Sliabh na mBan bhFionn 5

V.

Lena línn sin do rug sí ar chuid den olann, agus dhírigh sí ar an olann do chíoradh agus do shlámadh. Le línn an fhocail a rá dhi, “Is feárrde sinn cúnamh ’ fháil,” d’fhéach sí ar mhnaoi eile den mhórsheisear. Do labhair an bhean san an chainnt chéanna, ’sé sin:

“A bhean an bhréidín, más bréidín seo ar siúl agat,

Cíoram é, slámam é; ach is feárrde sinn cúnamh ’ fháil.”

D’fhéach sise ar an gcuma gcéanna ar an dtríú bean. Duairt an tríú bean an dán céanna, ’sé sin:

“A bhean an bhréidín, más bréidín seo ar siúl agat,

Cíoram é, slámam é; ach is feárrde sinn cúnamh ’ fháil,”

agus d’fhéach sí ar an gceathrú bean, agus duairt an ceathrú bean an chainnt chéanna. Mar sin dóibh go dtí go raibh an mhórsheisear acu ar a ndícheall, beirt acu ag cíoradh, agus beirt acu ag slámadh, agus duine acu ag sníomh, agus beirt acu ag tochrais agus iad ag obair ar seól.

Bhí an bhean abhrais ag féachaint orthu, agus chonaic sí an obair álainn a bhí acu á dhéanamh, agus bhí áthas uirthi. Chonaic sí an t-ualach mór oibre a bhí roímpi le déanamh, chonaic sí ag dul i laighead é go tiubh, agus na ceirthlíní deasa ag dul i líonmhaireacht, agus bhí áthas mór uirthi. Chonaic sí, leis, go raibh an obair á dhéanamh ní b’fheárr ná mar ’ fhéadfadh sí féin é ’ dhéanamh, agus do chuir san iúnadh uirthi i dteannta an áthais. Bhí an cíoradh ní b’fheárr, mar ’ dheineadh sé an olann ní ba bhoige. Bhí an slámadh ní b’fheárr, mar ’ dheineadh sé an olann ní ba ré’. Bhí an sníomh ní b’fheárr, mar do dheineadh sé an snáth de réir a chéile ar aon raímheadas, gan oiread agus aon chasadh amháin ann ní ba mhó ná ní ba lú ná mar ba cheart, gan scruig ná snaídhm air, gan caolú ná ramhrú air, ach é go breá sleamhain cómhchaol cómhthéagartha. Bhí áthas mór uirthi agus í ag féachaint ar an obair, mar bhí ’ fhios aici cad é a fheabhas a thaithnfeadh an snáth leis an muíntir go mba leó é, nuair a chífidís é.

Nuair a bhí sí tamall ag féachaint orthu ar an gcuma san, tháinig míogarnach uirthi, agus thit a codladh uirthi go sámh.

Foclóirín

ar seól: “in motion”. Ag obair ar seól, “to work in full swing”.
caolaím, caolú: “to narrow, become thin”.
cómh-: “equally”, as a prefix. Cómhchaol, “equally thin”. Cómhthéagartha, “equal in bulk, of equal substance”.
de réir a chéile: “regular, in perfect order”. Note PUL was strongly of the belief that de réir should be written do réir, in line with the Cork pronunciation, but the etymology is from de.
laighead: “smallness”, or laghad in the CO. Pronounced /li:d/. Dul i laighead, “to decrease in number”.
líonmhaireacht: “plentifulness”. Dul i líonmhaireacht, “to increase in number”.
míogarnach: “dozing, drowsiness”.
raímheadas: “thickness, fatness”, or raimhre in the CO. Pronounced /ri:dəs/.
ramhraím, ramhrú: “to thicken, fatten”.
réidh: “smooth, gentle”, the comparative, written réidhe in the original, is given here as ré’, as Gaeilge Chorca Dhuibhne, gives the Munster pronunciation as /re:gʹ, re:/.
scruig: “ragged section in yarn”, or scroig in the CO.
sleamhain: “smooth”, pronounced /ʃlʹaunʹ/.
snaídhm: “knot”, pronounced /sni:mʹ/.
tochraisim, tochrais: “to wind”, e.g. yarn. The verbal noun is tochras in the CO.

This entry was posted in Contents, Sliabh na mBan bhFionn. Bookmark the permalink.

7 Responses to Sliabh na mBan bhFionn 5

  1. Ramón N. says:

    Just letting you know that I think it’s great that you are converting Sliabh na mBan bhFionn (and of course, Aesop a Tháinig go hÉirinn) into modern spelling. I’m looking forward to buying them when they are published. Do you have any idea when that might be? Also, what’s the word on Niamh?

    • admin says:

      Well, I am not the only person in the loop, so it is not just down to me, but I am aiming for Niamh and Mo Scéal Féin in 2012, and Aesop a Tháinig go hEirinn, Sliabh na mBan bhFionn and other short stories, Séanna and An Tiomna Nua in 2013. And Don Cíochóte, Eisirt and Aodh Rua in 2014! But this pace may shock the people in Muskerry.. so we’ll see. I only work part-time, so I can devote all day to these, as you can probably tell!

  2. Ramón N. says:

    So far, it looks like everything is coming along fine – and 2012 will be here soon. I trust that publishing 6 books in 3 years won’t overly disturb the sensibilities of the people in Muskerry – heh, heh

    Keep up the good work!

  3. Ramón N. says:

    Ah, that’s right – 9 books.
    I was looking at an Aesop’s Fables book the other day (from 1692) and it had lots of very fine illustrations. Have you considered publishing Aesop a Tháinig go hÉrinn with illustrations? There are plenty of drawings with no copyright that you could use. It’s just an idea that came to mind …

    • admin says:

      Doing it cheaply is key – as there isn’t much demand for books in Cork Irish, and it may be classed as “vanity publishing”! My main focus is to get vocab and grammar notes done.

  4. Ramón N. says:

    Well, it’s a sad state of affairs when publishing a book in proper Cork Irish is tantamount to vanity publishing 😦

    Ah well, there’s nothing to do but forge ahead!

Leave a reply to admin Cancel reply