An Airc

VI. An Airc.

Bhí na daoine ag féachaint ar an obair agus bhí an obair ag dul ar aghaidh go mear. Chonacadar an long uathásach agus gan aon uisce ’na cóngar. Bhí ’ fhios acu nárbh fhéidir í ’ bhreith ón áit ’na raibh sí ag triall ar aon fharraige, agus bhí ’ fhios acu nárbh fholáir an fharraige ’ bheith doimhinn go maith nú ná féadfadh sí a leithéid de loíng a dh’iompar in aon chor. Conas a béarfí chun na farraige í choíche? Agus dá mbeadh sí in aice na farraige conas a béarfí fada amach a dóthain í chun na farraige ’ bheith ábalta ar í ’ dh’iompar? Níorbh fhéidir d’árthach chómh mór snámh ach ar uisce ’ bheadh ana-dhoimhinn.

Nuair a bhíodar cortha ó bheith ag cainnt ar an gcuma san do shocraíodar ’na n-aigne gurbh as a mheabhair a bhí Naoi. Ach chonacadar gur dhuine naofa é; gur staon sé go seasmhach ó sna drochbheartaibh a bhí acu féin á dhéanamh gan scáth gan náire gan sos. Níorbh fhéidir leó a thuiscint cad ’na thaobh do bheith ag briseadh a chroí ar a leithéid de chuma ag déanamh na loinge sin agus gan aon bhreith aige, dar leó, ar aon tairbhe ’ bhaint aisti choíche. Bhí seisean coitianta dhá ínsint dóibh gurbh é Dia a dh’órdaigh do an long a dhéanamh i dtreó ná báfí é féin agus a mhuíntir nuair a thiocfadh an díle ar an ndomhan; mar go mbáfí an domhan mar gheall ar pheacaíbh na ndaoine. Níor dheineadar dá chainnt ach magadh. Ní gnáth lena leithéidí choíche a dhéanamh de chainnt dá shórd ach magadh.

Foláramh uathásach dóibh ab ea an chainnt, agus déanamh na loinge sin, ach níor chuireadar suím sa bhfoláramh. Bhí an obair, agus an chainnt, ar siúl ar feadh céad blian. ’Sé sin le rá, bhí an foláramh ar siúl ar feadh céad blian. Dob fhada an foláramh é. Níor fágadh ar a gcumas a rá go dtánathas i ganfhios orthu. Do tugadh céad blian dóibh chun aithrí. Níor dheineadar an aithrí. B’fheárr leó bheith ag magadh fén obair agus fén bhfear a bhí ag déanamh na hoibre, agus a bhí ag déanamh na cainnte, dhá ínsint dóibh cad é an brí a bhí leis an obair. Dar leó ba chirte dho ciall a bheith aige agus pléisiúr an tsaeil seo ’ bheith aige an fhaid a bheadh sé ar an saol.

Do ghluais an aimsir. Bhí an bhliain deirineach den chéad blian geall le bheith caite agus bhí an long mhór críochnaithe. Iúnadh shaeil ab ea an long san le méid. Le leamhnú Dé do thosnaigh na hainmhithe ar theacht agus ar dhul isteach sa loíng ’na gcúplaíbh, fireann agus baineann, idir bheithíochaibh agus éanlaithe. Grásta mór ó Dhia ab ea an radharc san, leis, chun eagla do chur ar na daoine agus iad do spriocadh chun aithrí dá mb’fhéidir é. Ach ní deirtear gur chuireadar suím sa radharc ná gur dheineadar aithrí. B’fhéidir go raibh cuid acu do chuir, agus do dhein. Ní féidir d’éinne a rá ceoca a bhí nú ná raibh. Níl a fhios san ach ag Dia amháin. Marar dheineadar aon aithrí tá aon ní amháin soiléir go leór. Ní féidir dóibh a rá nár thug Dia na Glóire gach aon chaoi dhóibh ar aithrí ’ dhéanamh. Thug sé céad blian dóibh, agus an t-ollmhúchán go léir os cómhair a súl an uile lá den aimsir.

Foclóirín

baineann: “female”.
beithíoch: “beast; cattle (in the plural)”.
ceoca: “whether”, or cé acu in the CO. Pronounced /kʹukə/. Often followed by a relative clause.
deirineach: “last”, or deireanach in the CO. Pronounced /dʹerʹinʹəx/.
doimhinn: “deep”, or doimhin in the CO. Pronounced /dəiŋʹ/.
éanlaithe: “birds, fowl”.
fireann: “male”.
foláramh: “warning”, or foláireamh in the CO. Pronounced /flɑ:rəv/.
grás: “grace, favour”. Note that this word is usually used in the plural, grásta, as if a singular word, and as here, with a singular adjective: grásta mór ó Dhia, “a great manifestation of favour from God/a great manifestation of God’s grace or kindness”.
leamhnú: “grant, consent”, or deonú in the CO, pronounced /lʹo:’nu:/. Le leamhnú Dé, “by the will of God”. Note that this is one of a number of words where l has replaced d in Munster Irish.
long: “ship”, with the genitive loinge and the dative loíng. Pronounced /lu:ŋg, liŋʹi, li:ŋgʹ/.
mara: “if not”, or muna in the CO. With marar in the past tense. Also found as mura and murar.
mear: “fast, nimble”.
ollmhúchán: “preparation”, ullmhúchán in the CO. Pronounced /o’lu:xɑ:n/.
scáth: “fear, bashfulness”. Gan scáth gan náire gan sos, “without fear or embarrassment and with no let up”.
snámh: “to swim; to float (of a boat)”.
sórd: “sort”, or sórt in the CO.
suím: “interest”, or suim in the CO.

VI.

An Airc.

 

Bhí na daoine ag féachaint ar an obair agus bhí an obair ag dul ar aghaidh go mear. Chonacadar an long uathásach agus gan aon uisce ’na cóngar. Bhí ’ fhios acu nárbh fhéidir í ’ bhreith ón áit ’na raibh sí ag triall ar aon fharraige, agus bhí ’ fhios acu nárbh fholáir an fharraige ’ bheith doimhinn go maith nú ná féadfadh sí a leithéid de loíng a dh’iompar in aon chor. Conas a béarfí chun na farraige í choíche? Agus dá mbeadh sí in aice na farraige conas a béarfí fada amach a dóthain í chun na farraige ’ bheith ábalta ar í ’ dh’iompar? Níorbh fhéidir d’árthach chómh mór snámh ach ar uisce ’ bheadh ana-dhoimhinn.

 

Nuair a bhíodar cortha ó bheith ag cainnt ar an gcuma san do shocraíodar ’na n-aigne gurbh as a mheabhair a bhí Naoi. Ach chonacadar gur dhuine naofa é; gur staon sé go seasmhach ó sna drochbheartaibh a bhí acu féin á dhéanamh gan scáth gan náire gan sos. Níorbh fhéidir leó a thuiscint cad ’na thaobh dó bheith ag briseadh a chroí ar a leithéid de chuma ag déanamh na loinge sin agus gan aon bhreith aige, dar leó, ar aon tairbhe ’ bhaint aisti choíche. Bhí seisean coitianta dhá ínsint dóibh gurbh é Dia a dh’órdaigh dó an long a dhéanamh i dtreó ná báfí é féin agus a mhuíntir nuair a thiocfadh an díle ar an ndomhan; mar go mbáfí an domhan mar gheall ar pheacaíbh na ndaoine. Níor dheineadar dá chainnt ach magadh. Ní gnáth lena leithéidí choíche a dhéanamh de chainnt dá shórd ach magadh.

 

Foláramh uathásach dóibh ab ea an chainnt,agus déanamh na loinge sin,ach níor chuireadar suím sa bhfoláramh. Bhí an obair, agus an chainnt, ar siúl ar feadh céad blian. ’Sé sin le rá, bhí an foláramh ar siúl ar feadh céad blian. Dob fhada an foláramh é. Níor fágadh ar a gcumas a rá go dtánathas i ganfhios orthu. Do tugadh céad blian dóibh chun aithrí. Níor dheineadar an aithrí. B’fheárr leó bheith ag magadh fén obair agus fén bhfear a bhí ag déanamh na hoibre, agus a bhí ag déanamh na cainnte, dhá ínsint dóibh cad é an brí a bhí leis an obair. Dar leó ba chirte dhó ciall a bheith aige agus pléisiúr an tsaeil seo ’ bheith aige an fhaid a bheadh sé ar an saol.

 

Do ghluais an aimsir. Bhí an bhliain deirineach den chéad blian geall le bheith caite agus bhí an long mhór críochnaithe. Iúnadh shaeil ab ea an long san le méid. Le leamhnú Dé do thosnaigh na hainmhithe ar theacht agus ar dhul isteach sa loíng ’na gcúplaíbh, fireann agus baineann, idir bheithíochaibh agus éanlaithe. Grásta mór ó Dhia ab ea an radharc san, leis, chun eagla do chur ar na daoine agus iad do spriocadh chun aithrí dá mb’fhéidir é. Ach ní deirtear gur chuireadar suím sa radharc ná gur dheineadar aithrí. B’fhéidir go raibh cuid acu do chuir, agus do dhein. Ní féidir d’éinne a rá ceoca a bhí nú ná raibh. Níl a fhios san ach ag Dia amháin. Marar dheineadar aon aithrí tá aon ní amháin soiléir go leór. Ní féidir dóibh a rá nár thug Dia na Glóire gach aon chaoi dhóibh ar aithrí ’ dhéanamh. Thug sé céad blian dóibh, agus an t-ollmhúchán go léir os cómhair a súl an uile lá den aimsir.

 

Foclóirín

 

baineann: “female”.

beithíoch: “beast; cattle (in the plural)”.

ceoca: “whether”, or cé acu in the CO. Pronounced /kʹukə/. Often followed by a relative clause.

deirineach: “last”, or deireanach in the CO. Pronounced /dʹerʹinʹəx/.

doimhinn: “deep”, or doimhin in the CO. Pronounced /dəiŋʹ/.

éanlaithe: “birds, fowl”.

fireann: “male”.

foláramh: “warning”, or foláireamh in the CO. Pronounced /flɑ:rəv/.

grás: “grace, favour”. Note that this word is usually used in the plural, grásta, as if a singular word, and as here, with a singular adjective: grásta mór ó Dhia, “a great manifestation of favour from God/a great manifestation of God’s grace or kindness”.

leamhnú: “grant, consent”, or deonú in the CO, pronounced /lʹo:’nu:/. Le leamhnú Dé, “by the will of God”. Note that this is one of a number of words where l has replaced d in Munster Irish.

long: “ship”, with the genitive loinge and the dative loíng. Pronounced /lu:ŋg, liŋʹi, li:ŋgʹ/.

mara: “if not”, or muna in the CO. With marar in the past tense. Also found as mura and murar.

mear: “fast, nimble”.

ollmhúchán: “preparation”, ullmhúchán in the CO. Pronounced /o’lu:xɑ:n/.

scáth: “fear, bashfulness”. Gan scáth gan náire gan sos, “without fear or embarrassment and with no let up”.

snámh: “to swim; to float (of a boat)”.

sórd: “sort”, or sórt in the CO.

suím: “interest”, or suim in the CO.

Advertisements

2 thoughts on “An Airc

  1. Suim.
    Suim , interest, suím.
    Suim, sum of money, suim.
    Focail eile mar sin.
    Dearmad = dearúd, dhein sé dearúd ar an airgead. He forgot
    Dearmad = dearamad. A mistake.

  2. Gearóid, suim is pronounced /si:mʹ/ in Muskerry Irish, regardless of the meaning. Take “suim airgid” at the end of chapter 19 of Séadna. Shán Ó Cuív’s Leitiriú Shímplí version has “sím airigid”.

    Dearúd – this is also pronounced the same, in the meaning of mistake too. I think the confusion started with Myles Dillon’s Teach Yourself Irish, which has gan dearmad in a quotation from a poem, and then lists dearmad separately from dearúd in the Index to that book. But dearmad is an ossified pronunciation in a poem. Tá dearmhad ort becomes “tá dearûd ort” in the Leitiriú Shímplí edition….

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s