galánta so a tháinig chúinn anall ó Shasana. Nuair a bhuailfidh duine umat sa bhóthar má deireann tú leis, “Dia ’s Muire dhuit,” measfaidh sé ná fuil ionat ach cábóg, ach má deireann tú leis, “Hoo-dee-doo,” measfaidh sé láithreach gur duin’uasal tu. Cad é an mhaith dhuit bheith id bheathaidh muna mbeidh meas éigin ort! Níl aon mheas anois ar an té a labhrann an Ghaelainn. Nuair a théann duine anonn go hAmerica, mura bhfuil ’ fhios aige i gceart conas “I guess” do rá trína shróin measaid na hÉireannaigh eile thall gur cábóg é agus bíd siad ag magadh fé, agus, má ráiníonn gaol a bheith ag éinne acu leis, séanaid siad an gaol. Má deir sé, “ó dheas,” bhíonn sceartadh gáire acu uime nuair ná déarfadh sé, “down south.” Má thráctann sé ar “dheireadh an fhómhair seo chúinn,” bíonn scorn ar an hÉireannaigh eile nuair ná déarfadh sé “next fall.” Níl aon ghnó go hAmerica ag duine ná fuil ábalta ar “Hoo-dee-doo” do rá, agus “down south,” agus “next fall,” agus iad do rá trína shróin amach go breá caochshrónach bínn; mar seo féach, “Hoo-dee-doo,” “down south,” “next fall.”

Sin í an chainnt is ceart díbh ’ fhoghlaim agus ní hí an Ghaelainn. Glacaidh mo chómhairle agus déanfaidh sibh úr leas. Let ye spake Engilish and be dacent. Let ye all take patthern by me and ye’ll spake dacent. Twhin any von will spake Adhris (Irish) ti ye, let ye say “I hoven’t any Adhris.”

An Freagra.

A Dhaoine,

A’ bhfuil ’ fhios agaibh cé ’tá anso agaibh? Is mise an Ghaelainn. Éistidh liom go ciúin agus neósfad mo scéal díbh. Bhíos-sa lá agus ba mhór le rá me in Éirinn. Bhí mo smacht agus mo chumas ar fuid na hÉireann go léir. Is me ’ thugadh cómhacht do ríthibh Éireann, fios dá draoithibh, eólas dá saoithibh, ciall dá breithiúnaibh. Is mise a chuireadh féith filíochta i bhfilíbh na hÉireann, binneas ’na ndántaibh, ceól ’na nguthannaibh, fuinneamh ’na gcainnt, faobhar ar a n-aoirthibh. Is mise, trí naomhthoil agus trí mhórmhaitheas Dé, a chuir neart i gcroí Naoimh Pádraig agus a chuir briathra bríomhara buacacha ’na bhéal chun Creidimh na fírinne do chraobhscaoileadh in Éirinn. Is mise, trí ghrástaibh Aonmhic Dé, a thug greim don Chreideamh san i gcroíthibh Gael, greim nár bogadh riamh ó shin, go dtí gur bogadh mo ghreimse féin ar chroíthibh Gael.

Ó, a dhaoine, táim lag go leór inniu! Táid mo dhaoine féin am shéanadh os cómhair an domhain. Ní háil leó a admháil go bhfuil aithne ná eólas acu orm. Nuair adeir éinne leó go rabhas uasal tamall agus gur ceart dóibh féachaint im dhiaidh agus urraim éigin a thaispeáint dom, an bhfuil ’ fhios agaibh, a dhaoine, cad é an freagra a gheibhtear uathu? Níl acu le rá ach “Cad é an mhaith anois í!” Nuair ’ airím an freagra san ag teacht uathu tagann tocht agus brón ar mo chroí. Ní mar gheall orm féin ar fad a thagann an tocht agus an brón san orm, ach mar gheall orthu san leis. Thugadar druim lámha liomsa, rud nár tugadh riamh in Éirinn roimhe sin, agus dob usaide é dá mbeadh rud fónta im inead acu. Thugadar druim lámha liomsa agus níl im inead anois acu ach an dramhaíol cainnte is measa agus is gráinne agus is tiubaistí sa domhan. Rud bocht suarach is ea é. Níl ann ach dríodar, dríodar Sacs-Bhéarla. Tá an Béarla san féin dona go leór, ach tá an donas ar fad ar an ndríodar so atá dá shéideadh anois ar fuid na hÉireann. Ní Béarla é agus ní Gaelainn é. Ní cainnt ná cómhrá é. Níl ciall ná meabhair ná tuiscint leis. Má bhíonn smaointe móra maithe ’na n-aigne ag duine ní féidir do iad do chur i gcéill do dhuine eile leis an ndríodar Béarla san ach oiread agus dob fhéidir do dhuine uisce ’ chimeád i gcriathar nú bó do cheangal le súgán sneachtaidh.

D’airíodar an chailleach san ag cainnt, d’airíodar an chómhairle ’ thug sí dhúinn. Is tiubaisteach an chómhairle í. Tá an chailleach san ag tabhairt na cómhairle sin dúinn le fada. Taithneann a chainnt féin leis an asal. Taithneann a gcainnt féin leis na géanna. Dá dtugadh an t-asal cómhairle dhúinn déarfadh sé gan amhras ná fuil cainnt sa domhan is binne ná is breátha ná “Ó-í-ó,” ach go ndéanfí é ’ sheinnt tríd an sróin. Tá “Ó-í-ó” an asail an uile bhlúire chómh maith agus chómh ciallmhar mar chainnt le “Hoo-dee-hoo” na caillí sin.

Ach tá muíntir na hÉireann ag éisteacht leis an gcailligh le fada agus tá mórán dá cómhairle glacaithe acu. Táid siad ’nár dtímpall, ar an aonach, ar an margach, i siopa an éadaigh, ag Aifreann an Domhnaigh, agus in inead “Dia ’s Muire dhíbh,” nú “Bail ó Dhia oraibh,” nú “Go mbuanaídh Dia thu,” níl ’na mbéal acu ach “Hoo-dee-doo” an asail. Nuair a théann breallán acu anonn go hAmerica is dó’ leis go bhfuil sé chómh huasal leis an bPreisident má thagann leis “down south” do rá trína shróin!

Ní hé sin féin an ceann is measa dhe. “Is olc an t-éan a shailíonn a nead.” Níl focal le fáil, ó mhaidin go hoíche, amach a béal éinne de sna “Hoo-dee-doos” san, im thaobhsa, ach “Fot good is it now?” “Cad é an mhaith anois í?”

Ná creididh iad, a dhaoine. Thugadar a n-éitheach. Táim chómh maith anois agus ’ bhíos riamh, bíodh ná fuilim chómh láidir. Iad féin atá gan mhaith. An dríodar Béarla so a chleachtadar le déanaí níor fhág sé aigne ná éirim ná tuiscint ná ciall acu. Gan amhras is iad sliocht na sínsear uasal iad, ach níor fhág an dríodar Béarla san aon mheas acu orthu féin ná ar a sínsear ná ar aon ní a bhain leó riamh. Níl iomárd saolta ná fuiliceódh an duine níos túisce ná ’ fhuiliceódh sé cailliúint a mheabhrach. Agus níl daonnaí is mó go mbíonn trua ag á chómharsanaibh do ná an duine bocht gurb é toil Dé a mheabhair shaolta do thógaint uaidh. Sin é an t-olc atá imeartha ag an ndríodar Béarla so ar shliocht na sínsear uasal ’na raibh aithne agamsa orthu in Éirinn fadó. Ach, a dhaoine na n-árann, nílid siad imithe ar fad ó leigheas fós, bíodh gur geall leis dóibh. Is féidir iad do leigheas fós. Agaibhse atá iad do leigheas, a dhaoine. Nuair ’ aireóidh sibh feasta “Hoo-dee-doo,” agus “Bai Jove,” agus “’Mornin’,” agus “Foin dee,” ag teacht amach as na béalaibh gan scoth, labhraidh amach go hárd agus go dána, agus tugaidh “dríodar!” “dríodar!!” “dríodar!!!” orthu, go dtí go gcuirfidh corp náire ’ fhiachaibh orthu iompáil ormsa arís.

Foclóirín

ach go: “provided that, as long as”.
America: “America”, or Meiriceá in the CO. Many words for which there is now an Irish equivalent were traditionally more likely to be found in an anglophone form. PUL had America, although modern Munster Irish has /mʹerʹikʹi/.
aoir: “lampoon, satire”, with aoirthe in the plural. Dinneen has aor in the singular and aortha in the plural, but indicates the singular may be aoir too. PUL’s singular is not attested.
aonach: “fair”.
aonmhac: “only son”. Aonmhac Dé, “the only son of God”.
ára: “kidney; in the plural, loins”, with árann in the genitive plural. A dhaoine na n-árann, “my dear people!”
asal: “donkey”.
bogaim, bogadh: “to soften, loosen”.
breallán: “blunderer, fool”.
breitheamh: “judge”, with breithiúna in the plural.
bríomhar: “powerful, forceful”.
buacach: “lofty”.
cailleach: “old woman; hag”, pronounced /ki’lʹax/. With caillí in the genitive.
caillim, cailliúint: “to lose”, or caillim, cailleadh in the CO.
caochshrónach: “having a stopped-up nose; speaking through the nose”.
cimeád: this word and all cognates (chimeádaidís, etc) have a broad c in the classical spelling and in the CO, but a slender c (as applicable) in WM Irish: /kʹi’mʹa:d/, /xʹi’mʹa:didʹi:ʃ/, etc; PUL used the classical spelling in the original. PUL’s spelling varied over the years, but he certainly used cimeád in his Irish; cf. cimeád a bhfaighir in Notes on Irish Words and Usages, p117. Also note that the the CO distinction between coimeád, “keep”, and coimhéad, “watch over”, does not obtain in WM Irish: coimhéad is an Ulster word.
cleachtaim, cleachtadh: “to practise, become accustomed to”.
craobhscaoilim, craobhscaoileadh: “to broadcast, disseminate”. Creideamh na fírinne do chraobhscaoileadh, “to preach the gospel of truth”.
criathar: “sieve”.
dán: “poem”; dánta in the plural.
daonnaí: “human being”.
dramhaíol: “trash, refuse, inferior stuff”, or dramhaíl in the CO. Dramhaíol cainnte is glossed in Ó Dónaill’s dictionary as “tripe”.
draoi: “druid, wizard”, with draoithe in the plural.
dríodar: “dregs, refuse”.
druim: “back”, or droim in the CO. Druim lámha a thabhairt le rud, “to abandon or abjure something”.
faobhar: “sharp edge”. Faobhar ar a n-aoirthibh, “a cutting edge in their lampoons”.
féith: “sinew”. By extension, “a natural bent or talent”. Féith filíochta, “a gift for poetry”.
fiach: cur ’ fhiachaibh, “to force or compel someone”. This would be cur d’fhiacha in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs in traditional Munster Irish as cur d’fhiachaibh ar dhuine rud a dhéanamh. Fiacha literally means “debts”, and the use of fiacha reflects some kind of confusion with the related phrase cur d’fhéachaint. PUL claimed in his Notes on Irish Words and Usages (p135) that there was a “manifest difference” between d’fhiachaibh and fhéachaint, withe the former meaning “bound” to do something, and the latter “made” to do something.
fuiligim, fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. Pronounced /filʹigʹimʹ, fuləg/. In the future and conditional the g is devoiced to c: fuiliceód, /filʹi’kʹo:d/; fuiliceódh, /filʹi’kʹo:x/.
gáire: “a laugh”, gáir in the CO.
gé: “goose”, with géanna in the plural.
gheibhim: “to get, find”. This is the absolute form of the verb faighim; the distinction is not observed in the Standard, which has faighim alone.
gránna: “ugly”. This word has no comparative in the CO, but the comparative is gráinne here, /grɑ:ŋʹi/.
inead: ionad in the CO, “unit”. Pronounced /inʹəd/ in WM Irish. In inead, “instead of, in the place of”.
iomárd: “reproach; misfortune, affliction”. Pronounced /ə’mɑ:rd/.
iompaím: “to turn”, with the verbal noun iompáil here, corresponding to iompú in the CO. Pronounced /u:m’pi:mʹ, u:m’pɑ:lʹ/.
lámh: “hand”. PUL explained in his Notes on Irish Words and Usages that the genitive of this word should be lámha and not láimhe. The nominative is pronounced /lɑ:v/ and the genitive /lɑ:/.
margadh: “market”.
mórmhaitheas: “munificence, great goodness”.
muna: “if not, unless”. This is normally mura or mara in WM Irish, but PUL here uses the form adopted in the CO.
na: PUL frequently uses i as the helping preposition in relative clauses, producing ’na where go (etymologically derived from the use of ag as the helping preposition) would be more common in Munster Irish today.
naomhthoil: “sacred will”. Naomhthoil Dé, “the blessed will of God”.
Preisident: “President”, or uachtarán in modern Irish and the CO. This is another case where traditional Irish had an anglophone word, where an Irish equivalent has now been found.
roim: “before”, or roimhe in the CO, pronounced /rimʹ/. Roimhe sin, “before that”, is found here, where roimis sin is generally found in WM Irish.
sailím, sailiú: “to sully, foul”, or salaím, salú in the CO. Is olc an t-éan a shailíonn a nead, “it’s an ill bird that fouls its own nest”.
saoi: “wise man”, with saoithe in the plural.
sceartaim, sceartadh: “to burst”, or scairtim, scairteadh in the CO. Sceartadh gáire, “a burst/bursting out of laughter”.
scorn: “scorn, disdain”, pronounced /skorən/.
scoth: “the pick or the best; choice eloquence”.Dinneen lists béal gan scoth under béal as “a blab, a tactless speaker”.
seinnim, seinnt: “to play; but also to twang, to ring out, etc.”, or seinnim, seinm in the CO.
sneachta: “snow”, with sneachtaidh, /ʃnʹaxtigʹ/, in the genitive, reflecting the original spelling of the nominative, sneachtadh.
súgán: “straw-rope”.
taithneann, taithneamh: “to please”, taitníonn, taitneamh in the CO. Generally in the first declension in PUL’s works, pronounced /taŋʹhən/.
tímpall: timpeall. The broad p in WM Irish is preserved here: /tʹi:mʹpəl/.
tiubaisteach: “calamitous, disastrous”. This would be tubaisteach in the CO, but is consistently written with a slender t in PUL’s works.